An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Notai Dli-Thairgthe.) Ar Aghaidh (CUID VII. Airgeadas.)

32 1927

ACHT AIRGID REATHA, 1927

CUID VI.

Notai Bainc Co-dhluite.

Nótaí bainc có-dhlúite do sholáthar.

51. —(1) Beidh sé dleathach don Choimisiún nótaí bainc dá ngairmfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “nótaí bainc códhlúite” do sholáthar agus do thabhairt amach do sna Bainc Scair-shealbhacha do réir an Achta so.

(2) Beidh gach nóta bainc có-dhlúite i suim éigin acu so a leanas, sé sin le rá, punt, cúig púint, deich bpúint, fiche punt, caoga punt, agus céad punt.

(3) Beidh gach nóta bainc có-dhlúite i pé fuirm agus do réir pé tuise agus pátrúin agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipeur agus fé pé uimhir agus a dhílseacht deimhnithe ar pé slí a ordóidh an Coimisiún.

(4) Tuigfar nótaí bainc có-dhlúite do bheith ina nótaí bainc do réir bhrí an Forgery Act, 1913, agus do réir bhrí aon achtacháin eile a bhaineann le ciontaí i dtaobh nótaí bainc agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann, agus iad do bheith ina n-urrúis luachmhara do réir bhrí an Larceny Act, 1861, an Larceny Act, 1916, agus aon dlí eile a bhaineann le gadaíocht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann.

Nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach.

52. —(1) Fé réir na dteorann agus na gcoiníoll a luaidhtear san Acht so agus fé réir forálacha an ailt seo do chóliona féadfidh an Coimisiún nótaí bainc có-dhluite sna suimeanna a húdaruítear leis an Acht so do thabhairt amach d'aon Bhanc Scair-shealbhach, pé méid agus pé suimeanna a iarrfidh an Banc san o am go ham.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich aon uair le Banc Scair-shealbhach (ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí) thar méid iomlán na roimhíocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc an Banc san le daoine i Saorstát Éireann agus a cruthófar chun sástacht an Choimisiúin a bheith ar bith an uair sin.

(3) Is sa tslí a ordóidh no a cheadóidh an Coimisiún a thabharfidh Banc Scair-shealbhach don Choimisiún cruthúnas chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo ar roimh-íocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc an Banc san le daoine i Saorstát Éireann do bheith ar bith agus chun crícheanna an chruthúnais sin féadfidh Cathaoirleach an Choimisiúin, no buan-oifigeach don Choimisiún 'na mbeidh údarás speisialta chuige sin aige i scríbhinn ón gCathaoirleach, iniúcha do dhéanamh ar na leabhair agus ar na scríbhinní de chuid an Bhainc sin a bhaineann leis an scéal.

(4) Féadfidh an Coimisiún a chur ar aon Bhanc Scair-shealbhach urrús do thabhairt don Choimisiún, i pé méid a ordóidh an Coimisiún, ar nótaí bainc có-dhlúite a tugadh amach roimhe sin no a tabharfar amach ina dhiaidh sin don Bhanc san, tré shóemhainní leis an mBanc san le n-a mbeidh an Coimisiún sásta d'aistriú (mar urrús amháin agus ní har fad) don Choimisiún, no tré mhuirear, i bhfabhar don Choimisiún, ar shóemhainní leis an mBanc san, pé muirear agus pé sócmhainní le n-a mbeidh an Coimisiún sásta.

(5) An Coimisiún do ghlaca urrúis o Bhanc Scair-shealbhach fén alt so ar nótaí bainc có-dhlúite a tugadh no a tabharfar amach don Bhanc san, ní dhéanfa sé dochar ná deifir don fhiachas a bheidh ar an mBanc san fén Acht so maidir leis na nótaí bainc có-dhlúite sin ná do sna cirt a bheidh fén Acht so ag an gCoimisiún maidir leis na nótaí bainc có-dhlúite sin ná ag sealbhóir aon nóta den tsórt san.

