Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

32 1926


Uimhir 32 de 1926.


ACHT UM OIDEACHAS PHRÍOMH-SCOILE (TALMHAÍOCHT AGUS EOLAÍOCHT DÉIRÍOCHTA), 1926.


ACHT CHUN COLÁISTE NA hEOLAÍOCHTA AGUS COLÁISTE TALMHAÍOCHTA ALBERT D'AISTRIÚ CHUN COLÁISTE NA PRÍOMH-SCOILE, BAILE ÁTHA CLIATH; CHUN SOCRÚ AIRGEADAIS AGUS EILE DO DHÉANAMH CHUN ROINN TALMHAÍOCHTA DO BHUNÚ AGUS DO CHOINNEÁIL SUAS I gCOLÁISTE NA PRÍOMH-SCOILE, BAILE ÁTHA CLIATH, AGUS CHUN AN COLÁISTE SIN D'FHEIDHMIÚ NA bhFEIDHMEANNA ATÁ Á gCÓLÍONA GO dTÍ SO AG COLÁISTE NA hEOLAÚOCHTA AGUS AG COLÁISTE TALMHAÍOCHTA ALBERT FÉ SEACH; CHUN SOCRÚ AIRGEADAIS AGUS EILE DO DHÉANAMH CHUN ROINN EOLAÍOCHTA DÉIRÍOCHTA DO BHUNÚ I gCOLÁISTE NA PRÍOMH-SCOILE, CORCAIGH; CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH MAIDIR LE hÁRUS DO PHRÍOMH-SCOIL NÁISIÚNTA NA hÉIREANN; AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH, CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE, AR AN IRISH UNIVERSITIES ACT, 1908. [17adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An lá ceaptha.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an lá ceaptha” pé lá nách luatha ná an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1926, ná nách déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, a cheapfidh an tAire Oideachais le hordú chun bheith ina lá ceaptha chun crícheanna an Achta so, ach mara ndinidh an tAire sin, roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1926, lá do cheapa amhlaidh chun bheith ina lá ceaptha amhlaidh, ciallóidh an focal san an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1926.

Aistriú Coláiste na hEolaíochta chun Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath.

2. —(1) Chó luath agus bheidh sé caothúil tar éis rithte an Achta so, aistreoidh an tAire Airgid chun Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, le díntiúir fé n-a shéala oifigiúil, na tailte agus na háitreabhacha a tuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, lasmuich de sna heisceachtaí agus fé réir na bhfrithchimeádas a luaidhtear sa Sceideal san, ar feadh téarma naoi mblian nóchad ón lá ceaptha fé réir pé ainmchíos is dó leis an Aire sin is ceart ach gan a dhul thar chúig scillinge agus fé réir pé cumhnantaí ar thaobh Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath agus pé coiníollacha is dó leis an Aire sin is ceart agus go sonnrách fé réir chumhnaint i gcoinnibh na tailte agus na háitreabhacha san no aon chuid díobh do shanna no d'fho-chur no scarúint le seilbh an chéanna gan toiliú an Aire sin agus fé réir pé cumhnaint no coiníll is dó leis an Aire sin is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfar trialacha agus tástála eolaíochta sna háitreabhacha aistrithe do Ranna Stáit ag oifigigh na Rann san no ag oifigigh an Choláiste sin.

(2) An t-aistriú a dhéanfidh an tAire Airgid fén alt so agus dá réir beidh éifeacht aige do réir a bhrí chó hiomlán agus chó héifeachtúil is dá mbeadh na tailte agus na háitreabhacha a haistríodh leis dílsithe san Aire sin, agus gach frithchimeádas a déanfar leis an aistriú san ragha sé chun tairbhe do Shaorstát Éireann.

(3) Socróidh an tAire Airgid gach ceist agus aighneas i dtaobh na dtailte no na n-áitreabhacha atá le cur san aistriú a déanfar fén alt so no le fágaint amach as agus ní bheidh dul thar a bhreith.

