An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Notai Bainc Co-dhluite.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

32 1927

ACHT AIRGID REATHA, 1927

CUID VII.

Airgeadas.

Ciste nótaí dlí-thairgthe.

61. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún ciste caipitail fé leith dá ngairmfar ciste na nótaí dlí-thairgthe agus déanfa sé an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Béarfar chun ciste na nótaí dlí-thairgthe gach builleon óir, airgead, urrús agus ciste (lasmuich de nótaí dlí-thairgthe agus lasmuich d'airgead a híocfar mar tháille ar bhuilleon óir do ghlana no mar tháille is ionann agus táille ar choighneáil) a híocfar leis an gCoimisiún no a haistreofar chuige ag éinne no as aon chiste ar son nótaí dlí-thairgthe a thabharfidh an Coimisiún amach don duine no don chiste sin.

(3) Is i pé fuirm no fuirmeacha acu so a leanas is dó leis an gCoimisiún féin is ceart, agus ní hin aon fhuirm eile, a chimeádfidh an Coimisiún no a cimeádfar ar fáil do caipital ciste na nótaí dlí-thairgthe, sé sin le rá:—

(a) builleon óir;

(b) monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta;

(c) airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta;

(d) urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh a bheidh in ionbhadh a n-íoctha laistigh de bhliain;

(e) iarmhéidí sterling i gcuntas reatha no i gcuntas taisce i nGníomhaireachtán Lundain no in aon Bhanc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.

(4) Socróidh an Coimisiún, fé mar is rogha leis féin é agus o am go ham fé mar is gá san, conus a roinnfar caipital ciste na nótaí dlí-thairgthe ar na fuirmeacha uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo no ar aon chuid acu.

(5) Béarfar chun an chiste ghenerálta mar ioncum gach dividendum agus ús a gheobhaidh an Coimisiún ar scór caipital ciste na nótaí dlí-thairgthe.

(6) Féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach leis é agus pé uair is oiriúnach leis é, iasacht shealadach d'fháil chun crícheanna ciste na nótaí dlí-thairgthe, agus féadfa sé caipital no aon chuid de chaipital ciste na nótaí dlí-thairgthe do chur i ngeall mar urrús ar an iasacht san agus déanfa sé gach ús ar an iasacht san do mhuirearú ar ioncum an chiste ghenerálta.

(7) I gceann gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún sócmhainní caipitiúla ciste na nótaí dlí-thairgthe do luacháil do réir luachanna margaidh reatha agus gheobha sé amach an méid a bheidh ar na sócmhainní caipitiúla san agus iad luachálta amhlaidh (lú-de mhéid chaipitiúil aon iasachta sealadaí a fuarthas fén bhfo-alt san roimhe seo agus a bheidh amuich an uair sin) de bharrachas no d'easnamh glan, más ann do, os cionn no fé bhun an méid nótaí dlí-thairgthe a bheidh amuich i gceann na leath-bhliana san, agus chó luath agus is féidir é tar éis an t-eolas san d'fháil amach aistreoidh sé o no chun ciste na nótaí dlíthairgthe chun no o chúl-chiste na nótaí (fé mar is gá sa chás) cothrom luach an bharrachais no an easnaimh sin, más ann do, de shócmhainní caipitiúla i bhfuirm no i bhfuirmeacha dá luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so.

Cúl-chiste na nótaí.

62. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún ciste caipitail fé leith dá ngairmfar cúl-chiste no nótaí agus déanfa sé an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so agus íocfa sé isteach sa chiste sin gach airgead is gá do réir an Achta so d'íoc isteach ann agus íocfa sé amach as an gciste sin gach airgead is gá do réir an Achta so d'íoc amach as.

