An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Oibreacha Udaruithe.) Ar Aghaidh (CUID V. Foralacha Ilghneitheacha.)

2 1935

ACHT CHUAN NA GAILLIMHE, 1935

CUID IV.

Foralacha Airgeadais.

Usáid an ioncuim.

45. —Is chun na gcrícheanna agus san ord so leanas agus ní ar aon tslí eile úsáidfidh an Bord ioncum an Chuain:—

(1) Chun íoctha costaisí oibre agus bunúcháin an Bhúird agus na gcostaisí is ionchurtha le ceart i gcoinnibh ioncuim

agus a bhainfidh leis an gCuan do chothabháil, do ghlanadh, do dheisiú, d'fheabhsú agus do bhainistí agus le gach ní gheobhaidh leis sin;

(2) chun íoctha na gcostaisí is ionchurtha le ceart i gcoinnibh ioncuim agus a bhainfidh le bád freastail no báid fhreastail agus dreidire no dreidirí agus bád tarrthála (más aon cheann é) agus árthaighe, meaisíní agus áiseanna eile is gá, do chur ar fáil, d'fhostú, do dheisiú, do chothabháil, d'úsáid agus d'oibriú;

(3) chun íoctha na n-íocaíochtaí leath-bhliantúla bheidh le n'íoc le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fén gCuid seo den Acht so;

(4) chun íoctha an úis a thiocfaidh chun bheith dlite o am go ham ar aon airgead do gheobhfar ar iasacht do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le hiasachtaí d'fháil; agus

(5) chun soláthruithe na dtráth-choda, na leithreasaí no na n-íocaíochtaí ciste fhiach-laigheaduithe is gá alos airgid do gheobhar ar iasacht amhlaidh.

Aon bharrachas a bheidh fágtha tar éis soláthair do dhéanamh chun na gcrícheanna adubhradh úsáidfear é i pé slí chinnfidh an Bord, ach san fé réir cheadú i scríbhinn ón Aire: Ach beidh sé dleathach don Bhord pé suim do thabhairt ar aghaidh i ndeireadh gach bliana is dóich leis an Aire do bheith riachtanach do réir réasúin chun costaisí reatha d'íoc.

An Bord do ghlanadh na hiasachta atá anois ann.

46. —An tsuim de £8,627 11s. 11d., eadhon, an t-iarmhéid do bhí gan íoc an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1934, d'iasachtaí áirithe do thug Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn do Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe (no pé méid den tsuim sin a bheidh gan glanadh ar dháta an Achta so do rith) leanfa sí, i gcoinnibh an Bhúird, ina céad-mhuirear ar an maoin agus ar na sócmhainní gur ortha atá an tsuim sin ina muirear anois, agus beidh sí ina muirear sa tslí chéanna ar na rátaí is iníoctha leis an mBord fén Acht so agus ar an airgead uile chruinneoidh an Bord fé alt 48 den Acht so agus beidh sí ina fiacha bheidh dlite ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn ar an mBord agus déanfaidh an Bord í ghlanadh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla nách lugha ná £200 no pé suim is aoirde ná san a cheadóidh cúrsaí airgid an ghnótha in aon bhliain airgeadais áirithe.

Rann-íocanna na Comhairle Contae agus na Comhairle Bailecheanntair.

47. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle Chontae agus déanfaidh an Chomhairle Bhailecheanntair rann-íoc bliantúil airgid (dá ngairmtear san alt so an rann-íoc Contae agus an rann-íoc Baile fé seach) d'íoc leis an mBord in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an chéad lá d'Abrán i pé bliain chaileandair a chinnfidh an tAire le hordú agus in aghaidh gach bliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(2) Ní raghaidh an rann-íoc Contae in aon bhliain airgeadais áitiúil thar suim is co-ionann le méid ráta de cheithre pingne sa phúnt ar n-a chruinniú go cothrom ar fuaid na Contae go léir (le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar) ar luach ionrátuithe na Contae (le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar) i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin, agus ní raghaidh an ranníoc Baile in aon bhliain airgeadais áitiíil thar suim is có-ionann le méid ráta de scilling sa phunt ar luach ionrátuithe an Bhailecheanntair i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin; agus beidh idir na rann-íocanna san fé seach, i ngach bliain airgeadais áitiúil, an cothrom céanna bheidh idir na suimeanna do gheobhfar amhlaidh no do bheadh eatorra, dá gcruinnítí iad, sa bhliain airgeadais áitiúil chéanna; agus isé bheidh mar luach ionrátuithe chun crícheanna an ailt seo ná an luacháil fé sna hAchtanna Luachála ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin is ionrátuithe fén ráta dealbhais sa Chontae (le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar) no sa Bhailecheanntar, pe'ca aca é.

