Ar Aghaidh (SCEIDEAL ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

47 1924


Uimhir 47 de 1924.


ACHT OIDEACHAIS IDIRMHEÁNAIGH (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN INTERMEDIATE EDUCATION (IRELAND) ACT, 1878, AGUS AR AN LOCAL TAXATION (CUSTOMS AND EXCISE) ACT, 1890. [5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Na hachtacháin sa Sceideal d'athghairm.

1. —Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé leith a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus luadh le chéile.

2. —(1) Féadfar an tAcht Oideachais Idirmheánaigh (Leasú), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar an tAcht so agus na Intermediate Education (Ireland) Acts, 1878 to 1914, do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna Oideachais Idirmheánaigh (Éirinn), 1878 go 1924.