3 1926


Uimhir 3 de 1926.


ACHT DRÉINEÁLA NA hABHANN MÓIRE, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SCÉIM DO CHEAPA AGUS DO CHUR I nGNÍOMH CHUN DRÉINEÁIL AIRTÉIREACH DO DHÉANAMH AR AN ABHAINN MHÓIR AGUS AR A SUAINMHEACHÁIN.[18adh Feabhra, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn an focal “an dreacht-scéim” an dreacht-scéim a ullamhóidh na Coimisinéirí fén Acht so;

cialluíonn an focal “an scéim” an scéim a dhaingneoidh an tAire Airgid fén Acht so;

cialluíonn an focal “an chomhairle chontae” comhairle Chontae Shligigh;

cialluíonn an focal “an ciste contae” ciste contae Chontae Shligigh;

foluíonn an focal “dréineáil” dréineáil le taosca, ina aonar no maraon le slí eile, agus is dá réir sin a léireofar gach focal atá gaolmhar leis;

na focail uile le n-a gcuirtar bríonna speisialta leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, isiad na bríonna speisialta a tugtar dóibh amhlaidh atá leo fé seach.

(2) I ngach tagairt san Acht so do thailte a dréineáladh no a moltar a dhréineáil, no do thailte a feabhsuíodh no a tairbhíodh le dréineáil no a moltar a fheabhsú no a thairbhiú amhlaidh, folóidh an focal “tailte” tailte, foirgintí, agus áitreabhacha de gach saghas. i mbaile no ar tuath.

Ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-scéim.

2. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-scéim dhréineála airtéirighe chun tuilliú ar an Abhainn Mhóir agus ar a shuainmheacháin do luíodú agus chun na hoibreacha is gá chuige sin do thabhairt chun críche agus chun pé oibreacha eile do thabhairt chun críche a chabhruíonn no a ghabhann leo san agus is dó leis na Comisinéirí is gá no is oiriúnach.

(2) Leis an dreacht-scéim déanfar, i gcorp na dreacht-scéime no le mapaí, tarraiceoireachtaí, pleananna, gearrtha, agus sceidil oiriúnacha a bheidh ceangailte dhi, na nithe seo a leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) na haibhní, na srutháin no na huiscí go moltar deighleáil leo agus na tailte a moltar a dhréineáil no a fheabhsú, agus

(b) na hoibreacha a moltar a dhéanamh, agus

(c) na tailte agus na háitreabhacha a moltar a thógaint go héigeanta, na héasáidí, na cirt uisce, agus na cirt eile go moltar iad do thógaint go héigeanta, do shriana, do stad, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, agus na bóithre agus na droichid (puiblí no príobháideach) go moltar iad do chasa, d'aistriú, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, agus

(d) sealbhairí rátuithe na dtailte uile agus fé seach a moltar a dhréineáil no a fheabhsú, luacha fé seach na dtailte sin uile agus fé seach, agus an méid is dócha a méadófí na luacha san fé seach de bharr na n-oibreacha a moltar do dhéanamh, agus

(e) na daoine atá in ainm bheith ina ndílseánaigh, ina n-únaerí, no ina sealbhairí rátuithe no eile ar na tailte agus ar na háitreabhacha, ar na héasáidí, ar na cirt uisce, agus ar na cirt eile, ar na bóithre agus ar na droichid phríobháideacha, ortha uile agus fé seach, go moltar iad do thógaint go héigeanta, do shriana, do stad no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile, agus meastachán ar an gcúiteamh a bheadh iníoctha leis na dílseánaigh, na húnaerí agus na sealbhairí sin fé seach mar gheall ar an tógaint éigeanta, an sriana, an stad, an cur isteach, no an bhaint sin, agus

(f) an líomatáiste go bhfuil ceanntar dréineála fé leith le déanamh de ar chríochnú na n-oibreacha a moltar, agus

(g) meastachán ar chostas na n-oibreacha a moltar do dhéanamh agus ar chaithteachaisí generálta na molta atá sa dreacht-scéim do thabhairt chun críche.

(3) Na caithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag ullamhú na dreacht-scéime beid ina gcuid de sna caithteachaisí generálta a bhainfidh leis an dreacht-scéim do chur i ngníomh agus íocfar iad dá réir sin.

Foillsiú na dreacht-scéime.

