An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Toghthoiri fe Mhi-chailiocht.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL.)

38 1923

ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

CUID VIII.

Ilghneitheach.

An tArd-Atúrnae do dhéanamh fiosrúchán i gcleachtanna cuirpthe no nea-dhleathacha adéarfar bhí ar siúl.

44. —Má tugtar eolas d'Ard-Atúrnae Shaorstáit Éireann go raibh aon chleachtanna cuirpthe no nea-dhleathacha ar siúl i dtaobh aon toghacháin beidh sé de dhualgas ar an Ard-Atúrnae pé fiosrúchán do dhéanamh agus pé imeachta do bhunú a chífar do is gá sa chás.

Deire do chur le mí-chumas má cruthuítear gur le mionn bréagach a cuireadh ar éinne é.

45. —I gcás aon duine do theacht fé aon mhí-chumas tré n-a dhaora no tré thuairisc cúirte toghacháin, agus i gcás aon fhínné a thug fianaise i gcoinnibh an duine sin fé mhí-chumas le linn na himeachta i gcóir an daora no na tuairisce sin d'fháil ciontach i mionn bréagach sa bhfianaisé sin, féadfidh an duine fé mhíchumas a iarraidh ar an Ard-Chúirt agus más deimhin leis an gCúirt sin gur ar mhionn bhréagach a bhí an daora no an tuairisc bunuithe sa mhéid gur bhaineadar leis an duine sin, féadfa sí a ordú go mbeidh deire leis an mí-chumas san as san amach agus beidh deire leis an gcéanna dá réir.

Pionós mar gheall ar dhíobháil do dhéanamh do bhoscaí ballóide no do pháipéirí ballóide.

46. —(1) Einne a dhéanfidh aon chionta dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) bosca ballóide do thógaint gan údarás dleathach as cimeád cinn chomhrimh no oifigigh cheannais no éinne 'nar chuir ceann comhrimh an bosca ballóide sin go dleathach fé n-a chúram no ina chimeád; no

(b) aon bhosca ballóide do scrios, do mhille no do lot go mailíseach; no

(c) aon pháipeur ballóide do scrios, do straca no d'agha-lot go mailíseach; no

(d) samhail bhréagach den mharc oifigiúil do dhéanamh; no

(e) aon úirlis chun an marc oifigiúil do stampáil ar pháipéirí ballóide do thógaint chun siúil, do scrios no do lot. no aon aithris ar aon úirlis den tsórt san no aon tsamhail bhréaghach di do dhéanamh no do bheith ar seilbh aige;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná bliain, no ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil féadfar príosúntacht do chuir air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná dhá bhliain, no pian-tseirbhís ar feadh aon tréimhse nách giorra ná trí bliana agus nách sia ná cúig bliana.

(2) Gach éinne a dhéanfidh—

(a) aon pháipeur ainmniúcháin do chlaon-sighniú no d'aghalot go calaoiseach no do scrios go calaoiseach, no aon pháipeur ainmniúcháin do sheachada don cheann comhrimh agus a fhios aige go bhfuil sé claon-sighnithe; no

(b) aon pháipeur ballóide no an mharc oifigiúil ar aon pháipeur ballóide do chlaon-chuma; no

(c) gan údarás cuibhe aon pháipeur ballóide do thabhairt d'éinne; no

(d) aon pháipeur do chur isteach in aon bhosca ballóide go calaoiseach seachas an páipeur ballóide 'na bhfuil údarás dlí aige chun é do chur isteach; no

(e) aon pháipeur ballóide do thógaint amach as an stáisiún vótaíochta go calaoiseach; no

(f) gan údarás cuibhe aon bhosca ballóide d'oscailt no baint leis in aon tslí eile;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná bliain no, ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil, féadfar príosúntacht do chur air, i dteanta no d'éamais daoroibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná dhá bhliain, no piantseirbhís ar feadh aon tréimhse nách giorra ná trí bliana agus nách sia ná cúig bliana.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí áirithe i dtaobh clárathacthta.

47. —(1) Gach éinne a dhéanfidh faisnéis bhréagach i gcóir éilimh fé Rialacha 9 agus 10 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , chun clárú do dhéanamh mar Dháil-toghthóir, mar Sheanad-toghthóir no mar thoghthóir Rialtais Áitiúla, pe'ca dho féin no do dhuine éigin eile a bheidh an duine sin ag déanamh an éilimh sin, agus pe'ca ráiteas bréagach no fágaint ruda tháchtaigh ar lár a dhéanfidh faisnéis bréagach di, féadfar fíneáil nách lú ná £5 agus nách mó ná £20 do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair ar a phróiseacht don cheann chomhrimh.