(2) Is i pé fuirm no fuirmeacha acu so a leanas is dó leis an gCoimisiún féin is ceart, agus ní hin aon fhuirm eile, a chimeádfidh an Coimisiún no a cimeádfar ar fáil do caipital cúlchiste na nótaí, sé sin le rá:—

(a) builleon óir;

(b) monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlíthairisgint i Saorstát Éireann ar shuimeanna neatheoranta;

(c) airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna neatheoranta;

(d) urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh;

(e) urrúsanna fé urraíocht an Rialtais Bhriotáinigh;

(f) iarmhéidí sterling i gcuntas reatha no i gcuntas taisce i nGníomhaireachtán Lundain no in aon Bhanc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann;

(g) nótaí dlí-thairgthe.

(3) Fé réir na sriantachta ná féadfar thar an deichiú cuid de chaipital cúl-chiste na nótaí do chimeád i bhfuirm nótaí dlíthairgthe aon uair, socróidh an Coimisiún, fé mar is rogha leis féin é agus o am go ham fé mar is gá san, conus a roinnfar caipital cúl-chiste na nótaí ar na fuirmeacha uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo no ar aon chuid acu.

(4) Béarfar chun an chiste ghenerálta mar ioncum gach dividendum agus ús a gheobhaidh an Coimisiún ar scór caipital cúl-chiste na nótaí.

(5) Féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach leis é agus pé uair is oiriúnach leis é, iasacht shealadach d'fháil chun crícheanna cúlchiste na nótaí, agus féadfa sé caipital no aon chuid de chaipital cúl-chiste na nótaí do chur i ngeall mar urrús ar an iasacht san, agus déanfa sé gach ús ar an iasacht san do mhuirearú ar an gciste generálta.

(6) I gceann gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún sócmhainní caipitiúla cúl-chiste na nótaí do luacháil do réir luachanna margaidh reatha agus gheobha sé amach an méid a bheidh ar na sócmhainní capitiúla san agus iad luachálta amhlaidh (lú-de mhéid chaipitiúil aon iasachta sealadaí a fuarthas fén bhfo-alt san roimhe seo agus lú-de luach aon tsócmhainní caipitiúla is ionaistrithe an uair sin chun ciste na nótaí dlíthairgthe, ach aon tsóchmhainní caipitiúla is ionaistrithe an uair sin o chiste na nótaí dlí-thairgthe do chur leo) d'easnamh glan más ann do, fé bhun na deichiú coda den mhéid mhaximum de nótaí bainc có-dhlúite d'fhéadfadh, fén Acht so, bheith amuich (ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí) lá deiridh na leath-bhliana san agus ar aon eolas den tsórt san d'fháil amach, má fachtar go bhfuil aon easnamh den tsórt san ann, aistreoidh sé ón gciste generálta chun cúl-chiste na nótaí, chó luath agus is féidir é, in aon fhuirm dá luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, cothrom pé suim acu so a leanas is lú, sé sin le rá:—

(a) suim an easnaimh sin, no

(b) an cúigiú cuid de bharrachas na suime iomláine a fuair an Coimisiún i rith na leath-bhliana san ar cuntas dividenda agus úis ar scór caipital ciste na nótaí dlíthairgthe agus caipital cúl-chiste na nótaí, sé sin, den bharrachas a bheidh fágtha tar éis gach ús (más ann do) do bhí iníoctha i rith na leath-bhliana san ar aon iasacht shealadaigh a fuarthas chun crícheanna aon chiste acu san do bhaint as an suim iomláin sin.

Ciste Generálta.

63. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún ciste fé leith dá ngairmfar an ciste generálta agus déanfa sé an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Béarfidh an Coimisiún chun an chiste ghenerálta gach airgead a gheobhaidh an Coimisiún agus nách gá, do réir an Achta so, do bhreith chun ciste na nótaí dlí-thairgthe ná d'íoc isteach i gcúl-chiste na nótaí agus tarraiceoidh an Coimisiún amach as an gciste generálta gach íocaíocht a íocfidh an Coimisiún agus nách gá, do réir an Achta so, d'íoc amach as ciste na nótaí dlí-thairgthe ná amach as cúl-chiste na nótaí, agus go sonnrách is amach as an gciste generálta a íocfa sé costaisí an Choimisiúin.

