An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN CHONNARTHA (DAINGNIÚ AR AN gCÓ-AONTÚ FOIRLÍONTACH), 1924)

51 1924

ACHT AN CHONNARTHA (DAINGNIÚ AR AN gCÓ-AONTÚ FOIRLÍONTACH), 1924

SCEIDEAL.

Có-aontú le n-a bhfóirlíontar Airtiogal a Dó-Dhéag de sna hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnra idir an Bhreatain Mhóir agus Éire dar tugadh feidhm dlí leis an Irish Free State (Agreement) Act, 1922, agus leis an Acht um Bun-reacht Shaorstáit Éireann, 1922 .

DE BHRÍ, na Coimisinéirí a bhí le ceapa fén Airtiogal san a Dó-Dhéag ag Rialtas Shaorstáit Éireann agus ag an Rialtas Briotáineach fé seach, go bhfuilid ceaptha go cuibhe ag na Rialtaisí sin fé seach, ach go bhfuil diúltuithe ag Rialtas Tuaiscirt Éireann don Choimisinéir do cheapa a bhí le ceapa amhlaidh ag an Rialtas san, agus ná fuil aon fhoráil sna hAirtiogail sin i gcóir a leithéid de theagmhas:

ANOIS có-aontuítear leis seo, fé réir an Pháirlimint Bhriotáineach agus Oireachtas Shaorstáit Éireann do dhaingniú an Chó-aontuithe seo, mara ndinidh Rialtas Tuaiscirt Éireann an Coimisinéir atá le ceapa amhlaidh ag an Rialtas san do cheapa roimh dháta rithte Achta na Páirliminte Briotáinighe no Acht Oireachtais Shaorstáit Éireann chun an Có-aontú so do dhaingniú, pe'ca dáta aca is déanaí, go n-aistreofar láithreach chun an Rialtais Bhriotáinigh, agus go bhfeidhmeoidh an Rialtas san láithreach, an chomhacht atá ag Rialtas Tuaiscirt Éireann chun an Coimisinéir sin do cheapa agus, chun crícheanna an Airtiogail sin, go dtuigfar gur Coimisinéir a cheap Rialtas Tuaiscirt Éireann aon Choimisinéir a cheapfidh an Rialtas Briotáineach amhlaidh agus go mbeidh éifeacht dá réir sin ag na hAirtiogail Chó-aontuithe sin do Chonnra.

Sighnithe thar ceann an Rialtais Bhriotáinigh:

Sighnithe thar ceann Rialtais Shaorstáit Éireann:

J. RAMSAY MacDONALD.

LIAM T. MAC COSGAIR.

Lúnasa 4, 1924.