53 1924


Uimhir 53 de 1924.


ACHT MIONNAÍ FINNITHE OIREACHTAIS, 1924.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DO GACH TIGH DEN OIREACHTAS AGUS D'AON CHOISTE DE CHEACHTAR TIGH DÍOBH AGUS D'AON CHÓ-CHOISTE DEN DÁ THIGH CHUN FINNITHE DO CHUR FÉ MHIONN. [31adh Deire Fómhair, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfidh Tithe an Oireachtais agus Coistí dhíobh fínnithe do chur fé mhionn.

1. —(1) Féadfidh gach Tigh de dhá Thigh an Oireachtais fínné a bheidh á scrúdú i láthair an Tighe sin do chur fé mhionn.

(2) Féadfidh aon Choiste de cheachtar de dhá Thigh an Oireachtais, agus aon Chó-Choiste de dhá Thigh an Oireachtais, fínné a bheidh á scrúdú i láthair an Choiste sin do chur fé mhionn.

Pionós mar gheall ar fhíanaíse bhréige.

2. —Einne a bheidh á scrúdú mar adubhradh agus a thabharfidh fianaise bhréige féadfar píonóisí an mhionna éithigh do chur air.

An té a fhéadfidh curfé-mhionn do dhéanamh.

3. —Féadfidh Ceann Comhairle Dháil Éireann no Cathaoirleach Sheanaid Éireann daoine do chur fé mhionn fén Acht so, no féadfidh pé duine no daoine eile é dhéanamh a cheapfid an bheirt sin no ceachtar acu chuige sin, no a ceapfar tré aon Bhuan-Ordú no ordú eile de chuid aon Tighe den Oireachtas no tré aon Bhuan-Ordú a dhéanfidh dhá Thigh an Oireachtais le chéile.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Mionnai Fínnithe Oireachtais, 1924 , do ghairm den Acht so.