An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CÓ-NASCTHA NA bhFÓRSAI PÓILÍNEACHTA, 1925) Ar Aghaidh (CUID II. CO-NASCA PHOILINEACHT CHATHRACH BHAILE ATHA CLIATH AGUS AN GHARDA SIOCHANA.)

7 1925

ACHT CÓ-NASCTHA NA bhFÓRSAI PÓILÍNEACHTA, 1925

CUID I.

ROIMHRA.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá a cheapfidh an tAire le hordú.

Léiriú.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn an focal “an fórsa có-nasctha” an fórsa a bheidh ann de bharr Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus an Gárda Síochána do chó-nasca leis an Acht so.

(2) Chun críche an Achta so tuigfar, i dtaobh gach céime dá luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, gurb í sin céim sa bhfórsa có-nasctha atá ar có-réir eils an gcéim, i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus sa Ghárda Síochána (ar a n-áirítear an Civic Guard), a luaidhtear fé seach, sa chéad agus sa dara colún den sceideal san os coinne na céime sin, agus léireofar dá réir sin gach tagairt san Acht so do chéimeanna có-réire sna fórsaí sin uile agus fé seach no d'aon cheann acu.

Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath.

3. —An líomatáiste dá ngairmtí Ceanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath roimhe seo gairmfar Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath feasta dhe agus chun gach críche féadfar an amm sin do thabhairt air nuair a beifar ag tagairt do, agus is dá réir sin a léireofar an focal “Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath” in aon áit ina bhfuil sé san Acht so.

Athghairmeanna.

4. —Dintar leis seo na hAchtanna uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.