4 1923

Uimhir 4.


ACHT UM FHEIDHMIÚ DLÍ (COMHACT OCÁIDEACH), 1923.


ACHT CHUN COSC DO CHUR LE TOIRMEASC DO LEIGHEAS AN DLÍ AGUS CHUN SOLÁTHAIR DO DHÉANAMH D'FHEABHAS-FHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS DO NITHE EILE A BHAINEANN LEIS. [1adh Márta, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Fo-Shirriaimh do cheapa.

1. —(1) Chun alt 11 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ) do chur i mbaint le h-alt 1 d'Acht na Sirriamh (Éirinn), 1920, (10 & 11 Geo. V. ch. 26), pé ball den Ard-Chomhairle a bheidh 'na Aire um Ghnóthaí Dúithche de thuras na huaire tuigfear gurb é sin Aire no údarás a fheidhmeoidh i Saorstát Éireann feidhmeanna a bheidh ionann no ar có-réir leis na feidhmeanna d'fheidhmíodh an Fear Ionaid fén alt 1 roimh-ráite d'Acht na Sirriamh (Éirinn), 1920, roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, san líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é, agus dá réir sin gach comhacht dá mbronntar leis an alt 1 roimh-ráite tabharfar í don bhall san den Árd-Chomhairle agus beidh sí infheidhmithe aige, agus sé chialluíonn an abairt “an t-Aire,” pé áit 'na bhfuil an céanna san Acht so, ná an ball san den Árd-Chomhairle.

(2) Aon duine a ceapfar tar éis rithte an Achta so chun bheith 'na Fho-Shirriamh ní cuirfear é fé aon mhionn oifige ná fé aon mhionn eile, ná ní bheidh air a leithéid do thabhairt, ach ina ionad san gach duine a ceapfar amhlaidh déanfa sé roimh dhul in oifig do faisnéis sholamanta do thabhairt agus do shighniú, i bhfuirm a leagfar amach le hordú ón Aire, go gcó-líonfa sé dualgaisí a oifige go cuibhe, agus léighfear alt 14 den Reacht 12 George 1, c. 4 (Éireannach) fé is dá ndéanfaí tabhairt na Faisnéise ag gach Fo-Shirriamh, fé mar a leagfar amach é, do chur in ionad tabhairt an Mhionna a leagann an t-alt san amach agus in ionad tabhairt na Faisnéise a eagtar amach leis an ordú um Oiriúnú Achtanna Sirriamh (Éirinn), 1922.

(3) Má bhíonn an t-Aire sásta aon tráth ná fuil ar chumas Fo-Shirriaimh, toisc é do bheith breoite no as láthair gan leigheas aige air sin, no toisc cúis ar bith, no nách toil leis feidhmeanna a oifige do chó-líona no dualgaisí a oifige do dhéanamh go cuibhe de thuras na huaire, ansan agus sa chás san féadfaidh an t-Aire aon duine do cheapa (pe'ca duine é go bhfuil aige na cáilíochta a leagtar amach le fo-alt (3) d'alt 1 d'Acht na Sirriamh (Éirinn), 1920, no nách eadh) chun gníomhú mar ionaduí don bhFo-Shirriamh san ar feadh na haimsire sin ar an luach saothair sin (a díolfar as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas) agus ar na téarmaí sin a luadhfaidh an t-Aire le hOrdú agus, chun crícheanna aon cheann agus gach ceann de sna comhachtanna, údaráis, saoirsí agus caomhnaisí dá dtugann an dlí don bhFo-Shirriamh tuigfear gurb é an duine a ceapfar mar sin Fo-Shirriamh na báillíochta céanna, agus gach rit gach aithne agus gach scríbhinn eile a bheidh i láimh an Fho-Shirriaimh chun a bhfeidhmithe tabharfar iad láithreach don ionaduí sin agus déanfa sé leo i ngach slí fé is dá mba Fo-Shirriamh é a ceapadh go dleathach.

Báillí á bhfostú ag Fo-Shirriaimh.