(3) Beidh sé dleathach don Choimisiún feidhmeanna bancaera d'fheidhmiú maidir leis an airgead a bheidh sa chiste ghenerálta de thurus na huaire.

(4) Chun éilithe d'íoc gur amach as an gciste generálta is gá iad d'íoc do réir an Achta so féadfidh an Coimisiún iasachtaí d'fháil ar urrús an chiste ghenerálta chó fada leis an méid a bheidh íoctha ag Bainc Scair-shealbhacha de thurus na huaire ar cuntas a bhfiachais chaipitiúla.

(5) Féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, rialacháin do dhéanamh ag socrú chun barrachas ioncum an Choimisiúin do dhéanamh amach go tréimhsiúil agus leis na rialacháin sin féadfa sé comhacht do thabhairt chun socrú do dhéanamh i gcóir cúl-taiscí, laigheadú luacha agus nithe cile dá samhail roimh dhéanamh amach an bharrachais ioncuim.

(6) Féadfidh an Coimisiún, amach as a bharrachas ioncuim mar a déanfar amach fén alt so é, dividenda d'íoc le Bainc Scairshealbhacha, do réir pé ráta a cheadóidh an tAire agus nách mó ná sé per cent. per annum, ar an méid a bheidh íoctha acu de thurus na huaire ar cuntas a bhfiachais chaipitiúla.

(7) Iocfidh an Coimisiún isteach sa Stát-Chiste, i pé slí ordóidh an tAire Airgid, a bharrachas ioncuim mar a déanfar amach agus nuair a déanfar amach fén alt so é no a mbeidh fágtha den bharrachas ioncuim sin tar éis dividenda d'íoc fén bhfo-alt san roimhe seo (pe'ca aca é) agus féadfa sé aon uair roimh an déanamh amach san pé suimeanna ar a gcó-aontóidh an tAire agus an Coimisiún d'íoc isteach sa Stát-Chiste ar cuntas bharrachais ioncuim.

Fiachas caipitiúil Bancanna Scairshealbhacha.

64. —(1) Dlighfidh gach Banc Scair-shealbhach suim chúig mhíle punt (dá ngairmtear a fhiachas caipitiúil san Acht so) d'íoc leis an gCoimisiún ar na huaire agus sa tslí seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfidh gach ceann de sna céad Bhainc Scairshealbhacha, nuair a bheidh sé ag iarraidh a leigthe isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha suim mhíle punt d'íoc leis an Aire ar iontaoibh don Choimisiún agus íocfa sé an chuid eile dá fhiachas caipitiúil leis an gCoimisiún fé mar a éileoidh agus nuair a éileoidh an Comisiún san air fén Acht so, agus

(b) aon Bhanc a leigfar isteach chun bheith ina Bhanc Scairshealbhach tar éis bunú an Choimisiúin íocfa sé leis an gCoimisiún, díreach tar éis a leigthe isteach amhlaidh, suim is có-ionann leis an méid a bheidh íoctha an uair sin cheana féin ag gach ceann de sna Bainc Scair-shealbhacha eile ar cuntas a bhfiachaisí caipitiúla fé seach agus íocfa sé an chuid eile dá fhiachas caipitiúil fé mar a éileoidh agus nuair a éileoidh an Coimisiún san air fén Acht so.

(2) Iocfidh an tAire leis an gCoimisiún, díreach tar éis bunú an Choimisiúin, gach suim a bheidh íoctha ag na céad Bhainc Scairshealbhacha ar cuntas fiachais chaipitiúla leis an Aire ar iontaoibh den Choimisiún.

(3) Gach éileamh a dhéanfidh an Coimisiún chun Bancanna Scair-shealbhacha ar íocaíocht ar cuntas fiachais chaipitiúla déanfar é chun gach Bainc den tsórt san in éineacht agus éileofar tríd ar gach Banc den tsórt san suim chó-ionann d'íoc.

(4) Gach suim is iníoctha ag Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún ar cuntas fiachais chaipitiúla beidh sí ionbhainte amach ag an gCoimisiún mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla agus beidh sé in a scór chun Banc Scairshealbhach do scur o bheith ina Bhanc Scair-shealbhach é do theip ar an mBanc san suim d'íoc do réir an ailt seo ar cuntas fiachais chaipitiúla.

