31 1925


Uimhir 31 de 1925.


ACHT PHÁIRC AN FHIONN-UISCE, 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COINNEÁIL SUAS AGUS REGLEÁIL PHÁIRC AN FHIONN-UISCE, BAILE ÁTHA CLIATH, MAR PHÁIRC PHUIBLÍ, DO BHUANÚ, AGUS CHUN ORDÚ DO CHIMÉAD ANN, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Páirc” Páirc an Fhionn-Uisce i gContae Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an focal “Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an focal “constábla páirce” duine a cheap na Coimisinéirí fén Acht so chun bheith ina chonstábla pháirce.

Bainistí agus cúram na Páirce.

2. —Leanfidh bainistí agus cúram na Páirce de bheith dílsithe sna Coimisinéirí ach is fé réir agus do réir orduithe generálta an Aire a chó-líonfidh agus a fheidhmeoidh na Coimisinéirí an bhainistí agus an cúram san agus gach dualgas agus comhacht eile a cuirtar ar na Coimisinéirí no a dílsítear ionta leis an Acht so, no ar aon tslí eile, maidir leis an bPáirc.

An Pháirc do choinneáil i dtreo mar pháirc phuiblí.

3. —(1) Déanfidh na Coimisinéirí an Pháirc do choinneáil i dtreo mar pháirc phuiblí chun na críche generálta, caitheamh aimsire agus aoibhneas na puiblíochta, agus féadfid codacha áirithe den Pháirc do choinneáil i dtreo chun aon chrícheanna speisialta chun a bhfuil na codacha céanna no codacha eile den Pháirc á n-úsáid go dtí so, no chun crícheanna den tsórt chéanna fé mara cheadóidh an tAire.

(2) Féadfidh na Coimisinéirí o am go ham atharuithe agus feabhsuithe do dhéanamh ar shocrú, ar leaga amach, ar phlandú, ar dhréineáil, agus ar dhaingniú na Páirce fé mar is dó leo is ceart chun gach críche no aon chríche acu san adubhradh, agus go sonnrách féadfid o am go ham bóithre agus casáin nua do dhéanamh, d'oscailt, agus do choinneáil i dtreo sa Pháircs agus, o am go ham, bóithre agus casáin a bheidh sa Pháirc an uair sin do dhúna agus do bhrise ar fad, fé mar is dó leo is ceart.

(3) Le toil an Aire féadfidh na Coimisinéirí aon uair pé lóistí geata, lóistí dóirseoirí, siopaí oibre, tithe stórais, agus foirgintí eile do thógaint a chífar do sna Coimisinéirí a bheith riachtanach no oiriúnach chun an Pháirc do choinneáil i dtreo chun na gcrícheanna roimhráite.

Ceadúnaisí chun aon-tseilbh do ghlaca i gcodacha den Pháirc.

4. —(1) Fé réir tola an Aire agus fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh na Coimisinéirí ceadúnas do dheona d'éinne á údarú don duine sin aon chuid den Pháirc do dhaingniú dho féin agus aontseilbh do bheith aige inti chun aon chríche áirithe, agus an phuiblíocht do chimeád amach as an gcuid den Pháirc le n-a mbaineann an ceadúnas san, agus an phuiblíocht do leigint isteach sa chuid sin no in aon pháirt áirithe dhi ar íoc pé táille no ar chó-líona pé coiníoll eile is dó le sealbhóir an cheadúnais is ceart a éileamh no a chur ortha.

(2) Gach ceadúnas a deonfar fén alt so deonfar amhlaidh é fé réir pé coiníollacha is dó leis na Coimisinéirí is ceart a fhorchur, agus beidh gach ceadúnas den tsórt san incheiliúrtha ag na Coimisinéirí aon uair le toil no le hordú an Aire.

(3) Ní dhéanfidh na Coimisinéirí, le haon cheadúnas a dheonfid fén alt so, a údarú d'éinne, ar feadh aon tréimhse no tréimhsí is sia ar fad ná trí lá in aon bhliain amháin áirithe, aon daingniú ná déanmhacht eile do thógaint a chimeádfadh an phuiblíocht gan féachaint ar aon chluiche, taisbeántas, no siamsa eile, ná táillí d'éileamh ar dhaoine do leigint isteach in aon pháirt den Pháirc maran rud é—

(a) gur ceaduíodh deona an cheadúnais sin le rún o gach Tigh den Oireachtas; no

(b) gur leagadh dreacht an cheadúnais sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus nár dhin aon Tigh acu, laistigh den deich lá a shuidh an Tigh sin tar éis leaga an dreachta san fé n-a bhráid, rún do rith ag neacheadú deona an cheadúnais.

(4) Gach ceadúnas a dheon na Coimisinéirí go dtí so chun aontseilbh do ghlaca in aon chuid den Pháirc agus atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, leanfa sé i bhfeidhm do réir na dtéarmaí atá ann, ach beidh sé incheiliúrtha ag na Coimisinéirí aon uair le toil no le hordú an Aire.

