4 1922

Uimh. 4 de 1922.


ACHT CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AR ATH-LÓ, 1922.


ACHT CHUN NA TOGHACHÁIN CHUN CÓLUCHTAÍ ÁITIÚLA ÁIRITHE A DLIGHTEAR DO CHOMÓRA I MÍ EANAIR, 1923, DO CHUR AR ATH-LÓ AGUS CHUN GO bhFÉADFAR NA TOGHACHÁIN CHUN CÓLUCHTAÍ ÁITIÚLA EILE A DLIGHTEAR DO CHOMÓRA I mBLIAIN 1923, DO CHUR AR ATH-LÓ LEIS AGUS CHUN FORÁLACHA ÁIRITHE A LEAN-FAIDH A LEITHÉID DE CHUR AR ATH-LÓ DO DHÉANAMH. [21adh Mí na Nodlag, 1922.]

DE BHRÍ go n-éilítear fé sna Reachtanna atá i bhfeidhm anois i Saorstát Éireann go gcomórfaí toghacháin de bhaill chomhairlí buirge, contae buirge agus ceantair bhaile agus de choimisinéirí baile i mí Eanair, 1923, agus go gcomórfaí toghacháin de bhaill chomhairlí contae agus ceantair thuaithe agus de chóluchtaí áitiúla eile i mí an Mheithimh agus ar iol-uairibh eile sa mbliain, 1923:

AGUS DE BHRÍ, toisc gan an Clár de Thoghthóirí um Rialtas Áitiúil atá á ullamhú anois do bheith críochnuithe agus mar gheall ar réasúin eile, gur gá na toghacháin roimh-ráite a éilítear a chomóra i mí Eanair, 1923, do chur ar ath-ló go dáta níos déanaí sa mbliain sin agus mar gheall ar na réasúin chéanna go mbéidir gur ghá cuid no gach ceann de sna toghacháin a éilítear a chomóra ar uairibh eile sa mbliain, 1923, do chur ar ath-ló leis:

AGUS DE BHRÍ, má dintear na toghacháin roimh-ráite do chur ar aon ath-ló den tsórt san, go gcaithfear leasuithe agus oiriúntaisí do dhéanamh ar an ndlí shealbhaigh a bhaineann leis na toghacháin sin.

ACHTUIGHEADH Oireachtas Shaorstáit Éireann ar an abhar san mar leanas:—

Toghacháin de chomhairleoirí buirge agus ceantair bhaile agus de choimisinéirí baile do chur ar ath-ló.

1. —(1) Gach toghachán reachtúil de chomhairleoirí buirg, de chomhairleoirí ceantar baile agus de choimisinéirí bailte a comórgaí mara mbeadh an t-Acht so laistigh de dhá mhí déag tar éis rithte an Achta so cuirfear ar ath-ló é go dtí an dáta san a cheapfaidh an t-Aire le hordú, agus ná beidh níos déanaí ná an ladh lá d'Eanair, 1924.

(2) Aon ordú fén alt so (mar aon le horduithe fén bhfó-alt so) a cheapfaidh dáta chun comóra toghacháin reachtúla féadfar é d'ath-ghairm le hordú eile 'na dhiaidh sin ach i ngach cás dá shórt caithfidh an tordú eile sin dáta nua chun comóra an toghacháin sin do cheapa.

Comhacht don Aire chun toghacháin chun comhairlí contae agus ceantar tuaithe agus chun cóluchtaí áitiúla eile do chur ar ath-ló.

2. —(1) Féadfaidh an t-Aire má's é a oipineon gur gá no gur oiriúnach san do dhéanamh gach ceann no aon cheann de sna toghacháin reachtúla de chomhairleoirí contae, de chomhairleoirí ceantar tuaithe no de bhaill d'aon chólucht áitiúil eile a comórfaí mara mbeadh an t-Acht so aon uair laistigh de dhá mhí déag tar éis rithte an Achta so, do chur ar ath-ló le hordú go dtí an dáta san a cheapfaidh an t-Aire leis an ordú san agus ná beidh níos déanaí ná an 1adh lá d'Eanair, 1924.

(2) Féadfar orduithe ar leithligh do dhéanamh ar uairibh éagsúla fén alt so chun na toghacháin reachtúla chun saghasanna éagsúla comhairlí no cóluchtaí áitiúla eile do chur ar ath-ló agus féadfar dátaí éagsúla do cheapa chun comóra na dtoghachán san a cuirfear ar ath-ló agus aon toghachán a cuirfear ar athló le hordú fén alt so féadfar é do chur ar ath-ló arís ó am go ham le horduithe eile 'na dhiaidh sin.

Síne téarma oifige Comhairleoirí sealbhacha, etc.