Aistriú Coláiste Thalmhaíochta Albert chun Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath.

3. —(1) Chó luath agus bheidh sé caothúil tar éis rithte an Achta so aistreoidh Roinn na Talmhaíochta agus an Cheárd-Oideachais in Éirinn (dá ngairmtear an Roinn ina dhiaidh seo anso) chun Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, le léas no le léasanna, na tailte agus na háitreabhacha uile agus fé seach a tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar feadh téarma naoi mblian nóchad ón lá ceaptha fé réir na gcíosanna, na gcumhnantaí, agus na gcoiníollacha a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(2) An cíos no na cíosanna a frithchimeádfar leis an léas no leis na léasanna san socrófar iad do réir pé suim na suimeanna a dhéanfidh suas go cruinn don Roinn na cíosanna is iníoctha ag an Roinn ar na tailte agus ar na háitreabhacha a tuairiscítear i gCodacha I. agus II. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so maraon leis an mblianacht is iníoctha ag an Roinn ar na tailte agus ar na háitreabhacha a tuairiscítear i gCuid III. den Dara Sceideal san.

(3) Beidh i ngach léas a dhéanfidh an Roinn do réir an ailt seo pé cumhnantaí ar thaobh Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, agus pé coiníollacha a ordóidh an tAire Airgid agus go sonnrách cumhnant i gcoinnibh na tailte agus na háitreabhacha aistrithe no aon chuid acu do shanna no d'fho-chur no scarúint le seilbh an chéanna gan toiliú an Aire Airgid i scríbhinn.

(4) An t-aistriú a héilítear leis an alt so a dhéanamh ar na tailte agus ar na háitreabhacha a tuairiscítear i gCuid II. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é dhéanamh gan toiliú Ard-Mhéara, Sheanóirí agus Bhuirgéiseacha Chathair Bhaile Atha Cliath ná toiliú an té ina mbeidh a leas san dílsithe ar dháta an aistrithe, agus ní bheidh an t-aistriú san gan éifeacht ná ní déanfar dochar ná difir dá dhleathacht, dá oibriú, ná dá éifeacht cheal an toiliú san.

(5) An t-aistriú a héilítear leis an alt so a dhéanamh ar na tailte agus ar na háitreabhacha a tuairiscítear i gCuid III. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é dhéanamh agus beidh sé dleathach agus éifeachtúil d'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus d'ainneoin ná fuarthas ná nár tugadh aon toiliú a héilítear leis na hAchtanna san.

Fuirm an aistrithe.

4. —Socróidh an Príomh-Atúrnae gach ceist agus aighneas i dtaobh abhar no fuirm aon scríbhinne is gá chun na haistrithe no aon cheann de sna haistrithe do dhéanamh a héilítear leis an Acht so do dhéanamh, agus ní bheidh dul thar a bhreith.

Comhacht chun dul isteach sara ndintar na haistrithe.

5. —(1) Beidh Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, i dteideal seilbh agus gabháltaíocht do thógaint, ar an lá ceaptha sna tailte agus sna háitreabhacha san uile a tuairiscítear sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé seach pe'ca déanta no gan déanamh an uair sin do sna haistrithe uile agus fé seach a héilítear leis an Acht so do dhéanamh.

(2) Má thógann Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, seilbh agus gabháltaíocht in aon chuid de sna tailte agus de sna háitreabhacha san fén alt so sara ndintar an t-aistriú a héilítear leis an Acht so do dhéanamh ar na tailte agus ar na háitreabhacha san, tuigfar Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, do bheith, o am na tógainte sin go dtí déanamh an aistrithe sin, i ngabháltaíocht na dtailte agus na n-áitreabh san mar thionónta ortha fé chó-aontú a dineadh de bhua an Achta so i gcóir an aistrithe sin.

Aistriú áirnéise chun Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath.

