An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Tuairisc an Límistéir de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman atá á aistriú chun Buirge Loch Garman.)

1 1959

ACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959

AN SCEIDEAL.

An tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959.

Alt 1.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le hairteagal 25 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus le fo-alt (3) d'alt 42 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ordaíonn an tAire Rialtais Áitiúil leis seo mar leanas :—

1. An tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959, is teideal don Ordú seo.

2. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bhuirg” Buirg Loch Garman;

ciallaíonn “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Loch Garman;

ciallaíonn “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Loch Garman;

ciallaíonn “an teorainn atá anois ann” teorainn na Buirge mar bheidh sí díreach roimh theacht i ngníomh don Ordú seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an límistéar aistrithe” an límistéar a thuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo agus

ciallaíonn “an léarscáil luachála” an chóip de leathán 37 XVI (Loch Garman) d'athleagan 1940 ar an léarscáil Shuirbhéireachta Ordanáis (Scála 25.344 orlach in aghaidh an mhíle) a úsáideann an Coimisinéir Luachála chun na teorainneacha a thaispeáint atá le tionóntáin agus oidhreachtáin i dToghroinn Cheantair Loch Garman (Tuath) atá sna liostaí athbhreithnithe de thionóntáin agus oidhreachtáin a chuir an Coimisinéir sin go dtí Rúnaí na Comhairle Contae um an lú lá de Mhárta, 1959.

(2) Sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo—

(a) déanfar tagairt do pháirc a shonraítear trí uimhir a fhorléiriú mar thagairt don pháirc a dtaispeántar gurb í an uimhir sin acraí a hachar ar leathán 37 XVI (Loch Garman) d'athleagan 1940 ar an Léarscáil Shuirbhéireachta Ordónáis atá tarraingte de réir scála 25.344 orlach in aghaidh an mhíle.

(b) ach amháin nuair a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt do líne a tharraingeofaí ar feadh aon fháil nó bóthair a fhorléiriú mar ní a chiallaíonn líne a tharraingeofaí ar feadh láir an fháil nó an bhóthair.

3. Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1959, nó, i gcás gan dlí a dhéanamh, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Ordaithe seo, cibé lá a cheapfaidh an tAire.

4. (1) Ar an Ordú seo a theacht i ngníomh, beidh an límistéar aistrithe arna bhaint de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman agus beidh sé arna chur leis an mBuirg agus uaidh sin amach scoirfidh an límistéar aistrithe de bheith ina chuid de Cheantar Sláinte Chontae Loch Garman agus folófar an límistéar sin sa Bhuirg agus beidh sé ina chuid di chun gach críche agus beidh teorainn na Buirge athraithe dá réir.

(2) Aon fhoirgneamh a mbeidh teorainn na Buirge mar athraítear an teorainn sin leis an Ordú seo ag dul tríd nó trí aon chuid de measfar é a bheith laistigh den teorainn sin.

5. Ullmhóidh an Coimisinéir Luachála trí chóip de léarscáil a tharraingeofar de réir cibé scála agus ar cibé uimhir de bhilleoga ar leithligh is oiriúnach leis agus a thaispeánfaidh an límistéar aistrithe agus an teorainn atá ann faoi láthair agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscála sin agus taiscfidh ceann de na léarscála i bpríomh-oifig an choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Bhardais agus ceann eile in oifigí na Comhairle Contae.

6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas, trí chomhaontú, aon choigeartú ar mhaoin, cearta agus dliteanais a dhéanamh is gá mar gheall ar an límistéar aistrithe a chur leis an mBuirg.

(2) Mura ndéantar comhaontú, déanfar aon choigeartú den sórt sin ar mhaoin, cearta agus dliteanais ag duine a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(3) Beidh éifeacht de réir a théarmaí ag gach coigeartú a dhéanfar faoin airteagal seo agus is coigeartú críochnaitheach dochloíte a bheidh ann.

7. Má thagann an tOrdú seo i ngníomh an lá, nó roimh an lá, in aon bhliain airgeadais áitiúil a ghearrfaidh an Bardas ráta, déanfaidh Rúnaí na Comhairle Contae na liostaí athbhreithnithe de thionóntáin agus oidhreachtáin a chuir an Coimisinéir Luachála go dtí an Rúnaí sin um an chéad lá de Mhárta an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin a chur, a mhéid a bhainfidh na liostaí sin leis an límistéar aistrithe, go dtí Cléireach Chomhairle na Buirge agus air sin measfar gur liostaí athbhreithnithe ar dá réir a fhéadfaidh an Bardas aon ráta i leith an límistéir aistrithe don bhliain airgeadais sin a ghearradh na liostaí sin.

8. Déanfar an límistéar aistrithe a thaispeáint ar leithligh, cibé slí a ordóidh an tAire, i gclár na dtoghthóirí do Chontae Loch Garman a bheidh i bhfeidhm ar theacht i ngníomh don Ordú seo nó a tiocfaidh i bhfeidhm an chéad 15ú lá d'Aibreán dá éis sin.