39 1924


Uimhir 39 de 1924.


ACHT CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AR ATH-LÓ (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AR ATH-LÓ, 1922 AGUS 1923. [1adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Athghairm ar Uimh. 48 de 1923 .

1. —Beidh an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Athló (Leasú), 1923 (Uimh. 48 de 1923) , athghairmthe agus athghairmtear leis seo é.

Leasú ar Uimh. 4 de 1922 .

2. —Beidh an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Athló, 1922 (Uimh. 4 de 1922) , athghairmthe agus athghairmtear leis seo é tríd na focail agus na figiúrí “31adh lá de Mhárta, 1925,” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “1adh lá d'Eanair, 1924,” san áit ina bhfuil na focail agus na figiúirí deiridh sin i bhfo-alt (1) d'alt 1, agus i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht roimhráite.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló (Leasú), 1924 , do ghairm den Acht so agus féadfar an tAcht so agus na hAchtanna chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 agus 1923, do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 go 1924.