Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

36 1926


Uimhir 36 de 1926.


ACHT UAIREANTA SIOPAÍ (TRÁDÁLANNA AN ÉADAIGH I gCATHAIR AGUS I gCEANNTAIR BHAILE ÁTHA CLIATH), 1926.


ACHT CHUN TUILLE SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN GO nDÚNFAR GO LUATH SIOPAÍ, I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS SNA BAILECHEANNTAIR MOR-THIMPEAL, INA mBÍONN NA GNÓTHAÍ SEO NO AON CHEANN ACU AR SIÚL, EADHON, GNÓ ÉADATHÓRA, TÁILLIÚRA, GLÉASADÓRA, HAITÉARA, GÓISÉARA, LAMHAINNEÓRA, BRÓGADÓRA, NO TROSCÁNADÓRA AGUS GRÉASDÓRA THROSCÁIN.

[28adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Shops Act, 1912 (dá ngairmtear Acht 1912 ina dhiaidh seo anso) agus na focail agus na habairtí uile dá gceaptar bríonna speisialta leis an Acht san beidh na bríonna san leo fé seach san Acht so.

Baint.

2. —Bainfidh an tAcht so le gach siopa atá suidhte in aon líomatáiste dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ina mbíonn gnó no trádáil éadathóra, táilliúra, gléasadóra, haitéara, góiséara, lamhainneora, brógadóra, no troscánadóra agus gréasadóra throscáin, no aon cheann acu, ar siúl.

Díolacháin ar ceant.

3. —Sa mhéid go mbaineann forálacha an Achta so lé díolacháin ar ceant léireofar iad mar fhorálacha a bhaineann le gach ceant ar a ndíoltar aon uair le linn a ghnótha earraí a díoltar do ghnáth i siopa le n-a mbaineann an tAcht so: Ach ní bhainfidh an t-alt so agus tuigfar nár bhain sé riamh le haon díolachán ar ceant, ag ceantálaí roinne i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath fé 28 Geo. III., cap. 49 (Irish) ar ghill gheallbhruidthe o mhalartóir gill ceadúnuithe.

Am chun dúna

4. —(1) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, déanfar gach siopa le n-a mbaineann an tAcht so do dhúna in aghaidh freastal ar chustaiméirí ach amháin ar feadh na n-uaireanta gnótha a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) D'ainneoin an fho-ailt sin roimhe seo ach fé réir na bhforálacha d'Acht 1912 i dtaobh an leath-lae shaoire sa tseachtain, féadfidh aon tsiopa le n-a mbaineann an tAcht so bheith ar oscailt chun freastal ar chusaiméirí go dtí n-a deich a chlog sa tráthnóna ar an Satharn deiridh roimh Dhomhnach Cásca, ar an Satharn deiridh roimh Dhomhnach Cingcíse, agus ar na cúig gnáth-laetheanta deiridh seachtaine roimh Lá Nodlag.

Cosaint d'Acht 1912.

5. —Na sriantachtaí a chuireann an tAcht so le hoscailt siopaí le n-a mbaineann an tAcht so beid i dteanta agus ní hin ionad na sriantachtaí a chuirid forálacha Acht 1912 maidir leis an leath-lá saoire sa tseachtain, agus dá réir sin b ainfidh na forálacha san le gach siopa den tsórt san chó hiomlán is do bhainfidís dá mba ná rithfí an tAcht so.

Pionóisí.

6. —Má sháruíonn éinne forálacha an Achta so beidh sé ciontach i gcionta i gcoinnibh an Achta so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur—

(a) fé fhíneáil ná raghaidh thar phunt má sé an chéad chionta aige é;

(b) fé fhíneáil ná raghaidh thar chúig púint má sé an dara cionta aige é; agus

(c) fé fhíneáil ná raghaidh thar chaoga punt má sé an tríú cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin:

Ach chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur ciontú no ciontuithe i gcionta fén Acht so gurb ea agus gur bh'ea ciontú no ciontuithe i gcionta fé Acht 1925.

Ath-achtú altanna 13 agus 14 d'Acht 1912.

7. —Na forálacha d'ailt 13 agus 14 d'Acht 1912, mar a hatharuítear le halt 21 den Acht san iad. beidh éifeacht acu, sa mhéid go bhfuilid ionchurtha i mbaint, fé is dá n-ath-achtuítí san Acht so iad, agus san i dtéarmaí a cuirfí in oiriúint don Acht so.

Tréimhse ghníomhachta.

8. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Mhárta, 1926. agus fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 15adh lá d'Iúl, 1930, agus ragha sé in éag ansan.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo an tAcht Uaireanta Siopaí (Trádálanna an Eadaigh i gCathair agus i gCeanntair Bhaile Atha Cliath), 1925 (Uimh. 39 de 1925) .

Gearr-theideal.

10. —Féadfar an tAcht Uaireanta Siopaí (Trádálanna an Eadaigh i gCathair agus i gCeanntair Bhaile Atha Cliath), 1926 , do ghairm den Acht so.