An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leabhra de Choisteoiri d'ullamhu.) Ar Aghaidh (CUID VI. Generalta.)

23 1927

ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927

CUID V.

Nos-Imeachta chun a chur in Airithe go dTiocfidh Coisteoiri i Lathair sa Chuirt.

Mínithe maidir le Cuid V.

26. —(1) Sa Chuid seo den Acht so nuair a húsáidtear an focal “giúiré-dhúthaigh” maidir le leabhar de choisteoirí cialluíonn sé an ghiúiré-dhúthaigh le n-a mbaineann an leabhar san de choisteoirí, agus nuair a húsáidtear an focal “leabhar de choisteoirí” maidir le giúiré-dhúthaigh cialluíonn sé an leabhar de choisteoirí a bhaineann leis an ngiúiré-dhúthaigh sin, agus nuair a húsáidtear an focal “clárathóir contae” maidir le giúirédhúthaigh cialluíonn sé an clárathóir contae don liomatáiste atá có-theoranta leis an ngiúiré-dhúthaigh sin no ina bhfuil an ghiúiré-dhúthaigh sin (pe'ca aca é) agus nuair a húsáidtear é maidir le leabhar de choisteoirí cialluíonn sé an clárathóir contae 'na gcuirtar de dhualgas air leis an Acht so an leabhar san de choisteoirí d'ullamhú.

(2) Sa Chuid seo den Acht so, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, folóidh an focal “an Ard-Chúirt” Breitheamh no oifigeach den Ard-Chúirt agus fós (lasmuich de chás ina ndintar foráil shoiléir maidir le Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus a chuid oifigeach) an Prímh-Bhreitheamh san agus oifigeach don Phrímh-Bhreitheamh san.

Forálacha don eadar-thréimhse.

27. —D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so no aon athghairme a dintar leis an Acht so, isé cuma ina n-ullamhófar gach paineul do choisteoirí a hullamhófar tar éis rithte an Achta so agus roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1927, agus ina ngairmfar na coisteoirí a bheidh ainmnithe sna painéil sin ná ar gach slí díreach mar ba gá é dhéanamh do réir na dlí a bhí i bhfeidhm díreach roimh rith an Achta so agus tuigfar an dlí sin do leanúint i bhfeidhm sa mhéid gur gá é chun na críche sin ach ní thairis sin.

An t-oifigeach paineultachta.

28. —(1) Gach dualgas a forchuirtar leis an gCuid seo den Acht so ar an oifigeach paineulachta isé a chólíonfidh é, maidir le coisteoirí a gheobhfar o ghiúiré-dhúthaigh a bheidh có-theoranta le contae no le contae-bhuirg no a bheidh i gcontae no i gcontaebhuirg ina bhfuil oifig an fho-shiarriaim gan bheith folamh le linn rithte an Achta so, ná fo-shiarram na contae no na contaebhuirge sin go dtí an chéad uair tar éis rithte an Achta so a thiocfidh oifig an fho-shiarriaim sin chun bheith folamh, agus isé an clárathóir contae a chólíonfidh é maidir le coisteoirí a gheobhfar o aon ghiúiré-dhúthaigh eile agus fós maidir le coisteoirí a gheobhfar o aon ghiúiré-dhúthaigh den tsórt chéad-luaidhte sin tar éis oifig fho-shirriaim na contae no na contae-bhuirge a bheidh có-theoranta leis an ngiúiré-dhúthaigh sin no ina mbeidh an ghiúiré-dhúthaigh sin do theacht chun bheith folamh mar an gcéad uair mar adubhradh.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “an t-oifigeach paineultachta” an t-oifigeach ar a gceangailtear leis an alt so, do réir an cháis agus de thurus na huaire, dualgaisí an oifigigh phaineultachta do chólíona, agus déanfar tagairtí don oifigeach phaineultachta do ghiúiré-dhúthaigh do léiriú mar thagairtí don oifigeach atá, do réir an cháis agus de thurus na huaire, ina oifigeach phaineultachta maidir le coisteoirí a gheobhfar ón ngiúiré-dhúthaigh sin.

An t-oifigeach gairmtheachta.

29. —(1) Gach dualgas a forchuirtar leis an gCuid seo den Acht so ar an oifigeach gairmtheachta isé a chólíonfidh é, maidir le coisteoirí a gheobhfar o ghiúiré-dhúthaigh a bheidh có-theoranta le contae no le contae-bhuirg no a bheidh i gcontae no i gcontae-bhuirg ina bhfuil oifig an fho-shirriaim ar bith agus í gan bheith folamh le linn rithte an Achta so, ná fo-shirriam na contae no na contaebhuirge sin go dtí an chéad uair tar éis rithte an Achta so a thiocfidh oifig an fho-shirriaim sin chun bheith folamh agus, maidir le coisteoirí a gheobhfar o aon ghiúiré-dhúthaigh eile agus fós maidir le coisteoirí a gheobhfar o aon ghiúiré-dhúthaigh den tsórt chéad-luaidhte sin tar éis oifig fho-shirriaim na contae no na contae-bhuirge a bheidh có-theoranta leis an ngiúirédhúthaigh sin no ina mbeidh an ghiúiré-dhúthaigh sin do theacht chun bheith folamh mar an gcéad uair mar adubhradh, isé a chólíonfidh na dualgaisí sin—

(a) maidir le coisteoirí do ghairm chun teacht i láthair na hArd-Chúirte, ná Máistir na hArd-Chúirte, agus

(b) maidir le coisteoirí do ghairm chun teacht i láthair an Phrímh-Bhreithimh no i láthair oifigigh don Phrímh-Bhreitheamh, ná an Clárathóir don Phrímh-Bhreitheamh, agus

(c) maidir le coisteoirí do ghairm chun teacht i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla no na Cúirte Cuarda, ná an clárathóir contae atá ag gníomhú de thurus na huaire mar chlárathóir don Chúirt chun a mbeidh na coisteoirí á ngairm.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “an t-oifigeach gairmtheachta” an t-oifigeach ar a gceangailtear leis an alt so, do réir an cháis agus de thurus na huaire, dualgaisí an oifigigh ghairmtheachta do chólíona, agus déanfar tagairtí don oifigeach ghairmtheachta do ghiúiré-dhúthaigh do léiriú mar thagairtí don oifigeach atá, do reir an cháis agus de thurus na huaire, ina oifigeach ghairmtheachta maidir le coisteoirí a gheobhfar ón ngiúiré-dhúthaigh sin.

Cólíona dualgaisí áirithe a cólíontí go dtí so ag Fo-Shirriaim.

30. —(1) Gach dualgas maidir le coisteoirí agus le giúirithe a chólíonadh an fo-shirriam go dtí so (lasmuich de dhualgaisí a ceangailtear leis an gCuid seo den Acht so ar an oifigeach paineultachta no ar an oifigeach gairmtheachta a chólíona), isé a chólíonfidh é feasta—

(a) i ngach contae agus contae-bhuirg ina bhfuil oifig an fhoshirriaim ar bith agus í gan bheith folamh le linn rithte an Achta so (ach amháin i gcontae agus i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath), ná fo-shirriam na contae no na contae-bhuirge sin go dtí an chéad uair tar éis rithte an Achta so a thiocfidh oifig an fhoshirriaim sin chun bheith folamh, agus

(b) i gcontae agus i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, ná fo-shirriam Chathair Bhaile Atha Cliath maidir leis an Ard-Chúirt agus leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil go dtí an chéad uair tar éis rithte an Achta so a thiocfidh oifig an fho-shirriaim sin chun bheith folamh, agus fo-shirriam Chontae Bhaile Atha Cliath maidir leis an gCúirt Chuarda go dtí an chéad uair tar éis rithte an Achta so a thiocfidh oifig an fho-shirriaim sin chun bheith folamh, agus

(c) i ngach cás eile agus fós i ngach cás dá luaidhtear thuas tar éis don tsocrú a dintar anso roimhe seo dho do scur de bhaint do bheith aige leis, ná an t-oifigeach a luaidhtear chuige sin san Acht so agus, i gcás ná luaidhtear aon oifigeach den tsórt san amhlaidh, an máistir, an clárathóir no príomh-oifigeach eile don Chúirt go mbeidh na dualgaisí le cólíona maidir léi.

(2) Gach costas, maidir le cólíona na ndualgaisí le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo, a híoctaí go dtí so ag an bhfo-shirriam do chólíonadh na dualgaisí sin déanfar feasta, pé uair a bheidh na dualgaisí sin de bhua an fho-ailt sin roimhe seo le cólíona ag fo-shirriam, é d'íoc ag an bhfo-shirriam san d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht so agus i ngach cás eile is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar é.

Giúirithe don Ard-Chúirt.

31. —(1) Gach ceist, síbhialta no coiriúil, is intrialta le giúiré ag an Ard-Chúirt no ag Breitheamh no oifigeach di no ag an bPrímh-Bhreitheamh no ag éinne dá oifigigh ina shuidhe i gcontae-bhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath, beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí 'na bhfaghfar cuid acu o chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus cuid acu o chontae Bhaile Atha Cliath, agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag an gCúirt sin ná ag aon Bhreitheamh ná oifigeach di ná ag an bPrímh-Bhreitheamh ná ag éinne dá oifigigh ina shuidhe mar adubhradh.

(2) Gach ceist, síbhialta no coiriúil, is intrialta le giúiré ag an Ard-Chúirt no ag Breitheamh no oifigeach di no ag an bPrímh-Bhreitheamh no ag éinne dá oifigigh ina shuidhe in áit eile seachas i gcontae-bhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath, beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí a gheobhfar ón gcontae-bhuirg no ón gcontae ina mbeidh an Chúirt no an Breitheamh san ina shuidhe am na trialach, agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag an gCúirt sin ná ag aon Bhreitheamh ná oifigeach di ná ag an bPrímh-Bhreitheamh ná ag éinne dá oifigigh ina shuidhe mar adubhradh.

