Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

14 1926


Uimhir 14 de 1926.


ACHT COIGHNEÁLA, 1926.


ACHT CHUN A ÚDARÚ GO SOLÁTHRÓFAR AGUS GO dTABHARFAR AMACH COMHARTHAÍ COIGHNEÁLTA D'AIRGEAD BÁN, DE NIOCAL AGUS D'UMHA, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN CHOIGHNEÁIL SIN DO REGLEÁIL AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [13adh Abrán, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid.

Monaí d'airgead bán, de niocal, agus d'umha do sholáthar agus do thabhairt amach.

2. —(1) Féadfidh an tAire monaí d'airgead bán, de niocal agus d'umha, de sna saghsanna san uile agus fé seach a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do sholáthar agus do thabhairt amach, agus féadfa sé pé nithe is dó leis is ceart do dhéanamh chun na monaí sin do sholáthar agus do thabhairt amach.

(2) I ngach mona a tabharfar amach fén Acht so beidh an riail-mheáchaint agus an riail-fhíneáltacht a luaidhtear do sa dara colún agus sa tríú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ach lomhálfar do sna monaí uile den tsórt san an leigheas (no an claona ón riail-mheáchaint no ón riailfhíneáltacht) a luaidhtear dóibh fé seach sa chúigiú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Ná saghsanna monaí uile agus fé seach a tabharfar amach fén Acht so, beidh acu fé seach i gcomórtas leis an sabhran na luachanna codánacha adeirtar sa cheathrú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(4) Féadfidh an tAire, le hordú, tomhais agus pátrún na saghsanna monaí uile agus fé seach a tabharfar amach fén Acht so d'ordú, agus gach mona a tabharfar amach fén Acht so beidh sé do réir na dtomhas agus an phátrúin a hordófar amhlaidh do.

Monaí a tugadh amach fén Acht so do ghlaoch isteach.

3. —Féadfidh an tAire, le hordú, monaí d'aon dáta no saghas áirithe a tugadh amach fén Acht so do ghlaoch isteach.

Toirmeasc ar mhonaí no ar chomharthaí eile.

4. —(1) Lasmuich de mhonaí a thabharfidh an tAire amach fén Acht so agus dá réir, ní déanfar ná ní tabharfar amach i Saorstát Éireann aon phíosa d'airgead bán, de niocal, de chopar, ná d'umha, ná d'aon mhiotal no miotal measctha eile d'aon luach in aon chor mar mhona ná mar chomhartha ar airgead ná fé mar a bheadh sé le tuisgint uaidh go raibh teideal ag á shealbhóir aon luach a bheadh marcálta air d'éileamh.

(2) Gach éinne a dhéanfidh no a thabharfidh amach aon phíosa de mhiotal no de mhiotal mheasctha contrárdha don alt so beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

Tairsgint dleathach i monaí d'airgead bán, de niocal, no d'umha.

5. —(1) Má tairgtar airgead d'íoc i monaí d'airgead bán no d'umha a thug an tAire amach fén Acht so, agus nár glaodhadh isteach fén Acht so, no i monaí den tsórt san go leathrannach agus i monaí Briotáineacha go leathrannach, no i monaí Briotáineacha amháin, beidh san ina thairsgint dleathach chó fada le suim nách mó ná dachad scilling d'íoc ach gan dul thairis sin, i gcás monaí d'airgead bán, agus chó fada le suim nách mó ná scilling d'íoc ach gan dul thairis sin, i gcás monaí d'umha.

(2) Má tairgtar airgead d'íoc i monaí de niocal a thug an tAire amach fén Acht so agus nár glaodhadh isteach fén Acht so, beidh san ina thairsgint dleathach chó fada le suim nách mó ná cúig scillinge d'íoc ach gan dul thairis sin.

(3) San alt so cialluíonn an focal “monaí Briotáineacha” monaí d'airgead bán no d'umha a tugadh amach fé sna Coinage Acts, 1870 to 1920, sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí no sa Bhreatain Mhóir agus nár glaodhadh isteach fé sna hAchtanna san sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí ná sa Bhreatain Mhóir ná nár faisnéiseadh le hordú fén Acht so a bheith scurtha de bheith ina dtairsgint dleathach.

Chun deire do chur le tairsgint dleathach i monaí Briotáineacha d'airgead bán, no d'umha.