3. —(1) Nuair a hullamhóidh na Coimisinéirí an dreacht-scéim déanfidh na Coimisinéirí—

(a) fógra d'fhoillsiú tré fhógrán do chur san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear i gContae Shligigh, fógra á rá go bhfuiltar tar éis an dreacht-scéim do dhéanamh, agus cadiad na bailte fearainn le n-a mbaineann sí, agus ag ainmniú áite comhgaraí in ar féidir an dreacht-scéim (agus na mapaí agus na scríbhinní eile go léir ceangailte dhi) no cóip di d'iniúcha, agus

(b) cóip den bhfógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar gach éinne atá ina shealbhaire rátuithe ar thailte a moltar sa dreachtscéim a dhréineáil no a fheabhsú agus ar gach éinne atá in ainm bheith ina dhílseánach, ina únaer, no ina shealbhaire ar thailte, ar chirt, no ar mhaoin eile go moltar sa dreacht-scéim iad do thógaint go héigeanta no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile agus fós, i gcás gach duine atá in ainm bheith ina dhílseánach, ina únaer, no ina shealbhaire den tsórt san, fógra á chur in úil do go moltar leis an dreacht-scéim talamh no ceart éigin no maoin éigin eile is leis no atá ar seilbh aige do thógaint go héigeanta no cur isteach air no deighleáil leis (agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcur-isteach no ar an deighleáil sin (más ann do) agus ar an maoin sin), agus

(c) cóip den bhfógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar an údarás áitiúil 'na bhfuil sé de chúram air aon bhóthar no droichead puiblí do choinneáil i dtreo 'na moltar sa dreachtscéim é do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí eile air agus fós fógra ag innsint don údarás áitiúil sin mar gheall ar an gcasa, ar an aistriú no ar an gcur-isteach eile a moltar amhlaidh.

(2) Beidh i ngach fógra a seirbheálfar fén alt so ar shealbhaire rátuithe no ar dhuine atá in ainm bheith ina dhílseánach, ina únaer, no ina shealbhaire, no beidh ag gabháil leis, ráiteas no fógra á éileamh ar an sealbhaire rátuithe sin, no ar an duine sin atá in ainm bheith ina dhílseánach, ina únaer, no ina shealbhaire, má tá aon agóid aige i gcoinnibh na dreacht-scéime no i gcoinnibh aon mhapa no scríbhinne eile atá ceangailte dhi, an agóid sin do chur in úil do sna Coimisinéirí sa tslí agus laistigh den aimsir (nách giorra ná mí) a luaidhtear sa bhfógra.

(3) I gceann na tréimhse a bheidh ceaptha sna fógraí sin chun agóidí i gcoinnibh na dreacht-scéime do chur in úil do sna Coimisinéirí scrúdóidh na Coimisinéirí gach agóid den tsórt san do cuireadh in úil dóibh go cuibhe agus féadfid pé atharuithe agus maoluithe (más ann dóibh) is dó leo is ceart do dhéanamh ar an dreacht-scéim.

(4) Tar éis do sna Coimisinéirí na hagóidí sin (más ann dóibh) do bhreithniú, agus an dreacht-scéim do shocrú agus do mhola sa deire, déanfid an dreacht-scéim, agus í socruithe agus molta amhlaidh, do thíolaca don Aire Airgid chun í do dhaingniú.

Féadfidh an tAire Airgid an scéim do dhaingniú.

4. —(1) Nuair a thíolacfidh na Coimisinéirí an dreacht-scéim don Aire Airgid féadfidh an tAire Airgid, le hordú, an dreachtscéim do dhaingniú gan í d'atharú no tar éis pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur-leis no fágaint-ar-lár) is dó leis is ceart do dhéanamh uirthi.

(2) Laistigh de mhí tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú, déanfidh na Coimisinéirí fógra do sheirbheáil ar gach éinne atá in ainm bheith ina dhílseánach, ina únaer, no ina shealbhaire ar aon talamh, ceart, no maoin eile 'na moltar sa scéim é do thógaint go héigeanta no cur isteach air no baint leis ar aon tslí eile, fógra á chur in úil do go bhfuil an tAire Airgid tar éis an scéim do dhaingniú agus go bhfuil sé ar aigne talamh no ceart éigin no maoin éigin eile is leis an duine sin no atá ar seilbh aige do thógaint go héigeanta no cur isteach air no deighleáil leis (agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcur-isteach no ar an deighleáil sin (más ann do) agus ar an maoin sin).

Tabharfidh na Coimisinéirí an scéim chun críche nuair a bheidh sí daingnithe.

5. —Nuair a bheidh ordú déanta ag an Aire Airgid fén Acht so ag daingniú na scéime, tosnóidh na Coimisinéirí ar an scéim do thabhairt chun críche agus chuige sin oibreoidh an t-ordú chun comhacht do bhronna ar na Coimisinéirí—

(a) chun na hoibreacha a luaidhtear sa scéim do dhéanamh agus do chríochnú maraon le gach cur-leo, fágaint-arlár ionta, atharú ortha, agus casa-i-leataoibh uatha, a bheidh réasúnta agus a gheobhfar a bheith riachtanach le linn na hoibre, agus

(b) chun dul isteach ar aon talamh no in aon áitreabh agus gach gníomh agus ní do dhéanamh ann a bheidh riachtanach do réir réasúin, no a eireoidh, i ndéanamh no i gcríochnú na n-oibreacha, maraon le gach cur-leo, fágaint-ar-lár ionta, atharú ortha, agus casa-i-leataoibh uatha mar adubhradh, agus