Giúirithe don Phríomh-Chúirt Choiriúil.

32. —(1) Gach ceist is intrialta ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ina suidhe i gcontae-bhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí 'na bhfaghfar cuid acu o chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus cuid acu o chontae Bhaile Atha Cliath, agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag an gCúirt sin ina suidhe mar adubhradh.

(2) Gach ceist is intrialta ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ina suidhe in áit eile seachas i gcontae-bhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí a gheobhfar ón gcontae-bhuirg no ón gcontae ina mbeidh an Chúirt ina suidhe am na trialach, agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag an gCúirt sin ina suidhe mar adubhradh.

Giúirithe don Chúirt Chuarda.

33. —(1) Gach ceist, síbhialta no coiriúil, is intrialta le giúiré ag Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe i gcontae-bhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí 'na bhfaghfar cuid acu o chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath agus cuid acu o chontae Bhaile Atha Cliath agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag aon Bhreitheamh den tsórt san ina shuidhe mar adubhradh.

(2) Gach ceist choiriúil is intrialta le giúire ag Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe in áit eile seachas i gcontaebhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí a gheobhfar ón gcontaebhuirg no ón gcontae ina mbeidh an Breitheamh san ina shuidhe am na trialach, agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag aon Bhreitheamh den tsórt san ina shuidhe mar adubhradh.

(3) Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú a déanfar le toiliú an Bhreithimh den Chúirt Chuarda a bheidh ceaptha ar dháta an orduithe don Chuaird le n-a mbaineann an t-ordú, féadfa sé a ordú, maidir le gach ceist choiriúil is intrialta le giúiré ag Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe i gcathair no i mbaile áirithe (nách contae-bhuirg), go mbeidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí a gheobhfar o ghiúiré-dhúthaigh no o ghiúiré-dhúithchí áirithe sa chontae ina bhfuil an chathair no an baile sin suidhte, agus faid a bheidh aon ordú den tsórt san i bhfeidhm ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe sa chathair no sa bhaile sin.

(4) Gach ceist shíbhialta is intrialta le giúiré ag Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe in áit eile seachas i gcontaebhuirg no i gcontae Bhaile Atha Cliath beidh sí intrialta le giúiré a glaodhfar as paineul de choisteoirí a gheobhfar ón ngiúirédhúthaigh ina mbeidh an Breitheamh san ina shuidhe am na trialach, agus ní trialfar aon cheist den tsórt san le haon ghiúiré eile ag aon Bhreitheamh den tsórt san ina shuidhe mar adubhradh.

(5) Pé uair a bheidh Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe i gcontae-bhuirg tuigfar chun crícheanna an ailt seo é do bheith ina shuidhe sa chontae-bhuirg sin le linn triail gach ceiste a thrialfa sé la giúiré, ach amháin sna cásanna so a leanas, sé sin le rá:—

(a) i gceist choiriúil, más i gcontae atá có-theoranta agus san aon Chuaird amháin leis an gcontae-bhuirg sin adeirtar a dineadh an choir, tuigfar gur sa chontae sin atá an Breitheamh ina shuidhe, agus

(b) i gceist choiriúil, más i gcontae atá có-theoranta agus san aon Chuaird amháin leis an gcontae-bhuirg sin do gabhadh an duine cúisithe no a chomhnuíonn sé de ghnáth, tuigfar gur sa chontae sin atá an Breitheamh ina shuidhe marar sa chontae-bhuirg sin adeirtar a dineadh an choir, agus

(c) i gceist shíbhialta, más rud é—

(i) gur in aicsean a bhaineann le teideal chun tailimh no le ceartú an chláir a eireoidh an cheist agus gur i ngiúiré-dhúthaigh atá go hiomlán laistigh de chontae atá có-theoranta agus san aon Chuaird amháin leis an gcontae-bhuirg sin atá an talamh a bheidh i gceist suidhte, no an talamh gurb as no gur maidir leis a thagann no a eirionn aon ionoighreachta nea-chorpartha a bheidh fé aighneas, no furmhór an tailimh sin, no

(ii) gur in aicsean promháide no in agra chun riartha estát duine mhairbh a eireoidh an cheist agus go raibh ag an uachtóir no ag an neamh-uachtóir le linn a bháis buan-áit chomhnaithe i ngiúirédhúthaigh atá go hiomlán laistigh de chontae atá có-theoranta agus san aon Chuaird amháin leis an gcontae-bhuirg sin, no

(iii) gur in aon aicsean no cúrsa eile a eireoidh an cheist agus gur i ngiúiré-dhúthaigh atá go hiomlán laistigh de chontae atá có-theoranta agus san aon Chuaird amháin leis an gcontae-bhuirg sin a chomhnuíonn an cosantóir no duine de sna cosantóirí de ghnáth no ina mbíonn sé i mbun gairme, gnótha no slí bheatha de ghnáth agus ná comhnuíonn cosantóir aonair ná éinne de roinnt cosantóirí sa chontae-bhuirg sin de ghnáth ná ná bíonn sé i mbun gairme, gnótha, ná slí bheatha ann de ghnáth,

tuigfar gur sa ghiúiré-dhúthaigh sin atá an Breitheamh ina shuidhe.

Paineul de choisteoirí d'ullamhú.

34. —(1) Nuair a bheidh na daoine bheidh le hiontráil i bpaineul de choisteoirí á dtogha amach aige as leabhar de choisteoirí nár toghadh aon daoine amach as cheana déanfidh an t-oifigeach paineultachta na rudaí seo a leanas san ord so a leanas, sé sin le rá:—

(a) a fháil amach (sa mhéid gur gá é chun crícheanna na míre seo), maidir le gach leitir san aibítir, cé méid ainm atá sa leabhar de choisteoirí agus dar tosach an leitir sin, agus marc oiriúnach do chur os coinne na leitre is tosach don líon is mó d'ainmneacha, agus os coinne na leitre is tosach don dara líon is mó d'ainmneacha, agus os coinne na leitre is tosach don tríú líon is mó d'ainmneacha (agus is leitreacha marcálta a gairmtear anso ina dhiaidh seo de sna leitreacha san a marcálfar amhlaidh agus is leitreacha nea-marcálta a gairmtear anso ina dhiaidh seo de sna leitreacha eile),

(b) as na hainmneacha dar tosach an leitir A, más leitir nea-marcálta í, an chéad ainm no, más leitir mharcálta í, na trí hainmneacha tosaigh do thogha amach, agus ón leitir B, más leitir nea-marcálta í, an chéad ainm no, más leitir mharcálta í, na trí hainmneacha tosaigh do thogha amach, agus mar sin de tríd an aibítir ag togha amach na céad ainmne o gach leitir neamarcálta agus na dtrí n-ainmneacha tosaigh o gach leitir mharcálta,

(c) más rud é, nuair a beifear tagtha go deire na haibítre, nách leor an méid ainmneacha a bheidh toghtha amach, an modh toghtha-amach san roimhe seo do chur i bhfeidhm arís, ag togha amach na dara hainme o gach leitir nea-marcálta agus an dara trí hainmneacha o gach leitir mharcálta, agus mar sin de ag ath-chur an mhodha i bhfeidhm go dtí go mbeidh ainmneacha go leor toghtha amach,

(d) marc do chur sa leabhar de choisteoirí os coinne gach ainme a toghfar amach amhlaidh chun a togha amach san do chur in úil,

(e) na hainmneacha a toghfar amach amhlaidh d'iontráil ar phaineul sa bhfuirm orduithe maraon le n-a seolta agus le n-a dtuairiscí fé seach mar a bheid curtha síos sa leabhar de choisteoirí, agus na hainmneacha do chóiriú in ord aibítre mar a bheid sa leabhar de choisteoirí,

(f) an paineul do chríochnú tré ainm na cúirte agus na suidheanna dá mbeidh an paineul á ullamhú d'iontráil ar a bharr agus tríd an bpaineul do shighniú agus do dhátáil ag á bhun,

(g) más don Ard-Chúirt a hullamhófar an paineul, an paineul do sheachada do Mháistir na hArd-Chúirte, agus más don Phrímh-Bhreitheamh no d'oifigeach don Phrímh-Bhreitheamh a hullamhófar an paineul, an paineul do sheachada don Chlárathóir don Phrímh-Bhreitheamh, agus más don Phríomh-Chúirt Choiriúil no don Chúirt Chuarda a hullamhófar an paineul agus gur oifigeach paineultachta nách é is clárathóir don Chúirt sin a ullamhóidh é, an paineul do sheachada don chlárathóir sin

(2) Nuair a bheidh na daoine bheidh le hiontráil i bpaineul de choisteoirí á dtogha amach aige as leabhar de choisteoirí gur toghadh daoine amach as cheana déanfidh an t-oifigeach paineultachta mar a horduítear sa bhfo-alt san roimhe seo ach amháin go gcoinneofar gan atharú an mharcáil a déanfar ar leitreacha áirithe fén bhfo-alt san roimhe seo agus, in ionad an chéad no an dara hainm no ainm eile no an chéad no an dara grúpa no grúpa eile de thrí hainmneacha i ngach leitir, go dtoghfar amach o gach leitir an chéad ainm no ghrúpa de thrí hainmneacha ná beidh marcálta mar ainm no ainmneacha do toghadh amach cheana agus ansan go dtoghfar amach o gach leitir an dara hainm no grúpa de thrí hainmneacha ná beidh marcálta amhlaidh, agus mar sin de.

