An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cleachtanna Nea-dhleathacha.) Ar Aghaidh (CUID IV. Leathscealacha agus Eisceachtai Maidir le Cleachtanna Cuirpthe, etc.)

38 1923

ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

CUID III.

Chun Pearsanail do Chosc.

Féadfidh iarrthóir Dála gníomhairí pearsanála do cheapa.

22. —(1) Féadfidh gach iarrthóir i nDáil-toghachán in aon dáilcheanntar no gníomhaire an iarrthóra san éinne amháin do cheapa (dá ngairmtear gníomhaire pearsanála san Acht so) chun bheith i láthair, thar ceann an iarrthóra san, i ngach stáisiún vótaíochta i ngach áit vótaíochta sa dáilcheanntar chun cabhrú chun daoine do bhrath a bheidh ag déanamh cionta na pearsanála no ad iarraidh é do dhéanamh.

(2) Dhá uair déag a chluig ar a luíod roimh thosach na vótaíochta soláthróidh gach iarrthóir no a ghníomhaire don cheann comhrimh, i scríbhinn, ainmneacha na ngníomhairí pearsanála go léir a bheidh ceaptha fén alt so aige no thar a cheann maraon le hainm an stáisiúin vótaíochta a leagadh amach do gach gníomhaire pearsanála fé leith.

(3) Gach gníomhaire pearsanála a ceapfar go cuibhe fén alt so agus 'na dtabharfar fógra go cuibhe mar adubhradh i dtaobh a cheapa beidh teideal aige chun bheith sa stáisiún vótaíochta a leagadh amach do ar feadh aimsir iomlán na vótaíochta agus ar feadh leathuair a chluig roimhe sin agus ar feadh leathuair a chluig ina dhiaidh sin.

(4) An fhaid a bheidh an vótaíocht ar oscailt ní dhéanfidh aon ghníomhaire pearsanála an stáisiún vótaíochta a leagadh amach do d'fhágaint gan cead d'fháil ón oifigeach ceannais roimh ré ná gan gach clár, leabhar agus scríbhinn, in ar dhin sé aon nóta, scríobhadh no marc le linn na vótaíochta d'fhágaint ag an oifigeach ceannais agus tabharfar na cláir, na leabhair agus na scríbhinní sin thar n-ais do ar fhille chun an stáisiúin vótaíochta dho.

(5) Aon ghníomhaire pearsanála a fhágfidh stáisiún vótaíochta contrárdha don bhfo-alt sin roimhe seo, ní leigfar do fille chun an stáisiúin vótaíochta san go dtí go mbeidh deire leis an vótaíocht, agus, i dteanta aon phionóis eile, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar pionós do chur air nách mó ná trí mhí príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre.

Cara agus Eascara i referendum do cheapa.

23. —(1) Aon uair a iarrfar referendum fé Airtiogal 47 den Bhunreacht—

(a) féadfidh Dáil Éireann duine do cheapa chun bheith ina Chara don Bhille; agus

(b) más le Rún a rithfidh Seanad Éireann a hiarrfar an referendum féadfidh Seanad Éireann duine do cheapa chun bheith ina Eascara don Bhille; agus

(c) más le hAchuinge a hiarrfar an referendum, féadfidh na baill de Dháil Éireann no na baill de Sheanad Éireann 'nar cuireadh an Bille ar fionnraoi ar a n-iarratas do réir Airtiogail 47 den Bhunreacht duine do cheapa chun bheith ina Eascara don Bhille.

(2) Beidh ag gach duine den bheirt, an Cara agus an Eascara, chun gníomhaire do cheapa i ngach dáilcheanntar i Saorstát Éireann, an chomhacht chéanna a bronntar leis an Acht so no leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , ar iarrthóir i nDáil-toghachán sa dáilcheanntar san, agus gach foráil den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , a bhaineann le hiarrthóir i nDáil-toghachán do cheapa gníomhaire, bainfe sí le Cara no Eascara do cheapa gníomhairí.

(3) Gach gníomhaire a cheapfidh Cara no Eascara beidh aige, laistigh den dáilcheanntar dá gceapfar é mar ghníomhaire, na comhachta céanna, chun fo-ghníomhairí, gníomhairí pearsanála agus daoine do cheapa chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna, agus a bronntar chuige sin leis an Acht so no leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 , ar iarrthóir no ar ghníomhaire iarrthóra i nDáil-toghachán sa dáilcheanntar san, agus gach foráil den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , a bhaineann le haon iarrthóir den tsórt san no a ghníomhaire do cheapa a leithéidí sin de ghníomhairí, de ghníomhairí pearsanála agus de dhaoine eile, agus na cirt, comhachtanna agus dualgaisí a bhaineann leis na daoine sin ar bheith ceaptha dhóibh amhlaidh, bainfid siad le n-a leithéidí sin de dhaoine ar bheith ceaptha dhóibh ag gníomhaire Carad no Eascarad.

(4) San alt so cialluíonn an focal “Bille” an Bille 'na dtógfar referendum mar gheall air.

Gníomhairí pearsanála i Seanad-toghacháin.

24. —(1) I Seanad-toghachán, socróidh ceann comhrimh gach dáilcheanntair cá mhéid duine (nách lú ná seisear) a fhéadfidh bheith i láthair thar ceann na n-iarrthóirí le linn comhreamh na vótanna sa dáilcheanntar sa mhéid gurb é an ceann comhrimh sin a dhéanfidh an comhreamh san.

