An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. SRIAN LE DIOL BRADAN AGUS BREAC.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. RATAI ATHSCRUDUITHE NA nDIUITETHE CEADUNAIS.)

32 1925

ACHT IASCAIGH, 1925

CUID IV.

ILGHNEITHEACH.

Marcáil pacáistí ina bhfuil bradáin no bric.

23. —(1) O thosach feidhme na Coda so den Acht so amach beidh na focail “bradáin agus bric,” no an focal “bradáin” no an focal “bric,” fé mar is gá sa chás, marcálta go so-fheicse ar an taobh amuich de gach pacáiste ina bhfuil bradáin no bric agus é ar turus i Saorstát Éireann agus beidh ainm agus seola consighneoir an phacáiste marcálta air, leis no ar dhuillín a bheidh ceangailte dhe.

(2) Gach éinne a chuirfidh no a chonsighneoidh chun é d'iompar i Saorstát Éireann aon phacáiste ina bhfuil bradáin no bric agus é gan bheith marcálta sa tslí a héilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach éinne a iompróidh ar luach saothair, ar tír i Saorstát Éireann no ar muir o aon phort i Saorstát Éireann, aon phacáiste ina bhfuil bradáin no bric agus é gan bheith marcálta sa tslí a héilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh bradáin no bric sa phacáiste sin.

(4) Gach éinne a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí, no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile.

(5) Chun críche an ailt seo tuigfar pacáiste do bheith ar turus i Saorstát Éireann nuair a bheidh sé á iompar ar aon ghléas iompair in aon chor o aon áitreabh no áit i Saorstát Éireann go haon áitreabh no áit eile laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann no nuair a bheidh sé in aon áit, puiblí no príobháideach, le linn no chun críche a iompartha amhlaidh.

Comhachta chun scrúdú, iniúcha agus coinneáil do dhéanamh.

24. —(1) Gach ball den Ghárda Síochána agus gach oifigeach no seirbhíseach do bhord chimeádaithe go mbeidh údarás i scríbhinn aige ón mbord san chun na comhachta d'fheidhmiú a bronntar leis an alt so agus gach oifigeach don Aire go mbeidh údarás aige ón Aire chun na comhachta d'fheidhmiú a bronntar leis an alt so, tugtar comhacht agus údarás do leis seo chun gach ní no éinní de sna nithe seo a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) éinne do stad agus do chuardach atá no a creidtear a bheith ag iompar aon tsaghas éisc no aon instruimide, nimhe no pléascáin a húsáidtear no atá oiriúnach chun iasc do ghabháil go nea-dhlíthiúil agus aon iasc agus aon instruimid den tsórt san a gheobhfar a bheith ag an duine sin á iompar d'iniúcha agus chun na críche sin aon fheithicil no pacáiste d'oscailt agus do chuardach go bhfuil no go bhféadfadh an t-iasc no an instruimid sin bheith á iompar ann no go gcreidtear go bhfuil sé á iompar ann;

(b) gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh—

(i) in aon áitreabh ina ndintar no go gcreidtear go ndintar ann iasc do dhíol, no é do chimeád, do thaisbeáint, no do stóráil chun a dhíolta, no

(ii) in aon áitreabh go gcreidtear nimh no pléascán do bheith á chimeád ann atá ceaptha chun iasc do mhille, no

(iii) in áitreabh éinne i mbun gnó earraí d'iompar ar luach saothair, no

(iv) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán, no dug, no in aon áitreabh duga, no

(v) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(c) an t-iasc go léir a gheobhfar in aon áit go n-údaruítear do leis an alt so dul isteach ann d'iniúcha agus chuige sin, aon phacáiste d'oscailt a gheobhfar san áit sin agus go bhfuil no go gcreidtear go bhfuil iasc ann;

(d) aon bhád, báirse, currach, no árthach eile a húsáidtear no a creidtear a húsáidtear chun iascaigh, no ina bhfuil iasc a gabhadh go nea-dhlíthiúil no go bhfuiltear in amhrus go bhfuil a leithéid ann, do stad agus dul isteach ann agus é do chuardach ar aon abhainn, loch, no ribhéar no ar a chiumhsa san no ar aon pháirt den bhfaraige no ar a ciumhsa san agus an t-iasc go léir agus gach líon agus instruimid eile iascaigh a gheobhfar ann d'iniúcha agus, chuige sin, aon phacáiste d'oscailt go bhfuil no go bhfuiltear in amhrus go bhfuil aon iasc, líonta no instruimidí eile den tsórt roimhráite ann;