(6) Déanfar tagairtí san Acht so do nótaí bainc có-dhlúite amuich le Banc Scair-shealbhach do léiriú mar nithe a thagrann do gach nóta bainc có-dhlúite agus a fholuíonn gach nóta bainc có-dhlúite a bheidh, san am le n-a mbaineann an tagairt, tabhartha amach ag an gCoimisiún don Bhanc Scair-shealbhach san agus ná beidh tabhartha thar n-ais don Choimisiún le cur ar ceal.

Teora leis an méid nótaí bainc có-dhlúite.

53. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “teora mhaximum” an méid nótaí bainc có-dhlúite is mó a fhéadfidh, fén Acht so, bheith amuich, ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí a dineadh fén Acht so, san am go n-úsáidtear an focal ina thaobh agus cialluíonn an focal “tréimhse thosaigh” an tréimhse de dhá bhliain ón 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhomhair, pe'ca aca is túisce thiocfidh tar éis an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach.

(2) Déanfidh an Coimisiún pé nithe is oiriúnach leis, tríd an tabhairt-amach do shriana no ar shlí eile, chun a chur in áirithe gan an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich in éineacht aon uair, lasmuich de nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí a dineadh fén Acht so, do dhul thar an méid a bheidh ceaptha leis an alt so, no fé, mar theora mhaximum i gcóir na huaire sin.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt so, isé a bheidh mar theora mhaximum i rith na tréimhse tosaigh ná sé milleoin punt.

(4) Le linn dul in éag no laistigh de mhí roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh agus do gach tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin breithneoidh an Coimisiún an teora mhaximum agus féadfa sé, le vóta d'aon aonta ar dhéanamh an bhreithnithe sin le linn dul in éag no roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh agus le vóta móráirimh ar dhéanamh an bhreithnithe sin le linn dul in éag no roimh dhul in éag d'aon tréimhse trí mblian, pé méid is dó leis is ceart do shocrú mar theora mhaximum ag cuimhneamh do ar an méid iomlán de roimh-íocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc Bainc Scair-shealbhacha le daoine i Saorstát Éireann agus a bheidh ar bith an uair sin agus ar shócmhainní eile agus ar fhiachaisí de chuid na mBanc Scair-shealbhach agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal, agus má dhineann an Coimisiún ar ócáid aon bhreithnithe den tsórt san an teora mhaximum do shocrú amhlaidh, isí an teora san a bheidh mar theora mhaximum ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin, agus mara socruighidh an Coimisiún an teora mhaximum amhlaidh le linn dul in éag no roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh, isé bheidh mar theora mhaximum ar feadh na céad tréimhse trí mblian ná sé milleoin punt agus, mara socruighidh an Coimisiún an teora mhaximum amhlaidh le linn dul in éag no roimh dhul in éag d'aon tréimhse trí mblian, isí bheidh mar theora mhaximum ar feadh na tréimhse trí mblian a bheidh le teacht an uair sin ná an teora mhaximum a bhí ann ar feadh na tréimhse trí mblian a bheidh ag dul in éag an uair sin.

(5) Más rud é nách lú ná sé milleoin punt an méid meánach de nótaí dlí-thairgthe a bheidh amuich ar feadh aon leath-bhliana a raghaidh in éag i rith na tréimhse tosaigh féadfidh an Coimisiún, le vóta cúigear ar a laighead dá bhaill agus más oiriúnach leis é pé méid is dó leis is ceart do shocrú mar theora mhaximum ag cuimhneamh do ar an méid iomlán de roimh-iocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc Bainc Scair-shealbhacha le daoine i Saorstát Éireann agus a bheidh ar bith an uair sin agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal agus má socruítear agus pé uair a socrófar an teora mhaximum amhlaidh isí an teora san a bheidh agus leanfa sí de bheith mar theora mhaximum go dtí go mbeidh an tréimhse thosaigh caithte no go dtí go socrófar teora mhaximum fén gcéad fho-alt eile ina dhiaidh seo, pe'ca aca is túisce thárlóidh.

