An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 2 Leasuithe ar Achtanna Eile ) Ar Aghaidh ( CUID 3 )

14 2009

An tAcht um Bearta Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009

CUID 2

Alt 17.

Leasú ar an Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008

Ítim

An fhoráil a leasaítear

An leasú

1

Alt 6(1)

“agus de réir an ailt seo,” a chur isteach i ndiaidh “ón dáta iomchuí,” .

2

Alt 6(3)

An méid seo a leanas a chur ina ionad:

“(3) Maidir le tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin alt seo, ní leanfar dá soláthar i ndiaidh—

(a) an 29 Meán Fómhair 2010, nó

(b) dáta is déanaí ná sin a shonróidh an tAire le hordú.

(3A) Féadfaidh an tAire dáta a shonrú faoi fho-alt (3)(b) más rud é—

gur deimhin leis nó léi, tar éis dul i gcomhairle leis an nGobharnóir agus leis an Údarás Rialála, gurb ann do na himthosca a leagtar amach in alt 2, agus gur dóigh go leanfaidh siad de bheith ann go dtí an dáta a bheidh le sonrú, agus

gur deimhin leis nó léi gur gá ar mhaithe le leas an phobail leanúint de chúnamh a sholáthar faoin alt seo go dtí an dáta sin,

agus sa chás sin amháin.

(3B) Féadfaidh an tAire le hordú tréimhse nó tréimhsí a shonrú ar lena linn a fhéadfaidh forais chreidmheasa eisiúintí nua d’iasachtaí, dliteanais agus oibleagáidí a thabhú a bhféadfar tacaíocht airgeadais a sholáthar faoin alt seo ina leith.”.

3

Alt 6

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6(19):

“(20) I gcás aon amhras nó éiginnteacht a bheith ann i dtaobh an bhféadfar tacaíocht airgeadais a sholáthraítear nó a bheartaítear a sholáthar i leith iasachta, dliteanais nó oibleagáide de chuid forais creidmheasa nó de chuid fochuideachta dá chuid a sholáthar faoin alt seo, féadfaidh an tAire an ní a chinneadh. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire.”.