(3) Nuair is gá do réir an Achta so paineul do bheith códhéanta d'ainmneacha a tógadh as dhá leabhar de choisteoirí no níos mó déanfidh an t-oifigeach paineultachta ceart, do réir pé ceann de sna fo-ailt sin roimhe seo a bhaineann leis an gcás, an líon ceart d'ainmneacha do thogha amach as gach leabhar den tsórt san de choisteoirí agus do chóiriú in ord aibítre, agus ansan déanfidh an t-oifigeach paineultachta no na hoifigigh phaineultachta uile agus fé seach i gcomhairle (fé mar a bheidh) na hainmneacha uile a toghadh amach as na leabhra san de choisteoirí d'iontráil in aon phaineul amháin a bheidh roinnte ina chodacha agus na hainmneacha do toghadh amach as aon leabhar amháin de choisteoirí i ngach cuid fé leith acu san agus ansan críochnófar an paineul agus déanfar leis mar a horduítear sa chéad fho-alt den alt so ach amháin, má bhíonn beirt oifigeach paineultachta no níos mó páirteach in ullamhú an phainéil, go sighneoidh na hoifigigh phaineultachta san uile an paineul.

Paineul de choisteoirí o roinnt dúithchí d'ullamhú.

35. —(1) Pé uair, fén Acht so, a bheidh paineul de choisteoirí le bheith có-dhéanta de choisteoirí 'na bhfaghfar cuid acu o gach ceann fé leith de dhá ghiúiré-dhúthaigh no níos mó, déanfidh an t-oifiigeach paineultachta don ghiúiré-dhúthaigh sin no na hoifigigh phaineultachta fé seach do sna giúiré-dhúithchí sin i gcomhairle, an líon iomlán de dhaoine go bhfuil a n-ainmneacha iontrálta sna leabhra uile agus fé seach de choisteoirí do sna giúiré-dhúithchí sin agus líon na ndaoine go bhfuil a n-ainmneacha iontrálta i ngach leabhar fé leith den tsórt san de choisteoirí d'fháil amach agus, ag ullamhú an phainéil do no dhóibh, toghfidh an t-oifigeach paineultachta no na hoifigigh phaineultachta fé seach amach as gach leabhar fé leith de choisteoirí an líon san (chó gairid do agus is féidir é) de choisteoirí go bhfuil idir é agus an líon iomlán de choisteoirí a bheidh le cur isteach sa phaineul an cothrom céanna atá idir an líon de dhaoine go bhfuil a n-ainmneacha iontrálta an uair sin sa leabhar san de choisteoirí agus an líon iomlán de dhaoine go bhfuil a n-ainmneacha iontrálta sna leabhra san uile de choisteoirí.

(2) Chun críche an ailt seo tuigfar gurb é líon de dhaoine go bhfuil a n-ainmneacha iontrálta i leabhar de choisteoirí ná an t-iolrú ar chéad is goire don líon de dhaoine go raibh a n-ainmneacha iontrálta sa leabhar san nuair a tháinig sé i bhfeidhm ar dtúis, agus gach tógaint-amach ainmneacha a dineadh ina dhiaidh sin geobhfar tháirse gan suim do chur inti agus geobhfar thar aon bhreis os cionn iolrú ar chéad gan suim do chur inti maran mó ná caoga an bhreis sin, agus más mó ná caoga an bhreis sin tuigfar gur céad í.

Eileamh ar phaineul de choisteoirí don Ard-Chúirt.

36. —(1) Fiche lá ar a laighead roimh thosach gach suidhe a bheidh ag an Ard-Chúirt agus gur gá coisteoirí do bheith i láthair sa Chúirt sin le n-a linn cuirfidh Máistir na hArd-Chúirte go dtí an t-oifigeach paineultachta no na hoifigigh phaineultachta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo éileamh i scríbhinn sa bhfuirm orduithe á éileamh ar an oifigeach paineultachta no ar na hoifigigh phaineultachta san paineul d'ullamhú agus do chur chuige de pé méid coisteoirí a luadhfar san éileamh san chun bheith i láthair san Ard-Chúirt le linn an tsuidhe sin.

(2) Sé méid coisteoirí a luadhfar san éileamh san ná pé méid coisteoirí a bheidh réasúnta dóthanach dar le Máistir na hArd-Chúirte, ag cuimhneamh ar gach teagmhas is deabhrathach a thiocfidh, chun gach ceist do thriail is gá a thriail san Ard-Chúirt le giúiré le linn an tsuidhe le n-a mbaineann an t-éileamh.

(3) Déanfar éileamh fén alt so do chur (fé mar is gá sa chás) chun an oifigigh phaineultachta no ar dúbáid chun na n-oifigeach paineultachta fé seach don ghiúiré-dhúthaigh no do sna giúirédhúithchí ó n-ar gá do réir an Achta so na coisteoirí don phaineul le n-a mbaineann an t-éileamh san d'fháil.

(4) Ar fháil éilimh d'oifigeach phaineultachta no do sna hoifigigh phaineultachta uile agus fé seach chun a gcuirfar é fén alt so déanfidh seisean no iad-san paineul de choisteoirí d'ullamhú do réir téarmaí an éilimh sin agus do réir forálacha an Achta so agus, deich lá ar a laighead roimh thosach an tsuidhe le n-a mbaineann an t-éileamh, an paineul san do chur chun Máistir na hArd-Chúirte.

(5) Bainfidh an t-alt so le gach suidhe a bheidh ag an bPrímh-Bhreitheamh no ag éinne dá oifigigh chun ceist do thriail le giúiré, ach chun crícheanna na bainte sin déanfar gach luadh atá san alt so ar Mháistir na hArd-Chúirte do léiriú agus beidh éifeacht aige mar luadh ar an gClárathóir don Phrímh-Bhreitheamh.

Am chun paineul de choisteoirí don Phríomh-Chúirt Choiriúil d'ullamhú.

37. —Ceithre lá déag ar a laighead roimh thosach gach suidhe a bheidh ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil agus gur gá coisteoirí do bheith i láthair sa Chúirt le n-a linn, déanfidh an t-oifigeach paineultachta no na hoifigigh phaineultachta fé seach (pe'ca aca é) don ghiúiré-dhúthaigh no do sna giúiré-dhúithchí o n-ar gá do réir an Achta so na coisteoirí d'fháil i gcóir an tsuidhe sin paineul de choisteoirí d'ullamhú (i gcomhairle má bhíonn níos mó ná aon oifigeach paineultachta amháin san obair) i gcóir an tsuidhe sin agus pé méid coisteoirí do chur isteach sa phaineul san a bheidh réasúnta dóthanach dar leis an oifigeach paineultachta san no leis na hoifigigh phaineultachta san i gcomhairle, ag cuimhneamh ar gach teagmhas is deabhrathach a thiocfidh, chun gach ceist do thriail is gá a thriail sa Chúirt le giúiré le linn an tsuidhe sin.

Am chun paineul de choisteoirí don Chúirt Chuarda d'ullamhú.

38. —(1) Ceithre lá déag ar a laighead roimh thosach gach suidhe a bheidh ag an gCúirt Chuarda agus gur gá coisteoirí do bheith i láthair sa Chúirt le n-a linn, déanfidh an t-oifigeach paineultachta no na hoifigigh phaineultachta fé seach don giúirédhúthaigh no do sna giúiré-dhúithchí o n-ar gá do réir an Achta so na coisteoirí d'fháil i gcóir an tsuidhe sin paineul de choisteoirí d'ullamhú (i gcomhairle más gá é) i gcóir an tsuidhe sin agus pé méid coisteoirí do chur isteach sa phaineul san a bheidh réasúnta dóthanach dar leis an oifigeach paineultachta san no leis na hoifigigh phaineultachta san i gcomhairle, ag cuimhneamh ar gach teagmhas is deabhrathach a thiocfidh, chun gach ceist do thriail is gá a thriail sa Chúirt le giúiré le linn an tsuidhe sin.

(2) Aon tsuidhe a bheidh ag an gCúirt Chuarda chun gnó do dhéanamh gur gá coisteoirí a gheobhfar o líomatáistí deifriula do bheith i láthair sa Chúirt chun coda deifriúla dhe do dhéanamh tuigfar chun críche an ailt seo gurb é tá sa tsuidhe sin ná roinnt suidheanna deifriúla agus gach suidhe fé leith de sna suidheanna deifriúla san do bheith ann chun an méid sin amháin den ghnó san do dhéanamh gur gá chuige coisteoirí a gheobhfar o aon líomatáiste amháin do bheith i láthair so Chúirt.

Coisteoirí do ghairm.

39. —(1) Ceithre lá ar a laighead roimh an gcéad lá gur gá é bheith i láthair mar choisteoir déanfar gach duine go mbeidh a ainm iontrálta mar choisteoir i bpaineul de choisteoirí fén Acht so do sheirbheáil, sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, le gairm sa tslí orduithe á cheangal air bheith i láthair mar choisteoir sa chúirt le n-a mbaineann an paineul ar an lá a bheidh luaidhte sa ghairm.

(2) Déanfar gach coisteoir go mbeidh a ainm iontrálta i bpaineul áirithe do ghairm chun teacht i láthair an t-aon lá amháin agus isé lá é sin ná an lá san, d'aimsir an tsuidhe dar hullamhuíodh an paineul, is caothúla chuige sin, ag cuimhneamh ar an ngnó a bheidh le déanamh le linn an tsuidhe sin, dar leis an Máistir, leis an gClárathóir, no le príomh-oifigeach eile don Chúirt dar hullamhuíodh an paineul, más fo-shirriam an t-oifigeach gairmtheachta, agus dar leis an oifigeach gairmtheachta i ngach cás eile.

Gairmeacha coisteoirí d'ullamhú.

40. —(1) Díreach tar éis do paineul de choisteoirí do chríochnú no d'fháil (pe'ca aca é) beidh sé de dhualgas ar an oifigeach gairmtheachta gairm d'ullamhú do gach coisteoir fé leith ar an bpaineul agus gach gairm den tsórt san do dhíriú chun an choisteora dá mbeidh sé ceaptha, tré n-a ainm, tré n-a sheola, agus tré n-a thuairisc mar a bheidh curtha síos sa phaineul.