(2) Féadfidh gach iarrthóir i Seanad-toghachán no aon ghrúpa de sna hiarrthóirí sin duine do cheapa chun bheith i láthair thar a cheann no thar a gceann le linn comhreamh na vótanna i ngach dáilcheanntar.

(3) Nuair is mó an méid daoine a ceapfar fén alt so, chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna, ná an méid a bheidh socair ag an gceann comhreamh i gcóir an chomhrimh sin, leigfidh an ceann comhrimh isteach i láthair an chomhrimh sin—

(a) gach éinne (má bhíonn éinne) a cheapfidh grúpa d'iarrthóirí nách lú a n-uimhir ná uimhir na n-iarrthóirí gur mian leo daoine do cheapa i gcóir an chomhrimh sin, ach an uimhir sin do roinnt le huimhir na ndaoine ar ar shocruigh an ceann comhrimh i gcóir an chomhrimh sin; agus

(b) daoine a roghfar le crannchur as na daoine eile a ceapfar fén alt so, oiread agus is leor chun an uimhir sin do dhéanamh suas a bheidh socair ag an gceann comhrimh i gcóir an chomhrimh sin.

(4) Gach achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh iarrthóir no gníomhaire iarrthóra i nDáil-toghachán do cheapa daoine chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna thar ceann an iarrthóra san bainfid, sa mhéid ná beidh na hachtacháin sin bunoscionn leis an alt so, le hiarrthóirí i Seanad-toghachán do cheapa a leithéidí sin de dhaoine fén alt so.

Lucht pearsanála do ghabháil.

25. —(1) Le linn d'aon duine bheith ag tairsgint a vóta i dtoghachán no aon uair tar éis do vótáil agus roimh fhágaint na háite vótaíochta dho, má dhineann aon ghníomhaire pearsanála a bheidh i láthair go dleathach san áit vótaíochta san, a fhaisnéis don cheann comhrimh no d'oifigeach ceannais go gcreidean sé go fírinneach agus go dtógfa sé air féin a chruthú go bhfuil an duine sin ag déanamh cionta na pearsanála no go bhfuil sé tar éis é do dhéanamh, ordóidh an ceann comhrimh no an t-oifigeach ceannais sin do chonstábla póilíneachta an duine sin do ghabháil mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh.

(2) Má bhíonn cúis réasúnta ag an gceann comhrimh no ag aon oifigeach ceannais chun a chreidiúint go bhfuil cionta na pearsanála á dhéanamh no déanta ag aon duine a iarrfidh no d'iarr páipeur ballóide, féadfidh an ceann comhrimh no an t-oifigeach ceannais sin, sara bhfághfidh an duine sin an áit vótaíochta, a ordú do chonstábla póilíneachta an duine sin do ghabháil mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh.

(3) Déanfidh aon chonstábla póilíneachta, gan aon bharántas, gach duine a ordóidh an ceann comhrimh no oifigeach ceannais do a ghabháil, mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh, a ghabháil ar an gcúis sin.

(4) Féadfidh aon chonstábla póilíneachta gabháil do dhéanamh, gan aon bharántas, ar éinne a gheobhaidh an constábla póilí neachta san ag déanamh cionta na pearsanála no a chreidfidh an constábla póilíneachta san a bheith tar éis an cionta san do dhéanamh.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis a ghabhála déanfar gach éinne a gabhfar fén alt so do thabhairt i láthair Giúistís Dúithche agus deighleálfar leis do réir na dlí agus féadfar é do choinneáil i gcimeád go dtí go bhféadfar é do thabhairt i láthair Giúistís Dúithche ar an gcuma san.

(6) Aon ghabháil a húdaruítear leis an alt so, féadfar í do dhéanamh in aon áit, pe'ca laistigh no lasmuich d'áit vótaíochta é.

Pionós mar gheall ar chúis bhréagach pearsanála do thabhairt i gcoinnibh duine.

26. —(1) Aon uair a gabhfar aon duine fén Acht so de dheascaibh gníomhaire pearsanála á chur i leith an duine sin gur dhin sé cionta na pearsanála, agus ná tiocfidh an gníomhaire pearsanála i láthair an Ghiúistís Dúithche agus an gearán do chur ar aghaidh no go bhfuighidh an Giúistís Dúithche an duine sin nea-chiontach sa chionta do dhéanamh agus go bhfuighe sé gur dhin an gníomhaire pearsanála an gearán gan chúis réasúnta ná dóthanach, féadfidh an Giúistís, ar a iarraidh sin don té a gearánadh amhlaidh ach ní dá éamuis sin, a ordú don ghníomhaire pearsanála pé suim d'íoc leis an duine sin is ceart d'íoc mar éiric, dar leis an nGiúistís Dúithche, ach gan í do dhul thar £20, agus nuair a híocfar an tsuim sin go cuibhe déanfidh an té do gearánadh amhlaidh í do ghlaca mar shásamh iomlán i ngach éileamh uaidh mar gheall ar an ngearán san agus mar gheall ar a ghabháil agus a choinneáil ar an ngearán san.

(2) Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile, síbhialta ná coiriúil, i gcoinnibh aon chinn chomhrimh ná oifigigh cheannais mar gheall ar ghabháil a dineadh ar éinne le n'ordú gan mailís mar gheall ar chionta na pearsanála do dhéanamh.