An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925) Ar Aghaidh (CUID II. SLAINTE PHUIBLI.)

5 1925

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925

CUID I.

DEIRE LE COMHAIRLI TUATHCHEANNTAIR.

Deire le comhairlí tuathcheanntair.

3. —(1) Beidh deire le gach comhairle thuathcheanntair an lá ceaptha agus dá éis sin, agus ar an lá ceaptha déanfar comhachta agus dualgaisí (fé réir forálacha an Achta so) agus maoin, fiacha, agus fiachaisí comhairle gach tuathcheanntair, laistigh de chontae, d'aistriú chun comhairle na contae sin, agus isiad comhairle na contae sin a bheidh ina gcomharbaí do chomhairle an tuathcheanntair sin.

(2) Aon fhiacha no fiachas ar chomhairle thuathcheanntair a haistrítear chun comhairle contae leis an alt so, íocfar no glanfar iad tríd an ráta gcéanna tré n-a n-íocfí na fiacha no an fiachas san roimh rith an Achta so agus is do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so a socrófar an líomatáiste muirir i gcóir na gcostaisí a bhainfidh leis na fiacha no leis an bhfiachas san d'íoc.

(3) I gcás aon fhiacha no fiachas (pe'ca bheid ann an lá ceaptha no eireoid ina dhiaidh sin) a haistrítear chun comhairle contae leis an alt so do bheith i mbaint no i gceangal le haon mhaoin a haistrítear chun na comhairle sin leis an alt so, is amach as aon phrofid no ioncum a gheobhfar as an maoin sin a híocfar no a glanfar na fiacha no an fiachas san sa mhéid gur féidir é.

Buanú ar aicsin agus ar chonnartha neachríochnuithe.

4. —(1) Más rud é, le linn aon chomhachta, dualgaisí, maoin, no fiachaisí do bheith á n-aistriú go dtí comhairle chontae leis an Acht so, go mbeidh aon aicsean no imeacht no aon chúis aicsin no imeachta gan críochnú no ar bun, i dtaobh na gcomhacht, na ndualgaisí, na maoine, no na bhfiachaisí sin, ag an gcólucht no i gcoinnibh no ar son an chóluchta óna mbeidh an céanna á n-aistriú amhlaidh, ní dhéanfidh an t-aistriú san lagú ar an aicsean ná ar an imeacht san ná ar an gcúis aicsin no imeachta san ná dochar do, ach leanfa sé ar siúl ag an gcomhairle chontae, no i gcoinnibh no ar son na comhairle contae, no (i gcás comhachtanna no dualgaisí a feidhmítear tré bhord sláinte no i gcás maoine a haistrítear go dtí bord sláinte fén Acht so) ag an mbord sláinte, no i gcoinnibh no ar son an bhúird sláinte, 'na n-aistrítear an céanna chúcha no 'na mbeidh an céanna acu le feidhmiú.

(2) Gach connra, dintiúir, banna, có-aontú, agus instruimid eile a bhaineann le haon chomhachta, dualgaisí, maoin, no fiachaisí a haistrítear go dtí comhairle chontae leis an Acht so agus ná beidh a dtéarmaí no a bhforálacha lán-churtha i bhfeidhm no lán-chríochnuithe ar dháta an aistrithe sin, beid chó lán feidhm agus éifeacht i gcoinnibh no i bhfabhar na comhairle contae sin no (i gcás comhachtanna no dualgaisí a feidhmítear tré bhord sláinte no i gcás maoine a haistrítear go dtí bord sláinte fén Acht so) i gcoinnibh no i bhfabhar an bhúird sláinte 'na n-aistrítear an céanna chúcha no 'na mbeidh an céanna acu le feidhmiú, agus féadfar iad do chur i bhfeidhm i gcoinnibh na comhairle contae no an bhúird sláinte sin no féadfa siad san iad do chur i bhfeidhm chó hiomlán agus chó héifeachtúil agus dá mbeadh an chomhairle chontae no an bord sláinte sin ainmnithe mar pháirtí san instruimid sin in ionad an chóluchta óna n-aistrítear na comhachta, na dualgaisí, an mhaoin, no na fiachaisí sin.

Cóluchtaí puiblí a thoghaid comhairlí tuathcheanntair.

