An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cleachtanna Cuirpthe.) Ar Aghaidh (CUID III. Chun Pearsanail do Chosc.)

38 1923

ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

CUID II.

Cleachtanna Nea-dhleathacha.

Fostú an iomad daoine no íocaíocht ró-mhór do bheith ina chleacht neadhleathach.

8. —(1) Ach amháin mar a ceadófar do réir an Achta so, ní fostófar éinne ag iarrthóir i dtoghachán, ná tré n-a ghníomhaire, in aon ghnó a bhaineas le stiúra no bainistí an toghacháin sin, thar an uimhir mhaximum de dhaoine a húdaruítear leis an Acht so a fhostú sa ghnó san.

(2) Ach amháin mar a ceadófar do réir an Achta so, ní híocfar aon tsuim ag iarrthóir i dtoghachán, ná tré n-a ghníomhaire, chun aon chríche a bhaineann le stiúra no bainistí an toghacháin sin, thar an méid maximum a húdaruítear leis an Acht so a íoc chun na críche sin.

(3) Aon iarrthóir no gníomhaire toghacháin a ghníomhóidh, go feasach do féin, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

Ní dleathach do dhaoine coiscthe votáil.

9. —(1) Einne a vótálfidh no a mheallfidh éinne chun vótáil i dtoghachán no a chuirfidh ina luighe air é do dhéanamh agus a fhios aige go bhfuil coiscthe air no ar an duine sin, pe'ca leis an Acht so é no le haon Acht eile, vótáil sa toghachán san, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Ach ní bheidh iarrthóir freagharthach ná ní cuirfar a thogha ar nea-mbrí mar gheall ar aon chleacht nea-dhleathach fén Acht so a dhéanfidh a ghníomhaire marab é a ghníomhaire toghacháin an gníomhaire sin.

Cleacht neadhleathach isea duine do vótáil gan teideal no duine do vótáil níos mó ná uair amháin.

10. —(1) Gach éinne a vótálfidh i dtoghachán agus gan ar a chumas vótáil sa toghachán san, mar a faisnítear leis an Acht so no fé, no le haon Acht eile no fé, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Gach éinne a vótálfidh níos mó ná aon uair amháin i dtoghachán (pe'ca i ndáilcheanntar amháin é no i roinnt dáilcheanntar) beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach in ainneoin a ainm do bheith ar chlár na dtoghthóirí.

(3) An Chúirt gur ina láthair a gheobhfar duine ciontach fén alt so i dtaobh vótáil níos mó ná aon uair amháin i dtoghachán, féadfa sí, más deimhin léi nár cuireadh chun an duine sin an dara ceist a horduítear le fo-alt (1) d'alt 29 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), ar an dara hócáid no ar aon ócáid ina dhiaidh sin ar ar vótáil sé amhlaidh, féadfa sí aon mhí-chumas, a cuirfí ar an duine sin leis an Acht so mar gheall ar é d'fháil ciontach, do luíodú no do chur ar neamh-ní ar fad más dó léi gur ceart san do dhéanamh mar gheall ar na nithe speisialta a bhaineann leis an gcás.

E do bheith ina chleacht nea-dhleathach ráitisí bréagacha áirithe do dhéanamh i dtaobh iarrthóra.

11. —(1) Gach éinne a dhéanfidh no a fhoillseoidh, roimh aon toghachán no le n-a linn, d'fhonn go mbainfadh sé le togha aon iarrthóra sa toghachán san, aon ráiteas bréagach i dtaobh cáil no iompar an iarrthóra san, agus stiúrthóirí aon chóluchta no cumainn chorparálta a dhéanfidh no a fhoillseoidh aon ráiteas bréagach den tsórt san roimhráite roimh aon toghachán, no le n-a linn, agus chun na críche roimhráite, beid ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Ní bheidh éinne ciontach i gcleacht nea-dhleathach fén alt so má thaisbeánann sé go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint gur bhfíor, agus gur chreid sé gur bhfíor, an ráiteas a dhin no d'fhoillsigh sé.

(3) Ní bheidh iarrthóir freagarthach ná ní cuirfar a thogha ar nea-mbrí mar gheall ar aon chleacht nea-dhleathach fén alt so a dhin a ghníomhaire, ach nách é a ghníomhaire tóghacháin é, mara dtaisbeántar gur údaruigh no gur aontuigh an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin an gníomhaire eile sin do dhéanamh an chleachta nea-dhleathaigh sin, no gur íoc an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin as an ráiteas bréagach do chur timpeall, sé sin, an ráiteas gurb é an cleacht nea-dhleathach é, no mara dtuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruithuíodh gur cuireadh in áirithe go dtoghfí an t-iarrthóir sin de bharr, no gur mhór an chabhair chun é do thogha, an ráiteas bréagach san do dhéanamh no d'fhoillsiú.

(4) Einne 'na gcuirfar cionta ina leith fén alt so, agus fear no bean an duine sin, fé mar a bheidh, féadfid fianaise do thabhairt mar fhreagra ar an gcur-i-leith sin.