(6) Más rud é nách mó ná ceithre milleoin punt an méid meánach de nótaí dlí-thairgthe a bheidh amuich i rith aon leathbhliana maraon leis an méid meánach de mhonaí óir a bheidh ma ndlí-thairisgint de thurus na huaire fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta agus a mheasfidh an Coimisiún do bheith i gcúrsaíocht no ar seilbh ag bancaerí i Saorstát Éireann i rith na leath-bhliana san, féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach leis é, i rith na leath-bhliana ina dhiaidh sin, suim milleoin punt sa bhreis ar iomlán an mhéide mheánaigh sin do shocrú mar theora mhaximum agus má socruítear agus pé uair a socrófar an teora mhaximum amhlaidh, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so contrárdha dho san, isí an teora san a bheidh agus leanfa sí de bheith mar theora mhaximum go dtí go socróidh an Coimisiún teora mhaximum eile fén gcéad fho-alt eile ina dhiaidh seo.

(7) Pé uair a shocróidh an Coimisiún teora mhaximum fén bhfo-alt san roimhe seo, féadfidh an Coimisiún aon uair ina dhiaidh sin an teora mhaximum san do chur i leataoibh agus má cuirtar an teora mhaximum san i leataoibh amhlaidh i rith na tréimhse tosaigh socróidh an Coimisiún láithreach sé milleoin punt mar theora mhaximum agus más tar éis na tréimhse tosaigh a cuirfar i leataoibh amhlaidh an teora mhaximum a céad-luaidhtear socróidh an Coimisiún láithreach mar theora mhaximum pé méid is dó leis is ceart ag cuimhneamh do ar an méid iomlán de roimhíocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc Bainc Scair-shealbhacha le daoine i Saorstát Éireann agus a bheidh ar bith an uair sin agus ar shócmhainní eile agus ar fhiachaisí de chuid na mBanc Scair-shealbhach agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal, agus pé uair a shocróidh an Coimisiún teora mhaximum fén bhfo-alt so isí an teora mhaximum san a bheidh agus leanfa sí de bheith mar theora mhaximum ar feadh iarsma na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian (pe'ca aca é) a bheidh ag rith an uair sin.

(8) Ní dhéanfidh an Coimisiún aon uair suim is mó ná sé milleoin punt do shocrú mar theora mhaximum gan toiliú roimh ré ón Aire.

(9) Más sia ná ráithe an tréimhse dar tosach an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta no an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin, pe'ca aca is túisce thiocfidh, tuigfar chun críche an ailt seo gur leath-bhliain an tréimhse sin, agus más rud é nách sia ná ráithe an tréimhse sin tuigfar chun críche an ailt seo gur leath-bhliain an tréimhse sin agus an chéad leath-bhliain ina dhiaidh sin le chéile.

Nótaí bainc có-dhlúite do roinnt ar Bhainc Scairshealbhacha.

54. —(1) Déanfidh an Coimisiún pé nithe is dó leis is ceart chun a chur in áirithe gan an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich le haon Bhanc Scair-shealbhach áirithe in éineacht aon uair, ar aon tslí eile seachas de bharr tabhartha-amach neaghnáthaí, do dhul thar an quota no thar an gcion, den teorainn mhaximum, a bheidh ceaptha don Bhanc san an uair sin fén alt so.

(2) Más rud é agus faid ná beidh aon Bhanc ina Bhanc Scairshealbhach ach na Bainc a hainmnítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus pe'ca na Bainc sin uile a bheidh ina mBainc Scair-shealbhacha no roinnt acu amháin, isé bheidh mar quota do gach Banc Scair-shealbhach mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt fén alt so ná cion a bheidh do réir an chothruim atá idir an tsuim a luaidhtear sa Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc sin agus suim sé milleon punt.

(3) Le linn dul in éag no laistigh de mhí roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh agus do gach tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin breithneoidh an Coimisiún quotaí na mBanc Scairshealbhach uile agus fé seach agus féadfa sé méid gach quota no aon quota acu san d'atharú (maraon le quota Bainc do tháinig chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach i rith na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian a bheidh ag dul in éag an uair sin do cheapa agus an quota ba le Banc do scuir de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach i rith na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian san do roinnt) i pé slí is dó leis an gCoimisiún is ceart ag cuimhneamh do ar mhéid chompráideach roimhíocanna dea-urruithe so-shóinseálta gach Bainc Scair-shealbhaigh fé leith agus ar aon chó-nasca, deighilt, aistriú, no atharú eile do thárla imeasc na mBanc Scair-shealbhach, agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal agus isé an quota a cheapfidh an Coimisiún ar aon ócáid den tsórt san d'aon Bhanc Scair-shealbhach a bheidh mar quota don Bhanc san ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin agus más rud é, ar aon ócáid den tsórt san, ná hatharóidh an Coimisiún quota aon Bhainc Scair-shealbhaigh isé bheidh mar quota don Bhanc san ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin ná an quota do bhí aige ar feadh na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian roimhe sin.