2. —(1) Ó rith an Achta so agus dá éis ní bheidh ceangailte ar aon Fho-Shirriamh aon bháille d'fhostú chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú riteach de fieri facias no riteach de habere no riteach eile, ná aon bháille do ceapadh fé Alt 5 d'Acht Leasuithe Imeachta Cúirteanna na mBillí Síbhialta (Éirinn), 1864 (27 & 28 Vict., ch. 99), d'fhostú chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú a dhualgaisí fén Acht san, ach in ionad na mbáillí sin no 'na dteanta beidh sé dleathach d'aon Fho-Shirriamh fostú do dhéanamh ar pé daoine oiriúnacha agus ar pé méid díobh is oiriúnach leis chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú aon riteach agus gach riteach de fieri facias no riteach de habere no riteach eile agus i bhfeidhmiú aon aithne no ordú agus gach aithne no ordú (pe'ca chun dílsiú fiacha no sealbhú talaimh no chun einní eile é) de Chúirt Bhille Síbhialta.

(2) Einne a bheidh ar fostú ag Fo-Shirriamh mar bháille fén alt so féadfar é d'fhostú ar phágh seachtainiúil no ar aon tsórt éile págh chun cabhruithe leis go generálta i bhfeidhmiú na riteanna san agus na n-aitheanta no na n-órduithe sin roimhráite no féadfar é d'fhostú go speisialta chun cabhruithe leis an bhFo-Shirriamh i bhfeidhmiú riteach no aithne no órdú áirithe.

(3) Pé cás ina bhfostóidh Fo-Shirriamh daoine fén alt so chun cabhruithe leis go generálta i bhfeidhmiú na riteanna san agus na n-aitheanta no na n-órduithe sin roimh-ráite ní mór mola an Aire agus cead an Aire Airgid d'fháil i dtaobh uimhir agus ráta luach saothair (a díolfar as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas) na ndaoine sin.

(4) Pé cás ina bhfostóidh Fo-Shirriamh aon daoine go speisialta fén alt so chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú riteach, aithne no ordú áirithe beidh uimhir agus luach saothair na ndaoine sin fén bhFo-Shirriamh ach go gcaithfear cead an Bhreithimh Chúirte Contae d'fháil ar an bhfiachúnach d'éileamh aith-éisteachta.

(5) Gach duine a bheidh ar fostú fén alt so ag Fo-Shirriamh chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú riteach de fieri facias no riteach de habere beidh aige na comhachtanna uile a thugann an dlí do bháille ar fostú ag Fo-Shirriamh chuige sin, agus gach duine a bheidh ar fostú fén alt so ag Fo-Shirriamh chun cabhruithe leis i bhfeidhmiú aon aithne no ordú de Chúirt Bhille Shíbhialta beidh aige na comhachtanna uile a thugann an dlí do bháille a ceaptar fé Acht Leasuithe Imeachta Cúirteanna na mBillí Síbhialta (Éirinn), 1864 (27 & 28 Vict., ch. 99).

Taisbeánfaidh an Báille barántas a údaráis

3 —Beidh sé de dhualgas ar bháille agus ar aon duine eile a fostófar ag Fo-Shirriamh do réir ailt 2 (1) den Acht so, chó luath is a raghaidh sé isteach, agus roimh ghabháil do dhéanamh, barántas a údaráis no a n-údaráis ón bhFo-Shirriamh do theasbáint, nuair éileofar é, don chosantach (no don duine eile is deallrathach atá i seilbh na dtailte agus an áitreibh ina raghaidh seisean no iadsan) agus fíor-chóip de do thabhairt don chosantach no don duine eile sin.

Déanfar cuntas ar an maoin a gheofar.