6. —(1) Gach feisteas, troscán, apparatus eolaíochta, agus áirnéis eile a bheidh, ar an lá ceaptha, ar no ins na tailte agus na háitreabhacha a tuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tiocfid chun bheith agus beid dá fhíor-chuid dílis féin ag Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, ar an lá ceaptha, ach pé cuid acu a ordóidh an tAire Airgid d'eisceacht, agus déanfidh an tAire Airgid iad do sheachada do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, dá réir sin.

(2) Gach feisteas, troscán, apparatus eolaíochta, ainmhí tighis, úirlis feirmeoireachta, agus áirnéis eile a bheidh, ar an lá ceaptha, ar no in aon cheann de sna tailte agus de sna háitreabhacha a tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tiocfid chun bheith agus beid dá fhíor-chuid dílis féin ag Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, ar an lá ceaptha ach pé cuid acu a ordóidh an tAire Airgid d'éisceacht, agus déanfidh Roinn na Talmhaíochta agus an Cheárd-Oideachais in Éirinn iad do sheachada do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, dá réir sin.

Deontas do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, chun foirgintí d'atharú agus chun gléasanna do cheannach.

7. —(1) Ar dháta nách déanaí ná trí bliana tar éis an lae cheaptha íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim, nách mó ná £7,250 (seacht míle agus dhá chéad go leith punt) a theastóidh o Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, le haontú an Aire Airgid, chun foirgintí do thógáil, d'atharú, no do dheisiú ar na tailte a tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chun gléasanna, apparatus, úirlisí, agus áirnéis eile do cheannach le húsáid ar no ins na tailte sin no na foirgintí ortha no i mbaint leo.

(2) Gach airgead a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fén alt so, cuirfidh an Coláiste sin chun na críche roimhráite é.

Deontaisí do Choláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, chun foirgintí, etc., do cheannach i gcóir roinne eolaíochta déiríochta.

8. —(1) Ar dháta nách déanaí ná trí bliana tar éis an lae cheaptha íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim, nách mó ná £67,000 (seacht míle seascad punt), a theastóidh ón gColáiste sin, le haontú an Aire Airgid—

(a) chun é chaitheamh tar éis an lae cheaptha ar thailte agus áitreabhacha d'fháil, ar fhoirgintí do thógáil, d'atharú, no do dheisiú ar na tailte agus ar na háitreabhacha san, ar na tailte sin d'fheabhsú, agus ar ghléasanna, apparatus, troscán, feistisí, stoc agus áirnéis eile do cheannach chun crícheanna roinne eolaíochta déiríochta, no

(b) chun airgead do dhéanamh suas don Choláiste sin do chaith an Coláiste sin roimh an lá ceaptha (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ar aon cheann de sna cuspóirí roimhráite chun crícheanna roinne eolaíochta déiríochta.

(2) Gach airgead a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, fén alt so cuirfidh an Coláiste sin é chun caitheamh no déanamh suas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo.

Deontaisí chun crícheanna caipitiúla.

9. —(1) Ar an lá ceaptha no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin íocfar suim £25,000 (cúig mhíle fichead punt) le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus cuirfidh an Coláiste sin an tsuim sin chun pé crícheanna caipitiúla is oiriúnach le cólucht rialúcháin an Choláiste.

(2) Ar an lá ceaptha no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin íocfar suim £15,000 (cúig mhíle dhéag punt) le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus cuirfidh an Coláiste sin an tsuim sin chun pé crícheanna caipitiúla is oiriúnach le cólucht rialúcháin an Choláiste.

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur críoch chaipitiúil fiacha do ghlana.

Méadú ar an deontas bliantúil do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath.

10. —(1) An méid d'fho-alt (2) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908, agus den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san le n-a bhforáltar suim bhliantúil £32,000 d'íoc le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, scuirfe sé agus tuigfar gur scuir sé d'éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhárta, 1926, agus ina ionad san achtuítear leis seo go n-íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim £66,000 (sé mhíle seascad punt) sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, agus suim bhliantúil £82,000 (dhá mhíle ochtód punt) sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.

