Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

28 1923

Uimhir 28.


ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1923.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN AN PHUIBLÍOCHT AGUS PEARSA AGUS CUID NA nDAOINE DO CHOSAINT AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN NO A THIOCFIDH DE BHARR NA hÓCAIDE ATÁ ANN FÉ LÁTHAIR, [1adh Lúnasa, 1923.]

DE BHRÍ go bhfuil roinnt daoine le tamall anuas ad iarraidh Rialtas dleacht-bhunuithe Shaorstáit Éireann do threascairt le lámh láidir agus chun na críche sin gur chruthuíodar staid rebeliúntachta a cimeádadh ar siúl tré fhoghna armtha do thabhairt fé Fhórsaí Mileata Shaorstáit Éireann, tré fheallmharbhú agus gona na saoránach, tré lot foirgintí puiblí agus príobháideach, agus maoine eile, tré ghabháil agus sealbhú tailimh go neadhleathach, tré robáil armtha ar Oifigí Rialtais, ar Bhancanna agus ar fhúndúireachtaí eile agus ar dhaoine, agus tré shlite iolartha eile ina ndintar cur i gcoinnibh dlí agus mí-ordathacht phuiblí do chur ar bun:

AGUS DE BHRÍ, chun deire do chur leis an rebeliúntacht san, gur chuir an Rialtas Feidhmiúcháin de dhualgas ar Fhórsaí Cosanta Mileata Shaorstáit Éireann an phuiblíocht do dhéanamh sábhálta agus ordathacht agus riail na dlí d'athnuachaint ar fuaid na tíre agus go bhfuil ag eirghe leis na Fórsaí Mileata san an dualgas a cuireadh ortha amhlaidh do chó-líona:

AGUS DE BHRÍ gur gá go mbronnfí ar na hUdaráis Shíbhialta na comhachta san a chuirfidh ar a gcumas có-oibriú go dleathach leis na Forsaí Mileata san obair a bhaineann le hordathacht d'athnuachaint agus do chimeád agus dlí agus Rialú Síbhialta do chur in uachtar arís le có-oibriú mileata no gan é fé mar fhéadfar a dhéanamh an túisce agus leigfidh rathmhaireacht na n-oibrithe mileata agus staid gach ceanntair fé leith é:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Comhacht ag Aire Feidhmiúcháin chun daoine áirithe do ghabháil agus do choinneáil.

1. —Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin a chur fé ndeár go ngabhfar agus, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann aon duine

(a) ’na ndéanfidh an tAire sin a dheimhniú ina thaobh i scríbhinn gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so no go bhfuil no go raibh baint aige leis an gcéanna do dhéanamh, no

(b) ’na bhfuighfidh an tAire sin tuairisc ina thaobh o sna húdaráis mhileata á rá gur riachtanas mileata, de bharr staid cogaidh no rebeliúntachta armtha, áitiúil no generálta, a bheith ann, an duine sin do choinneáil, no

(c) ’na ndéanfidh an tAire sin a dheimhniú ina thaobh i scríbhinn gur deimhin leis an tsábháltacht phuiblí do bheith i gcontúirt de bharr leigint don duine sin a shaoirse do bheith aige.

Comhact ag oifigeach freagarthach chun daoine áirithe do ghabháil.

2. —(1) Beidh sé dleathach d'oifigeach freagarthach gabháil agus coinneáil i gcimeád ar feadh aon tréimhse nách sia ná seachtain do dhéanamh ar éinne a fuarthas ag déanamh no ag tabhairt fé dhéanamh aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so no ’na bhfuil amhrus ag an oifigeach san gur dhin sé aon chionta dhíobh san.

(2) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann aon duine a gabhfar fén alt so agus ’na ndéanfidh an tAire sin a dheimhniú ina thaobh i scríbhinn gur dó leis gur chontúirt don tsábháltacht phuiblí an duine sin do leigint chun siúil.

(3) Aon uair a gabhfar aon duine fén alt so déanfar ar dháta nách déanaí ná seachtain tar éis a ghabhála, mara ndéanfidh Aire Feidhmiúcháin ordú fén alt so chun é do choinneáil, déanfar é do scaoile no é do chúiseamh i gcionta no i gciontaí dhíobh san a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no in aon chionta no cointaí eile agus deighleálfar leis do réir dlí, agus chun na críche sin, más i gcimeád mileata a bheidh sé, cuirfar i gcimeád síbhialta é.