(e) aon iasc (i dteanta no d'éamais aon phacáiste ina bhfuil sé) do thógaint, d'aistriú, agus do choinneáil ina chimeád, a gheobhfar le linn bheith ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so agus go bhfuil no go bhfuiltear in amhrus go bhfuil cionta á dhéanamh ina thaobh fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, fén Acht Iascaigh, 1924 , no fén Acht so, no a gabhadh go nea-dhlíthiúil no go bhfuiltear in amhrus gur gabhadh mar sin é;

(f) aon líon no instruimid eile iascaigh do thógaint, d'aistriú, agus do choinneáil ina chimeád, no aon earra eile a dlightear no a creidtear a dlightear a gheallbhruide fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, no fén Acht Iascaigh, 1924 , no fén Acht so;

(g) ainm agus seola an té sin d'éileamh agus do thógaint go bhfuil i gcimeád aige aon iasc no earra eile go bhfuil údarás aige fén alt so chun é d'iniúcha agus fós ainm agus seola únaer an éisc no na hearra san d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

(2) Má choinníonn éinne aon iasc no earra eile ina chimeád fé údarás an ailt seo déanfa sé chó luath agus bheidh sé caothúil do pé nithe is ceart chun go ndeighleálfar do réir dlí leis an té atá ciontach no a creidtear a bheith ciontach sa chionta a dineadh no a creidtear a dineadh i dtaobh an éisc no na hearra eile sin.

(3) Má choinníonn éinne aon iasc ina chimeád fé údarás an ailt seo agus gur dócha go dtiocfidh an t-iasc san chun bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine sara mbeidh sé caothúil d'aon chúirt deighleáil leis an gcás, tabharfidh an duine sin an t-iasc san i láthair Feadhmannaigh Shíochána, agus má údaruíonn an Feadhmannach Síochána san do é dítheoidh sé an t-iasc san.

(4) Más dó le Feadhmannach Síochána ’na dtabharfar aon iasc ina láthair do réir an ailt seo gur ceart, agus an scéal mar atá, an t-iasc do dhíthiú, tabharfa sé don té a thug an t-iasc ina láthair deimhniú i scríbhinn ag tabhairt tuairisce ar an iasc agus ar aon mharcanna air, no comharthaí fé leith air, no nithe eile ina thaobh, a thaisbeáin an duine sin do, agus á údarú don duine sin an t-iasc do dhíthiú, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite i ngach cúirt i gcúrsaí gach dátáin den tsórt roimhráite a luaidhtear ann.

(5) Ní bheidh éinne freagarthach in aon chailliúint no damáiste a thiocfidh de dheascaibh no le linn aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so d'fheidhmiú marar thug an duine sin an chailliúint no an damáiste sin chun críche gan chúis gan abhar no go mailíseach.

(6) Gach éinne a choiscfidh no a bhacfidh éinne agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no a dhiúltóidh dá ainm agus dá sheola féin no d'ainm agus do sheola éinne eile (chó fada agus is eol do iad) do thabhairt uaidh nuair a héileofar go dleathach fén alt so iad, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá mhí.

Beidh ceapacháin oifigeach agus seirbhíseach fé réir ceadú ón Aire.

25. —(1) Gach ceapachán cléirigh no oifigigh no seirbhísigh eile a dhéanfidh aon bhord cimeádaithe tar éis tosach feidhme an Achta so, agus tuarastal, liúntaisí, agus sealbhaíocht oifige gach duine a ceapfar amhlaidh beid fé réir ceadú ón Aire agus ní raghaidh aon cheapachán den tsórt san in éifeacht mara ndintar ná go dtí go ndéanfar a cheadú ag an Aire do chur in úil don bhord i scríbhinn.

(2) Féadfidh an tAire a éileamh ar aon bhord cimeádaithe aon uair le fógra i scríbhinn aon chléireach no oifigeach no seirbhíseach eile don bhord do chur ar fionnraí o n-a dhiúité no do bhrise, agus má bhíonn bord cimeádaithe ar feadh tréimhse mí gan beart do dhéanamh do réir fógra fén alt so, féadfidh an tAire féin, le hordú, an cléireach no an t-oifigeach no an seirbhíseach eile a luaidhtear sa bhfógra do chur ar fionnraí o n-a dhiúité no do bhrise.

Comhacht don Aire chun búird chimeádaithe do scur.