(c) chun na rudaí seo uile agus fé seach do thógaint go héigeanta, eadhon, na tailte agus na háitreabhacha, na héasáidí, na cirt uisce agus na cirt eile a moltar sa scéim a thógaint go héigeanta agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, chun dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabhacha acu san no aon cheann de sna héasáidí, de sna cirt uisce, agus de sna cirt eile sin d'fheidhmiú aon uair tar éis daingnithe na scéime agus sara ndéanfar na tailte, na háitreabhacha, na héasáidí, ná na cirt sin do leithliú ná a bpraghas d'fháil amach, agus

(d) chun srian no stad do chur leis na nithe seo, no chun cur isteach ortha ar aon tslí eile, eadhon, aon éasáidí, cirt uisce, no cirt eile go moltar sa scéim srian no stad do chur leo no cur isteach ortha ar aon tslí eile go héigeanta, agus chun bóithre no droichid do chasa no d'aistriú, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, eadhon, aon bhóithre no droichid go moltar sa scéim iad do chasa no d'aistriú no cur isteach ortha ar aon tslí eile, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, chun éinní de sna nithe roimhráite do dhéanamh aon uair tar éis daingnithe na scéime agus sara ndéanfar aon leithliú ná fáil-amach cúitimh maidir le héinní acu, agus

(e) chun gach gníomh agus ní eile do dhéanamh is dó leis na Coimisinéirí a bheidh riachtanach no ceart no a eireoidh do réir réasúin maidir leis an scéim do thabhairt chun críche go cuibhe, agus ná fuil aon tsocrú fé leith ina dtaobh san Acht so.

Modh ceaptha méid an chúitimh.

6. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú, tosnóidh na Coimisinéirí ar na rudaí seo uile agus fé seach do thógaint, eadhon, na tailte agus na háitreabhacha, na héasáidí, na cirt uisce agus na cirt eile a moltar sa scéim a thógaint go héigeanta, agus, mara ndintar có-aontú ina thaobh, ceapfar fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, an cúiteamh a híocfar as na tailte, na háitreabhacha, agus na cirt sin leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chúcha no estáití no leasanna acu ionta, no go bhfuil teideal acu chun na dtailte agus na n-áitreabhacha, no estáití no leasanna acu sna tailte agus sna háitreabhacha, ar a bhfuil na cirt sin le tógaint.

(2) Maidir le méid an chúitimh is iníoctha—

(a) le héinne mar gheall ar shrian no stad do chur le haon éasáid, ceart uisce, no ceart eile go héigeanta no mar gheall ar chur isteach air go héigeanta ar aon tslí eile no mar gheall ar aon bhóthar no droichead príobháideach do chasa no d'aistriú no mar gheall ar chur isteach air ar aon tslí eile fén scéim no dá réir, no

(b) le haon údarás no cólucht, go bhfuil sé de chúram ortha aon bhóthar no droichead puiblí do choinneáil i dtreo, mar gheall ar an mbóthar no ar an droichead san do chasa no d'aistriú no mar gheall ar chur isteach air ar aon tslí eile fén scéim no dá réir,

mara ndintar có-aontú ina thaobh, ceapfar é fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, díreach fé is dá mb'é an cúiteamh san an praghas a bheadh ar thalamh a tógfí go héigeanta.

(3) Nuair a bheidh cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le haon tailte, áitreabh, no ceart atá i seilbh no in úsáid no as a bhfuil tairbhe á bhaint maraon le haon mhuileann no monarcha no atá mar chuid dá leithéid, cuimhneofar ar aon tairbhe a thagann no a thiocfidh as aon fheabhsú ar chomhacht uisce an mhuilinn no na monarchan san no as buaine an tsoláthair uisce a thagann chuige no as fuascailt o chúl-uisce, feabhsú, buaine, no fuascailt nách miste, do réir réasúin, súil do bheith le n-a theacht de bharr na hoibreacha do dhéanamh fén scéim.

(4) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, leis an gcúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí agus leis na leithlithe a déanfar chun na gCoimisinéirí ar thailte, ar áitreabhacha, agus ar chirt fén Acht so, agus chun crícheanna na bainte sin tuigfar gurb iad na Coimisinéirí bunathóirí an ghnótha.

(5) Ní luighfidh aon aicsean i gcúrsaí dlí ná cothruim i gcoinnibh na gCoimisinéirí ná i gcoinnibh éinne dá n-oifigigh ná dá seirbhísigh i dtaobh aon ghnímh, ní, ná ruda go bhfuil cúiteamh iníoctha ina thaobh de bhua an ailt seo.

Airgead do sholáthar chun na hoibreacha do thabhairt chun críche.