Daoine atá i gcimeád anois do choinneáil.

3. —(1) Gach duine atá i gcimeád mileata anois no atá á choinneáil mar phríosúnach no cime mileata agus nár dhin aon bhínse a bhunuigh na húdaráis mhileata é do dhaora chun téarma príosúntachta no pian-tseirbhíse roimh rith an Achta so, féadfar fén Acht so é do choinneáil i gcimeád:—

(a) ag na húdaráis mhíleata más dó leis na húdaráis sin gur riachtanas mileata, a tháinig as staid cogaidh no rebeliúntachta armtha, áitiúil no generálta, do bheith ann, é do choinneáil, no

(b) fé ordú Aire Fheidhmiúcháin más dó leis an Aire sin gur chontúirt don tsábháltacht phuiblí an duine sin do leigint chun siúil.

(2) Gach duine atá, ar dháta rithte an Achta so, ag fulang breith príosúntachta no pian-tseirbhíse a tugadh air ag bínse do bhunuigh na húdaráis mhileata, leanfa sé ag fulang na breithe sin an fhaid a bheidh téarma na breithe gan caitheamh no an bhreith féin gan cur ar neamhní, pe'ca duine fé dhlí mhileata de ghnáth é no nách ea.

Comhairli Athchomhaire do bhunú

4. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so, bunóidh Aire Feidhmiúcháin Comhairle no Comhairlí Athchomhairc agus gach ceann acu códhéanta de thriúr ball, ar a luíod, ’na mbeidh duine acu ina abhcóide dlí no ina atúrnae ag cleachta dlí agus seasamh cúig mblian ar a luíod aige.

(2) Aon duine a bheidh i gcimeád fén Acht so, pe'ca fé ordú Aire Fheidhmiúcháin no ag na húdaráis mhileata é, féadfa sé a iarraidh ar an gcuma orduithe go ndéanfidh Comhairle Athchomhairc fiosrú i gcúis a choinneála agus leis sin déanfidh an Chomhairle sin, chó tapaidh is bheidh san caothúil, fiosrú ar an gcuma orduithe ar chás an duine sin agus tabharfid tuairisc sa bhfuirm orduithe ar thora an fhiosrúcháin sin don Aire Feidhmiúcháin sin.

(3) In aon fhiosrúchán a déanfar fén alt so tabharfar don Chomhairle Athchomhairc na tuairiscí no na deimhnithe gur dá mbua atáthar ag coinneáil an duine ’na bhfuiltar ag fiosrú i dtaobh a cháis.

(4) Nuair a gheobhaidh a leithéid sin d'Aire Feidhmiúcháin tuairisc o Chomhairle Athchomhairc á rá ná fuil aon chúis réasúnta le bheith amhrusach gur dhin an duine fé ghlas ná go raibh sé ag déanamh ná go raibh baint aige le déanamh aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfa sé, laistigh de mhí chaileandair tar éis do an tuairisc d'fháil, a ordú go scaoilfar chun siúil é maran rud é—

(a) go gcuirfe sé an tuairisc thar n-ais chun na Comhairle Athchomhairc chun tuille fianaise do bhreithniú, no

(b) go gcúiseofar an duine in aon chionta le n-a ngabhann príosúntacht mar phionós.

(5) Einne a bheidh ag fulang príosúntachta no pian-tseirbhíse a cuireadh air ag bínse do bhunuigh na húdaráis mhileata, ní bheidh teideal aige chun athchomhairc chun Comhairle Athchomhairc fén Alt so.

(6) Déanfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin tré n-a bhfeidhmeoidh Comhairlí Athchomhairc na feidhmeanna a cuirtar ortha leis an alt so, agus i ngach áit ina n-úsáidtear é san alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacháin sin. Leagfar aon rialacháin den tsórt san fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta agus, má dhineann aon Tigh den Oireachtas rún do rith chun na rialacháin do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacháin ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a bheidh déanta fútha cheana féin.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí sa Sceideal.