26. —(1) Má bhíonn agus nuair a bheidh aon bhord cimeádaithe ar feadh tréimhse sé mí gan aon chruinniú do chomóra no, ar feadh tréimhse sé mí, gan a ndualgaisí do chólíona chun sástachta an Aire, féadfidh an tAire an bord san do scur, agus leis sin cuirfar toghachán nua do bhaill don bhord san ar siúl ar pé dáta (nách luatha ná coicíos ná nách déanaí ná sé seachtaine tar éis dáta an orduithe) a hordófar leis an ordú.

(2) Gach toghachán do bhaill do bhord chimeádaithe do réir an ailt seo cuirfar ar siúl agus stiúrófar é ar gach slí díreach mar is gá do réir dlí toghachán cinn trí mblian do bhaill an bhúird sin do chur ar siúl, ach an bord a toghfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach go dtí deire na tréimhse de thrí bliana dar toghadh an bord do scuireadh.

Comhacht don Aire chun ceanntair agus togha-ranna iascaigh d'atharú, etc.

27. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) teoranta aon cheanntair no togh-roinne iascaigh a bheidh ann ar dháta an orduithe d'atharú,

(b) aon dá cheann no breis de cheanntair no de thogh-ranna iascaigh a bheidh ann mar sin do chur le chéile,

(c) aon cheanntar no togh-roinn iascaigh a bheidh ann mar sin d'fho-roinnt,

(d) ceanntair iascaigh nua do bhunú,

(e) togh-ranna nua do bhunú i gceanntair iascaigh a bheidh ann ar dháta an orduithe,

(f) aon cheanntar iascaigh do bunuíodh (tré chur le chéile no tré fho-roinnt no i slí eile) fén alt so do roinnt ina dhá thogh-roinn no níos mó,

(g) an líon cimeádaithe do cheapa (líon ná beidh thar naonúr ná fé bhun triúr) a bheidh le togha d'aon toghroinn do bunuíodh (pe'ca tré chur le chéile no tré roinnt no fo-roinnt é no i slí eile) fén alt so no gur hatharuíodh a teoranta fén alt so, agus socrú do dhéanamh chun go dtoghfí cimeádaithe no daoine d'ainmniú é féin chun gníomhú mar chimeádaithe den tsórt san go dtí an chéad uair eile a bheidh toghacháin cinn trí mblian ann.

(2) Má dhineann an tAire, le hordú a déanfar fén alt so, aon cheanntar no togh-roinn iascaigh nua do bhunú (pe'ca tré chur le chéile no tré fho-roinnt é no i slí eile) no teoranta aon cheanntair no togh-roinne iascaigh a bheidh ann an uair sin d'atharú, ceapfa sé teoranta no teoranta nua (pe'ca aca é) an cheanntair no na togh-roinne sin leis an ordú san, agus ceanglóidh sé den ordú san mapa oiriúnach ag taisbeáint na dteoranta no na dteoranta nua san.

(3) Má dhineann an tAire, le hordú a déanfar fén alt so, teoranta aon cheanntair iascaigh d'atharú no aon cheanntar iascaigh d'fho-roinnt no dhá cheanntar iascaigh no níos mó do chur le chéile, no ceanntar iascaigh nua do bhunú, féadfidh an tAire, leis an ordú céanna no le hordú ina dhiaidh sin (agus údaruítear do leis seo é dhéanamh), a ordú go ndéanfar fé mar is dó leis an Aire is ceart a ordú agus a luadh san ordú san leis an airgead agus leis na sócmhainní eile no le haon chuid áirithe den airgead agus de sna sócmhainní eile a bheidh, ar dháta an orduithe, i lámhaibh bhord cimeádaithe aon cheanntair iascaigh le n-a mbainfidh an t-ordú, ach san fé réir fiachaisí an bhúird sin, agus nuair a déanfar aon ordú den tsórt san déanfar dá réir sin fé réir na bhfiachaisí sin leis an airgead agus leis na sócmhainní eile le n-a mbainfidh an t-ordú san.

(4) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so, foillseofar é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta (gan an mapa (más ann do) a bheidh ceangailte dhe, ach ráiteas ina theanta ar cá bhféadfar an mapa san (más ann do) d'iniúcha) san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear sna ceanntair iascaigh le n-a mbaineann an t-ordú, agus déanfar cóip den ordú san agus den mhapa (más ann do) a bheidh ceangailte dhe do lóisteáil le Cléireach na Síochána do gach contae agus le Cléireach Cúirte Dúithche gach dúithche go mbaineann an t-ordú san léi no le haon pháirt di, agus i ngach stáisiún leis an nGárda Síochána laistigh de sna ceanntair iascaigh le n-a mbaineann an t-ordú.

Aistrítear chun an Aire comhacht chun fo-dhlithe, etc., do dhéanamh.

