Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

5 1924

Uimhir 5 de 1924.


ACHT RIALUITHE NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1924.


ACHT CHUN BUAN-FHORALÁCHA DO DHÉANAMH CHUN CEAPA AGUS SEIRBHÍS DAOINE I STÁT-SHEIRBHÍS RIALTAIS SHAORSTÁIT ÉIREANN DO REGLEÁIL, AGUS CHUN CÓLUCHT COIMISINÉIRÍ DO BHUNÚ CHUN SCRÚDÚ AGUS DEIMHNIÚ DO DHÉANAMH AR CHÁILÍOCTHA DAOINE A TAIRGFEAR CHUN A gCEAPTHA, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN.

[21adh Márta, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfidh an Ard-Chomhairle Coimisinéirí Stát-Sheirbhíse do cheapa.

1. —(1) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle daoine cearta oiriúnacha do cheapa o am go ham chun bheith ina gCoimisinéirí Stát-Sheirbhíse (dá ngairmtear “na Coimisinéirí” san Acht so) chun na feidhmeanna a leagtar amach san Acht so do sna Coimisinéirí sin do chó-líona.

(2) Ní bheidh thar trí Coimisinéirí den tsórt san ann aon uair.

(3) Gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina Choimisinéir beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Ard-Chomhairle.

(4) Foillseofar láithreach san Iris Oifigiúil gach ceapa agus gach cur-as-oifig a déanfar ar Choimisinéir fén Acht so.

Luach saothair Coimisinéirí agus a n-oifigeach.

2. —(1) Gach duine a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir fén Acht so gheobha sé pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid.

(2) Ceapfidh an tAire Airgid pé daoine agus pé méid daoine is dó leis is gá chun bheith ina n-oifigigh do sna Coimisinéirí, agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé cuma a shocróidh an tAire Airgid.

(3) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas luach saothair na gCoimisinéirí agus a n-oifigeach agus pé costaisí eile a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht agus a cheadóidh an tAire Airgid.

Tabharfidh na Coimisinéirí deimhnithe cáilíochta uatha.

3. —(1) Féachfidh na Coimisinéirí isteach i gcáilíochta gach duine a tairgfear chun a cheaptha chun aon phuist sheasmhaigh i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann le n-a mbaineann an tAcht so, agus ní ceapfar éinne amhlaidh mara ndéanfidh ná go dtí go ndéanfidh na Coimisinéirí deimhniú do thabhairt amach ar an gcáilíocht atá aige i gcóir an phuist sin.

(2) Faisneoidh gach deimhniú cáilíochta a thabharfidh na Coimisinéirí amach, ach sa chás go bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, go bhfuil an té le n-a mbaineann an deimhniú san tar éis a chur ina luighe ar na Coimisinéirí—

(a) go bhfuil sé laistigh de sna teoranna aois a ceapadh (má ceapadh iad) i gcóir an phuist 'nar tairgeadh é chuige; agus

(b) go bhfuil sé saor o aon aineamh cuirp no galar is dóichí a choiscfadh é ar a dhualgaisí sa phost san do chólíona sa cheart; agus

(c) go bhfuil caragdar aige den tsórt a dhineann oiriúnach don phost san é; agus

(d) go bhfuil an t-eolas agus an ábaltacht san aige is gá dho a bheith aige chun dul i mbun a dhualgaisí sa phost san.

(3) An té 'na dtabharfidh na Coimisinéirí deimhniú cáilíochta amach ina thaobh ní gá dho deimhniú nua cáilíochta d'fháil má ceaptar é tré n'aistriú no tré n'árdú chun puist is dó leis na Coimisinéirí is cosúil leis an bpost 'na mbeidh deimhniú den tsórt san tabhartha amach ag na Coimisinéirí cheana féin ina chóir, ná chun puist is féidir a líona go dleathach tré dhuine d'árdú do réir gnáis ón aicme no ón ngrád puist 'na mbeidh deimhniú den tsórt san tabhartha amach cheana féin ina chóir.

Tré scrúduithe comórtais a déanfar na ceaptha.