5. —(1) Einne a gheobhfar ciontach, tar éis a dhíotála, in aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é do dhaora chun báis no chun pé téarma piantseirbhíse a chinnfidh an breitheamh.

(2) Gach duine a gheobhfar ciontach ag Cúirt údaráis achmair in aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féadfar é do dhaora chun príosúntacht d'fhulang, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma dhá mhí dhéag agus, ina theanta san, féadfar é do dhaora chun fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint is dachad d'íoc agus, mara n-íocfar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis é d'fháil ciontach, chun príosúntacht gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma sé mhí eile a cuirfar leis an dtéarma san dhá mhí dhéag agus a thosnóidh ar bheith caithte don dá mhí dhéag san.

(3) Gach éinne a gheobhfar ciontach, tar éis a dhíotála, in aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é do dhaora—

(a) chun pian-tseirbhís d'fhulang ar feadh téarma nách sia ná cúig bliana agus chun fíneáil nách mó ná céad punt agus nách lú ná deich bpúint is dachad d'íoc agus, mara n-íocfar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an daora, chun pian-tseirbhís d'fhulang ar feadh téarma bliana eile a cuirfar leis an gcéad théarma príosúntachta san agus a thosnóidh ar bheith caithte don chéad théarma san; no

(b) chun príosúntacht maraon le daor-obair d'fhulang ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain agus nách lú ná bliain agus chun fíneáil nách mó ná céad púnt agus nách lú ná deich bpúint is dachad d'íoc agus, mara n-íocfar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an daora, chun príosúntacht gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma sé mhí eile a cuirfar leis an dtéarma príosúntachta a céad-luaidhtear agus a thosnóidh ar bheith caithte don téarma san.

(4) Gach fireannach a gheobhfar ciontach, tar éis a dhíotála, i robáil fé arm do dhéanamh mar a mínítear í ag Uimh. 6 i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no i ndógha do dhéanamh mar a mínítear é ag Uimh. 7 i gCuid II. den Sceideal san, i dteanta an phionóis a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo daorfar é (maran rud é gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil nithe fé leith sa chás a luíoduíonn an cionta, no gur dó léi, mar gheall air staid sláinte no aostacht an duine sin, ná féadfí pionós cuirp do chur air gan dochar buan dá shláinte) chun é do léasa go príobháideach aon uair amháin fé réir na bhforálacha so a leanas:—

(a) i gcás duine ná fuil thar ocht mbliana déag, ní raghaidh an méid buillí sa léasa san thar fiche ceann agus isí úirlis a húsáidfar ná slat bheithe;

(b) i gcás éinne eile, ní raghaidh an méid buillí sa léasa san thar cúig cinn fhichead;

(c) i ngach cás luadhfidh an Chúirt ina breith an méid buillí a buailfar agus an úirlis a húsáidfar;

(d) ní déanfar an léasa san tar éis sé mhí a bheith caithte o tugadh an bhreith;

(e) nuair is ar éinne a daoradh chun pian-tseirbhíse a bheidh an léasa san le déanamh déanfar an léasa air sara n-aistreofar é chun daor-phríosúin chun an phian-tseirbhís a cuireadh air d'fhulang.

(5) An t-údarás a bheidh ag cúirt údaráis achmair i dtaobh aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so ní ragha sé ar lár toisc gur tugadh anuas teideal chun aon ionoighreachtaí corpartha no nea-chorpartha no chun aon tailimh no áitribh.

(6) Ní bhainfidh an talt so le haon chionta a dineadh roimh rith an Achta so.

Comhacht chun ainmhithe a fuarthas ag déanamh treaspáis do thógaint agus do dhíol.

6. —(1) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin a órdú go dtógfar aon eallach agus ainmhithe eile a gheobhfar ag déanamh treaspáis ar thalamh le haon Bhord no Roinn den Rialtas no le haon duine no cólucht príobháideach, agus go ndéanfar an t-eallach agus na hainmhithe eile sin d'aistriú go haon áit laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann agus iad do choinneáil ann.

