An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Pagh agus Coiniollacha Seirbhise.) Ar Aghaidh (CHUID VI. Boithre Iarainn fe Urraiocht Bharuntachta.)

29 1924

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924

CUID V.

Regleail na mBothar Iarainn.

Comhacht chun orduithe dhéanamh i dtaobh oibriú na mbóthar iarainn.

58. —(1) Chun an tsábháltacht phuiblí no leas na puiblíochta no na tráchtála no aon chomharsanachta áirithe do chur in áirithe agus do chur ar aghaidh, féadfidh an bínse bóthair iarainn, le hordú, ar iarratas o aon dream daoine a ionaduíonn aon leasanna den tsórt san, a éileamh ar an gcuideachtain chó-nasctha no ar aon chuideachta bhóthair iarainn eile, maidir leis an gcuid sin dá ngnó a luíonn i Saorstát Éireann, seirbhísí, saoráidí agus áisiúlachtaí réasúnta bóthair iarainn do thabhairt ar a ngnó agus maidir le n-a ngnó (maraon le pé atharuithe agus leathanuithe agus feabhsanna beaga do dhéanamh ar na sean-oibreacha ná beidh níos mó ná deich míle púnt le caitheamh ortha in aon chás áirithe) fé mar adéarfar san ordú:

Ach más rud é, nuair a cuirfar isteach iarratas den tsórt san, go gcuirfidh cuideachta ina luighe ar an mbínse bóthair iarainn nách féidir, agus an scéal go léir mar atá sé, an caipital is gá chun na críche do sholáthar no do chaitheamh mar a meastar gan dochar do dhéanamh do leasanna na scaireánach a bheidh ann an uair sin, ní déanfar an t-ordú:

Agus fós beidh na comhachta fén bhfo-alt so mar bhreis agus ní mar luíodú ar aon chomhachta eile atá ann cheana le n-a n-éilítear go ndéanfar a bhfuil riachtanach chun an phuiblíocht do chosaint no chun saoráidí réasúnta do sholáthar.

(2) Féadfidh an tAire, le hordú, a éileamh ar an gcuideachtain chó-nasctha no ar aon chuideachta bhóthair iarainn eile, maidir leis an gcuid sin dá ngnó a luíonn i Saorstát Éireann, déanamh do réir aon mhola o chigire a ceapadh go cuibhe fén Regulation of Railways Act, 1871.

(3) I gcás aon choróinéir do chur coiste no do bheith chun coiste do chur ar éinne a marbhuíodh de dheascaibh tionóisce go n-iarratar de thurus na huaire leis na Regulation of Railways Acts, 1840 to 1889, no dá réir fógra ina thaobh do chur chun an Aire, agus i gcás é chur iarratais scríbhte chun an Aire chuige seo, féadfidh an tAire cigire no duine éigin go bhfuil eolas ar dhlí no eolas speisialta aige do cheapa chun cabhrú in obair an choiste sin, agus an té a ceapfar amhlaidh gníomhóidh sé mar mheastóir don choróinéir, agus an cuntas ba chóir don choróinéir a thabhairt don Aire fé sna hAchtanna roimhráite isé an duine sin a thabharfidh don Aire é in ionad an coróinéir é do thabhairt do agus foillseofar an cuntas ar an gcuma ina ndéanfí é i gcás iniúcha fhuirmeálta ar thionóisc fén Regulation of Railways Act, 1871.

(4) Déanfar forálacha na Regulation of Railways Acts, 1840 to 1889, maidir le hoscailt aon bhóthair iarainn, do leathanú i dtreo go mbainfid le hiniúcha gach oibre nua no athdhéanta, maraon le droichid agus viaducta.

(5) Aon ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so déanfidh aon chuideachta bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú é chólíona, agus mara gcó-líonaid é féadfar é chur i bhfeidhm (fé réir a bhforáltar anso roimhe seo) le hordú a dhéanfidh an bínse bothair iarainn ar iarratas ón Aire.

Comhacht chun orduithe dhéanamh chun talamh, etc., d'fháil.

59. —(1) Chun a chur ar chumas cuideachtan bóthair iarainn atharuithe, leathanuithe, agus feabhsuithe do dhéanamh ar oibreacha atá ann cheana do réir ordú ón mbínse bóthair iarainn no ón Aire no, ar iarratas cuideachtan bóthair iarainn, chun a chur ar chumas na cuideachtan san aon atharú, leathanú no feabhsú atá luaidhte in alt 45 den Railway Clauses Act, 1845, do dhéanamh agus do sholáthar, féadfidh an t-Aire, tar éis forálacha an ailt seo do chó-líona, a údarú don chuideachta bhóthair iarainn an talamh agus na faoisimh d'fháil agus na hoibreacha dhéanamh is gá chun na hatharuithe, na leathanuithe agus na feabhsuithe roimhráite do dhéanamh.

