An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. CAIN PHROIFIT CHORPARAIDE.) Ar Aghaidh (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.)

28 1925

ACHT AIRGID, 1925

CUID IV.

DIUITETHE STAMPA.

Diúité stampa ad valorem i gcás airgid choigríche.

46. —I gcás instruimid do bheith ionchurtha fé mhuirear diúité ad valorem maidir le hairgead in aon airgead nách airgead Briotáineach, áireofar an diúité sin do réir luach an airgid sin in airgead Briotáineach do réir an ráta mhalartáin a bheidh ann ar dháta na hinstruimide.

Saoirse o dhiúité stampa do chairteacha áirithe baileachais.

47. —(1) Aon chairt a thug fostathóir amach d'éinne dá fhostaithe do réir scéime chun baileachais do chur ar aghaidh imeasc na bhfostaithe sin agus tré n-a ndineann an fostathóir—

(a) a admháil go bhfuair sé airgead do lóisteáil an fostaí leis as a thuilleamh i bhfostaíocht an fhostathóra, agus

(b) a thógaint air féin an t-airgead san d'aisíoc leis an bhfostaí maraon le hús do réir téarmaí na scéime sin,

beidh sí saor o aon diúité stampa is inéilithe fén Stamp Act, 1891, no fé aon Acht le n-a leasuítear an céanna.

(2) San alt so foluíonn an focal “fostathóir” aon fhostathóir is cólucht daoine, ionchorpruithe no neamh-ionchorpruithe, chó maith le fostathóir is duine aonaránach.