(2) Nuair a bheidh gach gairm den tsórt san maidir le haon phaineul áirithe ullamh ag an oifigeach gairmtheachta déanfa sé (mara mbeidh na gairmeacha san le seirbheáil tríd an bpost de bhua an Achta so) gach gairm den tsórt san do sheachada, maraon le cóip den phaineul, don phríomh-oifigeach don Ghárda Síochána sa chathair no sa bhaile ina bhfuil oifig an oifigigh ghairmtheachta san suidhte.

(3) Nuair a bheidh gach gairm den tsórt san maidir le haon phaineul áirithe ullamh ag an oifigeach gairmtheachta agus a bheidh na gairmeacha san le seirbheáil tríd an bpost de bhua an Achta so, cromfidh an t-oifigeach gairmtheachta ar na gairmeacha san do sheirbheáil tríd an bpost sa tslí a horduítear anso ina dhiaidh seo.

(4) Pé uair a bheidh paineul có-dhéanta de choisteoirí do fuaradh o dhá ghiúiré-dhúthaigh no níos mó go mbeidh daoine deifriúla mar oifigeach ghairmtheachta dhóibh, isé a dhéanfidh na dualgaisi a forchuirtar leis an alt so ar an oifigeach gairmtheachta do chólíona maidir leis na coisteoirí do fuaradh o gach giúirédhúthaigh fé leith acu san ná an t-oifigeach is oifigeach gairmtheachta don ghiúiré-dhúthaigh sin.

An Gárda Síochána do sheirbheáil gairmeacha coisteoirí.

41. —(1) Pé uair a dhéanfidh an t-oifigeach gairmtheachta aon ghairmeacha coisteoirí do sheachada fén Acht so d'oifigeach don Ghárda Síochána chun a seirbheálta, déanfidh baill den Ghárda Síochána na gairmeacha san do sheirbheáil go cuibhe, do réir an Achta so agus do réir rialachán a bheidh déanta fén alt so, ar na daoine chun a mbeidh na gairmeacha san fé seach dírithe.

(2) Déanfidh Coimisinéir an Ghárda Síochána pé rialacháin agus tabharfa sé pé orduithe is gá no is ceart chun a chur in áirithe go gcólíonfidh baill den Ghárda Síochána go cuibhe na dualgaisí a forchuirtar ar na baill sin leis an Acht so maidir le gairmeacha coisteoirí do sheirbheáil.

Modh chun gairmeacha coisteoirí do sheirbheáil.

42. —(1) Gach gairm choisteora ná beidh sé údaruithe de bhua an Achta so a seirbheáil tríd an bpost seirbheálfidh ball den Ghárda Síochána í tré n-a seachada don té chun a mbeidh sí dírithe no tré n-a fagaint do, ag an seola a bheidh luaidhte inti, le duine a bheidh sé bliana déag no níos mó d'aois.

(2) Gach ball den Ghárda Síochána a bheidh ag gabháil d'obair sheirbheála gairmeacha coisteoirí soláthrófar leabhar do (dá ngairmtear an leabhar seirbheála san Acht so) sa bhfuirm orduithe agus, díreach tar éis aon ghairm choisteora do sheirbheáil do no díreach tar éis san do theip air, beidh sé de dhualgas air dáta, áit, agus modh na seirbheála san no dáta agus cúiseanna teipthe na seirbheála san air d'iontráil sa leabhar sheirbheála.

(3) Pé uair a chífar do bhall den Ghárda Síochána a bheidh ag gabháil d'obair sheirbheála gairmeacha coisteoirí an té chun a mbeidh aon ghairm den tsórt san dírithe do bheith tar éis bháis no do bheith tar éis scur go buan de bheith ina chomhnaí ag an seola a bheidh luaidhte sa ghairm sin no do bheith gan bheith ina chomhnaí aon uair ag an seola san, iontrálfa sé ina leabhar seirbheála na dátain a chífar amhlaidh do agus cad as go bhfuair sé eolas ortha agus, in ionad an ghairm sin do sheirbheáil, cuirfe sé thar n-ais chun an oifigigh ghairmtheachta í agus an focal “nea-sheirbheálta” i gcúl-scríbhinn uirthi agus cúis na neasheirbheála san ina dhiaidh sin.

Cruthú seirbheála gairmeacha coisteoirí.

43. —(1) Gach ball den Ghárda Síochána a bheidh ag gabháil d'obair seirbheála aon ghairmeacha coisteoirí tiocfa sé i láthair sa Chúirt agus san san am agus san áit in ar gá, do réir na ngairm sin, na daoine a seirbheáladh leo do bheith i láthair agus, má éilionn an Breitheamh air é dhéanamh, cruthóidh sé san áit sin, tré n-a fhianaise fé mhionn agus tré n-a leabhar seirbheála do thaisbeáint, an tseirbheáil do dhin sé ar gach gairm den tsórt san adéarfa sé a sheirbheáil sé

(2) Pé uair a déanfar aon bhall den Ghárda Síochána a bheidh ag gabháil d'obair sheirbheála aon ghairmeacha coisteoirí do chosc, tré n-a bhás, tré bhreoiteacht no tré chúis eile dhosheachanta, ar theacht i láthair sa Chúirt do réir an fho-ailt sin roimhe seo chun seirbheáil na ngairm sin do chruthú, déanfidh ball eile den Ghárda Síochána thar a cheann a leabhar seirbheála do thaisbeáint sa Chúirt agus san san am agus san áit in ar cóir don bhall chéad-luaidhte sin teacht i láthair agus, ar chruthú an choisc sin ar theacht i láthair agus ar a chruthú gurb é leabhar seirbheála an bhaill chéad-luaidthe sin an leabhar seirbheála san agus go bhfuil na hiontrála ann ina láimhscríbhneoireacht, beidh an leabhar san, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar na nithe a bheidh curtha síos ann.

Gairmeacha coisteoirí do sheirbheáil tríd an bpost.

44. —(1) Le scríbhinn fé n-a láimh agus í dírithe chun an oifigigh ghairmtheachta no chun na n-oifigeach ngairmtheachta uile agus fé seach le n-a mbaineann an scéal, féadfidh an tAire a ordú aon uair go ndéanfar, maidir le gairmeacha chun coisteoirí do theacht i láthair—

(a) san Ard-Chúirt ina suidhe i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no i gcontae Bhaile Atha Cliath, no

(b) san Ard-Chúirt ina suidhe in aon chontae-bhuirg no contae áirithe seachas contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae Bhaile Átha Cliath, no

(c) sa Phríomh-Chúirt Choiriúil ina suidhe i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no i gcontae Bhaile Atha Cliath, no

(d) sa Phríomh-Chúirt Choiriúil ina suidhe in aon chontaebhuirg no contae áirithe seachas contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus contae Bhaile Atha Cliath,

iad do sheirbheáil tré n-a gcur tríd an bpost cláruithe chun na ndaoine dá mbeid dírithe fé seach ag na seolta a bheidh luaidhte sna gairmeacha san.

(2) Le scríbhinn fé n-a láimh agus í dírithe chun an oifigigh ghairmtheachta no chun na n-oifigeach ngairmtheachta uile agus fé seach le n-a mbaineann an scéal féadfidh an tAire a ordú aon uair go ndéanfar, maidir le gairmeacha chun coisteoirí do theacht i láthair sa Chúirt Chuarda ina suidhe in aon áit no in aon áit áirithe no áiteanna áirithe i gCuaird áirithe, iad do sheirbheáil tré n-a gcur tríd an bpost cláruithe chun na ndaoine dá mbeid dírithe fé seach ag na seolta a bheidh luaidhte sna gairmeacha san.

(3) Pé uair a ordóidh an tAire a leithéid, ansan, mara gceiliúraidh agus go dtí go gceiliúrfidh an tAire an t-ordú san, seirbheálfar gach gairm choisteora le n-a mbaineann an t-ordú tré n-a cur tríd an bpost cláruithe roimh-íoctha i gclúdach dúnta agus é dírithe chun an duine ag an seola a bheidh ainmnithe sa ghairm agus, mara gcuiridh Oifig an Phuist thar n-ais chun an oifigigh ghairmtheachta í mar rud nea-sheachadtha, tuigfar gur dineadh gach gairm choisteora do postáladh amhlaidh do sheirbheáil, ar an té go raibh an clúdach ina raibh sí dírithe chuige, an uair a seachadfí an clúdach san i ngnáth-chúrsa an phuist.

(4) Pé uair a seirbheálfar aon ghairmeacha coisteoirí tríd an bpost fén alt so beidh sé de dhualgas ar an oifigeach gairmtheachta breacachán do chimeád sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann ar phostáil gach gairme den tsórt san agus ar fháil gach gairme den tsórt san a cuirfar thar n-ais chuige gan seachada agus, sa Chúirt agus san san am agus san áit in ar gá, do réir na ngairm sin, na daoine chun a rabhadar dírithe do theacht i láthair, an breacachán san do thaisbeáint maraon leis an bhfianaise orduithe ar phostáil chuibhe gach gairme den tsórt san agus, maidir le haon ghairm acu san do cuireadh thar n-ais gan seachada, ar a cur thar n-ais amhlaidh gan seachada.

(5) Ní thabharfidh ná ní cheiliúrfidh an tAire aon ordú ná ní ordóidh sé éinni ná aon rud fén alt so maidir leis an Ard-Chúirt ná leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil gan dul i gcomhairle roimh ré le hUachtarán na hArd-Chúirte, ná maidir leis an gCúirt Chuarda gan dul i gcomhairle roimh ré leis an mBreitheamh den Chúirt sin a bheidh ceaptha an uair sin don chuaird le n-a mbaineann no ina bhfuil an áit no na háiteanna le n-a mbaineann an t-ordú.

(6) Féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa, ordú do thabhairt d'aon oifigeach gairmtheachta maidir leis an nós-imeachta a bheidh le leanúint i dtaobh gairmeacha do phostáil go hachtúil fén alt so.

Paineul fóirlíontach d'ullamhú agus do ghairm.