(2) Sara ndintar ordú fén alt so fágfidh an chuideachta bhóthair iarainn leis an Aire pé pleananna, áireamhachtaí agus scríbhinní eile a iarrfidh an tAire agus tar éis fágáil na scríbhinní sin tabharfidh an tAire fógra puiblí, a foillseofar aon uair amháin san Iris Oifigiúil agus aon uair amháin gach seachtain de thrí seachtainí as a chéile i bpáipéar éigin, agus sa pháipéar chéanna gach seachtain, a léitear sa chontae no sna contaethe ina bhfuil an talamh, i dtaobh é bheith chun déanamh an orduithe sin do bhreithniú agus i dtaobh na slí ina bhféadfar agus i dtaobh na haimsire gur laistigh di a féadfar aithris cúise do dhéanamh agus agóidí do chur isteach i dtaobh an orduithe, agus, más dó leis go bhfuil sé oiriúnach é dhéanamh, cuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí do chomóra i dtaobh éinní a bhaineann le déanamh an orduithe sin.

(3) In ordú a déanfar fén alt so féadfar—

(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, d'ionchorporú, ach é atharú i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an chuideachta bhóthair iarainn sin, agus

(b) na Lands Clauses Acts d'ionchorporú sa mhéid ná fuilid bunoscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh.

(4) Ní déanfar aon ordú fén alt so i dtaobh éinní gur dó leis an Aire, de bharr aithrise cúise a dineadh chuige no de bharr na tuarasgabhála ón duine a bhí i mbun fiosrúcháin phuiblí no de bharr éinní eile, gur ní é de shaghas no de mhéid nár cheart dul ar aghaidh leis gan údarás d'fháil ón Oireachtas tré Bhille Phríobháideach.

Comhacht chun daingniú dhéanamh ar mhargaí chun bóithre iarainn do cheannach, do thógaint ar léas no d'oibriú.

60. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus tar éis pé fógraí agus fiosrúcháin is dó leis an Aire is gá no is oiriúnach, féadfidh an tAire daingniú do dhéanamh ar aon mharga a déanfar ina dhiaidh seo chun an chuideachta chó-nasctha do cheannach, do léasú, no d'oibriú aon chuid de shuisteam aon chuideachtan bóthair iarainn eile.

(2) Gan údarás ón Oireachtas, ní bheidh aon mharga den tsórt san roimhráite dleathach ná éifeachtúil mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tAire é dhaingniú fén alt so, ach má dintar agus nuair a déanfar é dhaingniú amhlaidh beidh lán fheidhm agus lán-dhleathacht aige agus féadfidh na páirtithe sa mharga san é chur in éifeacht gan a thuille údaráis ón Oireachtas.

(3) Ní dhaingneoidh an tAire aon mharga fén alt so más dó leis gur marga é de shaghas no de mhéid nár cheart dul ar aghaidh leis gan údarás d'fháil ón Oireachtas tré Bhille Phríobháideach.

Margaí.

61. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, ní bheidh sé dleathach d'aon chuideachtain chó-nascthaigh ná d'aon chuideachtain tógtha-isteach ná don chuideachtain chó-nasctha atharú ná athghairm do dhéanamh ar aon mharga ná socrú (nách marga ná socrú a daingníodh le hachtachán reachtúil no a cuireadh mar sceideal leis) a dineadh le haon chuideachtain bhóthair iarainn no le haon ghnó iompair eile chun trácht do roinnt no do dhíriú, no chun fáltaisí do chó-chruinniú, no chun rátaí idir-dhealuithe do chur ar thrácht ar muir go Saorstát Éireann no amach as, ná margaí do dhéanamh chun aon chríche dhíobh san, ach amháin sa mhéid go n-údarófar no go n-éileofar é le hordú a dhéanfidh an bínse bóthair iarainn go n-aire chuibhe d'fhorálacha an Achta so.

