An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS STAMPA), 1929) Ar Aghaidh (CUID II. Diuitethe Stampa agus Generalta.)

5 1929

ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS STAMPA), 1929

CUID I.

Diuitethe Custum.

Diúité ar earraí fighte d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta.

1. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le cúig is fiche per cent. de luach na, hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach earra fhighte a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta (lasmuich d'abhar plaincéadaí agus de chlúdaigh urláir) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, no dá éis sin agus gur sa ghréasán a hiomportálfar amhlaidh í, agus í dhá órlach déag no níos mó ar leithead, agus seacht n-unsa no níos mó meáchainte sa tslait cheárnaigh di agus gur fiú breis agus scilling agus reul an tslat cheárnach í.

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith de chineál abhair phlaincéadaí no feilte agus do bheith oiriúnach agus ceaptha chun a húsáidthe i ndéanamh earraí dialladóireachta no ughma no chun a húsáidthe ag clódóirí chun crícheanna a ngnótha chlódóireachta no chun a húsáidthe mar éadaighe iarnála ag lucht nigheacháin no ag táiliúirí agus chuige sin amháin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim cead do thabhairt an earra fhighte sin d'iomportáil, gan íoc an diúité a forchuirtar leis an alt so, fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'fhorchur.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith á hiomportáil chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí í i ndéanamh ball éadaigh pearsanta no córach gléasta i Saorstát Éireann le heasportáil, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim cead do thabhairt an earra fhighte sin d'iomportáil, gan íoc an diúité a forchuirtar leis an alt so, fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'fhorchur.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte nea-chríochnuithe do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith á hiomportáil chun tuille déantóireachta do dhéanamh uirthi agus chun a heasportála ina dhiaidh sin, féadfid cead do thabhairt an earra fhighte sin d'iomportáil, gan íoc an diúité a forchuirtar leis an alt so, fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'fhorchur.

(5) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so fé is dá ndintí earraí fighte do bheadh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar earraí le n-a mbaineann ceithre chúigiú den ráta iomlán mar ráta lascaineach ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” san alt san.

(6) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna uile an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

(7) Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo an diúité a forchuirtar leis an alt so.

(8) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Méadú ar an diúité ar shaghsanna áirithe ball éadaigh pearsanta agus córach gléasta.

2. —(1) An diúité is inéilithe fé alt 16 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), mar a leasuítear é le reachtúchán ina dhiaidh sin, is do réir ráta fiche per cent. de luach na hearra a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar é, in ionad an ráta a luaidhtear san alt san 16. i gcás ball éadaigh pearsanta no córach gléasta a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'earraí fighte a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, no dá éis sin.

(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 21adh lá d'Fheabhra, 1929, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Saoirse ón diúité ar ghluaisteáin.

3. —(1) Má dhineann duine a dhineann mótar-tharraicirí i Saorstát Éireann a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go n-easportáltar cion maith mór de sna mótar-tharraicirí a dhineann sé i Saorstát Éireann, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir pé coiníollacha do chólíona is oiriúnach leo d'ordú o am go ham chun cosanta an ioncuim, a cheadú don duine sin codacha de mhótar-tharraicirí agus fós codacha den tsórt san curtha le chéile d'iomportáil gan an diúité a forchuirtar le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), d'íoc.

(2) An té a dhéanfidh codacha de mhótar-tharraicirí agus codacha den tsórt san curtha le chéile d'iomportáil fén alt so gan diúité d'íoc, úsáidfe sé iad i Saorstát Éireann chun mótartharraicirí do dhéanamh é féin pe'ca chun a n-easportála é no chun a n-úsáidthe cois baile, no chun mótar-tharraicirí do dhin sé féin roimhe sin i Saorstát Éireann do dheisiú, agus ní húsáidfe sé iad chun aon chríche eile in aon chor.

(3) Má ghníomhuíonn aon duine contrárdha don alt so no d'aon choiníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus geallbhruidfe sé, in éiric gach cionta fé leith den tsórt san, trí oiread luach na hearra le n-ar bhain an sárú san maraon leis an diúité is iníoctha uirthi fé alt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), no céad punt, pe'ca is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus in aon chás acu geallbhruidfar an carra le n-ar bhain an sárú san.

Léiriú na Coda so den Acht so.

4. —Léireofar an Chuid seo den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.