|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Generalta.) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927
| [EN] | ||
| [EN] |
CEAD SCEIDEAL. Daoine ata Saor o Fhonamh mar Choisteoiri. | |
|
CUID I. Daoine ata Saor ar Fad. | ||
| [EN] | An Seanascal. | |
| [EN] | Baill den Oireachtas. | |
| [EN] | Baill d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann ar lán-tuarastal. | |
| [EN] | Baill den Ghárda Síochána. | |
| [EN] | Daoine i seilbh aon oifige breithiúnais íoctha i Saorstát Éireann. | |
| [EN] | Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann. | |
| [EN] | An tArd-Scrúdóir. | |
| [EN] | Baill d'fhuirinn an Oireachtais no d'fhuirinn aon Tighe den Oireachtas. | |
| [EN] | Gach oifigeach agus seirbhíseach ar fostú in aon oifig a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais no leis an bPrímh-Bhreitheamh. | |
| [EN] | Daoine atá i seilbh aon oifige puiblí agus a híoctar amach as airgead puiblí no atá i seilbh oifige fé údarás áitiúil agus a híoctar amach as rátaí áitiúla. | |
| [EN] | Cléir in Uird Bheannuithe agus daoine eile a mhúineann no a sheanmóineann in aon phobal creidimh agus ná leanann aon tslí bheatha shaolta. | |
| [EN] | Daoine ar fostú ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann. | |
| [EN] | Abhcóidí dlí ag cleachta go hachtúil mar abhcóidí dlí. | |
| [EN] | Atúrnaethe ag cleachta go hachtúil mar atúrnaethe, agus ortha san atúrnaethe ar fostú ar tuarastal no ar shlí eile chun seirbhísí do thabhairt mar atúrnaethe dá bhfostóirí amháin. | |
| [EN] | Daoine ar fostú go hachtúil mar chléirigh, ar obair a bhaineann le dlí, ag atúrnaethe atá iad féin saor no i dteideal saoirse d'fháil mar atúrnaethe den tsórt san. | |
| [EN] | Daoine ná fuil léigheamh ná scríobha acu agus daoine atá, de dheascaibh gealtachta, easba meabhrach, bodhaire, daille no buanlaige eile, neamh-oiriúnach chun fónamh mar choisteoirí. | |
|
CUID II. Daoine ata Saor ach a bheidh i dTeideal Fonamh ar a Iarraidh sin doibh. | ||
| [EN] | Mná. | |
| [EN] | Feadhmannaigh Shíochána. | |
| [EN] | Dochtúirí leighis cláruithe ag cleachta go hachtúil mar dhochtúirí den tsórt san, agus ortha san dochtúirí leighis cláruithe ar fostú ar tuarastal no ar shlí eile chun seirbhísí leighis do thabhairt dá bhfostóirí amháin no d'aon tsaghas áirithe amháin daoine. | |
| [EN] | Sréidleagha ag cleachta go hachtúil mar shréidleagha. | |
| [EN] | Fiaclóirí cláruithe ag cleachta go hachtúil mar fhiaclóirí clarúithe. | |
| [EN] | Ceimiceoirí cogaisíochta, agus iad cláruithe go cuibhe, ag cleachta go hachtúil mar cheimiceoirí den tsórt san. | |
| [EN] | Daoine ar fostú go hachtúil mar ollamhain, mar mháistrí scoile no mar oidí in aon phríomh-scoil, coláiste, scoil no acadamh. | |
| [EN] | Máistrí árthaí ar fostú go hachtúil mar mháistrí árthaí. | |
| [EN] | Píolóidí atá ceadúnuithe go cuibhe. | |
| [EN] | Daoine ag gabháil d'obair lán-aimsire ar fhuirinn aon pháipéir nuachta, laethiúl no seachtainiúil, mar eagarthóir (pe'ca mar phríomh-eagarthóir, mar fho-eagarthóir, no mar eagarthóir speisialta é), mar bhainisteoir liteardha, mar scríbhneoir aistí, mar thuairisgeoir, no mar aistidhe. | |
| [EN] | Baill Chorparáideacha d'Fhundúireacht Innealtóirí Síbhialta na hÉireann ag gabháil do chleacha a ngairme dáiríribh. |