6 1926


Uimhir 6 de 1926.


ACHT UM OIRIÚNÚ CAIRTEANNA, 1926.


ACHT CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR CAIRTEANNA 'NA bhFUIL FEIDHM DLÍ ACU I SAORSTÁT ÉIREANN DO CHUR IN OIRIÚINT DO CHÚRSAI SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE A BHAINEANN LE CÓLUCHTAÍ REACHTÚLA DO CHUR I mBAINT LE CÓLUCHTAÍ ATÁ BUNUITHE DO RÉIR CHAIRTE. [5adh Márta, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Oiriúnú Cairteanna.

1. —(1) Ar aon Chairt 'na bhfuil feidhm dlí aici i Saorstát Éireann de bhua Airtiogal 73 den Bhunreacht féadfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, pé oiriúnuithe agus atharuithe do dhéanamh is dó leis an Ard-Chomhairle is gá chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCairt sin i Saorstát Éireann.

(2) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach gach ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so agus mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh ceachtar do dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leagtha an orduithe sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh éifeacht ag an ordú san fé is dá n-achtuítí san Acht so é, ach ní oibreoidh aon rún den tsórt san chun dochair do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

Leasú ar alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 .

2. —(1) Bainfidh alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ) le haon bhord coimisinéirí no bord no cólucht eile a bunuíodh agus a rialuítear le cairt agus a fheidhmíonn aon fheidhm rialtais no a chólíonann aon dualgaisí puiblí maidir le riarachán puiblí.

(2) Tuigfar gur bord no cólucht reachtúil chun crícheanna an ailt sin 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 , aon bhord no cólucht a bunuíodh le cairt agus a rialuítear le reacht no i bpáirt le reacht agus i bpáirt le cairt, agus fós aon bhord no cólucht a bunuíodh le reacht agus a rialuítear le cairt no i bpáirt le cairt agus i bpáirt le reacht.

Leasú ar alt 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 .

3. —(1) Tuigfar gur bord no cólucht reachtúil chun crícheanna alt 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), aon bhord no cólucht a bunuíodh agus a rialuítear le cairt agus fós aon bhord no cólucht a bunuíodh le cairt agus a rialuítear le reacht no i bpáirt le reacht agus i bpáirt le cairt agus, ina theanta san, aon bhord no cólucht a bunuíodh le reacht agus a rialuítear le cairt no i bpáirt le cairt agus i bpáirt le reacht.

(2) Chun crícheanna an ailt sin 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , folóidh na focail “aon bhord coimisinéirí a bunuíodh le hordú ón Ard-Chomhairle fé alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 )” bord coimisinéirí a bunuíodh le hordú ón Ard-Chomhairle fén alt san 7 mar a leasuítear leis an Acht so é.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht um Oiriúnú Cairteanna, 1926 , do ghairm den Acht so.