7. —An t-airgead is gá chun íoctha na gcostaisí agus na gcaithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag tabhairt na scéime chun críche agus ag déanamh na n-oibreacha a luadhfar inti (airgead ar a n-áirítear gach cúiteamh agus airgead eile is iníoctha agus gach fo-chostas) soláthrófar é mar leanas:—

(a) íocfidh na Coimisinéirí amach as airgead atá fé n-a gcúram agus is iontabhartha ar iasacht suim £8,860 (ocht míle ocht gcéad agus seasca punt), agus roimhíoc na gCoimisinéirí isea a gairmtear den chuid sin de sna costaisí agus de sna caithteachaisí roimhráite san Acht so uaireanta, agus

(b) íocfidh an tAire Airgid amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a mbeidh de bhreis ag na costaisí agus ag na caithteachaisí sin ar an roimh-íoc o sna Coimisinéirí.

Ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-mhola.

8. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh na hoibreacha uile atá le déanamh fén scéim críochnuithe, ullamhóidh agus foillseoidh na Coimisinéirí dreacht-mhola le n-a ndéan far, i gcorp an mholta no le mapaí, tarraiceoireachtaí, pleananna, gearrtha, agus scéidil oiriúnacha a bheidh ceangailte dhe, na nithe seo a leanas do thaisbeáint:—

(a) i dtéarmaí generálta, na tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh agus na hoibreacha a dineadh do réir na scéime, agus

(b) na tailte áirithe a dréineáladh no a feabhsuíodh, sealbhairí rátuithe na dtailte sin, agus na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte sin atá i seilbh na sealbhairí rátuithe sin fé seach, agus

(c) na méideanna fé seach do b'fhiú, ar dháta daingnithe na scéime, na caindíochtaí sin uile agus fé seach de sna tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh agus na méideanna a méaduíodh na méideanna san fé seach tríd na hoibreacha san do dhéanamh, agus

(d) na cionúireachtaí ina mbeidh ar na tailte sin a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh an ráta dréineála d'íoc.

(2) Beidh sa dreacht-mhola san, leis, i bhfuirm dreachta, na forálacha uile agus fé seach is gá chun go ndéanfí gach ní no rud no chun socrú i gcóir gach ní no ruda gur gá do réir an Achta so é rá sa mhola dheiridh no é dhéanamh no socrú ina chóir tríd an mola deiridh.

(3) Nuair a beifear á shocrú, chun crícheanna an dreachtmholta no an mholta dheiridh, cadiad na cionúireachtaí ina mbeidh an ráta dréineála le n'íoc ag na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh, cuimhneoidh na Coimisinéirí ar mhéid na tairbhe no an fheabhais a dintar do sna tailte sin fé seach no a cuirtar ortha tríd an scéim do thabhairt chun críche.

Foillsiú fógraí i dtaobh an dreacht-mholta.

9. —(1) Nuair a ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-mhola fén Acht so, foillseoidh na Coimisinéirí tré fhógrán do chur san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear sa cheanntar le n-a mbainfidh an mola deiridh nuair a bheidh sé déanta, fógra á rá go bhfuiltar tar éis an dreacht-mhola d'ullamhú agus cadiad na bailte fearainn le n-a mbaineann sé agus ag ainmniú áite comhgaraí in ar féidir an dreacht-mhola (agus na mapaí agus na scríbhinní eile go léir ceangailte dhe) no cóip de d'iniúcha, agus á rá, leis, go ndéanfar fiosrúchán puiblí i dtaobh an dreacht-mholta san am (nách luatha ná trí seachtaine tar éis céad-fhoillsiú an fhógra san) agus san áit a luaidhtear sa bhfógra.

(2) San am agus san áit a luaidhtear chuige sin sna fógraí a foillsíodh do réir an fho-ailt sin roimhe seo, déanfidh duine a cheapfidh na Coimisinéirí chuige sin fiosrúchán puiblí i dtaobh an dreacht-mholta, agus gach éinne gur dó leis an té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin go mbainfadh an mola deiridh leis no go ndéanfadh sé difir do dá mba i bhfuirm an dreacht-mholta a déanfí é, beidh teideal aige chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil (i bpearsain no tré atúrnae no tré abhcóide) agus fianaise do chur ar nochta ag an bhfiosrúchán san.

(3) An té a bheidh ag déanamh fiosrúcháin den tsórt san roimhráite déanfa sé, nuair a bheidh an fiosrúchán san críochnuithe, tuarasgabháil do thabhairt do sna Coimisinéirí air agus tar éis an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhóibh féadfidh na Coimisinéirí pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur-leis no fágaint-ar-lár) is dó leo is ceart do dhéanamh sa dreacht-mhola.

(4) Nuair a bheidh na Coimisinéirí sásta leis an dreacht-mhola tar éis pé atharuithe (más ann dóibh) den tsórt roimhráite do dhéanamh air déanfid mola deiridh i dtéarmaí an dreacht-mholta le n-a bhfuilid sásta amhlaidh agus oibreoidh an mola deiridh sin fé mar adeirtear ina dhiaidh seo san Acht so.

(5) Cuirfidh na Coimisinéirí fé ndeár fíor-chóip den mhola dheiridh do dhéanamh agus, tré chúl-scríbhinn uirthi, deimhneoid í bheith ceart agus ansan cuirfid an mola deiridh ar an rolla in Oifig Bhreacachán agus Riteacha na hArd-Chúirte agus coinneoid an chóip dheimhnite sin den mhola dheiridh ina gcimeád féin.