(2) Gach éinne a dhéanfidh d'aon ghnó díthiú, mí-chuma, scrios amach no aistriú ar aon fhógra, liost, cóip de chlár no scríbhinn eile a dhin oifigeach clárathachta a chur ar fáil i gcóir iniúchta no do phostáil suas no d'fhoillsiú ar aon tslí eile do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , féadfar fíneáil nách lú ná deich scillinge agus nách mó ná dachad scilling do chur air ar a fháil ciontach ar a phróiseacht don oifigeach clárathachta no do chonstábla póilíneachta.

Iarrthóir i Seanad-toghachán ag teacht fé mhí-cháilíocht le an toghacháin.

48. —(1) Má thagann aon iarrthóir i Seanad-toghachán fé mhí-cháilíocht ná leigfidh é do thogha chun Seanaid Éireann aon uair tar éis an ainm-liost d'iarrthóirí i gcóir an toghacháin sin do bheith curtha le chéile agus sara dtosnóidh an Ceann Comhrimh Seanadach ar na vótanna do caitheadh sa toghachán san do chomhreamh, nuair a befar ag comhreamh na vótanna a caitheadh sa toghachán san geobhfar thar na roghna do breacadh don iarrthóir sin.

(2) Má thagann aon iarrthóir i Seanad-toghachán fé mhícháilíocht ná leigfidh é do thogha chun Seanaid Éireann aon uair tar éis don Cheann Chomhrimh Seanadach tosnú ar chomhreamh na vótanna a caitheadh sa toghachán san agus sara mbeidh an comhreamh san críochnuithe aige, tabharfar aire chuibhe do sna roghna do breacadh don iarrthóir sin agus tar éis an chomhrimh sin má fachtar an t-iarrthóir sin a bheith tofa, áireofar aon iarrthóir amháin a bheith tofa sa bhreis ar an méid folúntaisí a bheidh le líona.

Na coiníollacha ar a bhféadfidh fostathóir cead do thabhairt dá bhfostaithe a gcuid oibre d'fhágaint chun dul ag vótáil

49. —Ni bheidh sé nea-dhleathach d'fhostathóir de dheascaibh éinní san Acht so leigint do thoghthóirí i bhfostaíocht aige an fhostaíocht san d'fhágaint ar feadh tamaill réasúnta chun vótáil i dtoghachán, gan éinní do bhaint as a dtuarastail no as a bpágh mar gheall ar bheith as láthair mar sin, má tugtar an cead san, sa mhéid gur féidir é do thabhairt gan dochar do ghnó an fhostathóra san, do gach éinne, mar a chéile, a bheidh ar fostú aige an uair sin, agus mara dtugtar an cead san d'fhonn éinne do mhealla chun a vóta do bhreaca d'aon iarrthóir áirithe sa toghachán san, agus mara n-eitítear é ar aon duine d'fhonn an duine sin do chimeád gan a vóta do bhreaca d'aon iarrthóir áirithe sa toghachán san.

Teideal ag Dáiliarrthóirí chun postais áirithe in aisce

50. —(1) Fé réir rialachán a dhéanfidh Aire an Phuist o am go ham, beidh teideal ag gach toghthóir i nDáil-toghachán chun aon chomaoineadóireacht phuist amháin do chur ag triall ar gach duine ar chlár toghthóirí an dáilcheanntair gan aon phostas d'íoc, ach gan baint a bheith aici ach leis an toghachán amháin agus gan í do bheith thar dhá únsa meáchainte.

(2) Ní bheidh teideal ag iarrthóir an ceart chun postais in aisce a bronntar leis an alt so do chur i bhfeidhm sara mbeidh sé ainmnithe go cuibhe mara mbeidh tabhartha aige pé urraiocht a éileoidh Aire an Phuist go ndéanfa sé, mara n-ainmnítear é, an postas d'íoc ar gach comaoineadóireacht a chuirfe sé chun siúil fén alt so.

(3) Chun crícheanna an ailt seo áireofar mar aon iarrthóir amháin iarrthóirí a tuigfar a bheith ina gcó-iarrthóirí fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Achuingíocha toghacháin i dtaobh Seanad-toghachán.

