13 1926


Uimhir 13 de 1926.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1926.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A SÉ FICHEAD AGUS MÍLE, NAOI gCÉAD, A SEACHT FICHEAD.

[31adh Márta, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£232,162 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1926.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim Dhá Chéad agus Dhá Mhíle Tríochad, Céad agus Seasca a Dó de Phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad, a sé fichead.

£8,685,048 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1927.

2. —Féadfidh an tAire Airgid suim Ocht Milleon, Sé Chéad agus Cúig Míle Ochtód, Dachad a hOcht de Phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad, a seacht fichead.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Ocht Milleon, Naoi gCéad agus Seacht Míle Dhéag, Dhá Chéad a Deich de Phúint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid urusanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chúntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1926 , do ghairm den Acht so.