An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Toghachan do Stiura.) Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

29 1928

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID, 1928

DARA SCEIDEAL.


Comhreamh na Votanna.


Diúltú do pháipéirí ballóide gan brí.

1. Diúltóidh ceann comhrimh an tSeanaid d'aon pháipéirí ballóide a bheidh gan brí.

Ordú na roghna.

2. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach ansan cé méid príomh-roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide do gach iarrthóir fé leith, agus ansan socróidh sé na hiarrthóirí ar liost (dá ngairmtear “ordú na roghna” anso ina dhiaidh seo) ar ord an méid príomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith, ag tosnú leis an iarrthóir is mó gur breacadh príomh-roghna dho. Más có-ionann an méid príomh-roghna do breacadh d'aon bheirt iarrthóirí no níos mó (dá ngairmtear “iarrthóirí có-ionanna” anso ina dhiaidh seo), déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach cé méid dara roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide uile do gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionanna, agus socróidh sé na hiarrthóirí có-ionanna, eatorra féin, ar ordú na roghna do réir ord na dara roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith acu san, ag tosnú leis an iarrthóir is mó gur breacadh dara roghna dho. Más có-ionann an méid príomh-roghna agus an méid dara roghna do breacadh d'aon bheirt iarrthóirí có-ionanna no níos mó, déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach, sa tslí chéanna, cé méid treas roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide uile do gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionanna deiridh sin a luaidhtear, agus socróidh sé na hiarrthóirí sin ar ordú na roghna dá réir sin, agus mar sin de go dtí go mbeidh na hiarrthóirí uile socruithe in ordú ar ordú na roghna. Más cóionann an méid príomh-roghna, dara roghna, treas roghna agus roghna eile go léir do breacadh d'aon bheirt iarrthóirí co-ionanna no níos mó cinnfidh ceann comhrimh an tSeanaid le crannchur an t-ord ina socrófar na hiarrthóirí sin ar ordú na roghna.

Páipéirí ballóide do shocrú i mbeartanna.

3. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid ansan na páipéirí ballóide le n-a mbeidh brí do shocrú i mbeartanna, do réir na bpríomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith.

Eifeacht gach páipéir bhallóide fé leith.

4. Chun gurb usa oibriú do réir mar a horduítear leis na Rialacha so, tuigfar éifeacht mhíle do bheith ag gach páipeur ballóide fé leith le n-a mbeidh brí.

Eifeacht príomh-roghna do chur i leith iarrthóra.

5. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid ansan an méid páipéirí ballóide a bheidh i ngach beart fé leith do chomhreamh agus do réir na Rialach san roimhe seo cuirfe sé i leith gach iarrthóra fé leith éifeacht na bpáipéirí ballóide le n-a mbeidh brí agus ar ar breacadh príomh-rogha don iarrthóir sin.

An quota do dhéanamh amach.

6. Cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid le chéile ansan na héifeachtaí a bheidh sna beartanna uile agus roinnfe sé an éifeacht lán-iomlán ar uimhir 'na mbeidh aon aici de bhreis ar an méid folúntaisí a bheidh le líona. A thora san agus aon do chur leis, gan aon iarmhar briste do bhac, an éifeacht is leor chun a chur in áirithe go dtoghfar iarrthóir. An “quota” a gairmtear den éifeacht so sa Sceideal so.

Tuigtar iarrthóirí ag á mbeidh an quota do bheith toghtha.

7. Más rud é, ar bheith críochnuithe d'aon chomhreamh no d'aistriú aon bhirt no fo-bhirt le hiarrthóir do cuireadh as, go mbeidh an éifeacht do cuireadh i leith iarrthóra chó mór leis an quota no níos mó ná é, tuigfar an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

Aistriú fuighligh.

8. Más rud é, ar bheith críochnuithe d'aon chomhreamh, gur mó ná an quota an éifeacht a bheidh curtha i leith iarrthóra (dá ngairmtear an t-iarrthóir toghtha sa Riail seo), aistreofar an fuighleach chun an iarrthóra leanúnaigh no chun na n-iarrthóirí leanúnacha a taisbeántar ar na páipéirí vótála i mbeart no i bhfobheart an iarrthóra thoghtha do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus bainfidh na forálacha so a leanas leis an aistriú san do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) más o bhun-vótanna amháin don éifeacht do cuireadh i leith an iarrthóra thoghtha, scrúdóidh ceann comhrimh an tSeanaid na páipéirí ballóide uile i mbeart an iarrthóra thoghtha agus déanfa sé na páipéirí ionaistrithe ann do shocrú i bhfo-bhirt do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus déanfa sé fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe;