51. —Na hachtacháin a bhaineann le tíolaca agus triail achuingíocha toghacháin i dtaobh Dáil-toghachán bainfid le Seanad-toghacháin ach go ndéanfar na hatharuithe seo a leanas ortha, sé sin le rá:—

(a) féadfidh achuinge thoghacháin baint a bheith aici le haon dáilcheanntar amháin no le dhá dháilcheanntar no breis;

(b) féadfidh aon iarrthóir amháin no grúpa de bheirt no breis iarrthóirí achuinge thoghacháin i dtaobh Seanadtoghacháin do thíolaca.

Teora leis an aimsir chun próiseacht i dtaobh cionta.

52. —(1) Tosnófar ar imeacht do bhunú i gcoinnibh duine mar gheall ar chleacht cuirpthe no nea-dhleathach no aon chionta eile fén Acht so laistigh de bhliain tar éis an cionta do bheith déanta no, má dineadh an cionta i dtaobh toghacháin 'na mbeidh imeachta ar siúil i láthair cúirte toghacháin ina thaobh, tosnófar ar an imeacht laistigh de bhliain tar éis an cionta do bheith déanta no laistigh de thrí mhí tar éis tuairisc na cúirte sin a bheith déanta, pe'ca tréimhse dhíobh is déanaí 'na mbeidh deire léi ach go dtosnófar air laistigh de dhá bhliain tar éis an cionta do bheith déanta agus, i gcás aon imeachta fé sna hAchtanna Údaráis Achmair mar gheall ar aon chionta den tsórt san, pe'ca i láthair cúirte toghacháin é no ar a mhalairt de shlí déanfar an aimsir a teorantar leis an alt so do chur in ionad aon teorann aimsire a luaidhtear sna hAchtanna deiridh sin a luadhadh.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar tabhairt amach gairme, barántais, riteach, no próisis eile do bheith ina tosnú ar imeacht dlí má dintar seirbheáil no feidhmiú an chéanna ar an té adeirtar a chiontuigh do chosc tríd an té adeirtar a chiontuigh do theiche no do dhul i bhfolach no do dhéanamh gnímh, ach lasmuich de sin isí seirbheáil no feidhmiú an chéanna ar an té adeirtar a chiontuigh a tuigfar a bheith ina tosnú ar an imeacht agus ní hí ta bhairt amach an chéanna.

Daoine a cúiseofar i gcleacht cuirpthe féadfar iad d'fháil ciontach i gcleacht nea-dhleathach

53. —Einne a cúiseofar i gcleacht cuirpthe féadfar é d'fháil ciontach i gcleacht nea-dhleathach más ceaduithe san do réir staid an cháis (cionta a bheidh, chun na críche sin, ina chionta indíotálta) agus éinne a cúiseofar i gcleacht nea-dhleathach féadfar é d'fháil ciontach sa chionta san in ainneoin an gníomh gurb é an cionta san é do bheith ina chleacht chuirpthe, agus éinne a cúiseofar in íoc, fostú no cíosú nea-dhleathach féadfar é d'fháil ciontach sa chionta san in ainneoin an gníomh gurb é an cionta san é do bheith ina chleacht chuirpthe no nea-dhleathach.

Próiseacht ar an slí achmair, agus athchomharc chun ceathrú shiosóin.

54. —(1) Gach cionta fén Acht so 'na ngcobhadh pionós leis tar éis duine do dhaora ann ar an slí achmair féadfar é do phróiseacht ar an gcuma a foráltar leis na hAchtanna Údaráis Achmair.

(2) Einne a bheidh mí-shásta toisc gur dhin cúirt údaráis achmair é do dhaora i gcionta fén Acht so féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun siosóin ghenerálta no chun ceathrú shiosóin i gcoinnibh an daora san.

Foillsiú fógraí.

55. —Aon fhógra puiblí nách foláir do cheann chomhrimh a thabhairt do réir an Achta so tabharfar é ar an gcuma ina n-orduíonn an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , do fógra puiblí do thabhairt fén Acht san.

Mínithe.