An t-inníor sa Pháirc do chur ar cíos.

5. —Féadfidh na Coimisinéirí o am go ham inníor aon choda den Pháirc do chur chun éinne ar feadh pé tréimhse fé bhun bliana, agus fé réir pé cíos d'íoc agus pé coiníollacha do chó-líona, is dó leis na Coimisinéirí is ceart le cead an Aire.

Constáblaí páirce, cimeádaithe lóiste, etc., do cheapa.

6. —(1) Féadfidh na Coimisinéirí pé constáblaí páirce, cimeádaithe lóiste, geatóirí, oifigigh, fir oibre, agus seirbhísigh agus pé méid acu, do cheapa a mheasfidh na Coimisinéirí, le cead an Aire, a bheith riachtanach chun có-líona agus feidhmiú ceart do dhéanamh ar na dualgaisí agus na comhachta a cuirtar no a bronntar ortha, leis an Acht so no ar aon tslí eile, maidir leis an bPáirc.

(2) Gach éinne a cheapfidh na Coimisinéirí fén alt so ceapfar é amhlaidh ar pé téarmaí agus coiníollacha, agus fé n-a réir, agus ar pé luach saothair a shocróidh na Coimisinéirí le haontú an Aire.

Ciontathóirí sa Pháirc do chur amach agus do ghabháil.

7. —(1) Má dhineann éinne sa Pháirc agus i radharc constábla pháirce aon ghníomh atá ina chionta fé aon alt den Acht so no fé aon fho-dhlí a dineadh fén Acht so, no atá contrárdha d'aon fho-dhlí den tsórt san, féadfidh an constábla páirce sin, más in éide dho, an dá ní seo a leanas no ceachtar acu do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) ainm agus seola an duine sin d'éileamh air, no

(b) a ordú don duine sin an Pháirc d'fhágaint.

(2) Má dhineann éinne den tsórt san roimhráite diúltú dá ainm do thabhairt no diúltú dá sheola do thabhairt do chonstábla pháirce ar a éileamh san air don chonstábla pháirce sin mar adubhradh, no má thugann sé uaidh ainm no seola gurb eol don chonstábla pháirce no go bhfuil amhrus réasúnta aige é bheith fallsa no bréagach, féadfidh an constábla páirce an duine sin do ghabháil agus do thógaint ina chimeád gan barántas.

(3) Má dhineann éinne den tsórt san roimhráite diúltú no faillí maidir leis an bPáirc d'fhágaint nuair a hiarrfar san air mar adubhradh, feadfidh aon chonstábla páirce an duine sin do chur amach as an bPáirc le héigean no féadfa sé, gan barántas, an duine sin do ghabháil agus do thógaint i gcimeád.

(4) Má dhineann constábla páirce éinne do ghabháil fén alt so déanfa sé láithreach an duine sin do bhreith leis agus do thabhairt suas i gcimeád do chonstábla phóilíneachta chun go ndeighleálfar leis do réir dlí.

(5) Gach éinne a dhiúltóidh dá ainm do thabhairt uaidh, no a dhiúltóidh dá sheola do thabhairt uaidh, no a thabharfidh ainm no seola fallsa no bréagach uaidh, nuair a dhéanfidh constábla páirce, ag gníomhú fén alt so dho, a iarraidh air a ainm agus a sheola do thabhairt uaidh, no a dhéanfidh diúltú no faillí maidir leis an bPáirc d'fhágaint nuair a dhéanfidh constábla páirce, ag gníomhú fén alt so dho, a ordú dho an Pháirc d'fhágaint no, tar éis an Pháirc d'fhágaint no tar éis a churtha amach aisti, a thiocfidh thar n-ais chun na Páirce an la céanna, beidh, sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(6) I dteanta aon chomhachta eile atá dílsithe ann do réir dlí, beidh ag ball den Ghárda Síochána, a bheidh ar diúité sa Pháirc, na comhachta a tugtar do chonstáblaí páirce leis an alt so agus féadfa sé iad d'fheidhmiú.

Constáblaí páirce do bhac agus d'ionnsuidhe.

8. —Gach éinne a bhacfidh no a choiscfidh aon chonstábla páirce agus é ag feidhmiú aon cheann dá dhualgaisí no dá chomhachta go dleathach mar chonstábla páirce den tsórt san, pe'ca fén Acht so é no fé aon fho-dhlí a dineadh fé, agus gach éinne a ionnsóidh constábla páirce agus é ag feidhmiú aon dualgaisí no comhachtanna den tsórt san go dleathach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

Fostú agus comhachta póilíní sa Pháirc.

9. —(1) Beidh sé dleathach do bhaill den Ghárda Síochána bheith i mbun diúitéthe póilíneachta sa Pháirc mar atáid go dtí so.