(4) Pé uair tar éis bunú an Choimisiúin a thiocfidh Banc chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach ní tabharfar amach aon nótaí bainc có-dhlúite don Bhanc san i rith iarsma na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian a bheidh ag rith an uair sin.

(5) Pé uair a thárlóidh aon chó-nasca, deighilt, aistriú, no atharú eile imeasc na mBanc Scair-shealbhach déanfidh an Coimisiún pé ceartú (más ann do) is dó leis an gCoimisiún is gá sa chás ar quotaí na mBanc le n-a mbaineann an t-atharú san no dá ndineann sé deifir.

Tabhartha-amach neaghnáthacha nótaí bainc có-dhlúite.

55. —Pé uair a bheidh Banc Scair-shealbhach, ar aon chúis, gan bheith ábalta go sealadach ar na forálacha den Acht so do chólíona a bhaineann le nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach do no le nótaí den tsórt san do bheith amuich aige agus fós pé uair a bheidh iomlán a quota amuich ag Banc Scairshealbhach agus a theastóidh tabhairt-amach eile de nótaí bainc có-dhlúite uaidh go sealadach, féadfidh an Coimisiún más oiriúnach leis é, le vóta d'aon aonta agus le toiliú an Aire, tabhairt-amach nea-ghnáthach de nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach don Bhanc san ach beidh an tabhairt-amach nea-ghnáthach san fé réir na gcioníoll a forchuirtar ina taobh leis an Acht so agus fós fé réir an choiníll go bhféadfidh an Coimisiún, i dteanta na gcomhacht a bheidh aige fé aon alt eile den Acht so, a chur ar an mbanc san pé urrús a ordóidh an Coimisiún do thabhairt no do sholáthar don Choimisiún, agus fós fé réir na dteoranta ná leanfidh an tabhairt-amach nea-ghnáthach san ar feadh níos mó ná bliain agus go bhféadfidh an Coimisiún deire do chur léi aon uair i rith na bliana san agus an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich in éineacht aon uair de bharr na tabhartha-amach nea-ghnáthaí sin ná ragha sé thar an mbreis a bheidh an uair sin ag na proifití fásta ar chaipital an Bhainc sin.

Teora le nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach do bhainc áirithe.

56. —(1) I gcás Bainc Scair-shealbhaigh go mbeidh teideal aige, fé dhlí aon áite lasmuich de Shaorstát Éireann, nótaí bainc do thabhairt amach san áit sin, déanfidh an Coimisiún, d'ainneoin éinní atá san Acht so, pé nithe is dó leis is ceart chun a chur in áirithe ná déanfidh an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich in éineacht aon uair leis an mBanc san (ar aon tslí eile seachas de bhua tabhartha-amach nea-ghnáthaí) maraon leis an méid de nótaí bainc an Bhainc sin a tugadh amach san áit sin lasmuich de Shaorstát Éireann agus a mheasfidh an Coimisiún a bheith i gcúrsaíocht an uair sin ar bhása iontaobhachta, ná déanfid cion iomarcach, do réir tuairim an Chomisiúin, de shuim iomláin na roimh-íocanna a bheidh íoctha an uair sin (pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann é) ag an mBanc san le n-a chustuiméirí.

(2) Ní déanfar aon laigheadú fén alt so i rith na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian ar an méid nótaí bainc códhlúite a fhéadfidh bheith amuich leis an mBanc san (ar aon tslí eile seachas de bhua tabhartha-amach nea-ghnáthaí) ach le vóta d'aon aonta an Choimisiúin ach ní vótálfidh aon Ghnáth-Choimisinéir ar imeachta fén alt so i dtaobh Bainc dar stiúrthóir é no ag á mbeidh sé ar fostú ná páirt do thógaint ionta ar aon tslí eile.