(3) Maidir leis an rann-íoc Contae agus leis an rann-íoc Baile fé seach—

(a) cruinneofar iad trid an ráta dealbhais, ach mar ítim ar leithligh de;

(b) fé réir forálacha an ailt seo, beid de pé méideanna bheidh luaidhte i meastachán agus in éileamh bliantúil a chuirfidh an Bord go dtí an Chomhairle Chontae agus go dtí an Chomhairle Bhailecheanntair i mí Eanair gach bliain, á rá fé shéala an Bhúird cadiad na suimeanna is gá i gcóir na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin; agus

(c) déanfaidh an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair fé seach iad d'íoc leis an mBord ina dhá dtráth-chuid chothroma leath-bhliantúla an chéad lá de Mheán Fhómhair agus an chéad lá de Mhárta i ngach bliain airgeadais áitiúil:

Ach déanfar an ráta bheidh le cruinniú chun crícheanna an ranníoca chontae do chruinniú go cothrom ar fuaid na contae go léir le n-a n-áirmhítear an Bailecheanntar.

(4) Chun críche an chéad rann-íoca Chontae agus an chéad rann-íoca Bhaile a híocfar fén Acht so caithfidh an Bord a chur ina luighe ar an Aire, sara ndeine sé ordú fé fho-alt (1) den alt so, go ndearna an Bord, no go bhfuil ar a gcumas, no go mbeidh ar a gcumas tar éis an orduithe sin do bheith déanta ag an Aire, suim de £200,000 d'fháil, ar urrús na rann-íocanna Contae agus na rann-íocanna Baile agus ar shlí eile, i bhfuirm iasachta no tré stoc do thabhairt amach no ar shlí eile (pe-ca bheidh sí le n'íoc láithreach no o am go ham do réir mar bheidh déanamh na n-oibreacha ag dul ar aghaidh) chun í chaitheamh in íoc no mar chabhair chun íoctha an chostais a bhainfidh agus a gheobhaidh leis na hoibreacha do dhéanamh agus go bhfuilid sásta dul ar aghaidh le déanamh na n-oibreacha ar an rann-íoc Contae agus an rann-íoc Baile sin no cuid den chéanna d'fháil no roimhe sin.

(5) Leanfaidh an rann-íoc Contae agus an rann-íoc Baile de bheith á n-íoc faid a dhlighfidh an Bord aon airgead d'aisíoc a cruinníodh fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe ghabhas leis sin: Ach ní raghaidh méid iomlán an airgid a cruinneofar amhlaidh thar suim de £290,000 maidir le hOibreacha Uimhreacha 1, 2 agus 3 agus nithe gheobhaidh leo, ná thar suim de £400,000 maidir le hiomlán na n-oibreacha agus le nithe gheobhaidh leo.

(6) Déanfar gach rann-íoc Contae agus Baile d'úsáid ar fad chun airgid a cruinníodh, chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe ghabhas leis sin, agus chun úis ar an airgead san d'íoc sa mhéid go mbeidh ioncum an Chuain a bheidh ar fáil de thurus na huaire fé alt 45 den Acht so chun na gcrícheanna san nea-dhóthanach chun na gcrícheanna san.