45. —(1) Pé uair a beifear tar éis paineul de choisteoirí do ghairm chun teacht i láthair i gCúirt le linn suidhe féadfidh aon Bhreitheamh den Chúirt sin, aon uair no uaire le linn an tsuidhe sin agus ar aon réasún is dó leis is leor, a ordú don oifigeach phaineultachta agus don oifigeach ghairmtheachta fé seach paineul fóirlíontach de choisteoirí do phaineula agus do ghairm chun teacht i láthair sa Chúirt sin pé lá d'aimsir an tsuidhe sin a luadhfidh an Breitheamh san agus é ag ordú ullamhú an phainéil fhóirlíontaigh sin.

(2) Isé slí ina ndéanfar paineul fóirlíontach a hullamhófar fén alt so d'ullamhú agus na coisteoirí a bheidh ainmnithe ann do ghairm ná i slí a bheidh chó gairid agus is féidir é don tslí in ar gá, do réir an Achta so, paineul d'ullamhú agus in ar gá, do réir an Achta so, na coisteoirí a bheidh ainmnithe ann do ghairm, ag cuimhneamh ar fhaid an haimsire idir an ordú a tugadh chun an paineul san d'ullamhú agus an lá do luaidh an Breitheamh chun na coisteoirí a bheidh ainmnithe sa phaineul san do theacht i láthair.

(3) Déanfar ainmneacha na gcoisteoirí a bheidh iontrálta ar phaineul fhóirlíontach a hullamhófar fén alt so do ghlaoch do réir an Achta so an lá agus an uair a bheidh na coisteoirí sin gairmthe chun teacht i láthair sa Chúirt agus ar chríochnú an ghlaoigh sin cuirfar an paineul fóirlíontach san leis an bpaineul a céad-luaidhtear san alt so agus beidh sé ina chuid den phaineul san as san amach.

Paineul do ghlaoch.

46. —(1) Pé uair a beifear tar éis paineul de choisteoirí do ghairm chun teacht i láthair i gCúirt le linn aon tsuidhe déanfidh clárathóir na Cúirte sin ainmneacha na gcoisteoirí a bheidh iontrálta ar an bpaineul san do ghlaoch i gcúirt oscailte an lá d'aimsir an tsuidhe sin agus an uair den lá san a bheidh na coisteoirí sin gairmthe amhlaidh agus freagróidh gach coisteoir den tsórt san a ainm nuair a glaodhfar í má bhíonn sé i láthair an uair sin agus san áit sin.

(2) Ar na hainmneacha a bheidh iontrálta i bpaineul de choisteoirí do ghlaoch do réir an fho-ailt sin roimhe seo déanfidh an clárathóir ar an bpaineul, os coinne ainm gach coisteora a bheidh iontrálta ann, iontráil á rá ce'ca d'fhreagair an coisteoir sin a ainm nuair a glaodhadh í no nár fhreagair.

(3) Gach coisteoir a dhéanfidh, le linn aon ghlaoigh den tsórt san, a ainm d'fhreagairt nuair a glaodhfar í tuigfar é do bheith gairmthe go cuibhe chun teacht i láthair mar choisteoir ar an ócáid sin.

(4) Ar chríochnú gach glaoigh den tsórt san déanfar ainmneacha na gcoisteoirí nár fhreagair le linn an ghlaoigh sin do ghlaoch arís agus fé mar a glaodhfar ainm gach coisteora fé leith, mara bhfreagróidh sé an uair sin, tabharfar fianaise ar sheirbheáil na gairme coisteora air agus déanfidh an Breitheamh, más deimhin leis gur seirbheáladh an ghairm sin go cuibhe, fíneáil trí bpunt do chur ar an gcoisteoir sin maran deimhin leis go raibh leor-chúis réasúnta ann chun gan an coisteoir sin do theacht i láthair.

(5) Má fhreagrann coisteoir a ainm le linn an dara glaoigh do réir an fho-ailt sin roimhe seo tiocfidh as san na nithe céanna do thiocfadh dá bhfreagradh sé a ainm le linn an chéad ghlaoigh.

(6) Mara bhfreagróidh coisteoir a ainm le linn aon dara glaoigh den tsórt san agus nách deimhin leis an mBreitheamh gur seirbheáladh é go cuibhe le gairm choisteora iontrálfidh an clárathóir an focal “nea-sheirbheálta” ar an bpaineul os coinne ainm an choisteora san agus cuirfe sé an nea-sheirbheáil sin in úil don oifigeach phaineultachta d'ullamhuigh an paineul agus tuigfar chun gach críche nár hiontráladh ainm an choisteora san sa phaineul riamh agus déanfar na ceartuithe riachtanacha sa leabhar de choisteoirí o n-ar tógadh ainm an choisteora san ach ní dhéanfidh san dochar ná deifir do dhleathacht an phainéil.

(7) Mara bhfreagróidh coisteoir a ainm le linn aon dara glaoigh den tsórt san agus gur deimhin leis an mBreitheamh go raibh leor-chúis réasúnta ann chun gan an coisteoir sin do theacht i láthair tabharfidh an Breitheamh saoirse don choisteoir sin, ar feadh iomlán an tsuidhe no ar feadh pé cuid de is oiriúnach leis an mBreitheamh, o bheith i láthair mar choisteoir.

Giúiré do thogha amach o sna coisteoirí ar an bpaineul.

47. —(1) Pé uair a beifear tar éis paineul de choisteoirí do ghairm chun teacht i láthair i gCúirt le linn aon tsuidhe soláthróidh an t-oifigeach gairmtheachta do chlárathóir na Cúirte sin, roimh an lá d'aimsir an tsuidhe sin a bheidh na coisteoirí sin gairmthe chun teacht i láthair, leor-líon de chártaí de mhéid agus de chrot áisiúil, agus na cártaí sin uile den aon mhéid, den aon chrot, den aon abhar agus den aon dath, chó fada agus is féidir san, agus ainmneacha, seolta, agus tuairiscí na gcoisteoirí a bheidh iontrálta ar an bpaineul, agus a n-uimhir ar an bpaineul, scríbhte ar na cártaí sin, agus gan ach ainm, seola, tuairisc, agus uimhir choisteora amháin scríbhte ar gach cárta fé leith, agus beidh na cártaí sin sa Chúirt ag an gclárathóir sin pé uair is gá giúiré d'fháil ón bpaineul san.

(2) Pé uair le linn aon tsuidhe den tsórt san is gá chun ceist do thriail giúiré a gheobhfaí ón bpaineul san, ansan, mara n-orduighidh an Breitheamh a mhalairt, glaodhfidh an clárathóir i gcúirt oscailte ainmneacha na gcoisteoirí uile a bheidh iontrálta ar an bpaineul san agus gan “nea-sheirbheálta” marcálta ortha agus gan saoirse acu de thurus na huaire o bheith i láthair, agus déanfidh gach coisteoir, má bhíonn sé i láthair an uair sin san áit sin, a ainm d'fhreagairt nuair a glaodhfar í agus fé mar a fhreagróidh sé déanfidh an clárathóir an cárta ar a bhfuil a ainm do chur isteach i mbosca ar nós bosca bhallóide a soláthrófar chuige sin.

(3) Más rud é ná freagrann coisteoir den tsórt san a ainm le linn aon ghlaoigh den tsórt san cuirfidh an Breitheamh fíneáil trí bpunt air maran deimhin leis an mBreitheamh go raibh leor-chúis réasúnta ann chun gan an coisteoir sin do theacht i láthair, agus pé uair is deimhin leis an mBreitheamh gur mar sin a bhí tabharfa sé saoirse don choisteoir sin o bheith i láthair i rith na coda eile den tsuidhe le n-a mbaineann an paineul no i rith pé méid is oiriúnach leis den chuid sin.

(4) Nuair a bheidh an glaoch san críochnuithe crothfidh no suathfidh an clárathóir na cártaí sa bhosca san d'fhonn is na cártaí sin do shár-mheasca agus ansan tarraiceoidh sé na cártaí sin amach as an mbosca san ina gceann is ina gceann agus fé mar a tharraiceoidh sé gach cárta acu san amach glaodhfa sé ainm an choisteora atá scríbhte air agus leis sin raghaidh an coisteoir sin isteach sa ghiúiré-bhosca.

(5) Chó luath agus bheidh cruinnithe sa ghiúiré-bhosca do réir an fho-ailt sin roimhe seo oiread coisteoirí agus is leor chun giúiré do dhéanamh, ag cuimhneamh ar an méid acu gur deabhrathach go gcuirfar ina gcoinnibh agus no ndéarfar leo dul i leataoibh, cromfidh an clárathóir ar na coisteoirí sin do chur fé mhionn san ord in ar tarraigeadh amach as an mbosca san na cártaí ar a bhfuil a n-ainmneacha, agus an coisteoir is túisce a cuirfar fé mhionn amhlaidh isé a bheidh mar phríomh-choisteoir ar an ngiúiré.

(6) Más rud é, de dhruim curtha-i-gcoinnibh, curtha-ileataoibh, no aon chúise eile, go bhfuighfar ná fuil coisteoirí go leor cruinnithe sa ghiúiré-bhosca, gheobhar na coisteoirí breise is gá tríd an gclárathóir do tharrac cártaí amach as an mbosca san ar gach slí díreach fé mar a fuarthas na céadchoisteoirí.

Breitheamh do thabhairt saoirse do choisteoirí.

48. —(1) Pé uair is gá paineul de choisteoirí do bheith i láthair i gCúirt le linn aon tsuidhe, féadfidh aon Bhreitheamh den Chúirt sin, ar aon scóranna is réasúnta agus is leor dar leis, aon choisteoir go bhfuil a ainm iontrálta sa phaineul san do shaora, ar feadh iomlán an tsuidhe sin no ar feadh aon choda áirithe dhe, o theacht i láthair mar choisteoir.

