An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN ORDUITHE SHEALADAIGH UM OIBREACHA UISCE RATH DUIN Uimh. 1 (DAINGNIÚ), 1923) Ar Aghaidh (Sceideal.)

22 1923

ACHT AN ORDUITHE SHEALADAIGH UM OIBREACHA UISCE RATH DUIN Uimh. 1 (DAINGNIÚ), 1923

SCEIDEAL.


AIREACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL.


Ordu Sealadach chun a chur ar chumas Chomhairle Thuathcheanntair Ráth Dúin Uimh. 1, Clásanna Eigeantacha na nAchtanna um Chlásanna Talmhan do chur i bhfeidhm.

DE BHRÍ go dteastuíonn ó Chomhairle Thuath-cheanntair Ráth Dúin Uimh. 1 (dá ngairmtear “an Chomhairle Cheanntair” san Ordú so) na tailte, an t-uisce agus na cirt a tuairiscítear sa sceideal a ghabhann leis seo do cheannach chun uisce do sholáthar do Bhailte Fearainn Chill Tiarnáin, Thiarnas Chill Tiarnáin, Bhaile an Rí, Bhaile Bhraonáin, Charraig Maighin Bheag, Bhaile I Ogáin, Ghleib (Cill Tiarnáin), Bhaile Shéamuis, Chillghobín, Newtown Little (Togharoinn Ghleanna Cualann), Thaobh Coille, Bhaile I Mhurchadha, Bhaile Fhaille, Carmanhall, Bhaile Dhrín, maraon le sráid-bhailte Chill Tiarnáin, Bhaile Bhuidhe agus Thaobh na Coille atá ina gceanntar:

AGUS DE BHRÍ gur fágadh agam-sa, an tAire um Rialtas Áitiúil, pleananna de sna tailte, den uisce agus de sna cirt sin, dá ngairmtear ina dhiaidh seo anso “na pleananna fágtha,” agus gur dineadh cóip de sna pleananna fágtha d'fhágaint, agus go bhfuil sí anois, in oifig na Comhairle Ceanntar chun go scrúdódh an phuiblíocht í:

ANOIS, DA BHRI SIN, orduím-se, an tAire um Rialtas Áitiúil, de bhua na gcomhacht a tugadh dom le halt 203 den Acht um Shláinte Phuiblí (Éirinn), 1878, fé mar a oiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 , agus de bhua gach comhachta eile le n-a gcuirtear san ar mo chumas, órduím-se leis seo éifeacht do bheith ag na forálacha so a leanas ó dháta an Achta le n-a ndaingneofar an tOrdú so agus dá éis, sé sin:—

1. Beidh de chomhacht ag an gComhairle Cheanntair comhachtanna na nAcht um Chlásanna Talmhan, fé mar a leasuíodh iad le hAlt 8 den Acht um Shláinte Phuiblí (Éirinn), 1896, maidir le ceannach agus gabháil tailte ar aon tslí eile seachas le réiteach, no aon chomhacht díobh, do chur i bhfeidhm chun na críche roimh-ráite, i dtaobh na dtailte, an uisce agus na gceart a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

2. Chun crícheanna an Orduithe seo folóidh an focal “talamh” sna hAchtanna um Chlásanna Talmhan na tailte, an t-uisce agus na cirt a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

3. Isí an Chomhairle Cheanntair a íocfaidh na costaisí agus na caitisí fé n-a raghaidh an Chomhairle Cheanntair agus an tAire um Rialtas Áitiúil, i dtaobh an tOrdú so d'iarraidh, d'ullamhú, do dhéanamh agus do dhaingniú, agus an t-airgead a theastóidh ina chóir sin soláthróidh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath é ar an gcuma a foráltar san Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898, mar chuid de chostaisí na Comhairle Ceanntair.

4. Féadfar “An tOrdú um Oibreacha Uisce Ráth Dúin Uimh. 1, 1923” do ghairm den Acht so.

Tugtha fém Shéala Oifige an t-aonmhadh lá deag ar fhichid so de Bhealtaine sa Bhliain dAois ár dTiarna Míle Naoi gCéad a Trí Fichead.

EARNÁN DE BLAGHD,

Aire um Rialtas Áitiúil.