5. —(1) On lá ceaptha amach beidh deire le haon chó-bhord, có-choiste, no có-údarás go dtoghtí no go gceaptí a mbaill uile, roimh rith an Achta so, ag comhairlí tuathcheanntracha a luíonn san aon cheanntar sláinte contae amháin, agus aistreofar comhachta, dualgaisí, maoin, agus fiachaisí an chó-bhúird, an chóchoiste, no an chó-údaráis sin chun comhairle na contae ina luíonn an ceanntar sláinte contae sin, agus feidhmeoidh agus có-líonfidh an chomhairle chontae sin na comhachta agus na dualgaisí sin tríd an mbórd sláinte don cheanntar sláinte contae sin do dhéanamh an fheidhmithe agus an chó-líonta san.

(2) Na baill d'aon chólucht puiblí a bheidh in oifig an lá ceaptha agus a ceapadh no a toghadh ag comhairle tuathcheanntair, scuirfid d'oifig do bheith acu an lá ceaptha agus más rud é, roimh rith an Achta so, go raibh sé de dhualgas ar chomhairle tuathcheanntair i gcontae baill d'aon chólucht puiblí do thogha, beidh sé de dhualgas ar chomhairle na contae sin, ar an lá ceaptha agus dá éis, na baill sin den chólucht phuiblí sin do thogha.

Ní bhainfidh an fo-alt so le haon chólucht puiblí le n-a mbaineann an chéad fho-alt den alt so.

Iocaíochta cinntréimhse o chomhairlí tuathcheanntair.

6. —Má tá ag comhairle tuathcheanntair, fé aon achtachán a ritheadh roimh rith an Achta so, comhacht no ordú (pe'ca aca é) chun aon íocaíocht chinn-tréimhse d'íoc ar scór aon phuirt, iascaigh, oibreacha dréineála, oibreacha adhlacain, no ní eile den tsórt san, beidh ag comhairle na contae ina luíonn an tuathcheanntar san comhacht no ordú (pe'ca aca is gá sa chás) chun an íocaíocht san d'íoc agus cuirfar méid na híocaíochta san ina mhuirear ar an líomatáiste 'na gcuirfí an méid sin mar mhuirear air láithreach roimh rith an Achta so.

Toghfar caomhnóirí na mbocht in áiteanna ná fuil aon scéim chontae.

7. —I ngach ceanntar sláinte contae, i gcontae ná beidh baint ag scéim chontae léi de thuras na huaire, toghfar caomhnóirí fé dhlí na mbocht, tar éis an lae cheaptha, ar na laetheanta céanna agus ar an gcuma gcéanna díreach in ar ghá do réir dlí. roimh rith an Achta so, baill de chomhairlí tuathcheanntair do thogha.

Comhairlí tuathcheanntair roimh an lá ceaptha.

8. —(1) Ní comórfar aon toghacháin chomhairleoirí tuathcheanntair tar éis rithte an Achta so.

(2) An lá a ordóidh an tAire chun an chéad toghachán reachtúil eile do chomhairleoirí contae do chomóra tar éis rithte an Achta so scuirfidh gach comhairle thuathcheanntair de bheith ag feidhmiú agus déanfar an mhaoin agus na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach a bhaineann le gach comhairle thuathcheanntair fé leith d'aistriú chun comhairle na contae ina raibh an tuathcheanntar suidhte agus dílseofar iad sa chomhairle chontae sin agus feidhmeoidh agus có-líonfidh an chomhairle sin iad go dtí an lá ceaptha.

(3) I gcás comhairle chontae ná baineann aon scéim chontae léi de thurus na huaire no le n-a mbaineann có-scéim chontae don chontae sin agus do chontae-bhuirg atá teoranta léi, isiad a dhéanfidh na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun na comhairle sin leis an alt so d'fheidhmiú agus do chó-líona go dtí an lá ceaptha ná bord a bunófar chuige sin fé mar a bunófi bord sláinte puiblí sa chontae sin fén Acht so tar éis an lae cheaptha.

(4) I gcás comhairle chontae le n-a mbaineann scéim chontae (nách có-scéim don chontae sin agus do chontae-bhuirg atá teoranta léi) isiad a dhéanfidh na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun na comhairle sin leis an alt so d'fheidhmiú agus do chó-líona go dtí an lá ceaptha ná an cólucht ar a bhfuil sé mar chúram fén scéim chontae sin fóirithin na mbocht do riara sa líomatáiste ina raibh an tuathcheanntar.

(5) Féadfidh an tAire, le hordú, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dó leis is gá chun buan-chimeád agus bainistí cheart na maoine agus chun có-líona agus feidhmiú na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear leis an alt so agus go generálta chun lán-éifeacht do thabhairt don alt so i rith na tréimhse a bheidh idir an dáta ar a scuirfidh na comhairlí tuathcheanntair de bheith ag feidhmiú fén alt so agus an lá ceaptha.