24 1923

Uimhir 24.


ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR), 1923.


ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT CHUN ÁITRIBH I gCÓIR BALLA DEN GHÁRDA SÍOCHÁNA DO THÓGAINT GO HEIGEANTA AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN.

[16adh Iúl, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Comhacht do sna Coimisinéirí chun áitreabh do scrúdú agus do thógaint.

1. —(1) Aon uair a ordóidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche do sna Coimisinéirí áit a sholáthar in aon chathair, baile, baile-cheanntar no tuath-cheanntar áirithe i gcóir aon mhéid áirithe ball den Ghárda Síochána—

(a) féadfidh aon duine a cheapfidh na Coimisinéirí chuige sin dul isteach in aon áitreabh sa chathair, sa bhaile, no sa cheanntar san idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig um thráthnóna agus pé scrúdú air do dhéanamh a chífar don duine sin do bheith riachtanach chun a dhéanamh amach a bhfuil an t-áitreabh san oiriúnach i gcóir an méid ball san den Ghárda Síochána roimh-ráite, agus

(b) féadfidh na Coimisinéirí fén Acht so aon áitreabh a chífar do sna Coimisinéirí a bheith oiriúnach i gcóir an méid ball san den Ghárda Síochana roimhráite do thógaint sa chathair, sa bhaile no sa cheanntar san.

(2) Aon uair a ordóidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche do sna Coimisinéirí aon áitreabh a thógaint atá á úsáid ar dháta rithte an Achta so mar áit do bhaill den Ghárda Síochána no atá ar seilbh ag na Coimisinéirí d'fhonn é do chur chun na húsáide sin, féadfidh na Coimisinéirí an t-áitreabh san do thógaint fén Acht so (agus chuige sin tuigfar gur áitreabh gan comhnaí an t-áitreabh san), agus má thógaid mar sin é tuigfar an t-áitreabh san do bheith ar seilbh ag na Coimisinéirí fén Acht so ón dáta ar ar dhin baill den Ghárda Síochána no na Coimisinéirí (pe'ca taobh aca é) seilbh a thógaint air no dul isteach ann den chéad uair.

Fógraí le seirbheáil ag na Coimisinéirí.

2. —(1) Aon uair a bheidh na Coimisinéirí ar aigne aon áitreabh i seilbh do thógaint fén Acht so seirbheálfaid ar an gcomhnathóir no ar an ngar-thiarna (más ann do) fógra míosa i scríbhinn go bhfuilid ar aigne an t-áitreabh san do thógaint amhlaidh.

(2) Aon uair a bheidh na Coimisinéirí ar aigne aon áitreabh gan comhnaí do thógaint fén Acht so seirbheálfaid ar únaer an áitribh sin fógra seachtaine go bhfuilid ar aigne an t-áitreabh san do thógaint amhlaidh.

(3) Ar chríochnú téarma an fhógra a horduítear leis na fo-ailt roimhe seo den alt so beidh teideal ag na Coimisinéirí chun seilbh ghlan an áitribh le n-a mbainfidh an fógra, agus féadfid seilbh a thógaint air agus dul isteach ann, agus más gá é beid i dteideal an seilbh sin do thógaint le héigean agus cúnamh an Ghárda Síochána do bheith acu chuige sin.

(4) Aon fhógra nách foláir a sheirbheáil ar shealbhóir do réir an ailt seo seirbheálfar an céanna air tré n-a fhágaint san áitreabh, agus aon fhógra nách foláir a sheirbheáil ar thiarna tighe no ar únaer do réir an ailt seo seirbheálfar an céanna air tré n-a chur tríd an bpost chun an tseola is déanaí is fios a bheith aige no, maran fios aon tseola den tsórt san, chun an áitribh agus fós tré chóip den bhfógra san d'fhágaint san áitreabh no, más áitreabh gan comhnaí é tré chóip den bhfógra san do ghreamú de chuid sho-fheicse den áitreabh.

(5) Marab eol do sna Coimisinéirí cad is ainm do shealbhóir, do thiarna tighe no d'únaer gur gá, do réir an ailt seo, fógra do sheirbheáil air, féadfar an fógra san do sheola go dtí “sealbhóir” no “tiarna tighe” no “únaer” (pe'ca aca é) an áitribh gan é d'ainmniú.

(6) Ní tuigfar áitreabh do bheith i seilbh do réir brí an Achta so mara mbeidh duine éigin seachas feighilteoir ina chomhnaí no ag déanamh gnótha ann.

Tearmaí ar a bhféadfaidh na Coimisinéirí áitreabh do thógaint.

