13 1925


Uimhir 13 de 1925.


ACHT CHÚIRT UACHTARACH NA DÁLA (PINSIN), 1925.


ACHT CHUN A ÚDARÚ GO nÍOCFAR PINSIN LE DAOINE A BHÍ I SEILBH OIFIGE MAR BHREITHIÚIN DEN CHÚIRT UACHTARAIGH A BUNUÍODH LE AITHNE A DHIN AN tAIRE UM GHNÓTHAÍ DÚITHCHE SA BHLIAIN 1920 AGUS É IN AINM BHEITH AG GNÍOMHÚ FÉ ÚDARÁS AN CHÉAD DHÁIL ÉIREANN. [27adh Abrán, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An brí atá le “Cúirt Uachtarach na Dála.”

1. —San Acht so cialluíonn an focal “Cúirt Uachtarach na Dála” an Chúirt Uachtarach a bunuíodh fé Aithne a dhin an tAire um Ghnóthaí Dúithche sa bhliain 1920 agus é in ainm bheith ag gníomhú fé údarás an Chéad Dháil Éireann.

Deona pinsean do dhaoine bhí ina mbreithiúin de Chúirt Uachtarach na Dála.

2. —(1) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le cead an Aire Airgid, pinsean le n-a shaol do dheona d'éinne a bhí i seilbh oifige mar bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála, do réir pé ráta is dó leis an Aire Dlí agus Cirt, le cead an Aire Airgid, is ceart, ach gan é dhul thar dhá dtrian den tuarastal bliantúil a bhí ag an duine sin á fháil mar bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála díreach sarar scuir sé de bheith i seilbh oifige mar bhreitheamh den tsórt san.

(2) Fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le pinsin do chur ar fionnraí agus le pinsin dúbalta do sheachaint, beidh gach pinsean a deonfar fén alt so iníoctha leis an té dá ndeonfar an pinsean san ón dáta ar ar scuireadh den tuarastal bliantúil a bhí don duine sin mar bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála d'íoc leis.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc gach pinsin a deonfar fén alt so.

Pinsin a deonfar fén Acht so do chur ar fionnraí.

3. —Más rud é, maidir le héinne dá ndeonfar pinsean fén Acht so, go mbeidh sé, tar éis an dáta óna mbeidh an pinsean san iníoctha fén Acht so, ag fáil no tar éis bheith ag fáil aon luach saothair no liúntais is iníoctha amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthair an tOireachtas, ansan—

(a) má bhíonn agus faid a bheidh an luach saothair no an liúntas san có-ionann leis an tuarastal no níos mó ná an tuarastal a bhí ag an duine sin á fháil mar bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála díreach sarar scuir sé de bheith i seilbh oifige mar bhreitheamh den tsórt san, cuirfar ar fionnraí iomlán an phinsin a deonadh don duine sin amhlaidh, agus

(b) má bhíonn agus faid a bheidh an luach saothair no an liúntas san níos lú ná an tuarastal san roimhráite, ní bheidh iníoctha den phinsean san ach oiread agus bheidh, tar éis an luach saothair no an liúntas san do chur leis, có-ionann le méid an tuarastail sin, agus raghaidh ar neamh-ní agus cuirfar ar fionnraí an chuid eile den phinsean san.

Chun pinsin dúbalta do sheachaint.

4. —Más rud é, tar éis rithte an Achta so, go ráineoidh d'éinne dá ndeonfar pinsean fén Acht so teacht i dteideal aon phinsin eile is iníoctha amach as an bPrímh-Chiste, no as airgead a sholáthair an tOireachtas, mar gheall ar aon oifig bhreithiúntais no oifig eile a bhí ar seilbh aige, ansan—

(a) má bhíonn agus faid a bheidh an pinsean eile sin cóionann leis an bpinsean no níos mó ná an pinsean a deonadh fén Acht so, cuirfar ar fionnraí iomlán an phinsin a deonadh fén Acht so, agus

(b) má bhíonn agus faid a bheidh an pinsean eile sin níos lú ná an pinsean a deonadh fén Acht so, raghaidh ar neamh-ní agus cuirfar ar fionnraí có-oiread an phinsin eile sin den phinsean a deonadh fén Acht so.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar Acht Chúirt Uachtarach na Dála (Pinsin), 1925 , do ghairm den Acht so.