4. —(1) Gan dochar do pé eisceachtaí a dintar no a déanfar leis an Acht so no fé, isé cuma ina ndéanfar gach ceapa chun aon phuist le n-a mbaineann an tAcht so ná tré scrúduithe comórtais a déanfar do réir rialachán a dhéanfidh na Coimisinéirí agus a cheadóidh an tAire Airgid.

(2) Beidh gach scrúdú comórtais den tsórt san (lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear ina dhiaidh seo san alt so) ar oscailt do sna daoine sin uile gur mian leo dul fén gcéanna agus a rugadh in Éirinn o thúismitheoirí Eireannacha no is daoine clainne dá leithéidí no is saoránaigh de Shaorstát Éireann no is daoine clainne do shaoránaigh den tsórt san, agus a íocfidh na táillí agus 'na mbeidh aca na cáilíochta, maidir le haos, sláinte agus caragdar, a hordófar leis na rialacháin a déanfar fén alt so.

(3) Féadfidh na Coimisinéirí, le cead ón Aire Airgid, tré rialacháin fé leith do dhéanamh, aon scrúdú comórtais den tsórt san do chimeád ar leithligh i gcóir daoine d'aon aicme áirithe no in aon fhostaíocht áirithe no daoine 'na bhfuil cáilíocht speisialta éigin eile den tsórt san acu, agus nuair a socrófar scrúdú do chimeád ar leithligh mar sin ní leigfar d'éinne dul fé ach daoine 'na bhfuil na cáilíochta san fé leith acu.

(4) Gach rialachán speisialta a dhéanfidh na Coimisinéirí fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas mí ar a luíod sara ndéanfar an scrúdú ná aon cheann de sna scrúduithe le n-a mbainfidh an rialachán san agus má dhineann an dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh díobh tar éis an rialachán san do leaga fé bhráid an dá Thigh, rúin do rith chun an rialachán san do chur ar nea-mbrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí, ach ní dhéanfidh an nea-mbríochaint sin dochar ná díth dleathachta d'aon rud ná d'éinní a dineadh fén rialachán san roimhe sin.

Féadfidh na Coimisinéirí rialacháin do dhéanamh.

5. —Féadfidh na Coimisinéirí, le cead ón Aire Airgid agus fé réir forálacha an Achta so, rialacháin do dhéanamh á rá cadí an tslí ina ndéanfar agus cad iad na coiníollacha ar a ndéanfar daoine do leigint chun fostaíochta, seasmhach no sealadach, i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann no chun aon phuist no aicme de phuist sa tseirbhís sin, agus cad iad na coiníollacha ar a ndéanfaidh na Coimisinéirí deimhnithe cáilíochta do thabhairt amach fén Acht so.

Féadfar scrúduithe d'fhágaint ar lár i gcásanna áirithe.

6. —Más dó leis an Aire Airgid agus leis an Aire i bhfeighil Roinne Rialtais—

(a) gur cáilíochta a bhaineann i bpáirt no go hiomlán le gairm fé leith no gur cáilíochta fé leith, i bpáirt no go hiomlán, ar aon tslí eile, agus nách cáilíochta is féidir a shaothrú de ghnáth sa Stát-Sheirbhís, na cáilíochta eolais agus ábaltachta a meastar riachtanach i gcóir aon phuist áirithe le n-a mbaineann an tAcht so agus atá sa Roinn Rialtais sin agus má thairgeann an tAire i bhfeighil na Roinne Rialtais sin duine do cheapa chun an phúist sin a bheidh tar éis na cáilíochta san do shaothrú i slite beatha eile; no

(b) go raghadh sé chun leasa don phuiblíocht na rialacha i dtaobh aois agus an scrúdú i gcóir puist den tsórt san roimhráite no aon chuid de d'fhágaint ar lar;

féadfidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo é, a ndeimhniú cáilíochta i gcóir an phuist sin do dheona tar éis fianaise d'fháil a chuirfidh ina luighe ortha go bhfuil an té a tairgeadh a cheapa chun an phuist sin, lán-cháilithe chuige maidir le haos, sláinte, caragdar, eolas agus ábaltacht.

I gcásanna áirithe féadfidh daoine a ceapfar dul i mbun a ndualgaisí sara dtabharfar amach an deimhniú.