(2) Aon uair a tógfar aon eallach no ainmhithe eile fén alt so tabharfar dá n-únaer pé fógra a ordóidh an tAire roimhráite agus féadfidh an t-únaer sin, laistigh de pé aimsir a ordóidh an tAire, an t-eallach agus na hainmhithe eile sin d'fhuascailt tré pé suim d'íoc leis an Aire a mheasfidh an tAire a bheith ina luach chothrom ar an eallach agus ar na hainmhithe sin, no pé suim fé n-a bhun san is ceart dar leis an Aire: Ach má chuireann an t-únaer sin ina luighe ar an Aire gur cinniúint fé ndeár an treaspás a dhin an t-eallach no na hainmhithe eile sin no gur i gcoinnibh toil an únaera san a dineadh é no ar aon tslí neachiontach eile, tabharfidh an tAire an t-eallach agus na hainmhithe eile sin thar n-ais don únaer sin no íocfa sé a luach cothrom leis an únaer sin.

(3) An t-eallach agus na hainmhithe eile go léir a tógfar fén alt so agus ná déanfar a bhfuascailt ná a dtabhairt thar n-ais amhlaidh díolfar iad ar pé cuma agus i pé áit, laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, a ordóidh an tAire.

(4) An t-airgead a híocfar i bhfuascailt no a gheobhfar de bharr díol aon eallaigh no ainmhithe eile a fuasclófar no a díolfar fén alt so úsáidfar é sa chéad áit chun íoctha costaisí no cuid de chostaisí an eallaigh agus na n-ainmhithe eile sin do thógaint, d'aistriú, do choinneáil agus do dhíol, agus sa dara háit chun cúiteamh no cuid de chúiteamh d'íoc le húnaer an tailimh ar a bhfuarthas an t-eallach agus na hainmhithe eile sin ag treaspás, sé sin pé cúiteamh a ordóidh an tAire a íoc as an damáiste a dhin an treaspás san, agus (má bhíonn sé ann) cáinficfar agus íocfar fuighlach an airgid sin isteach sa Stát-Chiste do réir pé orduithe a thabharfidh an tAire Airgid o am go ham.

Maoin ghuidthe do thabhairt thar n-ais.

7. —Aon uair a gheobhaidh oifigeach freagarthach aon mhaoin ghuidthe no a thiocfa sí ina sheilbh ar aon tslí eile, féadfidh an t-oifigeach freagarthach san, ar bheith deimhnitheach gur mhaoin ghuidthe dáiríribh an mhaoin sin agus ar bheith deimhnitheach i dtaobh cé leis í, féadfa sé a ordú go dtabharfar an mhaoin ghuidthe sin thar n-ais don té gur leis í bíodh nár dineadh an té do ghuid an mhaoin sin do chúiseamh, do thriail ná d'fháil ciontach: Ach má fuair an t-únaer sin cúiteamh cheana féin, fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923), i gcailliúnt na maoine guidthe sin aisíocfa sé leis an Aire Airgid no tabharfa sé thar n-ais don Aire sin, sara dtabharfar an mhaoin ghuidthe sin thar n-ais do, pé cúiteamh no suim fé n-a bhun san a thuigfidh an tAire sin a bheith ina luach cothrom ar an maoin ghuidthe sin le linn an mhaoin sin do bheith á thabhairt thar n-ais

Teoranta ar dhíol agus ar sheilbh arm teine

8. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis ní bheidh sé dleathach d'éinne aon airm theine ná amuinisean a bheith ar seilbh aige gan ceadúnas airm theine a tugadh amach do chun na críche sin do réir rialachán a bheidh déanta fén alt so.

(2) Féadfidh Aire Feidhmiúcháin le hordú rialacháin do dhéanamh chun ceadúnaisí arm teine do thabhairt amach fén alt so agus leis na rialacháin sin féadfa sé—

(a) a leaga amach cé hiad na daoine a thabharfidh ceadúnaisí arm teine amach agus cadiad na téarmaí agus na cásanna ar a ndéanfar agus ina ndéanfar iad do thabhairt amach;

(b) a ordú go gclárófar ar chlár a bunófar fé sna rialacháin sin gach éinne a dhineann, a dheisíonn, a thástálann no a dhíolann airm theine no amuinisean, no a dheighleálann ionta, i dtrádáil no i ngnó;

(c) teoranta do chur le díol arm teine agus amuinisin agus cur arm teine i ngeall do chosc;