3. —Téarma oifige na gComhairleoirí, na gCoimisinéirí agus na mball sealbhacha d'aon Chomhairle, d'aon choimisinéirí no d'aon chólucht áitiúil eile go ndéanfar na toghacháin reachtúla chúcha do chur ar ath-ló leis no fén Acht so, déanfar é do shíne go dtí an lá tar éis an dáta cheaptha.

Forálacha a leanfaidh de bharr na toghacháin do chur ar ath-ló.

4. —(1) I ngach ordú a dhéanfaidh an t-Aire fén Acht so ag ceapa an dáta ar a gcomórfar aon toghachán reachtúil ceapfaidh sé chó maith an dáta tar éis an toghacháin sin ar a gcomórfar an chéad chruinniú de gach Comhairle, cólucht Coimisinéirí agus cólucht áitiúil eile dá dtagartar san ordú san.

(2) Comórfar an chéad chruinniú de gach Comhairle, de gach cólucht Coimisinéirí agus de gach cólucht áitiúil eile go ndéanfar na toghacháin reachtúla chúcha do chur ar ath-ló leis no fén Acht so, tar éis an toghacháin sin, ar an ndáta a cheapfaidh an t-Aire chun na críche sin fén alt so; agus déanfar ag an gcruinniú san an gnó uile gur gá don Chomhairle, do sna Coimisinéirí no don chólucht áitiúil eile sin é do dhéanamh do réir aon reachta, orduithe no rialach ag an gcéad chruinniú bliantúil no ag an gcéad chruinniú ráithiúil (fé mar a bheidh) a comórfaí tar éis toghacháin reachtúla.

(3) Pé baill shealbhacha d'aon bhórd, choiste, chó-bhórd no chó-choiste do hainmníodh no do toghadh ag aon Chomhairle, chólucht Coimisinéirí no chólucht áitiúil eile go ndéanfar na toghacháin chúcha do chur ar ath-ló leis no fén Acht so, leanfaid in oifig, ina mbaill mar sin, go dtí an lá tar éis an dáta ar a gcomórfar an chéad chruinniú den Chomhairle, den chólucht Coimisinéirí no den chólucht áitiúil eile sin tar éis an toghachán reachtúil chuige do chomóra do réir an ailt seo.

Sa bhfo-alt so cialluíonn “sealbhacha” bheith in oifig ar an ndáta ceaptha.

(4) Gach Árd-Mhéire, Méire, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach atá ar no do ceapadh ag aon Chomhairle, chólucht Coimisinéirí no chólucht áitiúil eile go ndéanfar na toghacháin reachtúla chuige do chur ar ath-ló leis no fén Acht so agus a bheidh in oifig le linn rithte an Achta so no ar an ndáta ceaptha leanfaidh sé in oifig go dtí go dtoghfar a chomharba go cuibhe ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, den chólucht Coimisinéirí no den chólucht áitiúil eile sin tar éis na dtoghachán reachtúil chuige agus go dtí go ndéanfaidh a chomharba an deimhniu go nglacfa sé an oifig; agus go dtí san amháin.

(5) San alt so sé a chialluíonn na habairtí “Cruinniú bliantúil” agus “Cruinniú ráithiúil” fé seach ná aon chruinniú bliantúil no chruinniú ráithiúil (fé mar a bheidh) go ndintear a dháta do cheapa leis no fén Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn) 1898.

Líonfar fothfhollamhntaisí le có-thogha.

5. —(1) Gach foth-fhollamhntas a thárlóidh imeasc ball aon chomhairle bhuirge no chomhairle cheantair bhaile no imeasc coimisinéirí aon bhaile tar éis rithte an Achta so agus roimh an dáta ceaptha agus gur cheart mara mbeadh an t-alt so é do líona le togha féadfar é do líona ach an chomhairle no na coimisinéirí sin do chó-thogha duine chun an follamhntas do líona agus ní ar a mhalairt de chuma agus aon chomhairleoir no choimisinéir a có-thoghfar mar sin sealbhóidh sé a oifig i ngach slí fé is dá ndéanfaí é do thogha chun an follamhntas do líona.

(2) Gach foth-fhollamhntas imeasc ball aon chomhairle no chóluchta áitiúla eile go ndéanfaidh an t-Aire na toghacháin reachtúla chuige do chur ar ath-ló fén Acht so, agus a thárlóidh tar éis dáta ordú a chuirfidh ar ath-ló na toghacháin reachtúla chun na comhairle no an chóluchta áitiúla san agus roimh an dáta ceaptha agus gur cheart mara mbeadh an t-alt so é do líona le togha féadfar é do líona ach an chomhairle no an cólucht áitiúil sin do chó-thogha duine chun an follamhntas do líona agus aon chomhairleoir no bhall a có-thoghfar mar sin sealbhóidh sé a oifig i ngach slí fé is dá ndéanfaí é do thogha chun an follamhntas do líona agus ní ar a mhalairt de chuma.