6. —Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú, dáta d'ordú 'na scuirfidh monaí d'airgead bán, de gach saghas no d'aon tsaghasanna áirithe, a tugadh amach fé sna Coinage Acts, 1870 to 1920, sa Ríocht Aontuithe a bhí ann le déanaí no sa Bhreatain Mhóir, no monaí d'umha, de gach saghas no d'aon tsaghsanna áirithe, a tugadh amach sa tslí chéanna, de bheith ina dtairsgint dleathach dá éis go generálta no chun aon chrícheanna áirithe a luadhfar san ordú san agus má dintar aon ordú den tsórt san scuirfidh na monaí le n-a mbaineann sé de bheith ina dtairsgint dleathach do réir an orduithe sin.

An t-airgead reatha ina ndéanfar connartha, etc.

7. —Gach connra, díol, íoc, bille, nóta, instruimid, agus urrús ar airgead, agus gach gnó, deighleáil, ní agus rud riamh a bhaineann le hairgead no le n-a ngabhann íoc no oblagáid íoctha aon airgid, gach ní acu a déanfar, a críochnófar, a nascfar, a ceanglófar, no a bheidh ag duine, is do réir na monaí a bheidh ag rith agus ina dtairsgint dleathach fé sna Coinage Acts, 1870 to 1920 (sa mhéid ná hathghairmtear leis an Acht so iad) no fén Acht so, agus ní har aon tslí eile, a déanfar, a críochnófar, a nascfar agus a ceanglófar an céanna agus a bheidh sé ag duine, maran do réir airgid reatha stáit no tíre éigin lasmuich de Shaorstát Éireann a déanfar, a críochnófar, a nascfar, no a ceanglófar é no a bheidh sé ag duine.

An bhaint a bheidh ag achtacháin áirithe.

8. —(1) Bainfidh an Coinage Offences Act, 1861, le monaí a tabharfar amach fén Acht so, agus chun crícheanna na bainte sin déanfar na tagairtí in alt 1 den Acht san do mhona no d'aon tsórt áirithe mona ag rith go dleathach de bhua aon fhurógra no éinní eile in aon pháirt de Thiarnaisí a Soillse do léiriú fé mar a bheidís ag folacha tagairtí do mhonaí no don tsórt áirithe sin monaí ag rith go dleathach i Saorstát Éireann de bhua an Achta so, agus déanfar na tagairtí san alt san do mhona d'airgead bán do léiriú mar thagairtí a fholuíonn mona niocail.

(2) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na rudaí seo a leanas leis an Table of Prohibitions and Restrictions Inwards san alt san, sé sin le rá, airgead bréagach ag aithris ar mhonaí a tugadh amach fén Acht so agus aon mhonaí no airgead go dtuigfí ortha gur monaí iad a tugadh amach fén Acht so ach ná fuil an riailmheáchaint no ná fuil an riail-fhíneáltacht ionta a horduítear leis an Acht so.

(3) Bainfidh alt 2 den Revenue Act, 1889, le haithris ar mhonaí a tugadh amach fén Acht so, agus chun críche na bainte sin déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (4) den alt san do mhonaí ag rith go dleathach de bhua aon fhurógra no éinní eile in aon pháirt de Thiarnaisí a Soillse do léiriú fé mar a bheadh sé ag folacha tagartha do mhonaí ag rith go dleathach i Saorstát Éireann de bhua an Achta so.

Comhacht ghenerálta chun orduithe.

9. —Féadfidh an tAire, le hordú, éinní no aon rud d'ordú is gá no is oiriúnach a ordú le hordú chun lán-éifeacht do thabhairt don Acht so.

Foillsiú agus tosach feidhme orduithe.

10. —Gach ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle no an tAire fén Acht so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus tiocfidh gach ordú den tsórt san i ngníomh ar an dáta (nách luatha ná lá déanta an orduithe) a luadhfar chuige sin san ordú no, mara luaidhtear amhlaidh aon dáta den tsórt san, ar lá déanta an orduithe.

Costaisí agus sochar tabhairtamach na monaí.

11. —(1) Is amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis a roimh-íocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire ag cur an Achta so in éifeacht.

(2) An sochar a thiocfidh as aon mhonaí do thabhairt amach fén Acht so íocfar isteach sa Stát-Chiste é.

Athghairm.

12. —Athghairmtear leis seo, sa mhéid a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, na hailt seo a leanas den Coinage Act, 1870, sé sin le rá:—

(a) ailt 4 agus 5 ach amháin sa mhéid go mbainid le monaí óir, agus

(b) alt 6 go hiomlán.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar an tAcht Coighneála, 1926 , do ghairm den Acht so.