(b) más o bhun-vótanna i bpáirt agus o vótanna aistrithe i bpáirt, no más o vótanna aistrithe amháin, don éifeacht do cuireadh i leith an iarrthóra thoghtha, scrúdóidh ceann comhrimh an tSeanaid na páipéirí ballóide a bheidh sa bhfo-bheart is déanaí do fuair an t-iarrthóir toghtha agus déanfa sé na páipéirí ionaistrithe ann do shocrú i dtuille fo-bheart do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus déanfa sé fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe;

(c) in aon chás acu san dá dtagartar sna míreanna san (a) agus (b) roimhe seo déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach cad is líon agus cad is éifeacht iomlán do sna páipéirí ballóide i ngach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe agus sa bhfo-bheart de pháipéirí neamhionaistrithe;

(d) más ionann agus an fuighleach san no más lú ná é éifeacht iomlán na bpáipéirí sna fo-bhirt uile de pháipéirí ionaistrithe aistreoidh ceann comhrimh an tSeanaid gach fo-bheart fé leith de pháipéirí ionaistrithe go dtí an t-iarrthóir leanúnach a bheidh taisbeánta air mar chéad rogha infheadhma eile ag an vótálaí, agus an éifeacht chéanna ag gach páipeur fé leith le linn a aistrithe do bhí aige nuair a fuair an t-iarrthóir toghtha é, agus (más lú an éifeacht iomlán san ná an fuighleach san) cuirfar na páipéirí neamhionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí gan brí leo sa chomhreamh san ach beidh éifeacht acu is ionann agus an deifríocht idir an fuighleach san agus an éifeacht iomlán san;

(e) más mó ná an fuighleach san éifeacht iomlán na bpáipéirí sna fo-bheartanna uile de pháipéirí ionaistrithe aistreoidh ceann comhrimh an tSeanaid gach páipeur fé leith sa bhfo-bheart san de pháipéirí ionaistrithe go dtí an t-iarrthóir leanúnach a bheidh taisbeánta air mar chéad rogha infheadhma eile ag an vótálaí, agus an éifeacht a bheidh ag gach páipeur le linn a aistrithe déanfar amach í tríd an bhfuighleach do roinnt ar líon iomlán na bpáipéirí ionaistrithe, gan iarmhair bhriste do bhac ach amháin go gcuirfar síos ar leathán an tora an méid éifeachta do cailleadh dá dheascaibh;

(f) aon fhuighleach a thárlóidh ar chríochnú aon chomhrimh deighleálfar leis sara ndeighleálfar le fuighleach a thárlóidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin;

(g) nuair a thárlóidh dhá fhuighleach no níos mó sa chomhreamh chéanna is leis an gceann is mó is túisce a deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile in ordú a méide;

(h) más có-ionann an fuighleach a thárlóidh do bheirt iarrthóirí no níos mó sa chomhreamh chéanna deighleálfar ar dtúis le fuighleach an iarrthóra gur cuireadh an éifeacht ba mhó ina leith sa chomhreamh ba thúisce nár chó-ionann na héifeachtaí do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin agus i gcás in ar có-ionann i ngach comhreamh na héifeachtaí do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin deighleálfidh ceann comhrimh an tSeanaid ar dtúis le fuighleach an iarrthóra is aoirde in ordú na roghna.

Iarrthóirí do chur as.

9. Más rud é, i ndeire aon chomhrimh, ná beidh fuighleach ag aon iarrthóir agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líona fós déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid an t-iarrthóir (dá ngairmtear sa Riail seo an t-iarrthóir do cuireadh as) is lú éifeacht ina leith an uair sin do chur as agus a pháipéirí d'aistriú go dtí na hiarrthóirí leanúnacha fé seach a bheidh taisbeánta ar na páipéirí ballóide i mbeart no i bhfo-bheartanna an iarrthóra do cuireadh as mar chéad rogha infheadhma eile ag an vótálaí, agus cuirfe sé i leith na n-iarrthóirí leanúnacha san éifeacht na bpáipéirí a haistreofar amhlaidh, agus bainfidh na rialacha so a leanas leis an aistriú san do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aistreofar ar dtúis an beart ina mbeidh bun-vótanna agus míle mar éifeacht aistrithe ag gach páipeur fé leith;

(b) aistreofar ansan na fó-bheartanna ina mbeidh vótanna aistrithe san ordú agus ar an éifeacht go bhfuair an t-iarrthóir do cuireadh as iad;