(2) Pé uair is gá paineul de choisteoirí do bheith i láthair i gCúirt le linn aon tsuidhe agus go dtabharfar le feiscint do Bhreitheamh den Chúirt sin coisteoir go bhfuil a ainm iontrálta sa phaineul san do bheith, de bhua an Achta so no ar aon tslí eile do réir dlí, saor ar fad no dí-cháilithe o fhónamh mar choisteoir, tabharfidh an Breitheamh san saoirse don choisteoir sin, ar feadh iomlán an tsuidhe sin no ar feadh na coda eile den tsuidhe sin (pe'ca aca is gá sa chás), o theacht i láthair mar choisteoir.

(3) Pé uair a tabharfar saoirse do choisteoir fén alt so no fé aon alt eile den Acht so (lasmuich den chéad fho-alt eile den alt so) o bheith i láthair mar choisteoir iontrálfidh an clárathóir sa phaineul, os coinne ainm an choisteora san, nóta ar an saoirse sin agus ar fhaid na saoirse sin.

(4) Pé uair is gá dhá ghiúiré no níos mó a fuaradh ón aon phaineul amháin do bheith ag fónamh san aon am amháin, aon choisteoir a bheidh ag fónamh go hachtúil ar aon ghiúiré den tsórt san, tuigfar, chun aon ghiúiré eile den tsórt san d'fháil ón bpaineul san sa tslí a horduítear leis an Acht so, é do bheith saor, faid a bheidh sé ag fónamh amhlaidh, o bheith i láthair mar choisteoir.

Faoiseamh do choisteoirí o bheith i láthair nuair nách gá é.

49. —Pé uair is gá paineul de choisteoirí do bheith i láthair i gCúirt le linn aon tsuidhe, déanfidh an Breitheamh pé nithe is féidir chun faoiseamh do thabhairt chó fada agus is féidir é do sna coisteoirí a bheidh ainmnithe sa phaineul san o theacht i láthair sa Chúirt ar laetheanta ná beidh gá go hachtúil le n-a seirbhísí mar choisteoirí agus o fhanúint sa Chúirt ar feadh tréimhsí ná beid ag fónamh go hachtúil mar choisteoirí, agus féadfidh an Breitheamh, chun na gcrícheanna san, an paineul do roinnt ina chodacha agus laetheanta deifriúla do cheapa chun na coisteoirí sna codacha uile agus fé seach do bheith i láthair agus na coisteoirí a bheidh in aon chuid den tsórt san do shaora o theacht i láthair ar na laetheanta ná beidh ceaptha amhlaidh chun lucht na coda san do bheith i láthair.

Cóipeanna den phaineul d'fhoillsiú agus do sholáthar.

50. —(1) Pé uair a gairmfar coisteoirí chun teacht i láthair i gCúirt le linn suidhe, déanfar cóip den phaineul de choisteoirí do hullamhuíodh don tsuidhe sin do chur ar taisbeáint go so-fheicse in áit chomhgaraigh go bhfuil slí chuige ag an bpuiblíocht sa bhfoirgint ina bhfuil an suidhe agus beidh an paineul san ar taisbeáint amhlaidh an chéad lá gur gá na coisteoirí a bheidh ainmnithe sa phaineul san do bheith i láthair sa Chúirt agus cimeádfar é ar taisbeáint amhlaidh as san amach go dtí lá deiridh an tsuidhe sin.

(2) Déanfidh an t-oifigeach paineultachta no duine de sna hoifigigh phaineultachta a ullamhóidh paineul de choisteoirí fén Acht so chun ceisteanna coiriúla do thriail, déanfa sé, ar a iarraidh sin air, aon chóip amháin den phaineul san do sholáthar in aisce d'aon duine cúisithe 'na mbeidh sé ceaptha é thriail le giúiré a toghfar amach as an bpaineul san.

(3) Déanfidh an t-oifigeach paineultachta no éinne de sna hoifigigh phaineultachta a ullamhóidh paineul de choisteoirí cóip den phaineul san do sholáthar d'éinne a iarrfidh í agus a íocfidh an táille orduithe uirthi laistigh de thrí lá roimh an suidhe no aon am le linn an tsuidhe le n-a mbaineann an paineul san.

Fíneála ar choisteoirí do bhaint amach.

51. —(1) Déanfar na fíneála uile a forchuirfar ar choisteoirí fén Acht so do bhaint amach sa tslí chéanna ina bhfuil fíneála a fhorchuireann an Chúirt Dúithche ionbhainte amach de thurus na huaire agus na hachtacháin uile atá i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le fíneála a fhorchuireann an Chúirt Dúithche do bhaint amach bainfid le fíneála a forchuirfar ar choisteoirí fén Acht so do bhaint amach ach go gcuirfar isteach ionta, in ionad na Cúirte Dúithche, an Chúirt a fhorchuirfidh na fíneála san, agus déanfar gach fíneáil den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste nuair a bainfar amach í.

(2) Pé uair a forchuirfar fíneáil ar choisteoir fén Acht so déanfidh an máistir, an clárathóir no an príomh-oifigeach eile don chúirt no an breitheamh d'fhorchuir an fhíneáil fógra sa bhfuirm orduithe do chur tríd an bpost láithreach chun an choisteora san ag á sheola, mar a bhí sé curtha síos sa phaineul ina raibh a ainm nuair a forchuireadh an fhíneáil sin, á chur in úil do gur forchuireadh an fhíneáil sin agus cadé an chaoi a tugtar do leis an alt so chun maitheamh d'fháil inti, agus féadfidh an coisteoir sin, laistigh de chúig lá tar éis forchur na fíneála san, maitheamh sa bhfíneáil sin d'iarraidh, i bpearsain no tré leitir, ar an bpríomh-oifigeach san ar pé scóranna is oiriúnach leis a thabhairt uaidh.

(3) Déanfidh an príomh-oifigeach san gach iarratas ar mhaitheamh fhíneála a déanfar chuige fén alt so do thabhairt fé bhráid an bhreithimh d'fhorchuir an fhíneáil sin no, mara mbeidh an breitheamh san in oifig an uair sin, fé bhráid a chomharba agus féadfidh an breitheamh san no a chomharba (pe'ca aca é), más é a thuairim gur gá é do réir chirt, an fhíneáil sin do mhaitheamh no do laigheadú gan coiníoll no fé réir pé coiníollacha is dó leis is ceart.

(4) Ní bheidh aon fhíneáil a forchuirfar ar choisteoir fén Acht so ionbhainte amach roimh dheire na tréimhse de chúig lá a lomháltar leis an alt so chun a iarraidh go maithfí í.

Modh chun giúiré do chur fé mhionn.

52. —(1) Nuair a bheidh an clárathóir ag cur coisteora fé mhionn déanfa sé ainm an choisteora do ghlaoch amach agus ordóidh sé dho an Tiomna do thógaint ina láimh agus ansan, mara ndintar cur-i-gcoinnibh an choisteora agus géille don churina-choinnibh, cuirfidh an clárathóir fén mionn é do réir an Achta so.

(2) Nuair a bheidh beirt choisteoirí no níos mó á gcur fé mhionn le chéile déanfidh an clárathóir ainm gach coisteora fé leith acu do ghlaoch amach ar leithligh agus tabharfa sé do gach coisteoir fé leith acu an t-ordú an Tiomna do thógaint ina láimh díreach tar éis do a ainm do ghlaoch amach agus roimh ainm aon choisteora eile do ghlaoch amach.

(3) Aon choisteoir a chuirfidh i gcoinnibh é chur fé mhionn sa ghnáth-shlí is díreach tar éis a ainm do bheith glaoite amach amhlaidh agus sara dtosnuítear ar é chur fén mionn a dhéanfa sé an cur-i-gcoinnibh sin.

(4) Gach cur-i-gcoinnibh coisteora agus gach ordú do choisteoir dul i leataoibh, is díreach tar éis a ainm do bheith glaoite amach amhlaidh agus sara dtosnuítear ar é chur fén mionn a déanfar iad.

(5) Má dhiúltuíonn aon choisteoir d'é do chur fé mhionn no más rud é nách foláir leis a chur fé mhionn ar shlí ná fuil údaruithe leis an Acht so ná dá bhua, ní cuirfar é ar an ngiúiré a bheidh á chur fé mhionn an uair sin ach forchuirfidh an Breitheamh air fíneáil nách mó ná deich bpúint agus nách lú ná cúig púint.

(6) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar go bhfuil tosnuithe ar choisteoir do chur fé mhionn nuair a thosnóidh an clárathóir ar fhocail an mhionna do rá leis an gcoisteoir a bheidh á chur fé mhionn.

(7) San alt so agus sa chéad alt a leanas cialluíonn an focal “Tiomna” an Tiomna Nua i gcás Críostaí agus an Sean-Tiomna i gcás Giúdaigh.

Coisteoirí do chur fé mhionn.

53. —(1) I ngach triail gurb í ceist no ceann de sna ceisteanna atá inti ce'ca tá duine ciontach i gcoir dar pionós an bás nó ná fuil, cuirfar na coisteoirí fé mhionn ina n-aonar ina nduine is ina nduine agus i ngach triail eile cuirfar an giúiré fé mhionn le chéile, sé sin le rá, déanfar na coisteoirí uile no pé méid coisteoirí a bheidh caothúil do chur fé mhionn san aon am amháin, ach amháin go gcuirfar fé mhionn ar leithligh agus ina aonar aon choisteoir adéarfidh gur mian leis go gcuirfí fé mhionn ina aonar é agus aon choisteoir a bheidh le cur fé mhionn ar aon tslí seachas an ghnáthshlí, agus go gcuirfar na coisteoirí eile fé mhionn le chéile mar adubhradh.