(5) Má scuireann Banc Scair-shealbhach ar aon tslí de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach íocfidh an Coimisiún leis an mBanc san láithreach an méid a bheidh íoctha aige an uair sin ar cuntas a fhiachais chaipitiúla.

(6) Ní bhainfidh alt 113 den Stamp Act, 1891, le fiachas caipitiúil na mBanc Scair-shealbhach.

Iocaíochtaí ar nótaí bainc có-dhlúite.

65. —(1) Iocfidh gach Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún in aghaidh gach leath-bhliana na suimeanna so a leanas (dá ngairmtear íocaíochtaí ar nótaí bainc có-dhlúite san Acht so), sé sin le rá:—

(a) in aghaidh pé méid, má b'ann do, den leath-bhliain sin nár mhó ná sé milleoin punt an méid maximum de nótaí bainc có-dhlúite d'fhéadfadh bheith amuich fén Acht so, suim a háireofar do réir ráta aon go leith per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich (ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí no mar bhreis speisialta) o ló go ló leis an mBanc san i rith na leath-bhliana san, agus

(b) in aghaidh pé méid, má b'ann do, den leath-bhliain sin gur mhó ná sé milleoin punt an méid maximum san, suim a háireofar do réir ráta aon go leith per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich (ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí no mar bhreis speisialta) o ló go ló leis an mbanc san i rith na leath-bhliana san, pé méid den méid sin 'na bhfuil, idir é agus iomlán na nótaí bainc co-dhlúite a bhí amuich amhlaidh, an cothrom céanna atá idir sé milleoin punt agus an méid maximum san, agus fós suim eile a háireofar do réir ráta dó per cent. per annum den chuid eile den méid nótaí bainc códhlúite a bhí amuich amhlaidh, agus

(c) má bhí aon nótaí bainc có-dhlúite amuich leis an mBanc san i rith na leath-bhliana san de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí, suim a háireofar, in aghaidh an chéad mhí de shaol leanúnach na tabhartha-amach nea-ghnáthaí sin, do réir ráta cúig per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich amhlaidh agus, in aghaidh an dara mí den tsaol leanúnach san, do réir ráta cúig go leith per cent. per annum den méid sin agus, in aghaidh an tríú mí den tsaol leanúnach san, do réir ráta sé per cent. per annum den méid sin, agus mar sin leis agus leath per cent. per annum de mhéadú ar an ráta san in aghaidh gach mí den tsaol leanúnach san, agus

(d) má bhí aon nótaí bainc có-dhlúite amuich leis an mbanc san i rith na leath-bhliana san mar bhreis speisialta, suim a háireofar do réir ráta trí per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich o ló go ló leis an mbanc san i rith na leath-bhliana san, agus

(e) cion de sna costaisí fé n-ar chuaidh an Coimisiún i rith na leath-bhliana san ag soláthar nótaí bainc có-dhlúite, pé cion a ordóidh an Coimisiún le rialachán.

(2) Pé uair a bheidh ar aon réasún an méid nótaí bainc códhlúite a bheidh amuich le Banc Scair-shealbhach ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí níos mó ná an méid a ceaduítear leis an Acht so no fé a bheith amuich amhlaidh, tuigfar, chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo, méid na breise sin do bheith amuich de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí ach amháin sa mhéid (más aon mhéid in aon chor é) go socróidh an Coimisiún fén alt so é do bheith amuich mar bhreis speisialta.

(3) Pé uair a laigheadófar quota Bainc Scair-shealbhaigh fé Chuid VI. den Acht so, féadfidh an Coimisiún más rogha leis é, i gcás ina bhfeicfar do gur ceart é, a shocrú go dtuigfar chun crícheanna an ailt seo, ar feadh aon tréimhse airithe nách déanaí a deire ná sé mhí tar éis laigheaduithe sin an quota san, roinnt áirithe (nách mó ná an méid do laigheaduíodh an quota san amhlaidh) den méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí leis an mbanc san de bhreis ar an méid a ceaduítear leis an Acht so no fé a bheith amuich amhlaidh do bheith amuich mar bhreis speisialta.