28. —(1) I dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus dá éis sin na comhachta uile agus fé seach atá bronnta ar Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann no atá infheidhmithe ag an Roinn sin de bhua na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, chun fo-dhlithe, mínithe, rialacha, rialacháin, agus orduithe do dhéanamh, do cheiliúra no d'atharú, beid aistrithe chun an Aire, dílsithe ann agus infheidhmithe aige agus scuirfid de bheith infheidhmithe ag an Roinn roimhráite, agus aon athchomharc chun an Lord Lieutenant i gcomhairle i gcoinnibh aon fho-dhlithe, mínithe, rialacha, rialacháin, no orduithe den tsórt san do dhéanamh, do cheiliúra no d'atharú, scuirfe sé sin de bheith ann, leis.

(2) D'ainneoin aon athchomhairc a bheidh gan breith do bheith tugtha air ach gan dochar d'aon ordú a déanfar de bharr an athchomhairc sin, gach fo-dhlí, míniú, riail, rialachán agus ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so, tiocfid i bhfeidhm an lá a luadhfar chuige sin ionta agus mara luaidhtear a leithéid sin de lá tiocfid i bhfeidhm an t-ochtú lá fichead tar éis lá a ndéanta.

(3) Gach fo-dhlí, míniú, riail, rialachán agus ordú a dhéanfidh an tAire fen alt so, déanfar, chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, iad d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear sa cheanntar le n-a mbaineann an céanna agus laistigh de mhí tar éis teacht i bhfeidhm dóibh, lóisteálfar cóip de gach fo-dhlí, míniú, riail, rialachán agus ordú den tsórt san le Cléireach na Síochána do gach contae go mbainid léi no le haon pháirt di, agus le Cléireach Cúirte Dúithche gach Dúthaigh Cúirte go mbainid léi no le haon pháirt di, agus i ngach stáisiún leis an nGárda Síochána laistigh den líomatáiste le n-a mbainid.

(4) Einne ar a ngoillfidh fo-dhlí, míniú, riail, rialachán no ordú a dhin an tAire fé aon chomhacht dá n-aistrítear chuige leis an alt so, féadfa sé laistigh de choicís tar éis foillsithe na fo-dhlí, an mhínithe, na rialach, an rialacháin, no an orduithe sin san Iris Oifigiúil athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an chéanna, do réir rialacha cúirte a dineadh fé Chuid I den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , chun cúirte a bunófar chuige sin agus a bheidh có-dhéanta de bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh (a bheidh i gceannas) a hainmneofar ag Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus de dhá bhreitheamh den Ard-Chúirt a hainmneofar ag Uachtarán na hArd-Chúirte, agus an Chúirt a bunófar amhlaidh beidh comhacht aici chun an fho-dhlí, an míniú, an riail, an rialachán no an t-ordú go mbeifear ag athchomharc ina choinnibh do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén bhfo-dhlí, fén míniú, fén riail, fén rialachán no fén ordú, no dá réir, roimh dháta ordú na Cúirte.

(5) Gach ordú a dhéanfidh an Chúirt sin de bharr athchomhairc fén bhfo-alt san roimhe seo foillseofar é agus lóisteálfar cóipeanna dhe fé mar is gá do réir an ailt seo fodhlithe a dhéanfidh an tAire fén alt so d'fhoillsiú agus do lóisteáil.

Aistrítear chun an Aire comhacht chun oifigigh do cheapa.

29. —Gach comhacht atá dílsithe i Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann, no atá infheidhmithe ag an Roinn sin, chun báillí uisce no oifigigh eile do cheapa chun crícheanna na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, beid aistrithe chun an Aire, dílsithe ann, agus infheidhmithe aige agus scuirfe siad de bheith infheidhmithe ag an Roinn sin.

Fógra i gcóir cruinnithe agus fiosrúchán.

30. —D'ainneoin éinní contrárdha dho sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, is leor an fógra a tabharfar i gcóir aon fhiosrúcháin phuiblí no cruinnithe phuiblí a comórfar fé sna hAchtanna san má tugtar é ceithre lá déag ar a luíod roimh chomóra an fhiosrúcháin no an chruinnithe agus sa tslí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, sé sin le rá:—

(a) tré fhógraí clóbhuailte do scaipe i pé slí a cheadóidh an tAire, á rá cathin a comórfar an fiosrúchán no an cruinniú agus cá háit agus cadiad na nithe go bhféachfar isteach ionta no a breithneofar ag an bhfiosrúchán no ag an gcruinniú, agus

(b) tré fhógrán d'fhoillisiú aon uair amháin i bpáipeur no i bpáipéirí a léightear sa cheanntar, á rá cathin a comófar an fiosrúchán no an cruinniú agus cá háit agus cadiad na nithe go bhféachfar isteach ionta no a breithneofar ag an bhfiosrúchán no ag an gcruinniú.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha ná fuil deimhnithe anois.