(2) Is mar leanas a bheidh an ghnáth-shlí chun daoine do chur fén mionn:—

Déanfidh an coisteoir no gach duine de sna coisteoirí a bheidh le cur fé mhionn an Tiomna do chimeád ina láimh agus í in áirde agus déarfidh an clárathoir leis an gcoisteoir no leis na coisteoirí sin na focail “Mionnuím dar Dia an Uile Chomhacht . . . .” agus ina dhiaidh sin an fhuirm oiriúnach mhionna a horduítear leis an Acht so agus déarfidh an coisteoir no na coisteoirí sin i ndiaidh an chlárathóra na focail a labharfa sé amhlaidh.

(3) An Oaths Act, 1888, agus fós gach Acht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus le n-a n-údaruítear mionn do thabhairt i gcúirt bhreithiúnais in aon tslí áirithe, bainfid leis na mionnaí a ceangailtear leis an Acht so ar choisteoirí a thabhairt.

(4) Má cheaduíonn an Breitheamh é féadfar coisteoir adeir go bhfuil creideamh aige ach nách Críostaí na Giúdach é do chur fé mhionn in aon tslí adeir sé do cheanglódh é.

(5) Cuirfar gach coisteoir fén mionn sa ghnáth-shlí gan ceist do chur mara ndeabhruighidh an coisteoir bheith neamh-ábalta go corpardha ar an mionn do thabhairt sa tslí sin no go ndéanfa sé uaidh féin cur i gcoinnibh an mionn do thabhairt sa tslí sin agus go gcuirfe sé ina luighe ar an mBreitheamh go bhfuil teideal aige, de bhua an ailt seo, chun an mionn do thabhairt i slí éigin eile.

Fuirmeacha na mionn a bheidh le tabhairt ag coisteoirí.

54. —(1) Pé uair gurb í ceist a bheidh le triail ag an ngiúiré ná ce'ca tá duine cúisithe no roinnt daoine cúisithe ciontach i gcoir no i gcionta no ná fuil, is mar seo a leanas a bheidh fuirm an mhionna fé n-a gcuirfar na coisteoirí, sé sin le rá:—

“Go dtrialfad go maith agus go fírinneach an cheist i dtaobh ce'ca tá an duine (no na daoine) cúisithe ciontach no ná fuil sa chionta (no sna ciontaí uile agus fé seach) a luaidhtear sa díotáil a cuireadh ina aghaidh (no ina haghaidh no ina n-aghaidh) agus go dtabharfad breithfhocal fíor do réir na fianaise.”

(2) Pé uair a bheidh sé ceaptha don ghiúiré níos mó ná aon cheist amháin den tsórt a luaidhtear so bhfo-alt san roimhe seo do thriail, beidh an mionn fé n-a gcuirfar na coisteoirí sa bhfuirm atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo agus na focail seo a leanas curtha léi, sé sin le rá:—“agus go ndéanfad dá réir sin ar gach slí maidir le gach duine cúisithe eile den tsórt san a tabharfar i gcimeád dom chun a thrialta.”

(3) Pé uair gurb í ceist a bheidh le triail ag an ngiúiré ná ce'ca tá duine cúisithe inniúil ar phléideáil no ná fuil, is mar seo a leanas a bheidh fuirm an mhionna fé n-a gcuirfar na coisteoirí, sé sin le rá:—

“Go bhféachfad go maith agus go dícheallach ce'ca tá

(ag luadh ainm an duine chúisithe), an

príosúnach ag an mbarra, as a mheabhair no ná fuil agus go dtabharfad breith-fhocal fíor chó fada lem' thuisgint.”

(4) Pé uair gurb í ceist a bheidh le triail ag an ngiúiré ná ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá bailbhe ar dhuine cúisithe a fhanann ina thost, is mar seo a leanas a bheidh fuirm an mhionna fé n-a gcuirfar na coisteoirí, sé sin le rá:—

“Go bhféachfad go maith agus go dícheallach ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá bailbhe ar

(ag luadh ainm an duine chúisithe), an príosúnach ag an mbarra, agus go dtabharfad breith-fhocal fíor do réir na fianaise.”

(5) Pé uair nách ceist de sna ceisteanna dá ndintar foráil go soiléir anso roimhe seo an cheist a bheidh le triail ag an ngiúiré, is mar seo a leanas a bheidh fuirm an mhionna fé n-a gcuirfar na coisteoirí, sé sin le rá:—

“Go dtrialfad go maith agus go fírinneach gach ceist a tabharfar dom le triail agus go dtabharfad breith-fhocail fhíora do réir na fianaise.”

Deire le curtha i gcoinnibh na gcoisteoirí le chéile.

55. —Dintar leis seo deire do chur le curtha i gcoinnibh na gcoisteoirí le chéile agus ní lomhálfar aon chur i gcoinnibh den tsórt san.

Cur i gcoinnibh coisteora aonair.

56. —Ach amháin mar a foráltar leis an Acht so ní lomhálfar aon chur i gcoinnibh aon choisteora aonair.

Curtha i gcoinnibh gan cúis do luadh.

57. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha so a leanas i ngach triail cheiste síbhialta a trialfar le giúiré, sé sin le rá:—

(a) féadfidh an gearánaí no, má bhíonn beirt ghearánaithe no níos mó ann, féadfidh na gearánaithe le chéile gan cúis do luadh cur i gcoinnibh triúr coisteoirí ar a mhéid;

(b) má bhíonn beirt ghearánaithe no níos mó ann is le chéile a dhéanfid a gcurtha-i-gcoinnibh;

(c) féadfidh an cosantóir no, má bhíonn beirt chosantóirí no níos mó ann agus gur le chéile a dhéanfid a gcurtha-igcoinnibh, féadfidh na cosantóirí le chéile gan cúis do luadh cur i gcoinnibh triúr coisteoirí ar a mhéid;

(d) má bhíonn beirt chosantóirí nó níos mó ann agus nách le chéile a dhéanfid a gcurtha-i-gcoinnibh, féadfidh gach cosantóir gan cúis do luadh cur i gcoinnibh coisteoirí, ach ní mó ná triúr an líon iomlán de choisteoirí 'na gcuirfidh cosantóirí ina gcoinnibh amhlaidh;

(e) tuigfar chun crícheanna an fho-ailt seo gur cosantóirí treas-pháirtithe, eadarthagthóirí agus páirtithe eile den tsórt san.

(2) I ngach triail cheiste coiriúla a trialfar le giúiré beidh feidhm ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh ach aon duine cúisithe amháin ann féadfidh an duine sin gan cúis do luadh cur i gcoinnibh cúigear coisteoirí ar a mhéid;

(b) má bhíonn beirt daoine cúisithe no níos mó ann féadfid a gcurtha-i-gcoinnibh do dhéanamh le chéile agus sa chás san féadfid le chéile gan cúis do luadh, más dúnmharbha no tréasún a bheidh curtha i leith na ndaoine sin, cur i gcoinnibh deichniúr coisteoirí ar a mhéid, no i gcoinnibh seisear coisteoirí ar a mhéid in aon chás eile;

(c) má bhíonn beirt daoine cúisithe no níos mó ann agus nách le chéile a dhéanfid a gcurtha-i-gcoinnibh féadfidh gach duine fé leith acu gan cúis do luadh cur i gcoinnibh coisteoirí ach ní mó ná deichniúr an líon iomlán de choisteoirí 'na gcuirfidh na daoine cúisithe sin ina gcoinnibh amhlaidh más dúnmharbha no tréasún a bheidh curtha i leith na ndaoine sin agus ní mó ná seisear é in aon chás eile.

(3) I ngach triail cheiste coiriúla a trialfar le giúiré agus nách ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a beifear á cur ar aghaidh féadfidh an cúisitheoir gan cúis do luadh cur i gcoinnibh cúigear coisteoirí ar a mhéid.

(4) Pé uair a cuirfar i gcoinnibh coisteora go dleathach gan cúis do luadh fágfa sé an giúiré-bhosca láithreach agus ní cuirfar ar an ngiúiré é.

Curtha i gcoinnibh ar chúis a luadhfar.

58. —(1) I ngach triail cheiste síbhialta a trialfar le giúiré féadfidh aon pháirtí ar chúis a luadhfar cur i gcoinnibh aon mhéid coisteoirí.

(2) I ngach triail cheiste coiriúla a trialfar le giúiré féadfidh an duine cúisithe no éinne de sna daoine cúisithe ar chúis a luadhfar cur i gcoinnibh aon mhéid coisteoirí.

(3) I ngach triail cheiste coiriúla a trialfar le giúiré agus nách ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a beifear á cur ar aghaidh féadfidh an cúisitheoir ar chúis a luadhfar cur i gcoinnibh aon mhéid coisteoirí.

(4) Pé uair, ar thriail cheiste le giúiré, a bheidh cuid de sna páirtithe no na daoine cúisithe tar éis cur le chéile no a bheidh ceangailte ortha leis an Acht so cur le chéile ina gcurtha-igcoinnibh, is le chéile agus ní hin n-a n-aonar a dhéanfid a gcurtha-i-gcoinnibh ar chúis a luadhfar.

(5) Pé uair a cuirfar i gcoinnibh coisteora ar chúis a luadhfar is díreach ar dhéanamh an churtha-i-gcoinnibh a luadhfar an chúis sin agus ansan lomhálfidh no nea-lomhálfidh an Breitheamh an cur-i-gcoinnibh, fé mar is dó leis is ceart, agus ní bheidh dul thar an lomháil no an nea-lomháil sin.

(6) Pé uair a cuirfar i gcoinnibh coisteora ar chúis a luadhfar agus a lomhálfidh an Breitheamh an cur-i-gcoinnibh sin fágfidh an coisteoir sin an giúiré-bhosca láithreach agus ní cuirfar ar an ngiúiré é.

Coisteoirí á gcur i leataoibh ag an bPríomh-Atúrnae.