(2) Gach airgead a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fén alt so, cuirfidh an Coláiste sin chun crícheanna generálta an Choláiste é.

(3) Gach airgead a híocadh le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fén bhfo-alt san (2) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908, i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, agus roimh rith an Achta so, tuigfar gur híocadh é fén alt so ar cuntas an airgid is iníoctha fén alt so leis an gColáiste sin i rith na bliana airgeadais sin.

Méadú ar an deontas bliantúil do Choláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh.

11. —(1) An méid d'fho-alt (2) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908, agus den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, le n-a bhforáltar suim bhliantúil £20,000 d'íoc le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, scuirfe sé agus tuigfar gur scuir sé d'éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhárta, 1926, agus ina ionad san achtuítear leis seo go n-íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim bhliantúil £40,000 (dachad míle punt) sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin agus cuirfidh an Coláiste sin an tsuim sin chun crícheanna generálta an Choláiste.

(2) Gach airgead a híocadh le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, fén bhfo-alt san (2) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908, i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, agus roimh rith an Achta so, tuigfar gur híocadh é fén alt so ar cuntas an airgid is iníoctha fén alt so leis an gColáiste sin i rith na bliana airgeadais sin.

Deontas bliantúil do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, i gcóir roinne talmhaíochta generálta.

12. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, pé suim, nách mó ná suim £9,422 (naoi míle, ceithre chéad agus dhá phunt fhichead), a cheadóidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta agus, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, pé suim, nách mó ná suim £24,984 (ceithre mhíle fichead, naoi gcéad agus ceithre púint ochtód), a cheadóidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta i ngach bliain fé leith acu san.

(2) Gach airgead a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fén alt so, cuirfidh an Coláiste sin chun crícheanna roinne talmhaíochta generálta é.

Deontas bliantúil do Choláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, i gcóir roinne eolaíochta déiríochta.

13. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, pé suim, nách mó ná suim £3,600 (trí mhíle agus sé chéad punt), a cheadóidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta agus, sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin pé suim, nách mó ná suim £13,000 (trí mhíle dhéag punt), a cheadóidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta i ngach bliain fé leith acu san.

(2) Gach airgead a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, fén alt so, cuirfidh an Coláiste sin chun crícheanna roinne eolaíochta déiríochta é.

Deire leis an deontas do Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann agus do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, chun foirgintí do cheannach.

14. —(1) Ní híocfar aon airgead tar éis rithte an Achta so le Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann ná le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fé fho-alt (3) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908.

(2) Gach áitreabh a cheannaigh Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann le hairgead a híocadh leis an bPríomh-Scoil sin fé fho-alt (3) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908, déanfidh an Phríomh-Scoil sin, chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so, é dhíol agus é chur as a láimh ar pé slí agus ar pé praghas le n-a n-aontóidh an tAire Airgid agus, tar éis pé suim le n-a n-aontóidh an tAire Airgid do bhaint as i gcóir costaisí agus caithteachaisí an díola san, íocfidh an Phríomh-Scoil sin sochar an díola san isteach sa Stát-Chiste chó luath agus is féidir é tar éis an díola san ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis na háitreabhacha san do dhíol do réir an ailt seo íocfidh an Phríomh-Scoil Náisiúnta isteach sa Stát-Chiste, ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid, gach airgead a bheidh ar láimh acu agus a sheasuíonn in aghaidh no a tháinig de bharr na gcíos agus na proifite glan a fuair an Phríomh-Scoil sin ar na háitreabhacha san.

Deontas do Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann chun áitreabh do cheannach.

15. —(1) Laistigh de thrí bliana tar éis an lae cheaptha íocfar le Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim, nách mó ná £4,000 (ceithre mhíle punt), a cheadóidh an tAire Airgid chun an Phríomh-Scoil sin do cheannach áitribh i gCathair Bhaile Atha Cliath, no ina haice sin, chun a crícheanna i gcoitinne agus gach airgead a híocfar leis an bPríomh-Scoil sin fén alt so cuirfidh an Phríomh-Scoil sin é chun an t-áitreabh san do cheannach dá réir sin.