(c) chun a shocrú ce'ca iarrthóir leanúnach iarrthóir no nách ea áireofar aistriú gach birt no fo-bhirt fé leith mar chomhreamh ar leithligh;

(d) le linn gach beart no fó-bheart fé leith d'aistriú déanfar fó-bheart ar leithligh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe agus cuirfar iad san i leataoibh ar an éifeacht ar a bhfuair an t-iarrthóir do cuireadh as iad;

(e) más rud é, nuair is gá iarrthóir do chur as fén Riail seo, go mbeidh an éifeacht chéanna i leith beirt iarrthóirí no níos mó an uair sin agus gurb iad is ísle féachfar don éifeacht iomlán de bhun-vótanna do cuireadh i leith gach iarrthóra fé leith acu san agus cuirfar as an t-iarrthóir is lú éifeacht iomlán den tsórt san, agus más có-ionann na héifeachtaí iomlána san féachfar don éifeacht iomlán de vótanna do cuireadh i leith gach iarrthóra acu san sa chomhreamh ba thúisce nár chó-ionann a n-éifeachtaí agus cuirfar as an t-iarrthóir ba lú éifeacht iomlán den tsórt san sa chomhreamh san, agus má sé an éifeacht iomlán chéanna de vótanna do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cuirfar as an t-iarrthóir sin acu san is ísle in ordú na roghna.

Cad déanfar le páipéirí tar éis a n-aistrithe.

10. Ar dhéanamh gach aistrithe fé leith a déanfar fé sna Rialacha so, déanfar gach fo-bheart fé leith de pháipéirí a haistreofar do chur ar bharr an bhirt no an fho-bhirt (más ann do) de pháipéirí an iarrthóra chun a ndéanfar an t-aistriú agus cuirfar i leith an iarrthóra san an éifeacht a déanfar amach do réir na Rialacha so a bheith ag na páipéirí a haistreofar chuige amhlaidh.

Na folúntaisí deiridh do líona.

11. (1) Más rud é i ndeire aon chomhrimh gur có-ionann líon na n-iarrthóirí toghtha agus líon na bhfolúntaisí a bheidh le líona ní déanfar aon aistriú eile.

(2) Nuair a thárlóidh i ndeire aon chomhrimh gur có-ionann líon na n-iarrthóirí leanúnacha agus líon na bhfolúntaisí a bheidh gan líona fós, tuigfar ansan na hiarrthóirí leanúnacha do bheith toghtha.

(3) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líona agus gur mó an éifeacht a bheidh i leith aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin ná iomlán na n-éifeacht a bheidh i leith na n-iarrthóirí leanúnacha eile maraon le haon fhuighleach nár haistríodh, tuigfar ansan an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

(4) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líona fén Riail seo, ní déanfar aon aistriú eile.

Leathán an tora.

12. I ndeire gach comhrimh breacfidh ceann comhrimh an tSeanaid, ar leathán tora sa bhfuirm orduithe, iomlán na n-éifeacht a bheidh i leith gach iarrthóra fé leith i ndeire an chomhrimh sin agus fós éifeacht na bpáipéirí neamh-ionaistrithe do bhí gan feidhm sa chomhreamh san agus an éifeacht do cailleadh sa chomhreamh san toisc nár bacadh le codáin.

Ord an toghtha.

13. (1) Tuigfar na hiarrthóirí do bheith toghtha san ord in ar haistríodh a bhfuighligh.

(2) Iarrthóir go mbeidh ina leith i ndeire comhrimh éifeacht a bheidh díreach có-ionann leis an quota tuigfar gurb é is lú fuighleach sa chomhreamh san chun crícheanna na Rialach so.

(3) I gcás ina dtuigfar beirt iarrthóirí no níos mó do bheith toghtha, toisc gur có-ionann líon na n-iarrthóirí leanúnacha agus líon na bhfolúntaisí a bheidh gan líona, déanfar amach mar leanas cadé an t-ord in ar toghadh na hiarrthóirí sin, sé sin le rá:—

(a) féachfar ar dtúis do sna héifeachtaí do bhí i leith na n-iarrthóirí sin fé seach nuair a tuigeadh amhlaidh iad do bheith toghtha, agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir ba mhó éifeacht ina leith an uair sin an duine de sna hiarrthóirí sin is túisce do toghadh, agus mar sin de;

(b) má ba chó-ionann na héifeachtaí do bhí i leith beirt iarrthóirí den tsórt san no níos mó nuair a tuigeadh amhlaidh iad do bheith toghtha, féachfar don éifeacht iomlán de bhun-vótanna do bhí i leith gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionánna san agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir ba mhó éifeacht iomlán den tsórt san an duine de sna hiarrthóirí có-ionanna san is túisce do toghadh, agus mar sin de;