Nótaí bainc có-dhlúite do chur ar ceal agus do chur ar nea-mbrí.

57. —Déanfidh an Coimisiún, le rialachán no ar shlí eile, pé socruithe is dó leis is ceart chun go gcuirfadh Bainc Scair-shealbhacha ar ceal nótaí bainc có-dhlúite do tugadh amach dóibh fén Acht so (maraon le haon nótaí den tsórt san a bheidh caithte no damáistithe do chur ar ceal agus nótaí nua do thabhairt amach ina n-ionad) agus chun go ndéanfadh an Coimisiún no go ndéanfí thar a cheann pé nótaí bainc có-dhlúite a cuirfar ar ceal, agus nách dó leis gur ceart iad do chimeád chun a n-ath-thabhartha amach, do chur ar nea-mbrí agus do dhíthiú.

Freagarthacht Bhancanna Scairshealbhacha in íoc nótaí bainc có-dhlúite.

58. —(1) Beidh i gcló ar gach nóta bainc có-dhlúite ainm an Bhainc Scair-shealbhaigh dar thug an Coimisiún amach an nóta san agus san alt so cialluíonn an focal “Banc freagarthach” an Banc Scair-shealbhach go mbeidh a ainm i gcló amhlaidh ar an nóta bainc có-dhlúite go n-úsáidtear an focal ina thaobh.

(2) Lasmuich de chás ina n-údaróidh an Coimisiún fén alt so é, ní íocfidh aon Bhanc Scair-shealbhach amach le héinne (seachas an Banc freagarthach) aon nóta bainc có-dhlúite nách é féin is Banc freagarthach ina thaobh.

(3) Féadfidh an Coimisiún, le rialachán generálta no le hordú ar leithligh, má chítar don Choimisiún gur oiriúnach an rud é mar gheall ar nithe fé leith sa chás, a údarú do Bhanc Scair-shealbhach, le vóta d'aon aonta, nótaí bainc có-dhlúite nách é féin is Banc freagarthach ina dtaobh d'íoc amach i rith pé tréimhse agus i pé méid agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an gCoimisiún.

(4) Beidh suim gach nóta bhainc chó-dhlúite iníoctha ag an mBanc freagarthach ar a thíolaice i bpríomh-oifig an Bhainc sin i mBaile Atha Cliath aon lá nách Domhnach ná lá saoire Bainc agus i rith na haimsire ina mbíonn an Banc san ar oscailt chun gnótha do ghnáth an lá san, agus is i monaí no i nótaí (pe'ca aca is rogha leis an mBanc san) a bheidh ina ndlí-thairisgint i Saorstát Éireann ar an suim sin am an tíolaicthe sin a bheidh an tsuim sin iníoctha amhlaidh.

(5) Pé uair a theipfidh ar an mBanc freagarthach nóta bainc có-dhlúite a tíolaicfear go cuibhe dho do réir an fho-ailt sin roimhe seo d'íoc do réir an fho-ailt sin, féadfidh sealbhóir an nóta san—

(a) suim an nóta san do bhaint den Bhanc fhreagarthach tré aicsean in aon Chúirt údaráis inniúla no, má théigheann an Banc san fé ghlana suas gnótha, cruthú do dhéanamh sa ghlana suas gnótha san i dtaobh suim an nóta san, no

(b) an nóta san do thíolaice don Choimisiún ina phríomhoifig i mBaile Atha Cliath maraon le pé fianaise a éileoidh an Coimisiún ar thíolaice chuibhe an nóta san don Bhanc fhreagarthach agus ar é theip ar an mBanc san suim an nóta san d'íoc.

(6) Pé uair a tíolaicfear nóta bainc có-dhlúite don Choimisiún fén alt so, glacfidh an Coimisiún an nóta san agus bainfe sé suim an nóta den Bhanc fhreagarthach tré aicsean, tré éileamh, nó tré chruthú ar an nóta san (agus chuige sin tuigfar gurb é an Coimisiún is sealbhóir an nóta) no tré dhul i muinghin agus tré fheidhmiú an urrúis a bheidh aige ón mBanc fhreagarthach.

