Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

22 1926


Uimhir 22 de 1926.


ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (ÚDARÁIS SCURTHA), 1926.


ACHT CHUN AN TRÉIMHSE D'FHAIDIÚ ATÁ CEAPTHA LE hALT 72 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925 , CHUN TOGHACHÁIN NUA DO CHOMÓRA CHUN BAILL DO THOGHA CHUN ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA ÁIRITHE DO SCUIREADH FÉ ALT 12 DEN ACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 .

[18adh Meitheamh, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, agus

cialluíonn an focal “údarás áitiúil” an ní a chialluíonn sé san Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

Faidiú aimsire do thoghacháin nua

2. —(1) Ach amháin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, ní bhainfidh fo-alt (5) d'alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ) le haon údarás áitiúil dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so (eadhon, údaráis áitiúla do scuireadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo i dtaobh gach údaráis áitiúla dhíobh san a luaidhtear sa Sceideal san a ghabhann leis an Acht so go ndéanfidh an tAire le hordú, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1929, a chur fé ndeár toghachán nua do bhaill den údarás áitiúil sin do chomóra agus, ar chríochnú an toghacháin nua san, go ndílseoidh maoin, comhachta, agus dualgaisí uile an údaráis áitiúla scurtha san sa chólucht a toghfar amhlaidh, d'ainneoin go mb'fhéidir gur haistríodh an céanna chun aon chóluchta, daoine no duine eile fé cheachtar de sna hAchtanna san a luaidhtear anso roimhe seo.

(2) Má dintar aon údarás áitiúil díobh san a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do scur fén alt san 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , aon uair tar éis toghachán nua do bhaill de do chomóra fén alt so, bainfidh an fo-alt san (5) den alt san 72, o am an scurtha san amach, leis an údarás áitiúil do scuireadh amhlaidh, fé is dá mba ná rithfí an tAcht so.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 , do ghairm den Acht so.