An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Feidhmeanna agus Comhachta Airithe Bhuird Sholathair an Leictreachais.) Ar Aghaidh (CUID IV. Leasuithe ar Acht Leictreachais na Sionainne, 1925.)

27 1927

ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927

CUID III.

Udarais Áitiúla.

Costaisí údarás n-áitiúil.

71. —(1) Aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, fén Acht so, agus ná beidh aon tsocrú eile déanta ina dtaobh, féadfar, le toiliú an Bhúird a tabharfar tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, iad d'íoc—

(a) i gcás údaráis shláintíochta bhaile, amach as an ráta is ionchurtha chun crícheanna generálta na Public Health (Ireland) Acts no as aon chiste no ráta eile is ionchurtha chun soillsiúcháin fé aon Acht Áitiúil, agus

(b) i gcás comhairle tuathcheanntair, búird shláinte phuiblí, no búird shláinte agus chonganta phuiblí mar chostaisí speisialta fén Public Health (Ireland) Act, 1878, agus tuigfar gur costaisí speisialta iad do réir bhrí alt 232 den Acht san.

(2) Gach suim a roimh-íocfidh an Bord fén Acht so le húdarás áitiúil amach as na cistí a bheidh ar a chur aige roimh-íocfar í ar chreidiúint an chiste no an ráta go bhfuil sé údaruithe don údarás áitiúil sin costaisí fé n-ar chuathas fén Acht so d'íoc amach as, agus chun aisíoc aon tsuime den tsórt san agus an úis is iníoctha uirthi d'urrú féadfidh an t-údarás áitiúil sin an ciste no an ráta san do mhorgáistiú don Bhord.

(3) Gach suim a roimh-íocfidh an Bord fén Acht so le húdarás áitiúil aisíocfar leis an mBord í laistigh den aimsir agus sa tslí a hordófar le rialacháin a dhéanfidh an Bord fén Acht so tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Comhacht d'údaráis áitiúla iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so.

72. —I dteanta na comhachta a bronntar ar an mBord fén Acht so chun roimh-íocanna d'íoc le húdaráis áitiúla beidh sé dleathach d'údarás áitiúil iasacht d'fháil chun crícheanna an Achta so fé réir na bhforálacha agus na sriantachtaí atá in ailt 237 agus 238 agus in ailt 240 go 243 (go huile) den Public Health (Ireland) Act, 1878.

Comhacht chun an soláthar bliantúil i gcóir aisíoc airgid do fuarthas ar iasacht do chur ar fiunraoi.

73. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht, pe'ca Acht puiblí generálta é no Acht áitiúil pearsanta, beidh sé dleathach, le haontú ón mBord, d'údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe an soláthar bliantúil, is gá do réir dlí do dhéanamh i gcóir aisíoc airgid do fuarthas ar iasacht fén Acht so, do chur ar fiunraoi (fé réir na dteorann a forchuirtar leis an alt so).

(2) Is ar feadh pé tréimhse agus fé réir pé coiníollacha a shocróidh an Bord a cuirfar an soláthar bliantúil roimhráite ar fiunraoi fén alt so ach ní raghaidh an fhiunraíocht san, in aon chás, thar an tréimhse ina mbeidh an caithteachas as an airgead do fuarthas ar iasacht mar adubhradh nea-chúiteamhach.

Cuntaisí d'iniúcha.

74. —Déanfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe cuntaisí fé leith do chimeád ar a ghnó údaruithe agus tuigfar gur cuntaisí de chuid an údaráis áitiúla san na cuntaisí fé leith a cimeádfar amhlaidh agus iniúchfar iad ar nós cuntaisí an údaráis áitiúla san, agus na hachtacháin agus na horduithe a bhaineann le hiniúcha cuntaisí an údaráis áitiúla san agus le comhachta iniúchóir na gcuntaisí sin bainfid leis na cuntaisí sin fé leith fé mar a bhaineann na hachtacháin agus na horduithe sin le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí an údaráis áitiúla san.

Connartha chun oibreacha do dhéanamh, etc.

75. —Féadfidh aon údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe (fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le caithteachas fé n-a raghaidh gnóthaire údaruithe ar scór déanamh, ath-dhéanamh, leathnú, gléasa, no ath-ghléasa aon oibreacha a bheidh á úsáid mar chuid dá ghnó no i gcó-bhaint leis) connra do dhéanamh le héinne go ndéanfa sé agus go gcoinneoidh sé i dtreo aon oibreacha is gá chun an t-údarás áitiúil sin do sholáthar leictreachais do réir an orduithe no do réir an Achta speisialta le n-a mbeidh an soláthar san údaruithe.

Na costaisí a bhainfidh le có-aontuithe do chólíona.

76. —I gcás ina ndéanfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe có-aontú no socrú, a bheidh údaruithe tríd an Acht so no fé, le haon ghnóthaire údaruithe eile no le héinne eile, tuigfar aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin ag cur an chó-aontuithe no an tsocruithe sin in éifeacht do bheith ina gcostaisí fé n-ar chuadar fén Acht so agus tuigfar aon airgead a gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin fén gcó-aontú no fén socrú san do bheith ina airgead do fuair an t-údarás áitiúil sin ar scór a ngnótha údaruithe.

