An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CÓLUCHTAÍ CORPORÁIDEACHA (SEICEADÚIRÍ AGUS RIARTHÓIRÍ), 1928)

9 1928

ACHT CÓLUCHTAÍ CORPORÁIDEACHA (SEICEADÚIRÍ AGUS RIARTHÓIRÍ), 1928

SCEIDEAL.

Rialacha.

1. Pé uair a iarrfidh cólucht corparáideach go ndeonfí promháid no leitreacha riaracháin do ceapfa sé duine chun na scríbhinní is gá chun an deonta do dhearbhú fé mhionn thar a cheann.

2. I gcás cóluchta chorparáidigh ag a mbeidh bord de rialuitheoirí, bord de stiúrthóirí, no cólucht rialúcháin eile is tré rún a rithfidh an bord san de rialuitheoirí, an bord san de stiúrthóirí no an cólucht rialúcháin eile sin a ceapfar duine fé sna rialacha so chun scríbhinní do dhearbhú fé mhionn agus i ngach cás eile is tré rún a rithfidh an cólucht corparáideach a ceapfar é.

3. I dteanta gach iarratais o chólucht chorparáideach ar dheona promháide no leitreacha riaracháin lóisteálfar san oifig chlárathachta cóip (fé shéala an chóluchta chorparáidigh sin) den rún le n-ar ceapadh duine fé sna rialacha so chun na scríbhinní is gá chun an deonta do dhearbhú fé mhionn.