7. —Nuair a bheidh duine roghnaithe chun é do cheapa chun puist in aon Roinn Rialtais agus a bheidh sé riachtanach, mar gheall ar staid gnó na Roinne sin, an duine a roghnaíodh mar sin do dhul i mbun a dhualgaisí sara ndéanfidh na Coimisinéirí deimhniú ar a cháilíocht do thabhairt amach, féadfidh an tAire Airgid, más ceart é dar leis agus más deimhin leis gur nithe ná fuil leigheas ag an duine sin ortha fé ndeár an mhoill atá ar an deimhniú san do thabhairt amach, a ordú go mbeidh tuarastal an duine sin iníoctha ón dáta ar a dtosnóidh sé ar a dhualgaisí do chó-líona.

Cuirfidh na Coimisinéirí scrúduithe ar siúl i gcóir an Airm agus na Póilíneachta, agus scrúduithe áirithe eile má éilítear ortha é.

8. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí ar siúl gach scrúdú i Saorstát Éireann nách foláir do Choimisinéirí Stát-Sheirbhíse, do réir aon reachta no údaráis eile, é do chur ar siúl agus cuirfid ar siúl, leis, gach scrúdú oideachais, pe'ca scrúdú comórtais no scrúdú tástála é, is gá do réir dlí de thurus na huaire a chur ar siúl i gcóir postanna i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, no i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, sa Ghárda Síochána no in aon fhórsa eile póilíneachta i Saorstát Éireann, agus, má éilíonn an Ard-Chomhairle ortha é, no más gá é do réir aon reachta, cuirfid ar siúl, leis, scrúduithe i gcóir postanna i seirbhís aon údaráis áitiúla, agus cuirfid ar siúl, leis, pé scrúduithe eile a éileoidh an Ard-Chomhairle o am go ham ar na Coimisinéirí a chur ar siúl.

(2) Féadfidh na Coimisinéirí, le cead ón Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh o am go ham chun stiúrtha scrúduithe a bheidh ar siúl acu fén alt so.

Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh.

9. —(1) Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh o am go ham chun Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do stiúra agus ag socrú i dtaobh na daoine uile ar fostú sa tseirbhís sin, go seasmhach no go sealadach, do roinnt ina n-aicmí agus i dtaobh a luach saothair agus coiníollacha agus téarmaí eile a seirbhíse: agus féadfa sé aon rialachán den tsórt san d'athghairm no d'atharú aon uair.

(2) Na rialacháin uile a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta agus má dhineann an dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh díobh tar éis leaga na rialachán san fé bhráid na dTithe, rúin do rith chun na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacháin sin ar nea-mbrí dá réir sin, ach ní dhéanfidh an nea-mbríochaint sin dochar ná díth dleathachta d'éinní a dineadh fé sna rialacháin sin roimhe sin.

Cad leis go mbainfidh an tAcht.

10. —(1) Bainfidh an tAcht so le gach post i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann lasmuich d'aon cheann de sna puist a bheidh de thurus na huaire sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Féadfidh na Coimisinéirí, le hordú a déanfar ar iarrtas an Aire a bheidh i bhfeighil aon Roinne Rialtais, agus le cead ón Aire Airgid, aon phost sa Roinn sin nách post buan do chur leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht so no aon phost sa Roinn sin do bhaint as an Sceideal san.

Foillseotar orduithe agus rialacháin san Iris Oifigiúil.

11. —(1) Gach ordú agus rialachán a dhéanfidh na Coimisinéirí no an tAire Airgid fén Acht so, foillseofar iad san Iris Oifigiúil láithreach tar éis iad do bheith déanta.

(2) Déanfidh na Coimisinéirí fógra i dtaobh gach ceapa agus gach árdú puist na mbeidh deimhniú cáilíochta ina thaobh tabhartha amach aca fén Acht so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil láithreach tar éis dóibh an deimhniú san do thabhairt amach, agus déarfar i ngach fógra den tsórt san ce'ca tar éis scrúdú comórtais no tar éis scrúdú tástála a tugadh amach an deimhniú no tar éis fianaise den tsórt a luaidhtear in Alt 6 den Acht so d'fháil.

Athghairm.

12. —Athghairmtear leis seo Acht Rialuithe na Seirbhíse Síbhialta, 1923 (Uimh. 35 de 1923) .

Gearr-theideal.

13. —Féadfar Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 , do ghairm den Acht so.