3. —(1) Gach áitreabh a thógfidh na Coimisinéirí fén Acht so, tógfar é i gcóir pé téarma de bhlianta agus ar pé cíos ar a socrófar idir na Coimisinéirí agus an sealbhóir, an gar-thiarna no an t-únaer (do réir mar a bheidh), agus mara ndintar an socrú san tógfidh na Coimisinéirí é ar chíos bhliantúil a shocróidh na Coimisinéirí agus ar thionóntacht bhliantúil 'na bhféadfidh aon taobh deire do chur léi i ndeire aon bhliana den tionóntacht tré fógra trí mhí roimh ré do thabhairt i scríbhinn.

(2) Aon uair a dhéanfidh na Coimisinéirí fén Acht so aon áitreabh do thógaint agus a cuirfar aon duine (nách feighilteoir) a’ seilbh an áitribh sin no a’ seilbh aon choda dhe i dtreo go n-úsáidfí an céanna mar áit do bhaill den Ghárda Síochána beidh teideal aige chun cúitimh réasúnta mar gheall ar chur as do agus mara socruítear méid an chúitimh le réiteach socróidh na Coimisinéirí féin é; agus i gcás éinne atá in’ fheighilteoir do chur a’ seilbh mar adubhradh beidh sé dleathach don Aire um Ghnóthaí Dúithche, más dó leis go bhfuil ag baint leis an scéal nithe fé leith a dhéanfadh é do bheith ceart do é do dhéanamh, beidh sé dleathach do a údarú go n-íocfar leis an duine sin, mar chúiteamh i gcur as do, pé suim is ceart dar leis an Aire roimhráite ach an tAire Airgid do thoiliú chuige.

(3) Féadfidh na Coimisinéirí atharuithe creatlaigh agus atharuithe eile do dhéanamh ar aon áitreabh a tógfaid fén Acht so fé mar a chífar dóibh a bheith riachtanach no oiriúnach chun an t-áithreabh san do chur in oiriúint i gcóir ball den Ghárda Síochána, ach ar chríochnú a dtionóntachta san áitreabh san déanfaidh na Coimisinéirí an t-áitreabh do chur sa riocht ina raibh sé ar dtúis no, más rogha leis na Coimisinéirí é, íocfid leis an té 'na mbeidh teideal aige chun seilbh an áitribh cúiteamh a tomhasfar do réir an méid a luíoduíodh (má luíoduíodh) luach an áitribh de dheascaibh na n-atharuithe sin, cúiteamh a shocróidh na Coimisinéirí féin mara socruítear le réiteach é.

(4) Beidh ar na Coimisinéirí le linn a dtionóntachta i ngach áitreabh a thógfid fén Acht so na háitribh sin do chimeád i dtreo chó maith agus a bhí ortha nuair a thógadar iad.

An Yaimsir gur féidir comhachta fén Acht so d'fheidhmiú le n-a linn.

4. —An chomhacht chun áitribh do thógaint maraon leis na fo-chomhachta a ghabhann léi agus a bronntar ar na Coimisinéirí leis an Acht so, ní bheid infheidhmithe ach ar feadh bliana o dháta rithte an Achta so.

Athchomharc i gcoinnibh breith na gCoimisinéirí.

5. —Einne ar a ngoillfidh breith a thabharfaidh na Coimisinéirí fén Acht so ag socrú méid aon chíosa no cúitimh no téarmaí aon tionóntachta, féadfa sé athchomharc i gcoinnibh na breithe sin do dhéanamh le duine den ainmliost de mholtóirí a ceapadh fé ailt 33 agus 34 den Acht Airgid (1909-10), 1910, agus bainfid na hailt sin le gach athchomharc den tsórt san chó hiomlán is dá gciallódh an focal “Coimisinéirí” i ngach áit ina bhfuil sé sna hailt sin an ní céanna a chialluíonn sé san Acht so.

Mínithe.

6. —San Acht so—

cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Oibreacha Puiblí na hÉireann,

cialluíonn an focal “áitreabh” aon tigh no foirgneamh eile no cuid de thigh no d'fhoirgneamh agus foluíonn sé aon stábla, cró, clós no gáirdín a bhaineann leis an dtigh no leis an bhfoirgneamh san no a sealbhuítear de ghnáth leis an gcéanna,

cialluíonn an focal “únaer” an té 'na bhfuil teideal aige chun seilbh ghlan ar an áitreabh,

foluíonn an focal “Gárda Síochána” an Fórsa Póilíneachta i Saorstát Éireann ar a dtugtar an Gárda Síochána de ghnáth le linn rithe an Achta so chó maith le haon Fhórsa Póilíneachta a bunófar ina dhiaidh seo i Saorstát Éireann fén ainm sin le hAcht den Oireachtas.

Gearr Theideal.

7. —Féadfar an tAcht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 , do ghairm den Acht so.