An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid II FO-SHIRRIAIM CHONGANTA.) Ar Aghaidh (Cuid IV ILGHNEITHEACH.)

20 1924

ACHT UM FHEIDHMIÚ DLÍ (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1924

Cuid III

SCRUDU FEICHIUN.

Féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú d'fhéicheamh teacht os a chóir chun é scrúdú i dtaobh a acfuinne.

19. —(1) Má thaisbeánann agus nuair a thaisbeánfidh aon duine (dá ngairmtear fiach-éilitheoir sa Chuid seo den Acht so) do Ghiúistís Dúithche, ina shuidhe do dhúthaigh chúirte a luíonn i gcontae no i gcontae-bhuirg le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, fianaise prima facie

(a) ar aon fhiacha bheith dlite don bhfiach-éilitheoir fé bhreithiúntas a thug cúirt inniúil, agus

(b) ar an té (dá ngairmtear an féicheamh sa Chuid seo den Acht so) 'na bhfuil na fiacha san iníoctha aige do bheith ina ghnáth-chomhnaí sa dúthaigh chúirte go bhfuil an Giúistís Dúithche ina shuidhe an uair sin di, agus

(c) ar an bhféicheamh do bheith gan aon earraí aige do b'fhéidir a thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas de chuid na cúirte a thug an breithiúntas san,

féadfidh an Giúistís Dúithche ordú (dá ngairmtear ordú scrúdúcháin sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh go dtiocfidh an féicheamh os a chóir ar dháta luaidhte chun go scrúdófar é i dtaobh a acfuinne, agus go bhfágfa sé ag Cléireach na Cúirte Dúithche, seachtain ar a luíod roimh an dáta luaidhte sin, cuntas scríbhte (dá ngairmtear cuntas acfuinne sa Chuid seo den Acht so) ar a shócmhainní agus ar a fhiachaisí, ar a ioncum, tuillte agus nea-thuillte, agus ar an slí ina tuilltear é no ar cad as go bhfachtar é, agus ar na daoine go bhfuil ceangal dlí no morálais air íad do chothú.

(2) Beidh teideal ag an bhfiach-éilitheoir chun an cuntas acfuinne d'iniúcha agus cóipeanna dhe do dhéanamh no d'fháil aon uair tar éis é bheith lóisteálta do réir an fho-ailt sin roimhe seo.

(3) San alt so foluíonn an focal “breithiúntas” aon ordú no aithne, agus sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “fiacha” aon iarsma d'fhiacha a fhanfidh dlite tar éis cuid díobh bheith íoctha no bainte amach.

An nósimeachta a leanfar i scrúdú an fhéichiún.

20. —(1) Nuair a bheidh an féicheamh á scrúdú i dtaobh a acfuinne do réir ordú scrúdúcháin, glacfar i bhfianaise an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh agus féadfidh an fiach-éilitheoir agus an féicheamh, gach duine fé leith acu, tuille fianaise do thabhairt i láthair ar acfuinn an fhéichiún, agus féadfidh an féicheamh féin, leis, fianaise do thabhairt fé mhionn agus pe'ca thabharfidh an féicheamh fianaise no ná tabharfidh, féadfidh an fiach-éilitheoir, no féadfar thar a cheann, an féicheamh do chroscheistiú i dtaobh an chuntais acfuinne agus i dtaobh a fhianaise (más ann di).

(2) Más deimhin leis an nGiúistís Dúithche, ón bhfianaise a tabharfar sa scrúdú i dtaobh acfuinne, an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh do bheith bréagach in aon phuínte táchtach go bhfios don bhféichiúin, féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú láithreach go ngabhfar an féicheamh agus é dhaora chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí agus cuirfar an féicheamh i bpríosún dá réir sin.

Féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú go n-íocfar na fiacha ina dtráth-choda.

21. —Más rud é ná lóisteálfidh an féicheamh cuntas acfuinne no ná tiocfa sé i láthair chun go scrúdófaí é do réir ordú scrúdúcháin no go ndiúltóidh sé do dhul fé chros-cheistiú ón bhfiachéilitheoir no o éinne eile thar a cheann, no ná cuirfe sé ina luighe ar an nGiúistís Dúithche sa scrúdú agus sa chros-cheistiú san (má bhíonn ann) go bhfuil sé gan bheith in án na fiacha d'íoc in aon tsuim amháin no ina dtráth-choda, ordóidh an Giúistís Dúithche don bhféichiúin, má iarrann an fiach-éilitheoir air é, na fiacha agus costaisí na n-imeacht sa Chúirt Dúithche d'íoc in aon tsuim amháin no i pé tráth-choda agus ar pé uaire is dó leis an nGiúistís Dúithche bheith réasúnta tar éis gach taobh den scéal do bhreithniú.

Príosúntacht don bhféichiúin mara n-íoca sé na tráth-choda.

22. —(1) Más rud é ná híocfidh an féicheamh na fiacha agus na costaisí, no aon tráth-chuid no tráth-choda áirithe dhíobh, san uair no sna huaire ar a mbeidh an céanna iníoctha do réir ordú fén gCuid seo den Acht so, féadfidh an Giúistís Dúithche, ar iarratas ón bhfiach-éilitheoir, a ordú go ngabhfar an féicheamh agus go gcuirfar i bpríosún é ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

(2) Aon uair a déanfar féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún fén alt so beidh sé i dteideal é scaoile láithreach nuair a íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann le Cléireach na Cúirte Dúithche an tsuim airgid (a luadhfar san ordú gabhála agus príosúntachta) a bheidh có-dhéanta den méid de sna fiacha agus de sna costaisí a bhí gan bheith íoctha ar dháta an orduithe (maraon leis no tráth-choda ná raibh dlite le n'íoc ar an dáta san) agus pé suim thairis sin (má bhíonn ann), ar scór costaisí an orduithe, is do leis an nGiúistís Dúithche bheith réasúnta.

(3) Gach airgead a íocfidh an féicheamh no a híocfar thar a cheann, fén alt so, leis an gCúirt Dúithche, íocfidh Cléireach na Cúirte Dúithche leis an bhfiach-éilitheoir é nuair a iarrfa sé é.

Eisceacht i gcóir leighseanna eile.

23. —Má cuirtar teicheamh i bpríosún fén gCuid seo den Acht so, ní oibreoidh san mar shásamh ná mar ghlana amach ar na fiacha ná ar aon chuid díobh ná ní bhainfe sé den bhfiach-éilitheoir aon cheartanna ná leighseanna eile chun iad do bhaint amach.

Cad leis go mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

24. —(1) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le pé contaethe agus contae-bhuirgí a cheapfidh an tAire o am go ham le hordú.

(2) Mí ar a luíod roimh ordú do dhéanamh chun an Chuid seo den Acht so do chur i mbaint le contae no le contae-bhuirg, foillseoidh an tAire, fé dhó ar a luíod, i ngach ceann de dhá pháipéar no breis a léitear sa chontae no sa chontae-bhuirg sin, fógra go bhfuil sé chun an t-ordú san do dhéanamh.