Iocfidhúdaráis áitiúla na costaisí a bhainfidh le hatharuithe áirithe.

77. —Pé uair a dhéanfidh údarás áitiúil i dtaobh no chun atharú do dhéanamh ar bhóthar no ar dhroichead—

(a) a éileamh ar ghnóthaire údaruithe ionad no doimhneas sreanganna no mórphíopaí leictreachais fé thalamh no oibreacha eile leictreachais fé thalamh no ionad polaí no déanmhachtaí eile ag iompar sreanganna no mórphíopaí leictreachais no ionad oibreacha eile leictreachais os cionn tailimh d'atharú, no

(b) a éileamh ar an mBord ionad no doimhneas aon oibreacha leictreachais den tsórt san fé thalamh no ionad aon oibreacha leictreachais den tsórt san os cionn tailimh mar adubhradh, de chuid no fé stiúra an Bhúird, d'atharú,

déanfidh an t-údarás áitiúil sin na costaisí fé n-a raghaidh an gnóthaire údaruithe sin no an Bord (pe'ca aca é), i gcólíona an éilimh sin, d'íoc leis an ngnóthaire údaruithe sin no leis an mBord (pe'ca aca is gá sa chás), ar a éileamh san ar an údarás san, mar chuid de sna costaisí a bhaineann leis an mbóthar no leis an droichead san do choinneáil i dtreo agus mara gcó-aontuítear ar mhéid na gcostaisí sin a bheidh le n'íoc leis an ngnóthaire údaruithe sin amhlaidh socróidh an Bord é agus mara gcó-aontuítear ar mhéid na gcostaisí sin a bheidh le n'íoc leis an mBord amhlaidh socróidh eadarascánaí é a cheapfidh an tAire.

Bainfidh na Public Health(Ireland) Acts,1878 to 1919, le hiasachtaí d'fháil fén Acht so.

78. —(1) Pé uair a dhéanfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe aon tsuim d'fháil ar iasacht ón mBord fén Acht so chun aon chríche tuigfar gur críoch chun a bhféadfidh an t-údarás áitiúil sin iasacht d'fháil fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, an chríoch chun a bhfuighfar an tsuim sin ar iasacht amhlaidh agus bainfidh na hAchtanna san leis an iasacht san d'fháil díreach fé mar a bhainid le húdarás áitiúil d'fháil aon iasachta fútha ach amháin, chun na gcrícheanna bhaineann le húdarás áitiúil is gnóthaire údaruithe d'fháil aon tsuime ar iasacht ón mBord fén Acht so, gurb é cead an Bhúird an cead is gá do réir na nAcht san chun údarás áitiúil d'fháil aon iasachta fútha.

(2) Aon tsuim a gheobhfar ar iasacht fén Acht so ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, ní háireofar í mar chuid d'fhiacha iomlána an údaráis áitiúla san chun na críche a bhaineann le haon teora a chuireann na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, le hiasachtaí d'fháil.

Rialacháin chun cosanta na puiblíochta.

79. —(1) Aon údarás áitiúil go n-údarófar laistigh dá gceanntar d'éinne fé aon ordú no fé aon Acht speisialta leictreachas do sholáthar féadfid, maidir le soláthar an leictreachais sin, pé rialacháin is oiriúnach leis an údarás áitiúil sin do dhéanamh chun cosanta na puiblíochta do chur in áirithe agus féadfid, leis na rialacháin sin, fíneála d'fhorchur mar gheall ar na rialacháin sin do bhrise agus a údarú na fíneála san do bhaint amach tré imeachta ar an slí achmair.

(2) Is mar bhreis le haon rialacháin a dhéanfidh an Bord a bheidh rialacháin a déanfar fén alt so agus ní déanfar leo aon rialachán de chuid an Bhúird do cheiliúra ná do leasú ná ní dhéanfid dochar do.

(3) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon rialacháin a dhéanfidh údarás áitiúil fén alt so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar iad do dhaingniú ag an mBord agus iad d'fhoillsiú i pé slí a ordóidh an Bord.

An chríoch chun a gcuirfar barrachas cistí.

80. —Pé uair a bheidh ar láimh ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, i ndeire aon bhliana airgeadais áitiúla, aon bharrachas cistí a thiocfidh as an ngnó údaruithe tar éis glana gach fiachais a bhaineann leis an ngnó san, ní dhéanfidh an gnóthaire údaruithe sin an barrachas cistí sin do cheapa ná do chur chun aon chríche ach críoch a cheadóidh an Bord chuige sin.

Ciste do sholáthar mar chaipital oibriúcháin.

81. —Féadfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe ciste do sholáthar mar chaipital oibriúcháin agus féadfid, le cead an Bhúird, iasachtaí do chruinniú chun an ciste sin do sholáthar no, leis an gcead san, aon bharrachas cistí do cheapa chuige sin a thiocfidh as an ngnó údaruithe tar éis glana gach fiachais reatha a bhaineann leis an ngnó san.