Ar Aghaidh (AN CHÉAD SGEIDEAL DÁ DTAGARTAR THUAS. BUN-REACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN.)

1 1922

ACHT UM BUN-REACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN, 1922.


ACHT CHUN BUN-REACHT DO SHAORSTÁT ÉIREANN D'ACHTÚ AGUS CHUN AN CONNRADH IDIR AN BHREATAIN MHÓIR AGUS ÉIRE DO SIGHNÍODH I LUNDAIN AR AN 6ADH LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1921, DO THABHAIRT CHUN CRÍCHE.


DÁIL ÉIREANN 'na suidhe mar Dháil Bhunaidh sa Pháirlimint Shealadach so, á admháil gur ó Dhia a thagann gach údarás dleathach chun na ndaoine agus muinghin aice gur mar seo a tabharfar thar n-ais beatha agus aontacht Náisiúnta na hÉireann, fógrann sí leis seo bunú Shaorstáit Éireann agus de bharr lán-chirt gan dearmad dineann sí a reachtú agus a achtú mar leanas:—

1. Is é an Bun-reacht atá leagtha amach sa Chéad Sgeideal a ghabhann leis seo a bheidh mar Bhun-reacht do Shaorstát Éireann.

2. Léireófar an Bun-reacht roimh-ráite maille le aith-fhéachaint ar na hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus Éire atá leagtha amach sa Dara Sgeideal a ghabhann leis seo (dá ngoirtear feasta “an Connradh Sgeidealta”) agus dá dtugtar feidhm dlí leis seo, agus má bhíonn aon fhoráil den Bhun-reacht roimh-ráite ná d'aon leasú air ná d'aon dlí a déanfar fé buiniscionn in aon tslí le aon cheann d'fhorálacha an Chonnartha Sgeidealta, beidh sé, i méid na buiniscionntachta san amháin, gan brí gan feidhm ar bith, agus rithfidh Oireachtas agus Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann fé seach pé reachtúchán eile agus gach n eile a bheidh riachtanach chun an Connradh Sgeidealta do thabhairt chun críche.

3. Chun gach críche féadfar an t-Acht um Bun-reacht Shaorstáit Éireann, 1922 , do ghairm den Acht so.