(7) Má dheimhíonn iniúchóir cuntaisí an Bhúird fé n-a láimh ná raibh iomlán na rann-íocanna Contae agus Baile maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil áirithe ag teastáil chun na gcrícheanna atá leagtha amach sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfar an méid a bheidh fágtha de sna rann-íocanna san, ar n-a dheimhniú ag an iniúchóir, d'aisíoc leis an gComhairle Chontae agus leis an gComhairle Bhailecheanntair no do lomháil dóibh do réir cionúireacht a rann-íocanna in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san.

(8) Má dheimhníonn an t-iniúchóir fé n-a láimh go ndearnadh na rann-íocanna Contae agus Baile in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe d'íoc do réir mheastacháin neadhóthanaigh maidir leis na suimeanna do bhí ag teastáil ón mBord, beidh méid an easnaimh do bhí sna rann-íocanna san de dheascaibh an mheastacháin nea-dhóthanaigh sin, ar n-a dheimhniú ag an iniúchóir, ina fhiacha bheidh dlite ag an mBord ar an gComhairle Chontae agus ar an gComhairle Bhailecheanntair agus déanfaidh an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair é do ghlanadh sna cionúireachtaí céanna agus é do chruinniú sa tslí chéanna ina nglanfaí agus ina gcruinneofaí é dá mbeadh méid an easnaimh i meastachán agus in éileamh bliantúil an Bhúird inar fágadh ar lár é:

Ach ní dhlighfidh an Chomhairle Chontae ná an Chomhairle Bhailecheanntair in aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe aon mhéid den easnamh san do ghlanadh thar mar is féidir leo d'íoc (tar éis méid an rann-íoca Chontae no an rann-íoca Bhaile, más ann do, a bheidh le n'íoc in aghaidh na bliana san do chur san áireamh) gan dul thar an maximum bliantúil de cheithre pingne agus de scilling sa phúnt fé seach a húdaruítear i gcóir na ranníocanna bheidh le n'íoc fén alt so.

(9) Ní cuirfear an rann-íoc Contae ná an rann-íoc Baile san áireamh nuair a bheidh aon teora á déanamh amach a forchuirtear do réir dlí ar na rátaí fhéadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair fé seach a ghearradh.

(10) Má eiríonn aon aighneas no deifríocht idir na Comhairlí Contae agus Bailecheanntair no ceachtar acu agus an Bord, no idir an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhailecheanntair, maidir le héinní eireoidh fén alt so, déanfar gach aighneas no deifríocht den tsórt san do chur, maille le lán-chomhacht chun costaisí do mholadh, fé bhreith dheiridh an Aire más toil leis gníomhú no, maran toil, fé bhreith dheiridh dhá cadrascánaí, duine ar n-a thoghadh ag gach páirtí, agus, mara n-aontuíd, fé bhreith dheiridh réiteora a thoghfaid sara suidhfid, agus tuigfear é do chur fé bhreith amhlaidh do réir curtha-fé-bhráid tré dhintiúir ar n-a dhéanamh ag na páirtithe.

Comhacht chun iasachta d'fháil.

48. —(1) Féadfaidh an Bord, ach toiliú an Aire i scríbhinn d'fháil roimh ré, pé suimeanna bheidh ag teastáil chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe gheobhaidh leis sin d'fháil ar iasacht o am go ham, ar ús, ar urrús ioncuim an Chuain agus chistí agus mhaoine an Bhúird agus na rann-íocanna Contae agus na rann-íocanna Baile bheidh le n'íoc fén gCuid seo den Acht so agus féadfaid, leis an toiliú céanna agus ar an urrús céanna lasmuich de sna rann-íocanna san Contae agus Baile, pé suimeanna d'fháil ar iasacht a bheidh ag teastáil chun crícheanna eile den Acht so.

(2) Aon tsuimeanna a húdarófar amhlaidh don Bhord d'fháil ar iasacht féadfar iad do chruinniú tré mhorgáiste no tré stoc no stoc bintiúra do bhunú: Ach ní raghaidh an méid iomlán a chruinneoidh an Bord chun na n-oibreacha do dhéanamh agus i gcóir nithe gheobhaidh leis sin thar suim £400,000 ar fad.

