|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 42 de 1924. | ||
[EN] |
ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH) (LEASÚ), 1924. | |
ACHT CHUN A ÚDARÚ GO dTABHARFAR AMACH URÚSANNA I gCÁSANNA A THIOCFIDH LAISTIGH D'ALT 15 DEN ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITHEAMH, 1923. [1adh Lúnasa, 1924.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú ar “Príomh-Acht.” |
1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht um Dhiobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) . |
[EN] |
Féadfar urúsanna thabhairt amach i gcásanna laistigh d'alt 15 den Phríomh-Acht. |
2. —In ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 13 den Phríomh-Acht, féadfidh an tAire Airgid urúsanna a cruthnuíodh le hordú a dineadh fén alt san do thabhairt amach d'iarratasóirí i gcásanna laistigh d'alt 15 den Phríomh-Acht in íoc suime nách mó ná an tsuim a luaidhtear do réir mír (b) d'fho alt (3) den alt san 15 sa tuairisc a dhin an Breitheamh fén bhfo-alt san. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1924 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) , an tAcht um Dhíobháil de Mhaoin (Leasú), 1923 (Uimh. 43 de 1923) , agus an tAcht so do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 agus 1924. |