4. —Beidh sé de dhualgas ar gach Fo-Shirriamh 'na ndéanfar fé n-a údarás feidhmiúchán do leaga ar earraí, ainmhithe no mhaoin eile, féachaint chuige go ndéanfar cuntas ina n-áireofar gach maoin a gheofar agus féachaint chuige go dtabharfar don chosantach (no don duine eile is deallrathach atá i seilbh na maoine sin) laistigh de 48 n-uaire tar éis na gabhála agus, más féidir é, sara n-aistreofar éinní, dúbailtín den chuntas san agus é sighnithe ag an bhFo-Shirriamh no ag duine ag gníomhú thar a cheann.

Maoin áirithe saor ó ghabháil.

5. —O aimsir rithte an Achta so agus dá héis beidh saor ó bhaol gabhála an chuid éadaigh is gá do dhuine 'na leagfar feidhmiúchán 'na choinnibh, maille le n-a chuid éadaigh leapthan, agus an chuid éadaigh is gá dá mhuirín maille le n-a gcuid éadaigh leapthan, agus úirlisí agus gléasanna a chéirde ná raghaidh a luach ar fad thar £15.

Féadfaidh Fo-Shirriamh díol aon tráth.

6. —(1) Aon Fho-Shirriamh a dhéanfaidh tar éis rithte an Achta so aon earraí no ainmhithe no mhaoin eile do thógaint i bhfeidhmiúchán fé rit fieri facias no fé aithne de Chúirt Bhille Shíbhialta beidh sé dleathach dó na hearraí, na hainmhithe no an mhaoin eile sin do dhíol ar cheaint phuiblí aon tráth tar éis deire tréimhse cheithre uaire fichead tar éis do an céanna do thógaint i bhfeidhmiúchán, ach san do dhéanamh gan aon mhoill mhí-réasúnta, ach ní gá don Fho-Shirriamh a fhoillsiú ná a chraobhscaoile gur díolachán ag Fo-Shirriamh aon díolachán den tsórt san ná gur díolachán é d'earraí, d'ainmhithe no de mhaoin do tógadh i bhfeidhmiúchán.

(2) Ath-ghairmtear leis seo an méid sin d'alt 28 d'Acht Leasuithe Imeachta Cúirteanna na mBillí Síbhialta (Éirinn), 1864 (27 & 28 Vict., ch. 99), a leagann amach tráthanna ina gcaithfear laistigh díobh earraí no ainmhithe a tógtar i bhfeidhmiúchán fé aon aithne de Chúirt Bhille Shíbhialta do dhíol no d'fhágaint gan díol.

Féadfaidh Fo-Shirriamh díol lasmuich dá bháillíocht.

7. —(1) In ainneoin aon reachta, riail dlí no ordú 'na choinnibh sin, aon Fho-Shirriamh go mbeidh earraí, ainmhithe no maoin eile tógtha aige i bhfeidhmiúchán fé rit de fieri facias no fé aon aithne de Chúirt Bhille Shíbhialta féadfa sé na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin do dhíol ar cheaint phuiblí san áit no sna háiteanna san, pe'ca laistigh no lasmuich dá bháillíocht atáid, no laistigh no lasmuich de theoranta críche Shaorstáit Éireann, is tairbhí ina bhféadfar, dar leis, na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin do dhíol agus féadfa sé na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin no aon cheann díobh d'aistriú no féachaint chuige go n-aistreofar an céanna ón áit inar gabhadh an céanna go dtí an áit no na háiteanna díolacháin sin.

(2) Gach earra, ainmhidhe agus maoin eile a thógfaidh aon Fho-Shirriamh i bhfeidhmiúchán fé aon rit no aithne den tsórt san roimh-ráite féadfaidh an Fo-Shirriamh iad do chur, go dtí go ndíolfar iad, i bpóna, i stór agus i gcimeád san áit no sna háiteanna is oiriúnach leis, pe'ca laistigh no lasmuich dá bháillíocht atáid, no laistigh no lasmuich de theoranta críche Shaorstáit Éireann, cé ná beidh an áit no na háiteanna san ceaptha ná údaruithe do réir dlí chun iad d'úsáid mar phónaí.