(6) Nuair a bheidh an mola deiridh curtha ar an rolla go cuibhe do réir an ailt seo ní bheidh aon dul thairis agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe uile, agus aon chóip di a tabharfar amach agus a deimhneofar ag an oifigeach ceart den Ard-Chúirt beidh sí ina fianaise dho-chlaoite ar an mola deiridh do bheith déanta go cuibhe agus beidh sí ina fianaise dho-chlaoite, leis, ar a bhfuil sa mhola dheiridh.

Aisíoc an airgid do roimh-íoc na Coimisinéirí.

10. —(1) Oibreoidh an mola deiridh chun go gcuirfadh sé agus déarfar ann go gcuireann sé mar mhuirear ar an gciste contae roimh-íoc na gCoimisinéirí agus an t-ús air sin agus an tsuim bhliantúil, cúig céad go leith punt, is iníoctha fén Acht so in íoc an roimh-íoca agus an úis sin.

(2) Mar lán-chúiteamh agus mar lán-íoc i roimh-íoc na gCoimisinéirí agus san ús air sin íocfidh an chomhairle chontae leis na Coimisinéirí an tsuim bhliantúil, cúig céad go leith punt, ag tosnú an 1adh lá den chéad Abrán tar éis dáta an mholta dheiridh agus ón lá san amach agus ag leanúint go ceann dachad blian ón dáta san agus í le n'íoc i dtráth-choda leath-bhliantúla có-ionanna gach 30adh lá de Mheán Fhomhair agus gach 31adh lá de Mhárta sa dachad bliain sin, agus an chéad íocaíocht leath bhliantúil acu san le n'íoc an 30adh lá den chéad Mheán Fhomhair tar éis tosnú don tsuim bhliantúil sin.

(3) Is amach as an airgead a chruinneoidh an chomhairle chontae tríd an ráta dréineála a híocfar an tsuim bhliantúil sin cúig céad go leith punt agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an t-airgead san, is amach as an gciste contae a híocfar í agus, mara n-íoctar agus sa mhéid ná híocfar amhlaidh an tsuim bhliantúil sin cúig céad go leith punt féadfidh na Coimisinéirí í do bhaint den chomhairle chontae le haicsean dlí.

(4) Gach airgead a gheobhaidh na Coimisinéirí ón gcomhairle chontae ar scór na suime bliantúla san cúig céad go leith punt déanfidh na Coimisinéirí, i pé slí a ordóidh an tAire Airgid, é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do shocrú chun tairbhe don Chiste sin.

Ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh.

11. —Oibreoidh an mola deiridh chun go ndéanfadh sé agus déarfar ann go ndineann sé ceanntar dréineála fé leith den líomatáiste a luaidhtear ann chuige sin.

Na hoibreacha dréineála do choinneáil i dtreo.

12. —(1) An dualgas agus an chomhacht chun na hoibreacha dréineála is abhar don mhola dheiridh do choinneáil dea-dheisithe agus i dtreo mhaith agus in ordú ceart éifeachtúil chun oibre agus chun gach ní agus rud do dhéanamh is gá, do réir réasúin, chuige sin no a bhaineann leis do réir réasúin, oibreoidh an mola deiridh chun iad do mhuirearú, d'fhorchur, agus do bhronna ar an gcomhairle chontae agus déarfar ann go ndineann sé amhlaidh.

(2) I rith gach bliana den chéad dhachad bliain airgeadais áitiúil tar éis dáta an mholta dheiridh cruinneoidh an chomhairle chontae tríd an ráta dréineála an tsuim míle agus caoga punt agus as san cuirfar an tsuim cúig céad go leith punt chun íoctha na suime bliantúla san cúig céad go leith punt is iníoctha ag an gcomhairle chontae leis na Coimisinéirí fén Acht so agus, fé réir forálacha an ailt seo, cuirfidh an chomhairle chontae an tsuim cúig céad punt chun íoctha na gcostaisí agus na gcaithteachaisí fé n-ar chuadar an bhliain sin i gcólíona an dualgais a bheidh ortha fén alt so, eadhon, na hoibreacha dréineála san do choinneáil i dtreo.

(3) Más rud é, in aon bhliain den dachad bliain airgeadais áitiúil sin, go mbeidh na costaisí agus na caithteachaisí sin níos lú ná an tsuim cúig céad punt is ionchurtha chun a n-íoctha do réir an ailt seo an bhliain sin, coinneoidh an chomhairle chontae an bhreis a bheidh ag an suim sin ar mhéid na gcostaisí agus na gcaithteachaisí sin agus cuirfid í mar chabhair chun íochta na gcostaisí agus na gcaithteachaisí fé n-a raghaid i gcólíona an dualgais sin acu pé bliain airgeadais áitiúil is oiriúnach leo féin ina dhiaidh sin

(4) Más rud é, in aon bhliain den dachad bliain airgeadais áitiúil sin, go mbeidh na costaisí agus na caithteachaisí sin níos mó ná an tsuim cúig céad punt, féadfidh an chomhairle chontae an bhreis a bheidh ag na costaisí agus ag na caithteachaisí sin ar an suim sin d'íoc amach as an gciste contae ach ní dhéanfid, in aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe, níos mó ná céad punt d'íoc amach as an gciste contae fén alt so.