(5) Einne a dhéanfidh no a fhoillseoidh aon ráiteas bréagach den tsórt a luaidhtear san alt so féadfar é do chosc, le cosc, ar an ráiteas bréagach san no ar aon ráiteas bréagach den tsamhail chéanna do dhéanamh arís i dtaobh an iarrthóra san, agus chun cosc interim do dheona is leor cruthúnas prima facie ar bhreagaí an ráitis.

Iompar mí-rialta i dtionól do bheith ina chleacht nea-dhleathach.

12. —(1) Gach éinne a ghníomhóidh ar chuma mhírialta, i dtionól le n-a mbaineann an t-alt so, chun an gnó ar ar gairmeadh an tionól do chimeád gan déanamh, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(2) Gach éinne a ghríosfidh daoine eile chun rud atá ina chionta fén alt so do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(3) Baineann an t-alt so le gach tionól polaiticeach puiblí dleathach a comórfar i ndáilcheanntar—

(a) idir an dáta ar a dtabharfar amach rit chun ball no baill de Dháil Éireann do thogha don dáilcheanntar san agus an lá tar éis an lá ar a gcomórfar an toghachán san; no

(b) idir dháta furógra a cheapfidh an lá chun Scanad-toghachán do chomóra agus an lá tar éis an lá ar a gcomórfar an toghachán san; no

(c) idir dháta furógra a cheapfidh an lá chun Referendum do thógaint agus an lá tar éis an lá ar a dtógfar an Referendum san.

Ainm agus seola an chlódóra do bheith ar gach placárd, etc.

13. —Beidh ar an aghaidh ar gach bille, placárd no postaeir a bhaineann le toghachán ainm agus seola a chlódóra agus a fhoillseora; agus éinne a chlóbhuailfidh, a fhoillseoidh no a phostálfidh no a chuirfidh fé ndeár go gclóbhuailfar, go bhfoillseofar no go bpostálfar aon bhille, placárd, no postaeir den tsórt san roimhráite agus gan ainm agus seola an chlódóra agus an fhoillseora ar an aghaidh air, beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach más iarrthóir é no gníomhaire toghacháin d'iarrthóir agus marab iarrthóir é ná gníomhaire toghacháin d'iarrthóir féadfar fíneáil nách mó ná céad púnt do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair.

Costaisí fé n-a raghaidh daoine gan údarás.

14. —(1) Ní dhéanfidh éinne seachas gníomhaire toghacháin d'iarrthóir dul fé chostaisí mar gheall ar thionóil phuiblí do chomóra ná mar gheall ar fhógraí, ciorcaláin no foillseacháin do chur amach chun togha aon iarrthóra i dtoghachán do chur ar aghaidh no do chur in áirithe mara mbeidh údarás i scríbhinn aige ón ngníomhaire toghacháin sin chun é do dhéanamh.

(2) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(3) Aon chostas fé n-a raghfar mar gheall ar aon ghnó den tsórt san roimhráite agus a húdaruíodh ag gníomhaire toghacháin an iarrthóra tabharfar cuntas air go cuibhe mar chuid de chostaisí toghacháin an iarrthóra.

An pionós a ghabhann le ciontacht i gcleacht nea-dhleathach.

15. —Gach éinne a bheidh ciontach i gcleacht nea-dhleathach, pe'ca fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo é no fé aon cheann de sna forálacha atá ina dhiaidh seo san Acht so, féadfar fíneáil nách mó ná céad púnt do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair, agus ní féadfar é do chlárú mar Dháil-toghthóir, mar Sheanad-toghthóir ná mar toghthóir Rialtais Áitiúla ná ní fhéadfa sé vótáil in aon Dáil-toghachán, Seanad-toghachán ná toghachán Rialtais Áitiúla ná i Referendum go ceann tréimhse cúig mblian ón dáta ar a bhfuighfar ciontach é.

Beidh fé mhícháilíocht aon iarrthóir a bheidh ciontach i gcleacht neadhleathach.

16. —(1) Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruthuíodh gur dineadh cleacht nea-dhleathach i dtaobh toghacháin i gcóir aon Tighe den Oireachtas ag no i bhfios d'aon iarrthóir sa toghachán san no le n-a thoil, ní féadfar an t-iarrthóir sin do thogha chun an Oireachtais ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall den Oireachtas go ceann tréimhse seacht mblian o dháta na tuairisce agus má toghadh é chun aon Tighe den Oireachtas beidh a thogha gan brí agus beidh sé, leis, fé sna mí-chumais chéanna fé n-a mbeadh sé dá bhfuighfí ciontach i gcleacht neadhleathach é ar dháta na tuairisce.

(2) Aon uair a thuairisceoidh cúirt toghacháin gur cruthuíodh go raibh aon ghníomhaire d'iarrthóir, i dtoghachán chun aon Tighe den Oireachtas, tar éis cleacht nea-dhleathach do dhéanamh i dtaobh an toghacháin sin ní féadfar an t-iarrthóir sin do thogha chun Dáil Éireann, ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall de Dháil Éireann, an fhaid a leanfidh an tOireachtas san agus ní féadfar é do thogha chun Seanaid Éireann, ná ní fhéadfa sé bheith ina bhall de Sheanad Éireann, roimh na céad-thoghacháin trí-bhliantúla eile chun an tSeanaid agus má toghadh é beidh a thogha gan brí.