31. —(1) Ní dhéanfidh éinne iascach le haon inneall seasmhach chun bradáin do ghabháil ná é úsáid ná é chur suas marar deonadh deimhniú i dtaobh an innill sheasmhaigh sin fén Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, no fén Fisheries (Ireland) Act, 1869, roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, agus go raibh sé ann, gan ceiliúra, an lá san.

(2) Gach éinne a dhéanfidh iascach le haon inneall seasmhach chun bradáin do ghabháil no é úsáid no é chur suas contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, geallbhruidfe sé an t-inneall seasmhach san agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus fíneáil eile ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lae a dineadh iascach leis an inneall san no a húsáideadh é no a bhí sé curtha suas.

Saoirsí chun síolraíochta agus chun crícheanna colaíochta.

32. —(1) Féadfidh an tAire, le deimhniú i scríbhinn, más oiriúnach leis é agus fé réir pé coiníollacha a luadhfa sé sa deimhniú, a údarú d'únaer áite iascaigh no, le toil an únaera san, d'éinne eile ainmnithe gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh in aon tsaosúr den bhliain, sé sin le rá:—

(a) breith no tabhairt fé bhreith ar aon bhradáin no bric laistigh de theoranta na háite iascaigh sin agus iad do bheith ar seilbh aige i gcóir síolraíochta agus breith no tabhairt fé bhreith ar bhradáin, ar bhric, agus ar eascoin óga no ar shaláin bhradán, bhreac, agus eascon chun an áit iascaigh sin no aon áit eile iascaigh do stocáil,

(b) eochair agus saláin bhradán, bhreac, agus eascon do cheannach no do dhíol i gcóir síolraíochta no chun an áit iascaigh sin no aon áit eile iascaigh do stocáil,

(c) breith no tabhairt fé bhreith ar aon iasc d'aon tsaghas a luaidhtear sa deimhniú agus é bheith ar seilbh aige chun crícheanna eolaíochta.

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho in aon cheann de sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, san Acht Iascaigh, 1924 , no san Acht so, féadfidh éinne dá ndeonfar deimhniú fén alt so, fé réir na gcoiníoll a luadhfar sa deimhniú, gach ní no éinní do dhéanamh a húdarófar do leis an deimhniú a dhéanamh.

Pionós mar gheall ar fholáramh do thabhairt do dhaoine atá ag iascach go neadhlíthiúil.

33. —Gach éinne a thabharfidh no a chuirfidh fé ndeár go dtabharfar no a chuideoidh no a chabhróidh chun go dtabharfar aon chomhartha no foláramh d'éinne atá ag iascach go neadhlíthiúil go bhfuil aon bháille, oifigeach do bhord chimeádaithe, no oifigeach dlí ag teacht, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Srian le hiascach eascon in aimsir choiscthe.

34. —Gach éinne a dhéanfidh go toiliúil, i rith aon aimsire a bheidh ceaptha de thurus na huaire do réir dlí mar aimsir choiscthe i gcóir eascon, eascoin do thógaint no d'iascach no cuidiú no cabhrú chun eascoin do thógaint no d'iascach in aon tslí eile ach le slait agus ruaim, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, geallbhruidfe sé gach eascú a tógadh no ar ar rugadh amhlaidh agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Leasú ar alt 78 den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

35. —Léireofar alt 78 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, agus beidh éifeacht aige fé is dá leigtí ar lár ann na focail “between sunset and sunrise.”

Rialacháin.

36. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud a horduíodh no atá á ordú no atá le hordú no a horduíodh le rialacháin a dineadh fén Acht so.

(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so cuirfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Cúiseamh mar gheall ar chiontaí, agus cad déanfar le fíneála.

37. —(1) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Riara), 1924 ( Uimh. 44 de 1924 ) le haon chúiseamh mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht Iascaigh, 1924 (Uimh. 6 de 1924) , no den Acht so.

(2) Chun crícheanna alt 19 den Fisheries (Ireland) Act, 1869, folóidh an focal “the Acts relating to salmon fisheries in Ireland” an tAcht Iascaigh, 1924 , agus an tAcht so, agus léireofar an t-alt san 19 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Costaisí.

38. —Gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar é, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid san.