|
|||||
|
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925
| [EN] | ||
| [EN] |
CUIGIU SCEIDEAL. RIALACHA CHUN COSTAISI TAISTIL D'IOC LE BAILL D'UDARAIS CHONTAE AGUS DE CHOISTI. | |
| [EN] | 1. Sna rialacha so— | |
| [EN] | cialluíonn na focail “údarás contae” agus “coiste údaruithe” na nithe céanna a chialluíd in alt 63 den Acht so; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “rann-íoc” rann-íoc is iníoctha fé alt 63 den Acht so mar chabhair chun costaisí taistil baill; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “ball” ball d'údarás chontae no de choiste údaruithe. | |
| [EN] | 2. Déanfidh gach ball, láithreach tar éis a thofa no a cheaptha, seola a ghnáth-áite comhnaithe do chur in úil don údarás chontae i scríbhinn, seola dá ngairmtear sna rialacha so áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill sin. | |
| [EN] | 3. Na rann-íocanna a híocfar le ball áireofar iad do réir faid an turais o áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill go háit chruinnithe an údaráis chontae no an choiste údaruithe agus do réir an mhodha iompair a húsáidtear ar an turas san. | |
| [EN] | 4. I gcás in ar bhféidir níos mó ná aon bhealach amháin do ghabháil sa turas o áit chomhnaithe oifigiúil baill go háit chruinnithe an údaráis chontae no an choiste údaruithe, no in ar bhféidir an turas do dhéanamh ar mhodhanna iompair difriúla, tuigfar, chun crícheanna na rialacha so, gur gabhadh an bealach agus gur húsáideadh an modh iompair is lú 'na n-íocfí íocaíocht ar a son fé sna rialacha so. | |
| [EN] | 5. Íocfar , le gach ball le n-a bhfuil rann-íoc iníoctha fé alt 63 den Acht so, suim a háireofar sa tslí a horduítear sa chéad riail eile, ar son gach cruinnithe den údarás chontae no den choiste údaruithe ar ar fhreastal sé ach ní híocfar aon rann-íoc le haon bhall den tsórt san ar son cruinniú a comóradh in áit is giorra ná cúig mhíle ar aon bhealach óna áit chomhnaithe oifigiúil. | |
| [EN] | 6. Is mar leanas a háireofar an tsuim is iníoctha fén riail sin roimhe seo ar son gach cruinnithe fé leith, sé sin le rá, ceithre pingne ar gach míle den turas a dineadh de bhóthar iarainn o áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill go háit an chruinnithe, agus cúig pingne ar gach míle den turas san a dineadh in aon tslí eile seachas de bhóthar iarainn. |