An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 ) Ar Aghaidh ( CUID 6 )

14 2009

An tAcht um Bearta Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009

CUID 5

Alt 20.

Leasú ar an Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995

Ítim

An fhoráil a leasaítear

An leasú

1

Alt 1, an míniú ar “páirtí”

An méid seo a leanas a chur ina ionad:

“tá le ‘páirtí’ an bhrí a thugtar in alt 1A;”.

2

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1:

“An bhrí atá le ‘páirtí’.

1A.—(1) San Acht seo, ciallaíonn ‘páirtí’, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), duine is páirtí de na páirtithe i gcomhaontú.

(2) San Acht seo folaíonn ‘páirtí’, agus measfar gur fholaigh sé riamh, an méid seo a leanas—

(a) aon líon daoine a bhfuil leas comhionann aonair ag gach duine acu sa chomhaontú dá dtagraítear ina dhiaidh seo sa mhíniú seo mura ndéantar aon idirdhealú idir cearta agus oibleagáidí gach duine acu sa chomhaontú sin,

(b) na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht nó i gcomhpháirtíocht theoranta, lena n-áirítear aon chomhpháirtíocht theoranta arna bunú faoin Acht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta 1994 nó faoin Limited Partnerships Act 1907, agus

(c) na rannpháirtithe—

(i) i gcomhchiste conarthach arna údarú de bhun an Achta um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) 2003 (I.R. Uimh. 211 de 2003) nó dlíthe Ballstáit (seachas an Stát) a glacadh chun Treoir Uimh. 85/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle 1 arna leasú a chur i ngníomh, nó

(ii) i bhfochiste de chuid comhchiste chonarthaigh dá dtagraítear i bhfomhír (i),

(cibé acu atá nó nach bhfuil an ciste á ghníomhú trí bhainisteoir nó trí thoscaire de chuid bainisteora),

in imthosca ina ndéanann aon duine de na daoine sin nó aon chomhpháirtí de na comhpháirtithe sin (ag gníomhú dóibh sa cháil sin) nó ciste nó fochiste den sórt sin comhaontú.

(3) San Acht seo ní fholaíonn ‘páirtí’, agus measfar nár fholaigh sé riamh, aon duine ar ina fhabhar nó ina fabhar a chruthaigh páirtí i gcomhaontú aon leas ar mhodh urrúis in aon chearta, teideal agus leas de chuid an pháirtí sa chomhaontú sin nó chun an chomhaontaithe sin.”.

1 IO L375, 31/12/1985, lch. 3.