56. —San Acht so agus sna Sceidil a ghabhann leis, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

Cialluíonn an focal “Dáil-toghachán” toghachán chun ball no baill do thogha chun fónamh i nDáil Éireann agus foluíonn sé toghachán corra chó maith le toghachán generálta;

Cialluíonn an focal “Dáil-toghthóir” duine i dteideal chun votáil i nDáil-toghachán;

Cialluíonn an focal “Seanad-toghachán” toghachán chun Seanadóirí do togha chun fónamh i Seanad Éireann;

Cialluíonn an focal “Seanad-toghthóir” duine i dteideal chun vótáil i Seanad-toghachán;

Nuair a húsáidtear an focal “Toghachán” gan a rá cadé an saghas é foluíonn sé Dáil-toghachán, Seanad-toghachán agus Referendum;

Cialluíonn an focal “Cúirt Toghacháin” aon chúirt no binse bunuithe fé aon Acht den Oireachtas agus údarás aici chun curtha i leith, cúisithe, imreasáin no difríochtaí i dtaobh toghachán i gcoitinne no i dtaobh aon toghacháin áirithe no saghas áirithe toghachán, d'iniúcha, d'éisteacht no do shocrú no tuairisc do thabhairt ortha;

Cialluíonn an focal “Achtanna Údaráis Achmair” na hAchtanna uile i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann i dtaobh cúirteanna údaráis achmair;

Ní fholuíonn an focal “seomra coiste” aon tigh ná seomra, ar seilbh ag iarrthóir i dtoghachán mar chomhnaí mar gheall air seo amháin: an t-iarrthóir do bheith ag déanamh gnótha le n-a ghníomhairí ann i dtaobh an toghacháin sin; ná ní tuigfar aon tseomra ná foirgneamh do bheith ina sheomra choiste chun crícheanna an Achta so mar gheall air seo amháin: an t-iarrthóir no aon ghníomhaire don iarrthóir do thabhairt óráide ann do thoghthóirí, do lucht coiste, no do dhaoine eile;

Foluíonn an focal “costaisí pearsanta,” nuair a húsáidtear é i dtaobh caithteachais aon iarrthóra mar gheall ar aon toghachán, costaisí réasúnta taistil an iarrthóra san agus costaisí réasúnta a chomhnaithe i dtithe ósta no in áiteanna eile chun crícheanna an toghacháin sin agus ina thaobh;

Foluíonn an focal “Údarás Áitiúil” comhairle chontae, chontae-bhuirge no aon bhuirge eile, thuath-cheanntair no bhaile-cheanntair, bord caomhnóirí, baile-choimisinéirí aon bhaile, agus aon chólucht puiblí eile a bunófar le haon Scéim Chontae chun aon chuid d'fheidhmeanna aon chólucht díobh san atá luaidhte thuas do chó-líona, agus aon choiste no cóchoiste d'aon údarás no cólucht den tsórt san no a ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag aon údarás no cólucht den tsórt san;

Cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le hordú a dhin an tAire um Rialtas Áitiúil;

Cialluíonn an focal “toghachán Rialtais Áitiúla” toghachán chun ball no baill d'Údarás Áitiúil do thogha;

Foluíonn an focal “constábla póilíneachta” aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus aon bhall den Ghárda Síochána;

Foluíonn an focal “íocaíocht” aon luach saothair in airgead no ar aon tslí eile;

Foluíonn na focail “luach saothair in airgead” agus “airgead” aon oifig, ionad no fostaíocht, agus aon urraíocht luachmhar no có-mhaith eile airgid, agus aon chomaoine luachmhar;

Gach focal a bhaineann le clárú, le toghthóirí no le toghacháin agus a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear fós san Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , beidh an brí céanna leis atá leis an bhfocal san san Acht Timpeal Toghachán, 1923 , mara mínítear ar shlí éigin eile san Acht so é.

Athghairmeanna.

57. —(1) Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'ath-ghairm sa mhéid a háirítear sa tríú colún den Sceideal san, ach amháin sa mhéid go mbainid (má bainid in aon chor) le toghacháin eile seachas toghacháin Pháirliminteacha.

(2) Tuigfar gur tagartha don Acht so gach tagairt a dintar in aon reacht, ordú, rialachán, no riail d'aon cheann de sna hAchtanna a hath-ghairmtear i bpáirt no go hiomlán leis an Acht so, ach i gcás Achtanna a hath-ghairmtear i bpáirt leis an Acht so ní tuigfar amhlaidh ach sa mhéid go mbainid na tagartha san leis an gcuid sin dá leithéid sin d'Acht a hath-ghairmtear amhlaidh.

Gearr-Theideal.

58. —Féadfar an tAcht chun Droch-bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , do ghairm den Acht so.