(d) a ordú go ndéanfar gach arm teine do mharcáil le huimhir no le marc eile céannachta (maraon le hainm an déantóra, an díoltóra no an únaera) agus do chlárú;

(e) fuirm agus buaine ceadúnaisí arm teine do cheapa;

(f) teoranta no cosc ar fad do chur le déanamh, díol, ceannach no seilbh arm a ceapadh chun aon fhliuchán, gas no rud eile atá díobhálach do chaitheamh, no le déanamh, díol, ceannach no seilbh aon amuinisin ina bhfuil éinní díobhálach den tsórt san no a ceapadh no atá oiriúnach i gcóir a leithéide;

(g) comhacht do thabhairt do bhaill d'aon fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann chun a éileamh go dteasbcánfí ceadúnaisí airm theine dhóibh agus chun a leithéidí d'iniúcha;

(h) teoranta do chur le hairm teine agus amuinisean d'easportáil, d'iomportáil no d'aistriú o áit go háit eile;

(i) a údarú go dtriailfidh Cúirteanna Údaráis Achmair daoine a bhris na rialacháin agus na pionóisí a leaga amach (nách mó, in aon chás, ná príosúntacht dhá mhí dhéag maraon le daor-obair agus fíneáil £50 no príosúntacht sé mhí eile maraon le daor-obair mara n-íocfar an fhineáil) a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhfar ciontach i mbrise na rialachán.

(3) San alt so cialluíonn an focal “arm teine” aon arm teine marathach no arm d'aon tsaghas eile as a bhféadfí aon urcar, piléar no teilgeán eile do chaitheamh, no aon chuid de agus cialluíonn agus foluíonn an focal “amuinisean”—

(a) amuinisean d'aon arm teine;

(b) granádaí, bomaí agus teilgeáin eile den tsórt san, pe'ca is féidir iad d'úsáid le harm teine no nách féidir;

(c) pléascáin talmhan agus innil phléascacha eile den tsórt san;

(d) dynamite, gelignite agus substaintí pléascacha eile;

(e) éinní a théigheann chun aon earra no substaint den tsórt san roimhráite do dhéanamh suas no a cuirtar isteach ann.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon arm teine ná amuinisean le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'Fhórsaí Mileata Shaorstáit Éireann no le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsa póilíneachta a bunuíodh ag an Aire um Ghnóthaí Dúithche no fé n-a smacht, sé sin, mar chuid dá airm no dá threallamh mar bhall den tsórt san, ná ní bhainfe sé le haon arm teine ná amuinisean ar seilbh ag aon bhall den tsórt san agus é ag cólíona a dhualgais mar bhall den tsórt san, agus ní tuigfar éinní san Acht so do bheith á dhéanamh nea-dhleathach d'aon bhall den tsórt san aon arm teine no amuinisean den tsórt san roimhráite do bheith ar seilbh aige.

Pionós i gcóir daoine ’na mbeidh maoin ghuidthe acu.

9. —Gach éinne a cúiseofar i láthair Giúistís Dúithche mar gheall ar go raibh ar seilbh no ina áitreabh aige go feasach do no gur aistrigh sé ar aon tslí aon rud ’na bhféadfadh duine amhrus réasunta a bheith aige gur guideadh é no go bhfuarthas go nea-dhleathach é, agus ná tabharfidh cuntas, a sháiseoidh an Giúistís Dúithche, ar an slí ina dtáinig sé suas leis an gcéanna, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so, agus féadfar pionós nách mó ná príosúntacht dhá mhí dhéag, i dteanta no d'éamais daor-oibre, do chur air.

Maoin a sheasuíonn do mhaoin no cistí guidthe d'fháil thar n-ais.

10. —(1) Má dhineann agus aon uair a dhéanfidh Aire Feidhmiúcháin iarratas do leaga fé bhráid Giúistís Dúithche agus a rá, i dtaobh aon tailimh, súncálana no maoin eile (ar a n-áirítear airgead) ar seilbh no fé n-a chúram ag éinne, gur cheannaigh an duine sin na nithe sin le no go seasuíd ar shlí eile do no gur thánadar díreach no nea-dhíreach as—

(a) aon mhaoin no cistí guidthe; no

(b) aon chistí puiblí, no cistí ba chóir a bheith i gcimeád ag Aire no Roinn Rialtais;

ordóidh an Giúistís Dúithche, mara ndinidh an té ’na bhfuil an talamh, na súncálana no an mhaoin sin ar seilbh no fé n-a chúram aige a chur ina luighe air nách fíor an rud san adubhradh, ordóidh sé an mhaoin sin d'aistriú an méid is talamh de chun Coimisiún Talmhan na hÉireann agus an méid de is súncálana no is maoin eile chun an Aire Airgid.