(5) Is tríd an ráta dréineála a cruinneofar gach costas agus caithteachas fé n-a raghaidh an chomhairle chontae i gcólíona an dualgais sin acu tar éis deire an dachad bliain airgeadais áitiúil sin.

Conus a deighleálfar le tailte, etc., a tógfar fe scéimeanna dréineála.

13. —(1) Ag ullamhú an dreacht-mholta dhóibh, féachfidh agus socróidh na Coimisinéirí, maidir le haon tailte, áitreabhacha, éasáidí, cirt uisce, agus cirt eile a thógadar do réir na scéime, ce'ca táid no ná fuilid agus, má táid, ce'ca cinn atá, nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil i gcóir na n-oibreacha dréineála no chun na hoibreacha san do choinneáil i dtreo agus d'oibriú sa cheart.

(2) Oibreoidh an mola deiridh chun go ndílseodh sé agus déarfar ann go ndílsíonn sé sa chomhairle chontae na hoibreacha dréineála a dhin na Coimisinéirí do réir na scéime, maraon le gach talamh, áitreabh, éasáid, ceart uisce, agus ceart eile a thóg na Coimisinéirí do réir na scéime lasmuich d'aon tailte, áitreabhacha, éasáidí, cirt uisce, agus cirt eile acu san a shocruigh na Coimisinéirí fén alt so a bheith nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil mar adubhradh.

(3) Gach talamh, áitreabh, éasáid, ceart uisce, agus ceart eile acu san a shocróidh na Coimisinéirí amhlaidh a bheith nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil mar adubhradh, díolfidh na Coimisinéirí iad no deighleálfid leo ar shlí éigin eile chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé cuma a cheapfidh an tAire Airgid.

Buala an ráta dréineála.

14. —(1) Gach airgead a éilíonn an tAcht so ar an gcomhairle chontae a chruinniú tríd an ráta dréineála, cruinneofar é tré ráta (dá ngairmfar an ráta dréineála) a cuirfar ar shealbhairí rátuithe na dtailte adeirtar, sa mhola dheiridh, a dréineáladh no a feabhsuíodh, agus san do réir na gcionúireachtaí ina ndeirtar, sa mhola dheiridh sin, an ráta dréineála do bheith iníoctha ag na tailte sin.

(2) Buailfar an ráta dréineála in aon am amháin agus fé réir an aon athchomhairc amháin leis an ráta dealbhais agus, más oiriúnach leis an gcomhairle chontae é, féadfar é bhailiú in éineacht leis an ráta dealbhais agus pé scéal é beidh sé inghearr-tha, iníoctha, agus ionbhainte amach díreach sa tslí chéanna ina bhfuil agus tríd na meadhoin chéanna tré n-a bhfuil ráta dealbhais inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach.

(3) I gcás sealbhaire rátuithe aon tailte, foirgintí, no áitribh atá rátuithe ar scór ráta dhréineála do bheith ina theanta san ina shealbhaire rátuithe ar thailte, ar fhoirgintí, no ar áitreabh eile atá mar chuid den ghabháltas, den bhfeirm, no den tionóntachán ina bhfuil na tailte, na foirgintí no an t-áitreabh a céad-luaidhtear, féadfar aon tsuim a cuirfar ar an sealbhaire rátuithe sin ar scór ráta dhréineála fén alt so do chur air agus do bhailiú uaidh agus do bhaint de fé is dá mb'ar scór a sheilbhe ar iomlán an ghabháltais, na feirme, no an tionóntacháin sin a bheadh an tsuim sin iníoctha.

Comhairlí contae do chruinniú airgid.

15. —Is tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán a cruinneofar gach airgead a húdaruítear no a horduítear don chomhairle chontae, leis an Acht so, a íoc amach as an gciste contae, agus fós gach costas fé n-ar chuaidh an chomhairle sin ag feidhmiú an Achta so agus ná socruítear leis an Acht so ar aon tslí eile chun é chruinniú.

Baint na nAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924.

16. —Bainfidh na hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, leis an gceanntar dréineála a déanfar fén Acht so ach go ndéanfar na hatharuithe seo ortha, eadhon, ná déanfar le haon ordú muirir a déanfar fé sna hAchtanna san aon mhuirear eile seachas an muirear breise a horduítear, le halt 8 den Acht chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1924 , a dhéanamh leis agus, na suimeanna agus an t-ús a muirearófar leis ar an gciste contae, gur amach as airgead a chruinneoidh an chomhairle chontae tré ráta dhréineála fén Acht so (agus údaruítear don chomhairle chontae leis seo an ráta san do bhuala) a íocfidh an chomhairle iad agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an t-airgead san, gur amach as an gciste contae a íocfid iad.