59. —Beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas i ngach triail cheiste coiriúla a trialfar le giúiré agus gur ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a beifear á cur ar aghaidh, sé sin le rá:—

(a) féadfidh an Príomh-Atúrnae sin no an t-abhcóide no an t-atúrnae a bheidh á ionadú, an uair a horduítear leis an Acht so, a ordú, gan cúis do luadh, d'aon choisteoir nár cuireadh ina choinnibh dul i leataoibh agus leis sin ní déanfar an coisteoir sin do chur fé mhionn an uair sin mar dhuine den ghiúiré;

(b) más rud é, sara mbeidh no nuair a bheidh na coisteoirí uile glaoite 'na mbeidh a ainmneacha iontrálta sa phaineul agus a bheidh ionghlaoite chun fónamh ar an ngiúiré, go bhfuighfar giúiré gan na coisteoirí dar horduíodh dul i leataoibh do chur air, fágfidh na coisteoirí deiridh sin an giúiré-bhosca chó luath agus bheidh an giúiré sin fachta amhlaidh agus ní cuirfar éinne de sna coisteoirí deiridh sin ar an ngiúiré sin;

(c) más rud é, tar éis na coisteoirí uile do bheith glaoite 'na mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phaineul agus a bheidh ionghlaoite chun fónamh ar an ngiúiré, ná fuighfar giúiré, déanfar leor-líon de sna coisteoirí, dar horduíodh amhlaidh dul i leataoibh agus ná heireoidh le cur ina gcoinnibh fé sna forálacha ina dhiaidh seo den alt so, do chur fé mhionn agus do chur ar an ngiúiré san ord in ar tarraigeadh as an mbosca na cártaí ar a bhfuil a n-ainmneacha;

(d) féadfidh an Príomh-Atúrnae sin no an t-abhcóide no an t-atúrnae a bheidh á ionadú, ar chúis a luadhfar, cur i gcoinnibh aon choisteora a glaodhfar, tar éis a bheith orduithe dho dul i leataoibh, chun é chur fé mhionn fén mír sin roimhe seo;

(e) pé uair a cuirfar i gcoinnibh coisteora fén mír sin roimhe seo is díreach ar dhéanamh an churtha-i-gcoinnibh a luadhfar an chúis agus ansan lomhálfidh no nealomhálfidh an Breitheamh an cur-i-gcoinnibh, fé mar is dó leis is ceart, agus ní bheidh dul thar an lomháil no an nea-lomháil sin;

(f) má lomháltar amhlaidh aon chur-i-gcoinnibh den tsórt san déanfidh an coisteoir go gcuirfar ina choinnibh amhlaidh an giúiré-bhosca d'fhágaint láithreach agus ní cuirfar ar an ngiúiré é.

Giúirithe radhairc.

60. —(1) I dtriail aon cheiste le giúiré féadfidh an Breitheamh, aon uair tar éis na coisteoirí do bheith curtha fé mhionn agus sara mbeidh a mbreith-fhocal tabhartha acu, a ordú go bhfuighidh na coisteoirí radharc ar aon áit a bheidh luaidhte san ordú agus gur dó leis an mBreitheamh go bhfuil sé oiriúnach, chun crícheanna na trialach, go bhfeicfadh na coisteoirí é agus nuair a déanfar aon ordú den tsórt san féadfidh an Breitheamh an triail do chur ar athló ag pé céim di agus ar feadh pé aimsir is dó leis is caothúil chun an t-ordú d'fheidhmiú.

(2) I dtriail cheiste síbhialta, ní déanfar ordú fén alt so ach ar iarratas páirtí de sna páirtithe chun an agra no na cúise agus na costaisí a bhainfidh leis na coisteoirí d'iompar chun na háite agus ón áit a bheidh luaidhte san ordú íocfar iad sa chéad dul síos ag an bpáirtí gur ar a iarratas a dineadh an t-ordú ach cuirfar iad in áireamh a chostaisí sa triail agus is dá réir sin a beifear thíos leo sa deire.

(3) I dtriail cheiste coiriúla, ní déanfar ordú fén alt so ach ar iarratas an chúisitheora no an duine chúisithe no duine no daoine de sna daoine cúisithe agus na costaisí a bhainfidh leis na coisteoirí d'iompar chun na háite agus ón áit a bheidh luaidhte san ordú íocfar iad ag an gclárathóir contae, no ag oifigeach eile ag gníomhú mar chlárathóir don Chúirt le linn na trialach, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) Pé uair a dhéanfidh Breitheamh ordú fén alt so tabharfa sé pé orduithe is dó leis a bheith oiriúnach chun chonbharsáid neachuibhe leis na coisteoirí do chosc le linn feidhmiú an orduithe, ach ní bheidh aon bhrise ar aon orduithe den tsórt san ina scór chun triail nua d'ordú.

Téigheamh agus úrúcháin do choisteoirí.

61. —(1) Na coisteoirí a cuirfar fé mhionn chun aon chúis do thriail ceadófar dóibh, le hordú an Bhreithimh, aon uair sara dtugaid a mbreith-fhocal, teine do bheith acu nuair a bheid lasmuich den chúirt agus fós úrúcháin réasúnta d'fháil.

(2) Nuair a ceadófar do choisteoirí fén alt so teine do bheith acu déanfidh an t-oifigeach ceart den chúirt an teine sin do sholáthar agus is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar costaisí na teine sin.

Coisteoirí d'íoc.

62. —I ngach triail cheiste síbhialta, má shocruíonn agus nuair a shocróidh an giúiré ar bhreith-fhocal, déanfidh an páirtí gur i bhfabhar do a socrófar ar an mbreith-fhocal san suim chúig scillinge d'íoc le gach coisteoir ar chríochnú na trialach agus déanfar na suimeanna a híocfar amhlaidh do chur in áireamh costaisí an pháirtí sin agus is dá réir sin a beifear thíos leo sa deire.

Coisteoirí do scarúint le n-a chéile le linn trialach.

63. —(1) In aon triail cheiste coiriúla nách ceist i dtaobh ce'ca tá duine ciontach i ndúnmharbha, no i dtréasún, no i bhfeleontacht tréasúin, no ná fuil, féadfidh an Breitheamh, más oiriúnach leis é, a cheadú do sna coisteoirí scarúint le n-a chéile aon uair sara mbreithneoid a mbreith-fhocal sa tslí chéanna ina gceaduítí do choisteoirí go dtí so scarúint le n-a chéile i dtriail cheiste i dtaobh ce'ca tá duine ciontach i mí-iompar no ná fuil.

(2) I ngach triail cheiste i dtaobh ce'ca tá duine ciontach i ndúnmharbha, no i dtréasún, no i bhfeleontacht tréasúin, no ná fuil, agus i ngach triail ar aon cheist choiriúil eile ná ceaduítear do sna coisteoirí scarúint le n-a chéile le n-a linn, mara mbeidh an triail críochnuithe nuair a bheidh an Chúirt ag eirghe i gcóir an lae ní ceadófar do sna coisteoirí scarúint le n-a chéile agus déanfidh an t-oifigeach ceart pé nithe is dó leis is ceart, no a ordóidh an Breitheamh, chun a chur in áirithe ná scarfidh na coisteoirí le n-a chéile agus chun cóir oiriúnach do sholáthar dóibh i gcóir na hoíche agus chun a chur ar a gcumas úrúcháin réasúnta d'fháil.

(3) I ngach triail cheiste, síbhialta no coiriúil, a trialfar le giúiré, déanfidh an t-oifigeach ceart pé nithe is dó leis is ceart, no a ordóidh an Breitheamh, chun úrúcháin réasúnta do sholáthar do sna coisteoirí no chun a chur ar a gcumas iad d'fháil do réir an chleachta a leantí go dtí so i rith gach tréimhse 'na n-eireoidh an Breitheamh ina cóir i rith an lae gan a cheadú don ghiúiré scarúint le n-a chéile.

(4) Isiad dualgaisí a forchuirtar ar an oifigeach ceart leis an alt so ná dualgaisí, i dtaobh coisteoirí agus giúirithe, do cólíontí go dtí so ag an bhfo-shirriam do réir bhrí alt 30 (alt a bhaineann le cólíona dualgaisí den tsórt san) den Acht so, agus dá réir sin isé an t-oifigeach a hainmnítear chuige sin leis an alt san 30 a chólíonfidh na dualgaisí sin a forchuirtar ar an oifigeach ceart amhlaidh agus is sa tslí a horduítear leis an alt san a híocfar no a beifear thíos le gach costas a bhainfidh le cólíona na ndualgaisí sin.

Bás no breoiteacht choisteora le linn trialach.

64. —Pé uair, le linn triail aon cheiste, go bhfuighidh coisteoir bás no go scuirfidh an Breitheamh é toisc é bheith mí-ábalta, tré bhreoiteacht no ar aon chúis eile, ar leanúint de ghníomhú mar choisteoir, tuigfar, mara n-orduighidh an Breitheamh a mhalairt no mara laigheadófar líon na gcoisteoirí dá dhruim sin go dtí líon is lú ná deichniúr, go bhfuil an giúiré curtha le chéile go ceart fós chun crícheanna uile na trialach san, agus raghaidh an triail ar aghaidh agus féadfar socrú ar bhreith-fhocal dá réir sin.

Cuid V. d'fheidhmiú maidir le cásanna áirithe.

65. —(1) Pé uair a bheidh paineul de choisteoirí i láthair go dleathach os cóir an Phrímh-Bhreithimh agus gan eisean ina shuidhe mar Bhreitheamh den Ard-Chúirt, ansan, chun na gcrícheanna bhaineann leis an gCuid seo den Acht so do chur i bhfeidhm, beidh an Prímh-Bhreitheamh mar chúirt agus fós mar bhreitheamh na cúirte sin.

(2) Pé uair a bheidh paineul de choisteoirí i láthair go dleathach os cóir oifigigh den Ard-Chúirt no don Phrímh-Bhreitheamh, ansan, chun na gcrícheanna bhaineann leis an gCuid seo den Acht so do chur i bhfeidhm, beidh an t-oifigeach san mar chúirt agus fós mar bhreitheamh na cúirte sin.