(2) Ordú a dhéanfidh Giúistís Dúithche fén alt so, ag ordú talamh d'aistriú chun Coimisiún Talmhan na hÉireann, oibreoidh sé chun an talamh san do dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann o dháta an orduithe i gcóir an estáit uile agus an leasa go léir ann adubhradh a ceannuíodh leis an maoin ghuidthe sin no le haon chiste den tsórt roimhráite no a bheith ag seasamh don chéanna no tar éis teacht as.

(3) Ordú a dhéanfidh Giúistís Dúithche fén alt so, ag ordú aon tsúncálana no maoin eile d'aistriú chun an Aire Airgid oibreoidh sé chun na súncálana no an mhaoin sin do dhílsiú san Aire Airgid agus i gcás súncálana no maoine eile is gá do réir dlí a aistriú le dintiúir no le scríbhinn, oibreoidh sé mar dhintiúir no scríbhinn a críochnuíodh go cuibhe ag gach peáirtí riachtanach agus a féadfar a chlárú (más gá é do chlárú) agus le n-a n-aistrítear na súncálana no an mhaoin sin chun an Aire Airgid agus, i gcás súncálana no maoine eile nách féidir a aistriú ach le hiontrála i gclár, i bhfolio, no i leabhar, oibreoidh sé chun a údarú agus a ordú go ndéanfidh an t-oifigeach ceart, sa chlár, sa bhfolio no sa leabhar san, na hiontrála cearta chun na súncálana no an mhaoin sin d'aistriú chun an Aire Airgid.

(4) Gach talamh, súncáil agus maoin eile ’na ráineoidh dóibh go ndílseofar iad i gCoimisiún Talmhan na hÉireann no san Aire Airgid fén alt so, díolfidh an Coimisiún no an tAire sin (pe'ca aca é) iad agus íocfar sochar gach díolacháin den tsórt san leis an Aire Airgid agus nuair a bheidh gach costas agus caiteachas fé n-ar chuathas chun an talamh, na súncálana agus an mhaoin sin d'fháil thar n-ais agus do dhíol agus ná fuil aon tsocrú eile déanta ina dtaobh, nuair a bheid íoctha aige as an sochar san úsáidfe sé an sochar san chun cúiteamh do dhéanamh leis an té gurb í a mhaoin an ní, no leis an gciste gurb é féin an ní, dá seasuíonn no as a dtáinig an talamh, na súncálana no an mhaoin sin.

(5) Einne (maraon le hAire Feidhmiúcháin) ar a ngoillfidh ordú Giúistís Dúithche fén alt so, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun Breithimh Chúirte Contae i gcoinnibh an orduithe sin, agus aon ordú a dhéanfidh Breitheamh Cúirte Contae tar éis aon athchomharc den tsórt san d'éisteacht oibreoidh sé díreach mar oibreodh fén alt so ordú den tsórt céanna a dhéanfadh Giúistís Dúithche.

(6) Ar éisteacht iarratais no athchomhairc fén alt so dho, féadfidh Giúistís Dúithche no Breitheamh Cúirte Contae ordú do dhéanamh i dtaobh costaisí an iarratais no an athchomhaire sin d'íoc, pé ordú is oiriúnach leis an nGiúistís Dúithche no leis an mBreitheamh Cúirte Contae sin do dhéanamh.

(7) San alt so folóidh an focal “Breitheamh Cúirte Contae” Breacthóir.

Airgead atá i mBanc agus a sheasuíonn do mhaoin no do chistí guidthe, conus é d'fháil.