Scrúdú ceanntair agus oibreacha dréineála.

17. —Gan dochar do dhualgaisí agus do chomhachta na gCoimisinéirí fé sna hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, déanfidh na Coimisinéirí an ceanntar dréineála a déanfar fén Acht so agus na hoibreacha dréineála ann do scrúdú uair amháin ar a luíod i ngach cúig bliana, agus láithreach tar éis gach scrúduithe den tsórt san cuirfidh na Coimisinéirí chun na comhairle contae tuarasgabháil ar stáid deisiúcháin agus ar chor ghenerálta na n-oibreacha dréineála san.

Dualgaisí na gCoimisinéirí maidir le bóithre agus droichid phuiblí.

18. —Má socruítear agus sa mhéid go socruítear leis an scéim dhréineála chun bóthar no droichead puiblí do chasa no d'aistriú no chun aon chur isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) más gá an bóthar no an droichead do dhúna do thrácht de dheascaibh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim do bheith á ndéanamh déanfidh na Coimisinéirí agus coinneoid i dtreo, faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh do thrácht, bóthar no droichead sealadach is leor chun pé méid agus pé saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san do ghnáth;

(b) nuair a bheidh no sara mbeidh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim críochnuithe cuirfidh na Coimisinéirí an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no déanfid bóthar no droichead nua buan is leor chun an trácht céanna (an méid agus an saghas céanna) d'iompar a bhíodh an seana-bhóthar no an seanadhroichead in án a iompar, agus ná beidh puinn níos neamh-oiriúnaí fánaidh agus lúb ná an seana-bhóthar no an seana-dhroichead san;

(c) má dhineann na Coimisinéirí droichead nua buan agus gur mó go mór na buntáistí a thugann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide fheabhsuithe do thabhairt dóibh no ar aon tslí eile, deimhneoidh na Coimisinéirí costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dó leis ba chóir, do réir réasúin, a bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfidh an chomhairle sin suim chó mór leis an gcuid a deimhníodh amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí bóithre contae no bailecheanntair (pe'ca aca é) do choinneáil i dtreo, agus íocfidh an chomhairle sin leis na Coimisinéirí í;

(d) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon na Coimisinéirí forálacha an ailt seo no nár dhin, agus iad ag déanamh aon bhóthair no droichid, sealadach no buan, no á choinneáil i dtreo no á chur ina sheana-riocht, do réir an ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó go mór na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o dhroichead nua bhuan a dhin na Coimisinéirí ná ón seana-dhroichead, no nách ea, tabharfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí breith ar an amhrus, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Conus a stiúrófar fiosrúcháin phuiblí.

19. —(1) Gach éinne a bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí fén Acht so beidh comhacht aige, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, fínnithe do ghairm agus a éileamh go dtabharfar leabhair agus scríbhinní eile i láthair, agus éinne a gairmfar amhlaidh agus a bheidh gan bheith i láthair ag an bhfiosrúchán agus fianaise do thabhairt uaidh ann agus éinne a theipfidh no a dhiúltóidh maidir le haon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a héilíodh air amhlaidh a thabhairt i láthair, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(2) Is fé mhionn a tabharfar gach fianaise ag aon fhiosrúchán puiblí fén Acht so, agus tugtar comhacht leis seo don té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin na fínnithe do chur fén mionn san, agus éinne a thabharfidh fianaise bhréagach uaidh ag aon fhiosrúchán den tsórt san beidh sé ciontach i mionn bréagach agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí fén Acht so beidh teideal aige chun an fiosrúchán do chur ar athló fé mar is oiriúnach leis agus beidh aige, leis, comhacht chun iniúcha agus scrúdú do dhéanamh ar aon tailte agus áitreabhacha le n-a mbaineann an scéim dhréineála no an mola go mbeidh an fiosrúchán á dhéanamh ina taobh no le n-a mbaineann aon chur i gcoinnibh na scéime no an mholta san agus chun dul isteach ar na tailte sin agus sna háitreabhacha san chun na críche sin.

Seirbheáil fógraí, etc.

20. —Gach fógra agus scríbhinn eile atá le seirbheáil ag na Coimisinéirí fén Acht so féadfar é sheirbheáil tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha, i gclúdach a bheidh dírithe chun an té ar a bhfuil sé le seirbheáil, ag á ghnáth-sheola no ag an seola is déanaí is eol a bheith aige, no, marab eol aon tseola den tsórt san agus go mbaineann an fógra no an scríbhinn le haon tailte, ceart, no maoin, ag na tailte sin no ag an áit ina bhfuil an ceart no an mhaoin sin, agus gach fógra no scríbhinn eile a seirbheálfar amhlaidh tuigfar gur seirbheáladh é an uair a déanfí an clúdach ina bhfuil sé do sheachada i ngnáth-chúrsa an phuist ag an seola a luaidhtear ar an gclúdach.