(3) Pé cás ina ndeánfaidh an Fo-Shirriamh no ina ndéanfar le n-a ordú aon earraí, ainmhithe no mhaoin eile d'aistriú fén alt so go dtí áit lasmuich dá bháillíocht, déanfaidh an Fo-Shirriamh, i dteanta leaga do dhéanamh i méid na bhfiacha a bheidh luaidhte sa rit no san aithne gur fúithe do gabhadh na hearraí agus na hainmhithe agus an mhaoin sin, agus i dteanta leaga do dhéanamh i ngach muirear a bheidh inleagtha do réir dlí déanfa sé leaga i méid na gcostas uile a bheidh curtha suas aige—

(a) le linn no i dtaobh aistriú na n-earraí, na n-ainmhithe agus na maoine sin ós na háiteanna inar gabhadh iad go dtí gach áit (mar aon le háit an díolacháin) 'na n-aistreofar na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin chuige roimh iad do dhíol;

(b) le linn no i dtaobh na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin do chimeád i stór, i bpóna agus i dtaisce (mar aon le beatha agus uisce do thabhairt do sna hainmhithe sin) idir aimsir na gabhála agus aimsir an díolacháin;

(c) le linn no i dtaobh díolachán agus aon iarracht ar dhíolachán na n-earraí, na n-ainmhithe no na maoine sin nách díolachán ná iarracht ar dhíolachán laistigh de bháillíocht an Fho-Shirriaimh.

Féadfaidh an Fo-Shirriamh gach costas agus caiteachas den tsórt atá luaidhte sa bhfo-alt so do bhaint as sochar díolachán na n-earraí, na n-ainmhithe agus na maoine mar chéad mhuirear ar an sochar san.

(4) Is é an Fo-Shirriamh is aon bhreitheamh ar an ait no na háiteanna is tairbhí na bhféadfar aon earraí, ainmhithe no mhaoin eile a thógfa sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, agus ní féadfar aon aicsean do thógaint i gcoinnibh aon Fho-Shirriaimh i dtaobh é do dhíol aon earraí, ainmhithe no mhaoin den tsórt san roimhráite lasmuich dá bháillíocht.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “gach muirear a bheidh inleagtha do réir dlí” gach muirear atá inleagtha fé aon acht, riail no ordú atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so no fé aon fhoráil den Acht so lasmuich den alt so.

Eifeachtúlacht ceannuíochtanna ó Fho-Shirriamh.

8. —Gach duine a dhéanfaidh tar éis rithte an Achta so aon earraí, ainmhithe no mhaoin eile a thógfaidh Fo-Shirriamh i bhfeidhmiúchán do cheannach go macánta ar dhíolachán a comórfar ag Fo-Shirriamh no fé n-a údarás, beidh aige dea-theideal éifeachtúil i gcoinnibh gach n-aon chun na n-earraí, na n-ainmhithe agus na maoine a cheannóidh sé mar sin, in ainneoin aon neamh-éifeachta no nea-rialtachta i ngabháil no i ndíolachán na n-earraí, na n-ainmhithe no na maoine sin, no ina dtaobh, agus pe'ca is fíor no nách ea go raibh a fhios aige no gur cheart a fhios do bheith aige no go bhféadfadh sé a fhios do bheith aige no go bhfuair sé aon tsaghas fógra gur díolachán ag Fo-Shirriamh no fé n-a údarás an díolachán san.

Ní dochar do dhíolachán aon chur isteach a déanfar ar chimeád an Fho-Shirriaimh.

9. —Ní dochar ná difríocht do chomhacht ná d'údarás Fo-Shirriaimh chun aon earraí, ainmhithe no mhaoin eile a thógfa sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, na hearraí, na hainmhithe no an mhaoin sin do bheith as cimeád an Fho-Shirriaimh no aon chur isteach a déanfar in aon tslí ar a chimeád ortha aon tráth no tráthanna idir aimsir na gabhála agus an aimsir 'na ndíolfar na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin.

