39 1925


Uimhir 39 de 1925.


ACHT UAIREANTA SIOPAÍ (TRÁDÁLANNA AN ÉADAIGH I gCATHAIR AGUS I gCEANNTAIR BHAILE ÁTHA CLIATH), 1925.


ACHT CHUN A SHOCRÚ GO nDÚNFAR GO LUATH SIOPAÍ, I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS SNA BAILE-CHEANNTAIR MÓR-THIMPEAL, INA mBÍONN NA GNÓTHAÍ SEO NO AON CHEANN ACU AR SIÚL, EADHON, GNÓ ÉADATHÓRA, TÁILLIÚRA, GLÉASADÓRA, HAITÉARA, GÓISÉARA, LÁMHAINNÉORA, BRÓGADÓRA NO TROSCÁNADÓRA AGUS GRÉASADORA THROSCÁIN. [16adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Shops Act, 1912, agus gach focal agus abairt le n-a gcuirtar bríonna fé leith leis an Acht san beidh na bríonna san leo fé seach san Acht so.

Líomatáiste.

2. —An líomatáiste le n-a mbaineann an tAcht so beidh sé có-dhéanta de sna háiteanna so:—

Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath

Bailecheanntar Ráth Maonas

Bailecheanntar Phembróc

Bailecheanntar na Carraige Duibhe

Bailecheanntar Dhún Laoghaire

Bailecheanntar Dheilginse

Bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric

Bailecheanntar Bhinn Eadair.

An uair chun dúna ar an Satharn.

3. —Aon tsiopa atá sa líomatáiste le n-a mbaineann an tAcht so agus ina mbíonn na gnóthaí seo no aon cheann acu ar siúl, eadhon, gnó éadathora, táilliúra, gléasadóra, haitéara, góiséara, lamhainneora, brógadóra no troscánadóra agus gréasadóra throscáin, ní fhanfa sé ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon tSatharn tar éis leathuair tar éis a seacht a chlog tráthnóna ach amhain mar a foráltar ina dhiaidh seo anso: Ach ní bhainfidh an t-alt so leis an Satharn díreach roimh Dhomhnach Cásca, leis an Satharn díreach roimh Dhomhnach Cingcíse ná leis an Satharn díreach roimh Lá Nodlag.

Pionóisí.

4. —Má sháruíonn éinne forálacha an Achta so beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar púnt i gcás an chéad chionta, ná thar cúig púint i gcás an dara cionta, ná thar fiche púnt i gcás an tríú cionta no aon chionta ina dhiaidh sin:

Ach ní fhágfidh éinní san Acht so go bhféadfar pionós do chur ar dhuine mar gheall ar fhreastal do dhéanamh, tar éis na huaire chun dúna a luaidhtear in alt 3, ar aon chustuiméir a bhí sa tsiopa roimh an uair sin chun dúna.

Ath-achtú altanna 13 agus 14 den Shops Act, 1912.

5. —Na forálacha d'ailt 13 agus 14 den Shops Act, 1912, mar a hatharuítear le halt 21 den Acht san iad, beidh éifeacht ag na forálacha san, sa mhéid go bhfuilid ionchurtha i mbaint, fé is dá n-ath-achtuítí san Acht so iad agus san i dtéarmaí a cuirfí in oiriúint don Acht so.

Saoirse.

6. —Ní bhainfidh an tAcht so le siopa ná bíonn ar fostú ann aon uair i rith na seachtaine ach daoine de líntighe an fhostathóra féin agus iad ina gcomhnaí sa bhfoirgint dar cuid an siopa no le n-a ngabhann an siopa.

Tréimhse fheidhme.

7. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh an 15adh lá d'Iúl, 1925, agus fanfa sé i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig mblian ón dáta san agus ragha sé in éag ansan.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht Uaireanta Siopaí (Trádálanna an Eadaigh i gCathair agus i gCeanntair Bhaile Atha Cliath), 1925 , do ghairm den Acht so.