11. —(1) Má dhineann agus aon uair a dhéanfidh Aire Feidhmiúcháin a chur ina luighe ar Ghiúistís Dúithche go bhfuil cúis réasúnta le bheith amhrusach, i dtaobh aon tsuime áirithe atá ina seasamh i gcreidiúint d'aon duine i leabhair aon Bhaine no fúndúireachta den tsórt san gurb é atá inti ná, no go seasuíonn sí do, no go dtáinigh sí díreach no nea-dhíreach as—

(a) aon mhaoin no cistí guidthe; no

(b) aon chistí puiblí, no cistí ba chóir a bheith i gcimeád no fé n-a chúram ag Aire no Roinn Rialtais;

coiscfidh an Giúistís Dúithche le hordú aon aistriú do dhéanamh ar ná deighleáil in aon tslí eile leis an suim sin ná aon chuid di.

(2) Aon uair a dhéanfidh Giúistís Dúithche fén alt so ordú a choiscfidh deighleáil le haon tsuim áirithe airgid tabharfidh an tAire Airgid fógra puiblí le fógraíocht no ar shlí éigin eile i dtaobh an chosca san agus más rud é, laistigh d'aimsir a leagfar amach sa bhfógra san (agus nách giorra ná mí) no laistigh de pé aimsir sa bhreis a lomhálfidh an tAire Airgid, ná cuirfidh duine éigin ina luighe ar an Aire Airgid gur leis féin an tsuim airgid sin agus nách é rud atá inti agus ná seasuíonn sí do agus nár tháinigh sí díreach ná nea-dhíreach as—

(a) aon mhaoin ná cistí guidthe; ná

(b) aon chistí puiblí ná cistí ba chóir a bheith i gcimeád no fé n-a chúram ag Aire no Roinn Rialtais;

deimhneoidh an tAire Airgid i scríbhinn go bhfuil an tsuim airgid sin cáinficthe chun an Aire Airgid.

(3) Má dhineann éinne na nithe a luaidhtear sa bhfo-alt roimhe seo do chur ina luighe ar an Aire Airgid laistigh den aimsir no den aimsir bhreise sin a luaidhtear sa bhfo-alt sin roimhe seo, deimhneoidh an tAire Airgid i scríbhinn go bhféadfar nea-mbríochaint do dhéanamh ar an ordú a dhin an Giúistís Dúithche fén alt so i dtaobh na suime airgid sin agus nuair a taisbeánfar an deimhniú san do Ghiúistís Dúithche cuirfidh an Giúistís Dúithche sin an t-ordú san ar nea-mbrí.

(4) Aon deimhniú a thabharfidh an tAire Airgid fén alt so ag deimhniú cáinfice aon tsuime airgid oibreoidh sé chun iomlán na suime airgid sin do dhílsiú san Aire Airgid o am an deimhniú san do thaisbeáint don Bhanc no don bhfúndúireacht ’na bhfuil an tsuim airgid roimhráite ina seasamh ina chuid leabhar.

(5) An t-airgead uile a cáinficfear chun an Aire Airgid fén alt so déanfidh an tAire Airgid, nuair a bheidh na costaisí agus an caiteachas fé n-ar chuathas chun é d'fháil thar n-ais íoctha amach as, é d'úsáid chun cúiteamh do dhéanamh leis an duine o n-ar guideadh an t-airgead san díreach no nea-dhíreach, no leis an gciste le n-a mbaineann an t-airgead san díreach no nea-dhíreach.

An láthair d'aistriú i gcásanna coiriúla.

12. —(1) I gcás díotáil d'fháil i gcoinnibh éinne i gcoir a dineadh in aon áit i Saorstát Éireann no i gcás éinne do choinneáil chun é do thriail sa choir sin déanfidh an Ard-Chúirt, ar a iarraidh sin d'Ard-Aturnae Shaorstáit Éireann no thar a cheann agus ar a Dheimhniú dho go gcreideann sé gur féidir triail níos cothruime agus níos nea-chlaoine d'fháil i gcúirt agus i gcontae a hainmneofar sa Deimhniú san, ordú gan ceist go ndéanfar an triail sa chúirt agus sa chontae a hainmníodh sa Deimhniú.

(2) Aon uair a déanfar fén alt so, sara bhfuighfar an díotáil, ordú chun triail coire d'aistriú féadfidh árd-choiste den chontae a hainmneofar san ordú um aistriú fiosrú do dhéanamh sa choir agus féadfar triail na coire do dhéanamh sa chontae sin fé mar a déanfí dá mba sa chontae sin a déanfí an choir.