Ní féadfar aon aicsean do thabhairt i gcoinnibh an Fho-Shirriaimh i dtaobh dul isteach in áitreabh ná i dtaobh é do bhrise.

10. —Ní féadfar aon aicsean do thabhairt i gcoinnibh an Fho-Shirriaimh i dtaobh ná mar gheall ar é do dhul no do bhrise isteach in aon tailte, in aon tigh, in aon chlós no in aon áitreabh eile chun aon earraí, ainmhithe no mhaoin eile a thógaint i bhfeidhmiúchán a bhí no d'fhéadfadh a bheith ar na tailte sin no sa tigh, sa chlós no san áitreabh san, ná i dtaobh ná mar gheall ar aon díobháil a déanfar do sna tailte, don tigh no don áitreabh san leis an dul isteach no leis an mbrise isteach san no lena linn: Más rud é gur dhin an Fo-Shirriamh sarar bhris sé isteach in aon tigh comhnuithe no fhoirgneamh eile iarrachtaí réasúnta ar dhul isteach go síochánta agus gan fóiréigean: Agus más rud é in aon chás in ar bhris an Fo-Shirriamh isteach agus in ar chuaidh sé isteach in áitreabh aon duine seachas an duine gur 'na choinnibh d'iarradh air breith, órdú no aithne d'fheidhmiú, go bhfuair sé ann no air aon earraí, ainmhithe no mhaoin eile leis an duine sin is déanaí luadhadh no go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go raibh earraí, ainmhithe no maoin éigin den tsórt san ann no air.

Ní bheidh Fo-Shirriamh freagarthach i dtaobh an iomarca do ghabháil ná do dhíol.

11. —O aimsir rithte an Achta so agus dá héis agus in ainneoin aon achta, riail dlí no ordú 'na choinnibh sin, ní féadfar aon aicsean do thabhairt i gcoinnibh aon Fho-Shirriaimh agus ní chuirfe sé é féin fé aon phionós nuair ná déanfaidh sé calaois, mailís, ná mór-fhaillí i dtaobh no mar gheall ar gur dhin sé fé aon rit de fieri facias no aon aithne de Chúirt Bhille Shíbhialta, níos mó no níos lú earraí, ainmhithe no maoine eile do ghabháil no do dhíol ná mar do bheadh no d'fhéadfadh a bheith dóthanach chun íoc do dhéanamh i lán-mhéid na bhfiacha no na suime airgid maille le gach costas, táille, muirear agus caiteachas a bheidh inleagtha do réir dlí (an t-Acht so do chomhaireamh) de bhua na riteach no na haithne sin no fúithe.

Na táillí a éileoidh Fo-Shirriaimh agus daoine eile no a íocfar leo do cheapa.

12. —(1) Féadfaidh an t-Aire le hordú scála do cheapa de sna táillí a éileoidh Fo-Shirriaimh, Báillí, agus daoine eile agus a íocfar leo as ucht a seirbhísí i bhfeidhmiúchán no mar gheall ar fheidhmiúchán riteanna de fieri facias agus riteanna de habere agus i bhfeidhmiúchán no mar gheall ar fheidhmiúchán aitheanta (pe'ca chun dílsiú fiacha no sealbhú talaimh no éinní eile iad) de Chúirteanna Bille Shíbhialta agus féadfaidh an t-Aire le h-ordú an scála san d'aith-fhéachaint ó am go ham.

(2) Na táillí a luadhfar in aon scála táillí a ceapfar fén alt so beid in ionad na dtáillí agus mar mhalairt ar na táillí is inéilithe ag Fo-Shirriaimh, Báillí agus daoine eile no is iníoctha leo anois do réir dlí as ucht na seirbhíse céanna, agus gach acht i dtaobh íoc no fáil na dtáillí is inéilithe no is iníoctha anois mar roimhráite bainfe sé leis na táillí, a cuirfear 'na n-ionad fé seach leis an scála san roimh-ráite, chó hiomlán agus a bhaineann an céanna anois leis na táillí is inéilithe agus is iníoctha mar roimh-ráite.