Rialacháin maidir le stoc.

49. —(1) Aon stoc no stoc bintiúra a húdaruítear fén alt deiridh sin roimhe seo déanfar é do bhunú, do thabhairt amach agus d'aistriú, agus deighleálfar leis agus fuasclófar é, i pé slí agus do réir pé rialacháin ordóidh an tAire o am go ham.

(2) Gan dochar do gheneráltacht comhacht an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh socrú bheith sna rialacháin sin chun aon iasachta do ghlanadh a cruinneofar tríd an stoc no an stoc bintiúra san agus, i gcás fiacha do chó-dhlúthú, chun atharú no síneadh do dhéanamh ar an am gur laistigh de bheidh iasachtaí le glanadh, agus féadfaidh socrú bheith ionta chun toiliú únaerí teoranta d'fháil agus chun achtachán d'fheidhmiú bhaineann le diúitéthe stampa agus seiceanna, agus chun úis no díbhinní neamh-éilithe do chur de láimh, agus féadfaid aon achtacháin, a bhaineann le stoc no stoc bintiúra ar n-a thabhairt amach ag údaráis chuain no ag buirg chathardha i Saorstát Éireann, d'fheidhmiú chun crícheanna an ailt seo, go n-atharú no gan atharú.

Glacadóir do cheapadh.

50. —(1) Gan dochar d'aon chomhachta eile bheidh aige do réir dlí no tré chó-aontú leis an mBord, féadfaidh sealbhóir aon urrúis do tugadh alos airgid do fuarthas ar iasacht fén Acht so íoc riaráiste úis no colna no colna agus úis a bheidh dlite ar a urrús do bhaint amach tré ordú ag ceapadh glacadóra d'fháil ón Ard-Chúirt.

(2) Chun a údarú go gceapfaí glacadóir alos riaráiste úis no colna no colna agus úis ní lugha ná cúig céad púnt ar fad a bheidh an méid a bheidh dlite don mhorgáistí bheidh á iarraidh go gceapfaí glacadóir.

Airgead do gheobhfar ar iasacht d'aisíoc agus comhacht chun iasachta d'fháil arís.

51. —Déanfaidh an Bord an t-airgead uile do gheobhaid ar iasacht le toiliú an Aire fén Acht so d'aisíoc laistigh de pé tréimhsí, ar pé téarmaí agus coinníollacha agus i pé slí ordóidh an tAire, agus féadfaid, leis an toiliú céanna, aon airgead a haisíocfar amhlaidh d'fháil ar iasacht arís ar aon urrús a bheidh ar fáil de thurus na huaire. Na forálacha atá in alt 75 den Commissioners Clauses Act, 1847, chun a chur in áirithe go mbeidh na cearta céanna ag morgáistithe agus ag sannaithe in urrús ní bhainfid ach le hiasachtaithe ná beidh i dteideal aon chirt ná tosaíochta eatorra féin i gcoinnibh an Bhúird.

Comhacht chun iasachta d'fháil o bhanc.

52. —Féadfaidh an Bord, chun crícheanna sealadacha, creidmheas ar ús do thógaint agus d'fháil o am go ham, ar urrús ioncuim agus chistí an Chuain agus mhaoine an Bhúird no tré dhintiúirí teidil no urrús eile do lóisteáil, o aon bhanc no cuideachta bancaereachta ar chuntas airgid, a hosclófar agus a coimeádfar leis an mbanc no leis an gcuideachta bhancaereachta san do réir ghnáis bhancaerí in Éirinn, in ainm an Bhúird no in ainm oifigigh a cheapfaidh an Bord: Ach ní beidh an méid den airgead a cruinneofar fén alt so agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó san iomlán ná £2,000 mara mbeidh an Bord tar éis toiliú an Aire i scríbhinn d'fháil roimh ré. Na forálacha maidir le morgáistí atá sa Commissioners Clauses Act, 1847, ní bhainfid le haon roimh-íocanna déanfar leis an mBord fén alt so.