(4) I ndeire gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún amach, maidir le gach Banc Scair-shealbhach, suim na n-íocaíocht is iníoctha ag an mBanc san fén alt so ar nótaí bainc có-dhlúite in aghaidh na leath-bhliana san agus cuirfe sé chun gach Bainc Scair-shealbhaigh deimhniú ina dtaisbeánfar an tsuim sin a dineadh amach amhlaidh maidir leis an mBanc san, agus conus tá an tsuim sin déanta suas agus, laistigh de cheithre lá déag tar éis do aon deimhniú den tsórt san d'fháil, íocfidh gach Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún an tsuim adeirtar sa deimhniú san a bheith iníoctha aige.

(5) Gach suim is iníoctha ag Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún fén alt so, féadfidh an Coimisiún í do bhaint den Bhanc san mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla agus beidh sé ina scór chun Banc Scair-shealbhach do scur o bheith ina Bhanc Scair-shealbhach an Banc san do bheith gan aon tsuim den tsórt san d'íoc laistigh den aimsir a luaidhtear san alt so chun í d'íoc.

(6) Beidh deimhniú fé shéala an Choimisiúin ag luadh na suime is iníoctha ag Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún ar aon ócáid fén alt so agus á rá go bhfuil an tsuim sin no aon chuid áirithe dhi dlite agus gan íoc, beidh sé go dtí go gcruthófar a mhalairt ina fhianaise, in aon imeachta a bhunóidh an Coimisiún chun an tsuim sin do bhaint amach, ar na nithe sin a luaidhtear amhlaidh sa deimhniú san.

(7) Chun críche an ailt seo tuigfar gur leath-bhliain an tréimhse dar tosach an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta no an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin, pe'ca aca is túisce.

Iocaíochtaí ar nótaí bainc áirithe a bheidh amuich.

66. —(1) I gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis a shocrú fén Acht so, maidir le haon Bhanc atá ina bhanc thabhartha-amach le linn rithte an Achta so, cadé an cion a bhaineann le Saorstát Éireann de sna nótaí de chuid an Bhainc sin a bheidh amuich díreach roimh an lá a ceapfar chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach beidh iníoctha ag an mBanc san leis an gCoimisiún, in aghaidh gach leath-bhliana, suim a háireofar o ló go ló do réir an ráta chirt per cent. per annum de pé méid den chion san de sna nótaí sin a bheidh tar éis an lae a ceapfar amhlaidh gan bheith athcheannuithe de thurus na huaire do réir orduithe an Choimisiúin agus ná tuigfar, fén Acht so, a bheith ina nótaí bainc có-dhlúite atá amuich leis an mBanc san ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí.

(2) Chun críche an fho-ailt sin roimhe seo isé bheidh ina ráta cheart per cent. per annum ná trí per cent. per annum ar feadh tréimhse bliana ón lá a ceapfar chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach agus cúig per cent. per annum ina dhiaidh sin.

(3) I ndeire gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún amach, maidir le gach Banc atá ina bhanc thabhartha-amach le linn rithte an Achta so, suim na n-íocaíocht is iníoctha ag an mBanc san fén alt so in aghaidh na leath-bhliana san agus cuirfe sé chun gach Bainc den tsórt san deimhniú ina dtaisbeánfar an tsuim sin a dineadh amach amhlaidh maidir leis an mBanc san agus conus tá an tsuim sin déanta suas agus, laistigh de cheithre lá déag tar éis do aon deimhniú den tsórt san d'fháil, íocfidh gach Banc den tsórt san leis an gCoimisiún an tsuim adeirtear sa deimhniú san a bheith iníoctha aige.