Beidh caithteachas áirithe ina íocaíocht neadhleathach.

17. —Gach éinne a sholáthroidh airgead go feasach i gcóir aon íocaíochta atá contrárdha d'fhorálacha an Achta so, no i gcóir aon chostaisí fé n-ar chuathas sa bhreis ar aon mhéid maximum a ceaduítear leis an Acht so, no chun é do chur in ionad aon airgid a caitheadh mar íocaíocht no costaisí den tsórt san, beidh sé ciontach in íocaíocht nea-dhleathach mara gceaduítear do réir an Achta so an íocaíocht san do bheith ina heisceacht.

Beidh fostú áirithe neadhleathach.

18. —(1) Chun togha iarrthóra do chur ar aghaidh no do chur in áirithe in aon toghachán, ní déanfar éinne do thógaint in aimsir ná d'fhostú ar íocaíocht ná ar gheallúint íocaíochta chun aon chríche ná in aon ghnó de shaghas ar bith, ach amháin chun aon chrícheanna no gnóthaí a luaidhtear sa chéad chuid no sa dara cuid den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no chó fada agus údaruítear íocaíocht leis an gcéad chuid no leis an dara cuid den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Ach amháin mar a ceaduítear do réir an Achta so, má dintar éinne do thógaint in aimsir no d'fhostú contrárdha don alt so, pe'ca roimh thoghachán é no le n-a linn no ina dhiaidh, beidh an té a dhéanfidh é do thógaint in aimsir no d'fhostú ciontach i bhfostú nea-dhleathach, agus an té a tógadh in aimsir no a fostuíodh amhlaidh beidh sé sin leis ciontach i bhfostú nea-dhleathach má b'eol do gur contrárdha don dlí a tógadh in aimsir no a fostuíodh é.

Ní husáidfear áitribh áirithe mar sheomra coiste.

19. —(1) Ní húsáidfar aon áitreabh le n-a mbaineann an t-alt so ná aon chuid den áitreabh san mar sheomra coiste chun togha iarrthóra do chur ar aghaidh no do chur in áirithe in aon toghachán.

(2) Gach éinne a thógfidh ar cíos no a úsáidfidh aon áitreabh le n-a mbaineann an t-alt so no aon chuid d'aon áitreabh den tsórt san mar sheomra coiste den tsórt san roimhráite, beidh sé ciontach i gcíosú nea-dhleathach agus an té a chuirfidh ar cíos an t-áitreabh san no cuid de beidh sé ciontach i gcíosú neadhleathach má b'eol do go rabhthas chun an céanna d'úsáid mar sheomra coiste den tsórt san.

(3) Baineann an t-alt so leis na háithribh seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) aon áitreabh ina bhfuil sé údaruithe le ceadúnas aon deocha meisciúla do dhíol ina mórchoda no ina mionchoda (pe'ca ceadúnas chun ól san áitreabh an ceadúnas san no ceadúnas chun ól lasmuich den áitreabh); no

(b) aon áitreabh ina ndíoltar no ina soláthruítear aon deocha meisciúla do bhaill de chlub, no de chumann nách buan-chlub polaitíochta; no

(c) aon áitreabh ina ndintar aon tsaghas cothú, pe'ca bia no deoch é, do dhíol de ghnáth chun é do chaitheamh san áitreabh; no

(d) áitreabh aon bhun-scoile puiblí a gheibheann deontas páirliminteach bliantúil, no aon chuid d'aon áitreabh den tsórt san.

(4) Ní bhaineann an t-alt so le haon chuid d'aon áitreabh den tsórt san roimhráite a cuirtar ar cíos de ghnáth mar sheomraí gnótha no mar oifigí no chun tionóil phuiblí do chomóra no eadarascáin do dhéanamh ionta, má tá bealach fé leith isteach sa chuid sin agus gan aon bhealach díreach idir é agus aon chuid den áitreabh ina ndíoltar no ina soláthruítear aon deocha meisciúla no cothú mar adubhradh.

Píonós mar gheall ar íoc, fostú, no cíosú neadhleathach.

20. —(1) Ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar fineáil nách mó ná céad púnt do chur ar dhuine a bheidh ciontach i gcionta íoc, fostú, no cíosú do dhéanamh go nea-dhleathach.

(2) Aon iarrthóir no gníomhaire toghacháin d'iarrthóir a bheidh ciontach go pearsanta i gcionta íoc, fostú, no cíosú do dhéanamh go nea-dhleathach, beidh sé ciontach i gcleacht neadhleathach.

Cosaint d'éilitheoirí fiacha.

21. —Na forálacha san den Acht so a choisceann íocaíochtaí agus connartha íocaíochta áirithe, agus íoc aon tsuime, agus dul fé aon chostas thar maximum áirithe, ní dhéanfid difir do cheart aon éilitheora fiacha a bhí, nuair a dineadh an connra no a chuathas fén gcostas, in ainbhfios ar an gcéanna do bheith contrárdha don Acht so.