(3) Gach comhacht atá le linn aimsir rithte an Achta so ag aon duine, chólucht no údarás chun ceaptha no rialaithe na dtáillí a éileofar ag Fo-Shirriaimh, Báillí agus daoine eile no a íocfar leo cuirfear í ar fionnraoi agus ní féadfar í d'fheidhmiú an fhaid a bheidh an t-Acht so i bhfeidhm.

(4) Foillseofar san Iris Oifigiúil gach scála táillí a ceapfar no a aith-fhéachfar ag an Aire fén alt so agus féadfar fianuise prima facie ar gach scála no ar aon scála den tsórt san do thabhairt i ngach Cúirt Chirt agus i ngach imeachta dlí trí sholáthar cóipe den Iris Oifigiúil ina dtuigfear an scála san do bheith no trí sholáthar cóipe den scála san a tuigfear a clóbhuaileadh fé stiúra no údarás Oifig an tSoláthair de Rialtas Shaorstáit Éireann.

Aiteanna ina bhféadfar Cúirteanna de Cheathrú Shiosón agus de Bhillí Sibhialta do chomóra.

13. —(1) In aon chás gur comóradh aon uair tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus roimh aimsir rithte an Achta so, siosóin de Chúirt Cheathrú Shiosón no de Chúirt Bhille Shíbhialta i gcóir aon roinne, do réir orduithe no ní do tuigeadh a bheith 'na ordú ó Bhreitheamh Chúirte Contae, in aon áit ach an áit inar éilíodh, no lasmuich den chontae, den roinn no den líomatáiste eile inar éilíodh, le haon acht, riail no ordú an chúirt sin do chomóra, pé áit gur comóradh na siosóin sin ann tuigfear gurbh é sin, le linn comóra na siosón san, an áit gur éilíodh agus go raibh sé laistigh den chontae, den roinn no den líomatáiste gur éilíodh leis an acht, an ordú no an riail sin an chúirt sin do chomóra ann.

(2) Ó aimsir rithte an Achta so agus dá héis, in ionad Siosóin na Cúirte Ceathrú Siosón agus Cúirte na mBillí Síbhialta i gcóir aon roinne d'aon Chontae do chomóra i mbaile sa roinn sin, féadfar iad do chomóra sa Tigh Cúirte sa mbaile eile sin, in aon roinn eile den chontae chéanna, a cheapfaidh Breitheamh na Cúirte Contae ó am go ham le mola an Aire.

(3) Chun críche aon Achta a éilíonn na Cúirteanna Ceathrú Siosón no Cúirteanna na mBillí Síbhialta do chomóra in aon Tigh Cúirte no foirgneamh áirithe no laistigh d'aon chontae, d'aon roinn no d'aon líomatáiste áirithe eile, pé Tigh Cúirte a ceapfar fén alt so chun chomóra aon tSiosón de Chúirt Cheathrú Shiosón no de Chúirt Bhille Shíbhialta tuigfear gurb é sin Tigh Cúirte no foirgneamh go n-éilítear agus go bhfuil sé laistigh den chontae, den roinn no den líomatáiste eile go n-éilítear, leis na hachtanna san an Chúirt no na Siosóin sin do chomóra ann no laistigh de.

(4) Féadfar fianuise prima facie ar aon ordú a dhéanfaidh Breitheamh Cúirte Contae fén alt so do thabhairt i ngach Cúirt Chirt agus i ngach imeachta dlí trí sholáthar cóipe dhi a tuigfear a deimhníodh a bheith fíor ag Clárathóir an Bhreithimh Chúirte Contae a dhin an t-ordú agus beidh ar an gClárathóir roimhráite an chóip sin do thabhairt d'aon duine a dhíolfaidh an táille a leagfaidh an t-Aire amach, agus ní gá sighniú an Chlárathóra san do chruthú ná a chruthú gurb é sin le fírinne is Clárathóir don Bhreitheamh Cúirte Contae sin.