Saoirse ó phionóis ar eirghe as.

6. —(1) Aon chomhairleoir d'aon bhuig no aon chomhairleoir d'aon cheantar baile no aon choimisinéir d'aon bhaile a eireoidh as a oifig mar chomhairleoir no mar choimisinéir aon tráth tar éis rithte an Achta so agus roimh an dáta ceaptha ní bheidh sé i mbaol aon fhíneála no phionóis eile i dtaobh no mar gheall ar eirghe as a oifig mar sin.

(2) Aon chomhairleoir d'aon chomhairle chontae no cheantair thuaithe no aon bhall d'aon chólucht áitiúil eile go ndéanfaidh an t-Aire na toghacháin reachtúla chuige do chur ar ath-ló fén Acht so, a eireoidh as a oifig mar chomhairleoir no mar bhall tar éis dáta ordú a chuirfidh ar ath-ló na toghacháin reachtúla chun na comhairle no an chóluchta san agus roimh an dáta ceaptha ní bheidh sé i mbaol aon fhíneála no phionóis eile i dtaobh no mar gheall ar eirghe as a oifig mar sin.

Aireamh tréimhsí oifige agus ama.

7. —Gach tréimhse oifige no tréimhse eile ama a bheidh le háireamh, do réir aon reachta, orduithe no rialach, ó dháta thoghacháin reachtúla (in iongnais tréimhsí a bhaineann lesi an gcéad chruinniú tar éis toghacháin reachtúla) áireofar é, i gcás gach Comhairle, cóluchta Coimisinéirí agus cóluchta áitiúla eile go ndéanfar na toghacháin reachtúla chúcha do chur ar ath-ló leis no fén Acht so, ón ndáta ar a gcomórfaí na toghacháin reachtúla san dá mba ná rithfí an t-Acht so agus ní ón ndáta ar a ndéanfar na toghacháin reachtúla san do chomóra.

Achtanna do chur in oiriúint.

8. —(1) Gach foráil de gach reacht, ordú agus riail a bhaineann le haon toghachán reachtúil a cuirfear ar ath-ló leis no fén Acht so no le haon chomhairleoir, choimisinéir no bhall de chólucht áitiúil go ndéanfar a théarma oifige do shíne leis no fén Acht so léireofar é fé is dá ndéanfaí é d'atharú sa méid (má bhíonn ann) agus sa tslí is gá chun feidhm do thabhairt d'fhorálacha an Achta so.

(2) Má thárluíonn aon amhras, achrann no cheist no in oipineon an Aire más deallrathach go dtárlóidh i dtaobh aon atharuithe a bheidh le déanamh fén alt so i léiriú aon reachta, orduithe no rialach féadfaidh an t-Aire le hordú an t-atharú a bheidh le déanamh ann do luadh.

Mínithe.

9. —San Acht so—foluíonn an abairt “Buirg” “Buirg Chontae,” foluíonn an abairt “Comhairleoir” “Seanóir”; an focal “sealbhach” nuair úsáidtear é i dtaobh comhairleora comhairle bhuirge no comhairle cheantair bhaile no choimisinéara baile cialluíonn sé bheith in oifig ar dháta rithte an Achta so agus nuair a úsáidtear é i dtaobh comhairleora aon chomhairle eile no i dtaobh baill aon chóluchta áitiúla eile cialluíonn sé bheith in oifig ar dháta an orduithe a dhéanfaidh na toghacháin reachtúla chun na comhairle no an chóluchta san do chur ar ath-ló; cialluíonn an abairt “Toghachán Reachtúil” toghachán chun líona áiteanna comhairleoirí, coimisinéirí no ball cóluchta áitiúla a eireoidh as ar chríochnú a dtéarma oifige; cialluíonn an abairt “Dáta Ceaptha” an dáta a leagfaidh an t-Aire amach fén Acht so chun comóra na dtoghachán reachtúil chun na comhairle, chun an chóluchta coimisinéirí no chun an chóluchta áitiúla eile go mbaineann an abairt leis; cialluíonn an abairt “An t-Aire” an t-Aire um Rialtas Áitiúil; cialluíonn an abairt “Cólucht Áitiúil” aon chólucht go n-éilítear do réir aon reachta, no fé, a chuntaisí do scrúdú ag scrúdóir a cheapfaidh an t-Aire; foluíonn an focal “Reacht” Acht de Pháirlimint na Breataine ag a bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann chó maith le hAcht den Oireachtas.

Gearr-Theideal.

10. —Féadfar an t-Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 , do ghairm don Acht so.