2 1926


Uimhir 2 de 1926.


ACHT SOLÁTHAR LEICTREACHAIS (COMHACHTA SPEISIALTA), 1926.


ACHT CHUN COMHACHTA SPEISIALTA DO BHRONNA AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR GHNÓTHAÍ ÁIRITHE SOLÁTHAR LEICTREACHAIS AGUS AR ÚNAERÍ STÁISIÚN GEINIÚNA LEICTREACHAIS CHUN GUR ECONOMICIÚLA-DE A BHEIDH AN SOLÁTHAR LEICTREACHAIS GO dTÍ GO mBEIDH LEICTREACHAS AR FÁIL A DÉANFAR FÉ ÚDARÁS REACHTÚIL LE hUISCE-CHOMHACHT A GHEOBHFAR Ó UISCÍ ABHA NA SIONAINNE. [27adh Eanair, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus an focal “gnóthaire údaruithe” agus gach focal eile dá dtugtar bríonna speisialta leis na Electricity (Supply) Acts, 1882 to 1919, tá acu na bríonna a tugtar dóibh amhlaidh.

Comhar idir gnóthairí údaruithe agus daoine eile.

2. —(1) I rith na tréimhse a luaidhtear ina dhiaidh seo anso féadfidh na daoine a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, le cead an Aire, agus déanfid, má éilíonn an tAire ortha é, socruithe do bhunú agus do chur in éifeacht chun cabhrú le n-a chéile i rith na tréimhse sin maidir le soláthar leictreachais do thabhairt agus do ghlaca agus leis an leictreachas a glacfar amhlaidh do roinnt agus do sholáthar agus le héinní no le haon rud a ghabhann no a bhaineann leis an tabhairt, an glaca, an roinnt, no an soláthar san.

(2) Siad daoine a fhéadfidh no a dhéanfidh (pe'ca aca é) socruithe den tsórt san roimhráite do bhunú ná—

(a) aon bheirt ghnóthairí údaruithe no níos mó, no

(b) aon ghnóthaire no gnóthairí údaruithe, agus aon únaer no únaerí stáisiún geiniúna bóthair iarainn no trambhealaigh, no stáisiún geiniúna eile.

(3) Sí tréimhse ina bhféadfar no ina ndéanfar (pe'ca aca é) aon tsocrú den tsórt san roimhráite do bhunú agus do chur in éifeacht ná an tréimhse o am rithte an Achta so go dtí an t-am 'na mbeidh ar fáil ag na gnóthairí údaruithe uile a bhunóidh an socrú soláthar leictreachais a déanfar fé údarás reachtúil le huisce-chomhacht a gheobhfar o uiscí Abha na Sionainne.

(4) Más do réir éilimh ón Aire a bunófar socrú chun comhair fén alt so, beidh téarmaí agus coiníollacha an tsocruithe fé réir chead an Aire agus, mara gcó-aontuítear ina dtaobh idir na páirtithe chun an tsocruithe, isé an tAire a shocróidh iad.

Unaer stáisiúin gheiniúna do sholáthar leictreachais.

3. —(1) Féadfidh únaerí aon stáisiúin gheiniúna bhóthair iarainn no thrambhealaigh no stáisiúin gheiniúna eile, fé réir chead an Aire, leictreachas do sholáthar, ar pé téarmaí agus coiníollacha a shocróidh an tAire mara gcó-aontuítear ina dtaobh, d'aon chaiteoir i rith aon tréimhse a thosnóidh tar éis rithte an Achta so agus a chríochnóidh nuair a bheidh no sara mbeidh ar fáil ag an gcaiteoir sin soláthar leictreachais a déanfar fé údarás reachtúil le huisce-chomhacht a gheobhfar o uiscí Abha na Sionainne.

(2) Más i líomatáiste soláthair ghnóthaire údaruithe don áitreabh dá mbeifear chun soláthar leictreachais do thabhairt fén alt so ní cheadóidh an tAire an soláthar do thabhairt fén alt so maran deimhin leis ná go dtí gur deimhin leis nách féidir no nách fonn leis an ngnóthaire údaruithe sin an soláthar do thabhairt uaidh.

Fo-chomhachta agus fofhorálacha.

4. —(1) Féadfidh gnóthaire údaruithe no únaer stáisiúin gheiniúna socrú chun comhair do bhunú agus do chur in éifeacht fén Acht so agus féadfidh únaer stáisiúin gheiniúna soláthar leictreachais do thabhairt fén Acht so do chaiteoir d'ainneoin éinní contrárdha dho san (lasmuich d'fhorálacha chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint) atá in aon Acht puiblí, generálta, áitiúil, pearsanta, no príobháideach (lasmuich de sna Telegraph Acts, 1863 to 1920) no in aon ordú sealadach no ordú eile.

(2) Má bunuítear socrú chun comhair fén Acht so, féadfidh an tAire (tar eis dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa), le hordú, comhachta a luadhfar (agus ar a n-áirítear comhachta chun bóithre, sráideanna, bóithre iarainn, agus trambhealaighe do reaba) do bhronna ar gach páirtí no ar aon pháirtí chun an tsocruithe, pé comhachta is gá chun an socrú do chur in éifeacht.

(3) Má chó-aontuíonn únaer stáisiúin gheiniúna bhóthair iarainn no thrambhealaigh no stáisiúin gheiniúna eile leictreachas do sholáthar do chaiteoir fén Acht so, féadfidh an tAire (tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa), le hordú, comhachta a luadhfar (agus ar a n-áirítear comhachta chun bóithre, sráideanna, bóithre iarainn, agus trambhealaigh do réaba) do bhronna ar an únaer sin, pé comhachta is gá chun an có-aontú san do chur in éifeacht.

(4) Aon chaipital do sholáthar a theastóidh o údarás áitiúil atá ina ghnóthaire údaruithe chun socrú chun comhair do bhunuigh an t-údarás áitiúil sin fén Acht so do chur in éifeacht, beidh san ar cheann de sna crícheanna chun a bhféadfidh an t-údarás áitiúil sin airgead d'fháil ar iasacht fé sna Electricity (Supply) Acts, 1882 to 1919.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Soláthar Leictreachais (Comhachta Speisialta), 1926 , do ghairm den Acht so.