(2) Féadfidh Coimisinéir an Ghárda Síochána rialacháin do dhéanamh i dtaobh na mbealach a gheobhaidh gluaisteáin, caráistí, cairteanna, agus feithiclí eile, agus capaill agus daoine, sa Pháirc go generálta no ar ócáidí speisialta, agus féadfa sé fós treoracha do thabhairt do bhaill an Ghárda Síochána chun ordathacht sa Pháirc, có-líona rialachán a dhin an Coimisinéir sin fén alt so, agus cólíona fo-dhlithe a dhin na Coimisinéirí fén Acht so, do chur i bhfeidhm.

(3) Gach éinne a dhéanfidh aon ghníomh no rud is brise no is sárú ar rialachán a dhin Coimisinéir an Ghárda Síochána fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén rialachán san agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Athghairmtear leis seo alt 28 den Dublin Carriage Act, 1853.

Féadfidh na Coimisinéirí fo-dhlithe do dhéanamh.

10. —(1) Féadfidh na Coimisinéirí, fé réir cheadú an Aire, fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) regleáil agus stiúra do dhéanamh maidir leis an bpuiblíocht no aon chuid díobh do bhaint úsáide agus aoibhnis as an bPáirc,

(b) na tráthanna d'ordú go mbeidh an Pháirc no aon chuid áirithe dhi ar oscailt don phuiblíocht,

(c) na modhanna agus na crícheanna d'ordú gur dá réir agus chúcha a fhéadfidh daoine a thagann ann an Pháirc no aon chuid di d'úsáid,

(d) údarú agus regleáil do dhéanamh ar tháillí d'éileamh ag na Coimisinéirí no ag éinne eile ar dhaoine do leigint isteach sa Pháirc no in aon chuid áirithe dhi ar aon ócáid no ócáidí áirithe nách sia ná trí lá ar fad in aon bhliain,

(e) na téarmaí do regleáil ar a ndeonfidh na Coimisinéirí ceadúnaisí chun aon-tseilbh do ghlaca ar chodacha den Pháirc, agus na coiníollacha do regleáil a chó-líonfidh daoine dá ndeonfar na ceadúnaisí sin,

(f) ordú agus dea-iompar do chimeád imeasc daoine a thagann isteach sa Pháirc no a úsáideann í,

(g) cráitisí sa Pháirc do chosc agus go sonnrách cosc na mbóthar agus na gcosán sa Pháirc do chosc,

(h) regleáil do dhéanamh ar iompar, dualgaisí, agus comhachtanna na gconstáblaí páirce agus oifigeacha agus seirbhíseacha eile na gComisinéirí maidir le daoine a thagann isteach sa Pháirc no a úsáideann í, ach ní i slí is go dtabharfí d'aon chonstábla, oifigeach no seirbhíseach den tsórt san aon chomhacht ghabhála ná phríosúntachta,

(i) na fíneála d'ordú a féadfar a ghearra mar gheall ar bhrise no ar shárú na bhfo-dhlithe uile fé seach, ach san i slí is ná raghaidh aon fhíneáil den tsórt san thar cúig púint agus déanfar fíneáil mhaximum agus san amháin, agus ní déanfar aon fhíneáil mhinimum, d'ordú amhlaidh,

(j) go generálta chun an Pháirc do choinneáil i dtreo agus do chimeád mar pháirc phuiblí chun na gcrícheanna a luaidhtear san Acht so.

(2) Gach éinne a dhéanfidh aon ghníomh no rud is brise no is sárú ar fho-dhlí a dineadh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-dhlí sin agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar pé fíneáil a luaidhtear chuige sin sa bhfo-dhlí sin do chur air no, mara luaidhtear aon fhíneáil den tsórt san, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint.

(3) Déanfar cóipeanna de sna fo-dhlithe uile a déanfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do phostáil sa Pháirc i pé slí agus áiteanna so-fheicse is dó leis na Coimisinéirí is fearr a thabharfidh fógra i dtaobh na bhfo-dhlithe sin do sna daoine a úsáideann an Pháirc.

(4) Gach fo-dhlí a déanfar fén alt so leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga na fo-dhlí sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur na fo-dhlí sin ar nea-mbrí beidh an fho-dhlí sin ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén bhfo-dhlí sin.

Cosaint d'Acht na dTailte Stáit, 1924 .

11. —Ní choiscfidh éinní san Acht so aon léas ná ceadúnas den tsórt a húdaruítear le h Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , do dhéanamh no do dheona fén Acht san maidir le haon tigh, beairic, no foirgint eile sa Pháirc, maraon leis na mion-tithe agus leis na tailte dúnta ar a mbítar i seilbh do ghnáth in éineacht leis, in úsáid anois no roimhe seo mar áit chomhnaithe oifigiúil no chun aon chríche oifigiúla no puiblí eile.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar Acht Pháirc an Fhionn-Uisce, 1925 , do ghairm den Acht so