|
||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phort LÁirge (Teorainn a Leathnú), 1979.) |
| [EN] | ||
Uimhir 2 (Príobháideach) de 1979 | ||
| [EN] |
AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] | ||
ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE SHEALADAIGH UM CHONTAE-BHUIRG PHORT LÁIRGE (TEORAINN A LEATHNÚ), 1979. [15 Nollaig, 1979] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Comhshaoil tar éis an tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phort Láirge (Teorainn a Leathnú), 1979, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh go cuí faoi alt 36 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939, ach nach mbeidh éifeacht leis an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Daingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phort Láirge (Teorainn a Leathnú), 1979, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1979 , a ghairm den Acht seo. |