Ciontaí agus pionóisí.

21. —(1) Gach éinne—

(a) a bhacfidh go toiliúil na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh agus iad ag feidhmiú aon chomhachta no ag cólíona aon dualgais dá mbronntar no dá bhforchuirtar ar na Coimisinéirí leis an Acht so no fé, no

(b) a stracfidh anuas, a aistreoidh, no a dhíobhálfidh aon oibreacha a bheidh na Coimisinéirí á dhéanamh fén Acht so, no

(c) a aistreoidh, a dhíobhálfidh, no a agha-loitfidh aon phionnaí, cuaillí, no marcanna do shocruigh no do dhin na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh chun no le linn aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú no aon cheann de sna dualgaisí do chólíona a bronntar no a forchuirtar ar na Coimisinéirí leis an Acht so no fé, no

(d) a chaithfidh no a chuirfidh aon fhiaile, clocha, cré no abhar soladach eile no a chuirfidh fé ndeár no a cheadóidh aon abhar soladach den tsórt san do thuitim no do ghabháil isteach in aon chúrsa uisce go bhfuil na Coimisinéirí ar tí aon oibreacha do dhéanamh no ag déanamh aon oibreacha ina thaobh fén Acht so, agus san i slí is go mbacfar, go gcoiscfar, no go moilleofar na hoibreacha san, no

(e) a chuirfidh no a thógfidh aon iadhtán, corra, no constaic eile in aon chúrsa uisce den tsórt san roimhráite gan cead o sna Coimisinéirí,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Gach éinne a dhéanfidh, tar éis na hoibreacha dréineála a déanfar fén Acht so do bheith críochnuithe—

(a) bac do chur go toiliúil leis an gcomhairle chontae no le haon oifigeach no seirbhíseach don chomhairle chontae agus iad ag feidhmiú aon chomhachta dá mbeidh acu no ag cólíona aon dualgais dá mbeidh ortha maidir leis na hoibreacha dréineála, no

(b) na hoibreacha dréineála no aon chuid díobh do straca anuas, d'aistriú, no do dhíobhála ar aon tslí, no

(c) bac do chur le huisce do rith chun na n-oibreacha dréineála no tríotha no uatha i slí is go ndéanfí a n-oibriú éifeachtúil do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar na hoibreacha san no ar aon tailte a dréineáltar leo,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a chiontóidh cúirt údaráis achmair i gcionta fén alt so dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile, agus fós i gcás cionta leanúnaigh dlighfar é chur fé fhíneáil (i dteanta aon fhíneála den tsórt san roimhráite) ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar na hoibreacha dréineála do bheith á ndéanamh go dtí go mbeidh an mola deiridh ina dtaobh déanta fén Acht so agus o am déanta an mholta san amach tuigfar iad do bheith críochnuithe.

Féadfidh coistí fo-dhlithe do dhéanamh.

22. —(1) Féadfidh an chomhairle chontae fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) oscailt, dúna, agus oibriú comhlaí uisce, haistí, geataí tuile, agus meaisínteachta eile sna hoibreacha dréineála do regleáil;

(b) bainistí agus oibriú na n-oibreacha dréineála do regleáil go generálta;

(c) daoine do thoirmeasc ar aon chúrsa uisce a bheidh ag rith chun na n-oibreacha dréineála no tríotha no uatha do stopa no do shailiú no abhar soladach do chur ann i slí is go ndéanfí oibriú éifeachtúil na n-oibreacha do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar aon tailte a dréineáltar leis na hoibreacha;

(d) aon díobháil no damáiste do sna hoibreacha dréineála o éinne no aon chur isteach ortha o dhaoine neamhúdaruithe do thoirmeasc;

(e) a fhéachaint do chur ar dhaoine go bhfuil ortha aon chúrsa uisce no dréin do choinneáil i dtreo an céanna do chimeád glan agus sciúrtha;

(f) na pionóisí d'ordú a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú na bhfo-dhlithe ach gan aon phionós den tsórt san do bheith níos mó ná fíneáil chúig púint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaí, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma trí mí.

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon fho-dhlí a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí í, agus ar bheith daingnithe amhlaidh do gach fo-dhlí den tsórt san tiocfa sí i ngníomh ar an dáta d'orduigh an tAire sin chuige sin agus é ag daingniú na fo-dhlí no, mara n-orduítear aon dáta den tsórt san amhlaidh, tiocfa sí i ngníomh láithreach tar éis an daingnithe sin.

(3) Einne a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú aon fho-dhlí a dineadh fén alt so féadfidh an chúirt sin é do dhaora chun aon phionóis nách mó ná an pionós a horduíodh leis na fo-dhlithe sin ar scór an tsáruithe sin no, i gcás nár horduíodh aon phionós amhlaidh, chun aon phionóis nách mó ná fíneáil chúig púint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaí, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

Gearr-theideal.

23. —Féadfar Acht Dréineála na hAbhann Móire, 1926 , do ghairm den Acht so.