(2) Laistigh de thrí bliana tar éis an lae cheaptha íocfar suim £900 (naoi gcéad punt) le Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann in aisíoc airgid a chaith an Phríomh-Scoil sin ar áitreabh atá anois aici ar Cheárnóig Mhuirbhthean, Baile Atha Cliath, agus caithfidh an Phríomh-Scoil sin an tsuim sin ag déanamh feabhsuithe buana le n-a n-aontóidh an tAire Airgid ar an áitreabh a cheannóidh an Phríomh-Scoil sin le hairgead a híocfar léi fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

(3) Ar a éileamh san do Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann, aisíocfidh Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, agus Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, léi, leath is leath, i méid nách mó ná dhá chéad punt in aon bhliain aonair, an cíos (más ann do), na rátaí, na cánacha, na costaisí deisiúcháin, agus na costaisí eile chimeád-i-dtreo a bheidh ar an áitreabh a cheannóidh an Phríomh-Scoil sin leis an airgead a híocfar léi fén alt so.

Sean-oifigigh Choláiste na hEolaíochta agus Choláiste Thalmhaíochta Albert.

16. —(1) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “seanoifigeach” gach ollamh, léigheachtaí, dóirseoir, teachtaire, agus oifigeach agus seirbhíseach eile a bheidh ar fostú i gColáiste na hEolaíochta no i gColáiste Talmhaíochta Albert díreach roimh an lá ceaptha.

(2) Ar an lá ceaptha scuirfidh gach sean-oifigeach de bheith i seilbh oifige agus beidh deire le n-a oifig.

(3) Tairgfidh Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, do gach sean-oifigeach fostaíocht i mbirt sa Choláiste sin a bheidh ar aon dul leis an oifig a bhí ar seilbh aige mar shean-oifigeach díreach roimh an lá ceaptha maidir le dualgaisí, tuarastal, sealbhaíocht oifige, agus coiníollacha seirbhíse, ach déanfar gach tairsgint fostaíochta den tsórt san ar an gcoiníoll go ndéanfidh an sean-oifigeach, ar ghlaca na fostaíochta san do, gach ceart (más ann do) chun cúitimh fé Airtiogal 10 de Chonnra 1921 do leigint uaidh.

(4) Gach sean-oifigeach a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh oifige le n-a mbaineann na hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, agus a ghlacfidh fostaíocht i mbirt i gColáiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, a tairgeadh do do réir an ailt seo, beidh aige sa bhirt san, maidir le pinsean, aois-liúntas, agus aisce, na cirt chéanna (ar a n-áirítear ceart a ionadaí phearsanta dhlíthiúla chun aisce ar fháil bháis do) do bhí aige fé sna hAchtanna san san oifig a bhí ar seilbh aige díreach roimh an lá ceaptha ach amháin gur ar Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, a bheidh íoc aon phinsin, aois-liúntais, no aisce a thiocfidh chun bheith iníoctha leis an oifigeach san no le n-a ionadaí phearsanta dhlíthiúil.

(5) Gach ceist no aighneas a eireoidh i dtaobh—

(a) ce'ca tá no ná fuil beart i gColáiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, ar aon dul le hoifig a bhí ar seilbh ag sean-oifigeach díreach roimh an lá ceaptha, no

(b) ce'ca oifig le n-a mbaineann na hAchtanna Aois-liúntas oifig atá ar seilbh ag sean-oifigeach díreach roimh an lá ceaptha no nách ea, no

(c) méid aon phinsin, aois-liúntais, no aisce a bheidh sean oifigeach no a ionadaí pearsanta dlíthiúil i dteideal a fháil o Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, de bhua an ailt seo,

socróidh an tAire Airgid é agus ní bheidh dul thar a bhreith.

Gearr-theideal.

17. —Féadfar an tAcht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 , do ghairm den Acht so.