(2) Ní dhéanfidh an bínse bóthair iarainn aon ordú den tsórt san roimhráite ach ar iarratas—

(a) o aon pháirtí sa mharga no sa socrú san; no

(b) ón gcuideachtain chó-nasctha; no

(c) o dhream ionadathach trádálaithe; no

(d) o dhream daoine atá ionadathach do thrádáil no do chomharsanacht; no

(e) o bhóthar iarainn no o ghnó iompair eile le n-a mbaineann an marga no an socrú san.

(3) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, ní dhéanfidh éinní san Acht so dochar ná difir do chearta ná d'fhiachaisí aon chuideachtan có-nascthaighe ná aon chuideachtan tógtha-isteach fé aon mharga no socrú (nách marga ná socrú a daingníodh le hachtachán reachtúil no a cuireadh mar sceideal leis) a bhí ann le linn rithte an Achta so ach amháin sa mhéid go bhfuil na cearta no na fiachaisí sin bunoscionn le forálacha soiléire an Achta so.

(4) Gach cuideachta chó-nascthach agus gach cuideachta thógtha-isteach, agus fós gach cuideachta bhóthair iarainn eile go luíonn a mbóthar iarainn no aon chuid de laistigh de Shaorstát Éireann, déanfid—

(a) laistigh de mhí tar éis don Aire é éileamh ortha i scríbhinn no, mara ndintar an t-éileamh san, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá d'Eanair, 1925, sceideal do thabhairt don Aire agus mion-innste scríbhte ann ar gach marga agus socrú le n-a mbaineann an fo-alt so agus a bheidh ann ar dháta an éilimh sin no, mara mbeidh an t-éileamh san ann, ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, agus gur páirtí ionnta an chuideachta san, agus

(b) laistigh de choicíos tar éis dáta aon mhargaidh no socrú le n-a mbaineann an fo-alt so agus a dineadh tar éis dáta an éilimh sin, no tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924 (pe'ca aca é), agus gur páirtí ann an chuideachta san, mion-innste scríbhte, ar an marga no ar an socrú san, do thabhairt don Aire, agus

(c) laistigh de sheachtain tar éis don Aire é éileamh ortha i scríbhinn, pé mion-innste agus eolas sa bhreis, a éileoidh an tAire amhlaidh, do thabhairt don Aire maidir le n-a bhfuil in aon mharga no socrú gur tugadh mion-innste air cheana fé aon mhír díobh san roimhe seo.

Má thugann aon chuideachta faillí in aon mhion-innste no eolas do thabhairt uatha do réir an ailt seo no má thugaid fén alt so aon eolas atá bréagach no a chuirfadh duine amú, féadfar a chur ar an gcuideachtain go n-íocfid leis an Aire i gcóir an Stát-Chiste pé pionós nách mó ná cúig púint ar fhichid agus, ina theanta san, má leanann an cionta, pé pionós breise nách mó ná cúig púint in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta, a fhorchuirfidh an bínse bóthair iarainn ortha ar iarratas ón Aire.

Baineann an fo-alt so le gach marga agus socrú (pe'ca fé chomhachta reachtúla a dineadh iad no ar shlí eile) le n-a socruítear i gcóir trácht do roinnt no do dhíriú ar bóthar iarainn go haon áit no o aon áit i Saorstát Éireann no i gcóir có-chruinniú fáltaisí a thiocfidh isteach de bhárr an tráchta san, no i gcóir rátaí idirdhealuithe ar thrácht ar muir go Saorstát Éireann no amach as.

(5) Tar éis rithte an Achta so beidh sé dleathach d'Aire an Phuist no d'aon cheann de sna cuideachtana có-nascthacha no tógtha-isteach no don chuideachtain chó-nasctha a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn—

(a) athscrúdú dhéanamh ar aon mharga, pe'ca marga reachtúil é no a mhalairt, atá ann ar dháta rithte an Achta so idir Aire an Phuist agus aon cheann de sna cuideachtana có-nascthacha no tógtha-isteach; no

(b) mara bhfuil aon mharga den tsórt san ann mar sin, breith do thabhairt ar aon difríocht no aighneas a bheidh no a eireoidh idir Aire an Phuist agus aon cheann de sna cuideachtana có-nascthacha no tógthaisteach no an chuideachta chó-nasctha maidir leis an luach saothair a híocfar as seirbhísí a thugann an chuideachta san d'Aire an Phuist, ach (in ainneoin aon fhorála reachtúla no forála eile ina choinnibh sin) leanfidh an chuideachta san de sna seirbhísí sin do thabhairt go dtí go dtabharfidh an bínse bóthair iarainn a mbreith.