(7) Pé uair a tíolaicfear nóta bainc có-dhlúite go cuibhe don Choimisiún fén bhfo-alt san roimhe seo, déanfidh an Coimisiún pé ní aca so is rogha leis—

(a) gach airgead a bhainfidh an Coimisiún den Bhanc fhreagarthach ar scór an nóta san d'íoc leis an té do thíolaic an nóta san no le n-a ionadaí dlíthiúil agus, más lú an t-airgead san ná suim an nóta san, an méid a bheidh in easnamh d'íoc leis an duine sin no le n-a ionadaí dlíthiúil amach as cúl-chiste na nótaí, no

(b) chó luath is bheidh caoi ann chuige tar éis tíolaice an nóta san suim an nóta san d'íoc leis an duine sin no le n-a ionadaí dlíthiúil amach as cúl-chiste na nótaí agus gach airgead a bainfar den Bhanc fhreagarthach ar scór an nóta san d'íoc isteach i gcúl-chiste na nótaí.

Gach airgead a íocfidh an Coimisiún amach as cúl-chiste na nótaí fén bhfo-alt so le duine no le hionadaí dlíthiúil duine do thíolaic nóta bainc có-dhlúite beidh ús air a bheidh iníoctha ag an mBanc fhreagarthach leis an gCoimisiún do réir pé ráta a cheapfidh an Coimisiún agus a fhéadfidh an Coimisiún a bhaint den Bhanc san mar fhiacha síbhialta.

(8) Beidh gach Banc Scair-shealbhach fé oblagáid agus freagarthach do shealbhóir nóta bhainc chó-dhlúite gurb é an Banc san is Banc freagarthach ina thaobh i suim an nóta san agus féadfidh an sealbhóir sin an tsuim sin do bhaint den Bhanc san le himeachta dlí.

(9) Chun crícheanna alt 6 den Bank of Ireland Act, 1821, agus alt 2 den Bankers (Ireland) Act, 1825, agus alt 1 den Bankers (Ireland) Act, 1845, beidh gach nóta bainc có-dhlúite ina nóta de chuid an Bhainc Scair-shealbhaigh (marab é Banc na hÉireann an Banc san) a bheidh fén alt so ina Bhanc fhreagarthach i dtaobh an nóta san agus tuigfar gurb é an Banc san do thug amach é agus dá réir sin beidh gach éinne de scaireánaigh agus de stoc-shealbhóirí an Bhainc sin fé oblagáid agus freagarthach sa nóta san d'íoc go cuibhe, ach ní bhainfidh an fo-alt so le Banc na hÉireann.

(10) Chun crícheanna alt 20 den Acht den Pháirlimint Éireannaigh dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland” agus do ritheadh sa bhliain 1781-82, beidh suim gach nóta bhainc chó-dhlúite, gurb é Banc na hÉireann is Banc freagarthach ina thaobh, ina fiacha a bheidh ag sealbhóir an nóta ar an mBanc san, agus bainfidh an t-alt san leis an gcás dá réir sin.

(11) Chun crícheanna alt 251 den Companies (Consolidation) Act, 1908, beidh gach Banc Scair-shealbhach ina “bhanc thabhartha-amach” agus is nóta de chuid an Bhainc sin gach nóta bainc có-dhlúite gurb é an Banc san is Banc freagarthach ina thaobh, agus bainfidh an t-alt san leis an gcás dá réir sin.

(12) San alt so foluíonn an focal “Banc Scair-shealbhach” banc do scuir de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach ach 'na mbeidh nótaí bainc có-dhlúite amuich leis fós agus ná beidh suim de mhonaí óir Saorstátacha no de nótaí dlí-thairgthe fágtha leis an gCoimisiún ina n-aghaidh do réir an Achta so.

Nótaí bainc có-dhlúite Bainc a scuirfidh de bheith ina Bhanc Scairshealbhach.