(5) San alt so foluíonn an abairt “Breitheamh Cúirte Contae” Breacathóir no Breitheamh Buirge.

Féadfar a thuisgint gur seirbheáladh Billí Síbhialta agus Gairmeacha Coisteoirí go héifeachtúil.

14. —(1) Féadfaidh aon Bhreitheamh Cúirte Contae a thuisgint gur seirbheáladh go héifeachtúil aon scríbhinn le n-a mbaineann an t-alt so cé ná déanfar an céanna do sheirbheáil sa tslí a éilíonn an dlí atá i bhfeidhm le linn aimsir rithte an Achta so má bhíonn Breitheamh na Cúirte Contae sásta—

(a) Nár bhféidir go réasúnta an scríbhinn sin do sheirbheáil sa tslí a éilíonn an dlí roimh-ráite; agus

(b) gur shroich an scríbhinn sin no cóip de no fógra réasúnta i dtaobh na scríbhinne sin agus a raibh ann an duine a éilítear a sheirbheáil léi.

(2) Baineann an t-alt so—

(a) le gach bille síbhialta, pe'ca gnáth-bhille, bille teidil, bille cothruim no aon tsórt eile bille é;

(b) le gach scríbhinn a ghairmfidh no a éileoidh ar árdchoisteoirí, coisteoirí speisialta no coisteoirí comónta bheith i láthair i gcóir gnótha choiriúla no shíbhialta in aon Chúirt Cheathrú Shiosóin no Chúirt Bhille Shíbhialta.

(3) San alt so foluíonn an abairt “Breitheamh Cúirte Contae” Breacathóir agus Breitheamh Buirge.

Comhacht chun feidhmiúchán do mhoilliú i gcásanna áir the.

15. —(1) Ar éisteacht aon Bhille Shíbhialta um fhiacha no dhamáiste, má bhíonn an Breitheamh Cúirte Contae gur os a chóir a bheidh na himeachta ar fionnraoi, má bhíonn sé sásta ná fuil ar chumas an chosantaigh an bhreith agus na costaisí do shásamh le lán-íoc láithreach, agus nách as a iompar, a ghníomh ná a fhaillí féin a tháinig an mí-chumas san agus go bhfuil cúis réasúnta ann chun síne aimsire i gcóir an íoca do dheona, féadfaidh an Breitheamh Cúirte Contae moill do chur ar fheidhmiúchán breithe no aithne na Cúirte, no ar fheidhmiúchán na riteach de fieri facias ar feadh na haimsire sin is réasúnta dar leis an mBreitheamh Cúirte Contae, agus féadfaidh an Breitheamh Cúirte Contae, más oiriúnach leis é, a ordú go n-íocfar méid na breithe no na haithne sin maille leis na costaisí 'na chuid is 'na chuid do réir mar a cheapfaidh an Breitheamh Cúirte Contae.

(2) Más é tuairim an Bhreithimh Chúirte Contae go bhfuil ar chumas an chosantaigh an chéad cheann de sna codanna san d'íoc láithreach, ordóidh sé amhlaidh. Má dintear faillí i gcólíona ordú na Cúirte i dtaobh an chéad chuid no aon chuid ina dhiaidh d'íoc déanfar an mhoill a bheidh ar fheidhmiúchán na breithe no na haithne no ar fheidhmiúchán na riteach de fieri facias do bhaint de agus féadfar í d'fheidhmiú láithreach ansan.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon bhreith ná aithne a tugadh no a labhradh roimh rith an Achta so.

(4) San alt so foluíonn an abairt “Breitheamh Cúirte Contae” Breacathóir agus Breitheamh Buirge.

Gearr-Theideal agus Buaine.

16. —(1) Féadfar an t-Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhacht Ocáideach), 1923, do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an t-Acht so i bhfeidhm an túisce 'na rithfear é agus leanfa sé i bhfeidhm ar feadh sé mhí 'na dhiaidh sin agus raghaidh sé in éag ansan.