|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Dáilcheanntair Dhála.) | Ar Aghaidh (CUID VIII Genearálta.) |
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ballraíocht Sheanaid Éireann. | |
[EN] |
Mí-cháilíocht a choiscfidh ar dhuine bheith ina bhall den tSeanad. |
57. —(1) Gach saoránach de Shaorstát Éireann idir fireann agus buineann atá 35 bliana d'aois no os a chionn san agus ná fuil fé aon mhí-cháilíocht dá luaidhtear san alt so féadfar é do thogha agus (má thugann sé an mhóid a hórduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann) féadfa sé suidhe mar bhall den tSeanad. |
[EN] | (2) Gach duine de sna daoine seo leanas, beidh sé gan teideal chun a thoghta no chun suidhe mar bhall den tSeanad toisc mí-cháilíocht, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) aon duine a bheidh ag fulang príosúntachta agus daoroibre ar feadh aon tréimhse is sia ná sé mhí no ag fulang pian-tseirbhíse ar feadh aon téarma, de bhárr breith chúirte ceart-údaráis i Saorstát Éireann; | |
[EN] | (b) aon amadán agus aon duine nách slán meabhair; | |
[EN] | (c) aon duine gnó-bhriste a bheidh fé bhreith chúirte ceartúdaráis i Saorstát Éireann; | |
[EN] | (d) aon duine go mbeidh an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh cleachtanna cuirpe agus ciontaí eile i dtoghacháin tar éis a chur as a chumas bheith ina bhall den tSeanad toisc cúirt cheart-údaráis i Saorstát Éireann dá fháil ciontach i gcleachta no i gcionta éigin den tsórt san: | |
[EN] | Ach an mhí-cháilíocht a dintear leis an bhfo-alt so i dtaobh breithe príosúntachta no pian-tseirbhíse, ní bheidh feidhm aici, i gcás duine a bheidh 'na bhall den tSeanad ar dháta na mí-cháilíochta san, go ceann deich lá fichead ó dháta na breithe, no i gcás athchomhairc, ó dháta an órduithe le n-a ndaingneofar an bhreith sin. | |
[EN] | (3) Ní féadfar duine do thogha, ná ní fhéadfaidh duine suidhe mar bhall de Sheanad Éireann | |
[EN] | (a) más ball ar lán-tuarastal d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann é; | |
[EN] | b) más ball ar lán-tuarastal d'aon fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann é; | |
[EN] | (c) más duine i Seirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann go sealadach no go seasmhach é mara dtugann téarmaí a fhostuíochta cead speisialta dho chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann. | |
[EN] | (4) Aon duine a bheidh toghtha go cuibhe ina bhall den tSeanad, má thagann sé, le linn é do bheith ina bhall mar sin, fé aon mhí-cháilíocht dá luaidhtear san alt so ní ball den tSeanad feasta é. |