30 1924


Uimhir 30 de 1924.


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1924.


ACHT CHUN CISTE LIAIGH-DHEIMHNIÚCHÁIN DO BHUNÚ FÉ CHÚRAM AGUS FÉ BHAINISTÍ COIMISINÉIRÍ ÁRACHAIS NA hÉIREANN AGUS CHUN NA hACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 go 1923, DO LEASÚ AGUS DO LEATHANÚ CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS FÓS CHUN CRÍCHEANNA EILE.

[28adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Ciste Liaigh-Dheimhniúcháin do bhunú.

1. —Bunófar, fé chúram agus fé bhainistí Coimisinéirí Arachais na hÉireann, ciste dá ngairmfar an Ciste Liaigh-Dheimhiúcháin.

Slí chun airgead do sholáthar don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

2. —(1) Cuirfar—

(a) i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, suim deich bpingne in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chumann cheaduithe sin, agus

(b) i gcoinnibh Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), suim deich bpingne in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chiste sin, agus

(c) i gcoinnibh Ciste na Síntiúsairí Taisce suim deich bpingne in aghaidh gach baill den chiste sin, agus

(d) i gcoinnibh Ciste na nDaoine Saora, suim chúig pingne in aghaidh gach baill den chiste sin.

(2) Na suimeanna iomdha a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo a chur i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, Ciste na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), Ciste na Síntiúsairí Taisce agus Ciste na nDaoine Saora fé seach, cuirfear iad chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

(3) Chun an tsuim iomlán a bheidh le cur i gcoinnibh aon chiste fén alt so d'áireamh, déanfar lán-uimhir na mball (nách saighdiúirí ar seirbhís) den chumann no den chiste d'áireamh i pé slí a ordóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann.

Aistreofar suimeanna áirithe o Chuntas Díolacháin na Stampaí go dtí an Ciste Liaigh-Dheimhniúcháin.

3. —(1) Pé cuid a ordóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann, de sna suimeanna a haistreofaí chun Prímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta do réir alt 29 den National Health Insurance Act, 1918 (le n-a socruítear conus a deighleálfar le suimeanna a bheidh i gCúntas Díolacháin na Stampaí agus ná héileofar), cuirfar í chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin, fé réir na teorann a horduítear ina dhiaidh seo anso, in ionad í aistriú amhlaidh.

(2) An méid iomlán a cuirfar chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin fén alt so, ní ragha sé thar pé méid is leor, i dteanta na suimeanna a cuirfar chun creidiúna don chiste sin fé sna forálacha roimhe seo den Acht so, chun na suimeanna san d'íoc a horduítear leis an Acht so a íoc amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

Suimeanna a híocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

4. —Íocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin—

(a) pé suimeanna i gcóir na bliana 1924 a shocróidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann, le cead ón Aire Airgid, a bheith iníoctha le dochtúirí leighis i gcóir Liaigh-Dheimhniúcháin, agus

(b) le gach cumann ceaduithe suim a háireofar do réir ráta nách mó ná pingin agus leathphinge per annum in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chumann, pé suim is gá chun aon tsuimeanna d'íoc a cheadóidh an tAire Airgid a íoc sa bhliain 1924 leis an gcumann ceaduithe sin mar gheall ar chostas athbharúla leighighe d'fháil.

Cuid IV. den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 , do chur i mbaint.

5. —In ainneoin éinní ina choinnibh sin i bhfo-alt (1) d'alt 25 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 ( Uimh. 20 de 1923 ), bainfidh Cuid IV. den Acht san agus tuigfar gur bhain sí riamh le saighdiúirí a liostáladh tar éis an 1adh lá de Bhealtaine, 1923, ar feadh tréimhse ba shia ná dhá mhí dhéag chó maith leis na saighdiúirí a luaidhtear sa bhfo-alt san.

Leanfidh alt 27 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 , i bhfeidhm.

6. —Leanfidh alt 27 (a bhaineann le conus a deighleálfar le suimeanna a bheidh i gCúntas Díolacháin na Stampaí agus ná héileofar) den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 (Uimh. 20 de 1923) , i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1925.

Tosach feidhme, buaine, gearrtheideal, agus léiriú.

7. —(1) Tuigfar an tAcht so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanair, 1924, agus beidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar an lá san agus ón lá san amach.

(2) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1924 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1923.

(3) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1923, agus an tAcht so do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1924.