An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM ATH-DHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH (FORÁLACHA OCÁIDEACHA), 1924)

24 1924

ACHT UM ATH-DHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH (FORÁLACHA OCÁIDEACHA), 1924

SCEIDEAL.

FORALACHA I dTAOBH AN BHARDAIS D'FHAIL TAILIMH GO HEIGEANTA.

1.—Má bhíonn an Bárdas ar aigne talamh do cheannach no do mhalairtiú go héigeanta fén Acht so féadfid ordú do chur fé bhráid an Aire á údarú don Bhárdas go gcuirfidís i bhfeidhm, maidir leis an talamh a luaidhtear san ordú, na forálacha de sna Lands Clauses Acts i dtaobh talamh do cheannach agus do thógaint ar shlí eile seachas tré chonnra agus na forálacha den Acht so i dtaobh malairtiú, do reir mar is gá sa chás.

2.—Beidh ordú fén Sceideal so gan brí mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tAire é dhaingniú agus féadfidh an tAire an t-ordú do dhaingniú gan é atharú no fé réir pé atharuithe is oiriúnach leis, agus nuair a bheidh ordú daingnithe amhlaidh agus i gceann mí tar éis foillsiú fógra i dtaobh a dhaingnithe ní bheidh dul thar an ordú san agus beidh éifeacht aige fé mar a hachtófí san Acht so é ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Sceideal so; agus beidh daingniú an Aire air ina fhianaise dho-chlaoite ar a n-iarrtar leis an Acht so do bheith có-líonta agus ar an ordú bheith déanta go cuibhe agus bheith laistigh de chomhachtanna an Achta so.

3.—Beidh an t-ordú sa bhfuirm orduithe, agus beidh ann pé forálacha a ordóidh an tAire chun an t-ordú do chur in éifeacht agus, fé réir na n-atharuithe is gá, beidh na Lands Clauses Acts ionchorporuithe ann fé mar a mínítear iad sa Sceideal so.

4.—Nuair a cuirfar an t-ordú fé bhráid an Aire foillseoidh an Bárdas ar an gcuma orduithe fógra i dtaobh an orduithe, agus tabharfar an fógra san sa chomhursanacht ina bhfuiltar chun an talamh d'fháil no do mhalairtiú agus d'únaerí, do léasuithe agus do shealbhóirí an tailimh sin fé mar a hordófar.

5.—Más rud é, laistigh de mhí tar éis foillsiú fógra an orduithe, ná déanfidh éinne go bhfuil leas aige sa talamh agóid i gcoinnibh an orduithe do thíolaca don Aire, no má bhíonn gach agóid den tsórt san tarraingthe siar, féadfidh an tAire, gan a thuille fiosrúcháin do dhéanamh, an t-ordú do dhaingniú, ach má tíolacadh a leithéid d'agóid agus nár tarraingeadh siar í, ordóidh an tAire láithreach fiosrúchán áitiúil do dhéanamh féachaint ar cheart an t-ordú do dhaingniú agus leigfar don Bhárdas teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag an bhfiosrúchán agus do gach éinne go bhfuil leas acu sa talamh, agus do pé daoine eile gur ceart é cheadú dhóibh do réir breithiúntas-an té a bheidh i mbun an fhiosrúcháin. Sara ndaingneoidh sé an t-ordú breithneoidh an tAire an tuarasgabháil a thabharfidh an té a bhí i mbun an fhiosrúcháin agus gach agóid a cuireadh i gcoinnibh an orduithe sa bhfiosrúchán.

6.—Ar dhaingniú ordú dho, foillseóidh an tAire fógra láithreach gur dineadh an daingniú, agus más rud é, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fhoillsithe sin, go bhfuighidh an tAire achuinge i gcoinnibh an orduithe agus í sighnithe ag seisear ar a luíod go bhfuil leas acu sa talamh, ansan (mara ndintar an achuinge do tharrang siar laistigh den tréimhse orduithe) ní bheidh an t-ordú ach ina ordú shealadach agus ní bheidh éifeacht aige mara ndaingnighidh an tOireachtas é.

Beidh deimhniú ón Aire ar gan aon achuinge den tsórt san a bheith fachta, no ar gach achuinge a fuaradh amhlaidh do bheith tarraingthe siar, pe'ca aca é, agus ar an ordú bheith tar éis teacht in éifeacht, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na dátáin a bheidh deimhnithe ann.

7.—Más ionad, no cuid d'ionad, an talamh, d'fhoirgint no d'fhoirgintí gur dhin breitheamh tuairisc ina taobh no ina dtaobh fé alt 15 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 ( Uimh. 15 de 1923 ), déanfidh an moltóir a ceapadh chun cúiteamh do shocrú, i dteanta aon tsocrú a dhéanfa sé chun na críche sin, a shocrú agus a cheapa, leis, cad is luach don talamh san gan an fhoirgint no na foirgintí sin air agus san fé is dá mba ná déanfí an tuairisc sin.

8.—Nuair a bheidh an moltóir á shocrú cá mhéid cúiteamh is iníoctha le héinne go bhfuil leas aige sa talamh, cuimhneoidh sé ar an méid tairfe a déanfar d'aon talamh no ionoighreachtaí có-theoranta no comhursanachta, go bhfuil leas ag an duine céanna ann leis, de bhárr na leasuithe a dhéanfidh an Bárdas ar no mar gheall ar an talamh a tógadh no aon talamh có-theoranta no comhursanachta.

9.—Nuair a bheidh léiriú á dhéanamh, chun crícheanna an Sceidil seo no chun crícheanna aon ordú a dineadh fé, ar aon achtachán a hionchorporuíodh san ordú, tuigfar gurb é an tAcht so, maraon leis an ordú nuair a bheidh sé daingnithe go cuibhe, an tAcht speisialta no an tAcht daingniúcháin pe'ca aca is gá sa chás, agus gurb é daingniú cuibhe an orduithe rith an Achta dhaingniúcháin, agus gurb é an tAire an t-údarás daingniúcháin, agus gurb é an Bárdas bunathóirí an ghnótha, an chuideachta, an t-údarás áitiúil no an chomhairle cheanntair pe'ca aca is gá sa chás.

10.—Sa Sceideal so cialluíonn an focal “Lands Clauses Acts” na Lands Clauses Acts mar a leasuíodh iad le halt a hocht den Public Health (Ireland) Act, 1896.