59. —Pé uair a scuirfidh Banc Scair-shealbhach de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach, fágfa sé leis an gCoimisiún, laistigh de shé mhí tar éis an scuir sin, monaí óir Saorstátacha a bheidh ina ndlí-thairisgint fén Acht so ar shuimeanna nea-theoranta no nótaí dlí-thairgthe, pé méid acu is có-ionann le suim na nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich leis le linn na fágála san, agus leis sin—

(a) scuirfidh an Banc san de bheith fé oblagáid suim aon nóta bhainc chó-dhlúite den tsórt san d'íoc no aon íocaíocht d'íoc ar nótaí bainc có-dhlúite ar scór aon nóta den tsórt san in aghaidh aon tréimhse tar éis na fágála san, agus

(b) tabharfidh an Coimisiún suas don Bhanc san gach urrús a bheidh aige an uair sin ón mBanc san in aghaidh na nótaí bainc có-dhlúite sin, agus

(c) beidh gach nóta bainc có-dhlúite den tsórt san iníoctha ag an gCoimisiún ar a thíolaice ina phríomh-oifig i mBaile Atha Cliath agus an tsuim d'fhág an Banc san leis an gCoimisiún amhlaidh cimeádfidh an Coimisiún ar iontaoibh í chun an t-airgead do sholáthar chun na nótaí bainc có-dhlúite sin d'íoc amhlaidh, agus

(d) ní déanfar, chun aon chríche bhaineann leis an teorainn mhaximum no le quota aon Bhainc Scair-shealbhaigh, nótaí bainc có-dhlúite den tsórt san d'áireamh mar nótaí bainc có-dhlúite atá amuich.

Toirmeasc ar nótaí bainc nách nótaí bainc có-dhlúite.

60. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh an Coimisiún ullamh chun nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach déanfidh an Coimisiún, tré fhógra i scríbhinn a cuirfar chun gach Bainc Scair-shealbhaigh agus a foillseofar san Iris Oifigiúil, lá do cheapa (dá ngairmtear an lá ceaptha san alt so) chun é do thosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach do réir an Achta so agus ní bheidh an lá a ceapfar amhlaidh níos luatha ná ceithre lá déag tar éis cur amach agus foillsiú an fhógra san ná ní bheidh sé níos luatha ná an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon bhanc, pe'ca Banc Scair-shealbhach é no nách ea, aon nótaí bainc nách nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach ná d'íoc amach ach amháin mar a údaróidh an Coimisiún fén alt so, agus má dhineann aon bhanc aon nóta bainc do thabhairt amach no d'íoc amach contrárdha don alt so dlighfidh an banc san suim is có-ionann le deichiú de shuim an nóta san d'íoc leis an gCoimisiún.

(3) Féadfidh an Coimisiún, más rogha leis féin é, a údarú d'aon bhanc, le rialachán generálta, no le hordú ar leithligh, nótaí bainc (nách nótaí bainc có-dhlúite) do thabhairt amach agus d'íoc amach no iad d'íoc amach tar éis an lae cheaptha, pé nótaí agus i rith pé tréimhse agus i pé méid agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an gCoimisiún, agus déanfidh an Coimisiún rialacháin fén bhfo-alt so chun a chur ar chumas bancanna saoráidí réasúnta do thabhairt do dhaoine ar tí imeacht as Saorstát Éireann chun nótai bainc nách nótaí bainc có-dhlúite d'fháil.

(4) Socróidh an Coimisiún, i pé slí is oiriúnach leis, maidir le gach Banc is banc tabhartha-amach le linn rithte an Achta so, cadé an cion a bhaineann le Saorstát Éireann de sna nótaí de chuid an Bhainc sin (agus nótaí i dtileana no i mboghtainí an Bhainc sin d'áireamh) a bheidh amuich díreach roimh an lá ceaptha, agus ar an lá ceaptha no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin athcheannófar, cuirfar ar nea-mbrí agus dítheofar an cion san de sna nótaí sin i pé slí a ordóidh an Coimisiún agus, i gcás céad Bhainc Scair-shealbhaigh, pé méid den chion san a bheidh gan athcheannach amhlaidh de thurus na huaire tuigfar, chun críche íocaíochtaí ón mBanc san ar nótaí bainc có-dhlúite agus chun críche tabhairt-amach nótaí bainc có-dhlúite don Bhanc san, tuigfar, chó fada le leath quota an Bhainc sin, gur nótaí bainc có-dhlúite iad atá amuich leis an mBanc san ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí.

(5) Gach suim is iníoctha ag bainc leis an gCoimisiún fén alt so, féadfidh an Coimisiún í bhaint amach mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla.