7 1927


Uimhir 7 de 1927.


ACHT UM BHAILIÚ SHEALADACH CÁNACH, 1927.


ACHT CHUN ÉIFEACHT REACHTÚIL DO THABHAIRT AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO RÚIN A RITHFIDH AN COISTE UM AIRGEAD DE DHÁIL ÉIREANN AG FORCHUR, AG ATHNUACHAINT, NO AG ATHARÚ CÁNACH, NO AG CUR DEIRE LÉI, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH MAIDIR LE hÍOCAÍOCHTA, LAIGHEADUITHE, CÁINMHEASA, MUIRIR AGUS NITHE EILE A DÉANFAR DE BHARR AON CHÁNACH SEALADAÍ GO mBEIFEAR AG COINNE LE hATHNUACHAINT ÓN OIREACHTAS UIRTHI. [19adh Márta, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Coiste um Airgead” an Coiste um Airgead de Dháil Éireann nuair agus faid is coiste den Tigh uile an Coiste sin;

cialluíonn an focal “cáin nua” cáin ná raibh i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin;

cialluíonn “buan-cháin” cáin a forchuireadh no a hathnuadhadh an uair dheiridh gan aon teora do chur leis an am a mhairfadh sí;

cialluíonn “cáin shealadach” cáin nár forchuireadh no nár hathnuadhadh an uair dheiridh ach ar feadh tréimhse teoranta;

nuair a húsáidtear an focal “dul in éag go rialta” i dtaobh cánach sealadaí cialluíonn sé deire na tréimhse teoranta is déanaí dar forchuireadh no dar hathnuadhadh an cháin;

foluíonn an focal “cáin” diúitéthe custum, diúitéthe máil, cáin ioncuim agus barra-cháin ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile.

Beidh éifeacht reachtúil ag rúin áirithe.

2. —Pé uair a rithfidh an Coiste um Airgead rún (dá ngairmtear san Acht so rún fén Acht so) le n-a mbeartuítear—

(a) cáin nua atá luaidhte sa rún d'fhorchur, no

(b) buan-cháin áirithe do bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin do mhéadú, do laigheadú, no d'atharú ar aon tslí eile, no deire do chur léi, no

(c) cáin shealadach áirithe do bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin d'athnuachaint (pe'ca do réir an ráta chéanna é no do réir ráta eile agus pe'ca atharófar no ná hatharófar í) o dháta a dul in éag go rialta no o dháta is luatha ná san no do chur as feidhm ar dháta roimh dháta a dul in éag go rialta,

agus go ndeirtar sa rún go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht éifeacht reachtúil do bheith ag an rún fé fhorálacha an Achta so, beidh ag an rún, fé réir forálacha an Achta so, éifeacht reachtúil fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas.

Baint achtachán cánachais generálta.

3. —(1) Pé uair a forchuirtar cáin nua le rún fén Acht so agus go ndintar sa rún san diúite custum no diúite máil no cáin ioncuim no barra-cháin do ghairm den cháin, ansan, na hachtacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin maidir le diúitéthe custum i gcoitinne no le diúitéthe máil i gcoitinne no le cáin ioncuim i gcoitinne no le barra-cháin i gcoitinne (pe'ca aca é), bainfid leis an gcáin nua san agus beidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht acu maidir léi, fé réir forálacha an Achta so, faid a bheidh éifeacht reachtúil ag an rún.

(2) Pé uair a dintar buan-cháin do mhéadú, do laigheadú no d'atharú ar aon tslí eile le rún fén Acht so, beidh ag gach achtachán a bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin maidir leis an gcáin sin, beidh aige, faid a bheidh éifeacht reachtúil ag an rún agus fé réir forálacha an Achta so, lán-fheidhm agus lán-éifeacht maidir leis an gcáin agus í méaduithe, laigheaduithe no atharuithe ar aon tslí eile amhlaidh.

(3) Pé uair a dintar le rún fén Acht so cáin shealadach d'athnuachaint (pe'ca do réir an ráta chéanna é no do réir ráta eile agus pe'ca atharófar no ná hatharófar í) beidh ag gach achtachán a bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin maidir leis an gcáin sin, beidh aige, faid a bheidh éifeacht reachtúil ag an rún agus fé réir forálacha an Achta so, lán-fheidhm agus lán-éifeacht maidir leis an gcáin agus í athnuaidhte leis an rún.

Buaine éifeachta reachtúla rúin.

4. —(1) Scuirfidh rún fén Acht so d'éifeacht reachtúil do bheith aige má thárluíonn no nuair a thárlóidh pé ceann de sna nithe seo a leanas is túisce thuitfidh amach, sé sin le rá:—

(a) mara n-aontuighidh Dáil Éireann leis an rún, tar éis é atharú no gan é atharú, laistigh den deich lá a shuidhfidh Dáil Éireann tar éis don Choiste um Airgead an rún do rith;

(b) má dhiúltuíonn Dáil Éireann don rún;

(c) más rud é, laistigh den fhiche lá a shuidhfidh Dáil Éireann tar éis do Dháil Éireann aontú leis an rún, ná léighfidh Dáil Éireann an dara huair Bille ina mbeidh forálacha sa chéill chéanna (tar éis atharú no gan atharú do dhéanamh) ina mbeidh an rún;

(d) má dhiúltuíonn Dáil Éireann do sna forálacha san den Bhille sin le linn gabháil tríd an Oireachtas don Bhille;

(e) Acht den Oireachtas do theacht i ngníomh agus forálacha ann sa chéill chéanna (tar éis atharú no gan atharú do dhéanamh) ina mbeidh an rún;

(f) Dáil Éireann do scur sara rithidh an tOireachtas aon Acht den tsórt san roimhráite;

(g) tréimhse cheithre mhí do bheith caithte ón dáta a bheidh luaidhte sa rún chun an rún do dhul in éifeacht no, mara mbeidh aon dáta den tsórt san luaidhte, o am rithte an rúin ag an gCoiste um Airgead.

(2) Nuair a aontóidh Dáil Éireann le rún fén Acht so tar éis atharuithe do dhéanamh air, beidh éifeacht reachtúil fén Acht so ag an rún fé sna hatharuithe sin agus fé n-a réir.

Iocaíochtaí agus lascainí áirithe d'aisíoc.

5. —(1) Pé uair a scuireann rún fén Acht so d'éifeacht reachtúil do bheith aige de bharr éinní do thárlú ach Acht den Oireachtas do theacht i ngníomh ina mbeidh forálacha sa chéill chéanna (tar éis atharú no gan atharú do dhéanamh) ina mbeidh an rún, déanfar gach airgead do híocadh do réir an rúin d'aisíoc no do dhéanamh suas agus gach lascaine a tugadh do réir an rúin tuigfar gur lascaine neamh-údaruithe í.

(2) Pé uair a dhéanfidh Dáil Éireann, maidir le rún fén Acht so ná beidh tar éis scur d'éifeacht reachtúil do bheith aige, aontú leis tar éis atharuithe do dhéanamh air, déanfar gach airgead do híocadh do réir an rúin agus ná beadh iníoctha fén rún mar a haontuíodh leis amhlaidh d'aisíoc no do dhéanamh suas agus gach lascaine a tugadh do réir an rúin agus ná beadh údaruithe leis an rún mar a haontuíodh leis amhlaidh tuigfar gur lascaine neamhúdaruithe í.

(3) Pé uair a thagann Acht den Oireachtas i ngníomh agus forálacha ann sa chéill chéanna tar éis atharuithe do dhéanamh ina mbeidh rún fén Acht so agus, de bhua an teacht-i-ngníomh san, go scuirfidh an rún san d'éifeacht reachtúil do bheith aige, déanfar gach airgead do híocadh do réir an rúin sin agus ná beadh iníoctha fén Acht san d'aisíoc no do dhéanamh suas agus gach lascaine a tugadh do réir an rúin sin gus ná beadh údaruithe leis an Acht san tuigfar gur lascaine neamh-údaruithe í.

Tuigfar íocaíochtaí agus lascainí áirithe do bheith dlíthiúil.

6. —(1) Aon íocaíocht no lascaine, ar cuntas cánach sealadaí le n-a mbaineann an t-alt so, a híocadh no a tugadh, laistigh de dhá mhí tar éis dul in éag don cháin sin, in aghaidh tréimhse no mar gheall ar ní a tháinig tar éis an dul-in-éag san, más íocaíocht no lascaine í do bheadh dlíthiúil dá mba ná raghadh an cháin in éag, tuigfar gur íocaíocht no lascaine dhlíthiúil í fé réir na gcoiníoll—

(a) go ndéanfar, mara rithidh an Coiste um Airgead laistigh de dhá mhí tar éis dul in éag don cháin rún fén Acht so ag athnuachaint na cánach (tar éis atharú no gan atharú do dhéanamh), méid na híocaíochta no na lascaine sin d'aisíoc no do dhéanamh suas ar bheith caithte don dá mhí sin, agus

(b) go ndéanfar, más rud é (tar éis an rún san do bheith rithte amhlaidh) go mbeidh Acht den Oireachtas ag athnuachaint na cánach (tar éis atharú no gan atharú do dhéanamh) gan teacht i ngníomh nuair a scuirfidh no sara scuiridh an rún san d'éifeacht reachtúil do bheith aige, méid na híocaíochta no na lascaine sin d'aisíoc no do dhéanamh suas ar thárlú don scur san, agus

(c) go ndéanfar, más rud é (tar éis an tAcht san do bheith rithte amhlaidh) go n-athnuadhfar an cháin leis an Acht san tar éis atharuithe do dhéanamh uirthi i dtreo nách íocaíocht no lascaine dhlíthiúil fén Acht san iomlán na híocaíochta no na lascaine sin no cuid éigin di, iomlán na híocaíochta no na lascaine sin no an chuid sin di (pe'ca aca é) d'aisíoc no do dhéanamh suas ar theacht i ngníomh don Acht san.

(2) Ní bhaineann an t-alt so ach le cáin shealadaigh a forchuireadh no a hathnuadhadh an uair dheiridh ar feadh tréimhse teoranta nár shia ná ocht mí dhéag agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais a bhí díreach roimh an mblian airgeadais ina ndintar an íocaíocht no an lascaine fén alt so d'íoc no do thabhairt.

Athghairm.

7. —Athghairmtear leis seo an Provisional Collection of Taxes Act, 1913.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , do ghairm den Acht so.