(c) má sí an éifeacht iomlán chéanna de bhun-vótanna do bhí i leith beirt iarrthóirí có-ionanna den tsórt san no níos mó amhlaidh féachfar don éifeacht iomlán de vótanna do bhí i leith na n-iarrthóirí deiridh sin a luaidhtear sa chomhreamh is túisce nár chó-ionann na héifeachtaí iomlána de vótanna ina leith, agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir ba mhó éifeacht iomlán den tsórt san ina leith sa chomhreamh san an duine de sna hiarrthóirí deiridh sin a luaidhtear is túisce do toghadh, agus mar sin de;

(d) má sí an éifeacht chéanna de vótanna do bhí i leith beirt iarrthóirí no níos mó den tsórt deiridh sin a luaidhtear i ngach comhreamh féachfar d'ordú na roghna agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir is aoirde in ordú na roghna an duine de sna hiarrthóirí có-ionanna deiridh sin a luaidhtear is túisce do toghadh, agus mar sin de.

Chun sicréideacht do chosaint.

14. Faid a bheidh na vótanna á gcomhreamh déanfar, sa mhéid gur féidir é, na páipéirí ballóide do chimeád aghaidh anáirde agus déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid gach ní is ceart chun ná feicfear na huimhreacha ar chúil na bpáipéirí ballóide.

Mínithe.

15. Sna Rialacha so—

(1) cialluíonn an focal “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfar bheith toghtha agus ná beidh curtha as;

(2) cialluíonn an focal “príomh-rogha” an figiúir “1” ina aonar, cialluíonn an focal “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i ndiaidh an fhigiúra “1” agus cialluíonn an focal “treas rogha” an figiúir “3” ina aonar i ndiaidh na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainm aon iarrthóra, agus mar sin de;

(3) cialluíonn an focal “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin do breacadh ar ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile, do réir úird, ar an bpáipeur ballóide d'iarrthóirí a tuigfar cheana a bheith toghtha no curtha as;

(4) cialluíonn an focal “páipeur ionaistrithe” páipeur ballóide ar a bhfuil tar éis príomh-rogha dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha ar ord uimhreach d'iarrthóir leanúnach;

(5) cialluíonn an focal “páipeur neamh-ionaistrithe” páipeur ballóide—

(a) ná fuil aon dara rogha ná rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach, no

(b) ar a bhfuil an uimhir chéanna marcálta os coinne ainmneacha beirt iarrthóirí no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad na nách ea) gurb iad is túisce arís in ordú rogha, no

(c) ar a bhfuil marcálta, os coinne ainm an chéad iarrthóra eile in ordú rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nách ea), uimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipeur vótála, no dhá uimhir no níos mó, no

(d) atá gan brí toisc dabhta;

(6) cialluíonn an focal “bun-vóta” maidir le haon iarrthóir vóta o pháipeur bhallóide ar a bhfuil príomh-rogha breactha don iarrthóir sin;

(7) cialluíonn an focal “vóta aistrithe” maidir le haon iarrthóir vóta o pháipeur bhallóide ar a bhfuil dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin;

(8) cialluíonn an focal “fuighleach” an bhreis ar an quota atá ag éifeacht iomlán na vótanna, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, atá i leith aon iarrthóra;

(9) cialluíonn an focal “comhreamh” (fé mar is gá do réir an chó-théacs)—

(a) gach ní is gá do dhéanamh i gcomhreamh na bpríomhroghna do breacadh d'iarrthóirí; no

(b) gach ní is gá do dhéanamh chun fuighleach iarrthóra toghtha d'aistriú; no

(c) gach ní is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra a cuireadh as d'aistriú;

(10) cialluíonn an focal “tuigfar bheith toghtha” tuigfar bheith toghtha chun críche an chomhrimh, ach gan dochar do thora an toghacháin d'fhógairt;

(11) cialluíonn an focal “cinne le crann-chur” cinne do réir na dtreoracha so a leanas, sé sin le rá:—

scríobhfar ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbaineann sé ar bhlúirí páipéir có-mhar a chéile, fillfear na blúirí chun ná haithneofar iad thar a chéile, meascfar iad agus tarraiceofar iad gan ordú gan eagar, agus ansan déanfar na hiarrthóirí le n-a mbaineann sé do shocrú ar ordú na roghna san ord 'na dtarraiceofar na blúirí ar a bhfuil a n-ainmneacha ag tosnú leis an iarrthóir go bhfuil a ainm ar an mblúire is túisce a tarraiceofar.