(4) Gach suim is iníoctha ag Banc leis an gCoimisiún fén alt so, féadfidh an Coimisiún í do bhaint den Bhanc san mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla agus beidh sé ina scór chun aon Bhanc den tsórt san a bheidh ina Bhanc Scair-shealbhach do scur o bheith ina Bhanc Scair-shealbhach an Banc san do bheith gan aon tsuim den tsórt san d'íoc laistigh den aimsir a luaidhtear san alt so chun í d'íoc.

(5) Beidh deimhniú fé shéala an Choimisiúin ag luadh na suime is iníoctha ag Banc leis an gCoimisiún ar aon ócáid fén alt so agus á rá go bhfuil an tsuim sin no aon chuid áirithe dhi dlite agus gan íoc, beidh sé go dtí go gcruthófar a mhalairt ina fhianaise, in aon imeachta a bhunóidh an Coimisiún chun an tsuim sin do bhaint amach, ar na nithe sin a luaidhtear amhlaidh sa deimhniú san.

(6) Chun críche an ailt seo tuigfar gur leath-bhliain an tréimhse dar tosach an lá a ceapfar chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta no an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin, pe'ca aca is túisce.

Saoirsí o chánacha agus o dhiúitéthe.

67. —(1) Tabharfar don Choimisiún, tré aisíoc no ar shlí eile, faoiseamh o cháin ioncuim maidir le gach ioncum, pé as do, a thiocfidh chun an Choimisiúin fén Acht so no dá bhua.

(2) Ní bhainfidh Cuid V. den Finance Act, 1920, mar atá sé leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, le proifití an Choimisiúin.

(3) D'ainneoin éinní atá i mír (b) de chlás 10 den Ordú um Ioncum Dhúithche (Oiriúnú Achtanna Cánach), 1923 ( Uimh. 4 de 1923 ), bainfidh Saoirse (1) de sna Saoirsí Generálta o sna Diúitéthe Stampa uile, atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, le gach aistriú a dhéanfidh an Coimisiún ar scaireanna—

(a) i stocanna agus i gcistí Rialtas no Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, agus

(b) i stocanna agus i gcistí Rialtas no Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann,

pe'ca i leabhra Bhanc na hÉireann i mBaile Atha Clath a bheidh na stocanna agus na cistí sin cláruithe no in áit eile.

(4) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon nóta connartha a tabharfar amach don Choimisiún in aon chás ina mbeadh an diúité sin iníoctha ag an gCoimisiún mar chuid dá chostaisí.

Diúité socruithe bancaerí.

68. —(1) An diúité socruithe ar nótaí geallúna ar pháipeur neastámpálta a thabharfidh bancaer ceadúnuithe amach no ar nótaí den tsórt san de chuid an bhancaera san a bheidh i gcúrsaíocht isé ráta ar a n-íocfar é in aghaidh na tréimhse le n-a mbaineann an t-alt so ná an ráta san go bhfuil idir é agus an ráta atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so an cothrom céanna atá idir líon seachtainí iomlána na tréimhse sin agus an uimhir sé is fiche.

(2) Bainfidh coiníollacha gach banna a thugann bancaer ceadúnuithe uaidh fé alt 7 den Bankers Composition (Ireland) Act, 1828, le nótaí geallúna a thabharfidh bancaer den tsórt san amach i rith na tréimhse le n-a mbaineann an t-alt so ach san fé réir an atharuithe, in ionad an chuntais is gá do réir an ailt sin a sheachada go leath-bhliantúil, go seachadfidh an bancaer san do sna Coimisinéirí Ioncuim, laistigh de cheithre lá déag tar éis lá deiridh na tréimhse sin le n-a mbaineann an t-alt so, cuntas a bheidh deimhnithe go cuibhe do réir an ailt sin ar na nótaí geallúna a thug an bancaer san amach fén Acht san agus a bhí i gcúrsaíocht do réir bhrí an Achta san ar Shatharn gach seachtaine den tréimhse sin.

(3) Baineann an t-alt so leis an tréimhse dar tosach an chéad 1adh lá d'Eanair no an chéad 1adh lá d'Iúl, pe'ca aca is déanaí, roimh an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an lá a ceapfar amhlaidh don tosnú san.