(3) Aon uair a déanfar fén alt so, tar éis an díotáil d'fháil, ordú chun triail coire d'aistriú féadfar an triail sin do dhéanamh fé mar a gheobhfí an díotáil sa chúirt ’nar haistríodh an triail go dtí í.

Comhacht chun rialacháin do dhéanamh i dtaobh áiteanna príosúntachta

13. —Féadfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin do dhéanamh—

(a) ag luadh na bpríosún, na gcampaí príosún agus na n-áiteanna eile ina bhféadfar daoine i gcimeád fén Acht so do choinneáil;

(b) chun na príosúin, na campaí agus na háiteanna eile sin do bhainistí, do chimeád sláintiúil, do stiúra agus do ghárdáil go héifeachtúil;

(c) chun smacht do chur i bhfeidhm agus do chimeád imeasc na ndaoine i gcoinneáil amhlaidh;

(d) chun dochtúireacht, máinliaighseacht agus banaltras do sholáthar do sna daoine i gcoinneáil amhlaidh;

(e) chun socrú i dtaobh iniúcha na bpríosún, na gcampaí agus na n-áiteanna eile sin agus fiosrú na ndaoine i gcoinneáil ionta ag daoine freagarthacha a ceapfar ag an Aire agus a fheidhmeoidh na bhfeidhmeanna roimhráite in aisce;

(f) chun aon daoine den tsórt san do chimeád gan éaló;

(g) ag ordú no ag socrú i dtaobh aon ruda no éinní a bhaineann le coinneáil na ndaoine sin fén Acht so do dhéanamh éifeachtúil.

Comhacht chun rialacha do dhéanamh agus chun fuirmeacha do leaga amach.

14. —Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacha do dhéanamh chun imeachta do stiúra a húdaruítear leis an Acht so a chur ar siúl i láthair Giúistís Dúithche, agus na fuirmeacha a húsáidfar sna himeachta san do leaga amach.

Chun comhachta na bhFórsaí Mileata do chimeád slán.

15. —Ní tuigfar éinní san Acht so do bheith ag déanamh athghairme, nea-mbríochaint ná luíodú ar, ná do bheith ag déanamh dochair do cheart Fórsaí Mileata Shaorstáit Éireann chun feidhmiú do dhéanamh ar aon cheann de sna comhachta no na húdaráis is infheidhmithe acu san de bhua riachtanas mileata d'eirghe le linn iad do bheith ag có-líona a ndualgais maidir le rebeliúntacht do chur fé chois no atá dílsithe ionta de bhua an Rialtas Feidhmiúcháin do bheith tar éis a chur de dhualgas ortha an tsábháltacht phuiblí do chosaint agus ordathacht do thabhairt thar n-ais arís ar fuaid na tíre.

Mínithe.

16. —San Acht so,

cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach” oifigeach d'Fhórsaí Mileata Shaorstáit Éireann nách ísle céim ná ceann catha, no oifigeach d'fhórsa póilíneachta a bunuíodh ag an Aire um Ghnóthaí Dúithche no fé smacht an Aire sin agus nách ísle céim ná ceannphort;

foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Giúistís Roinne do Chathair Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an focal “Aire Feidhmiúcháin” Aire atá ina bhall den Ard-Chomhairle;

san abairt “maoin ghuidthe” foluíonn an focal “guidthe” rud do bheith tógtha le guid, le feall, le sárú iontaoibhe, le robáil, le brise isteach i dtigh san oíche no le brise isteach i dtigh sa ló, agus foluíonn an focal “maoin” airgead, airgead páipéir, urrúsanna airgid, nótaí bainc no rialtais, instruimí ionmhalartuithe agus stampaí;

cialluíonn an focal “údaráis mhileata” Comhairle Airm an Airm Náisiúnta a bheidh ann de thurus na huaire, no Oifigeach Generálta os cionn ceanntair no aon oifigeach eile nách ísle céim ná ceann catha agus ceannas feidhmiúcháin aige ar thrúpaí.

Gearr-theideal agus buaine

17. —(1) Féadfar an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann sé mhí tar éis a rithte, agus ragha sé in éag ansan.